Showing posts with label An Spailpín Fánach. Show all posts
Showing posts with label An Spailpín Fánach. Show all posts

Wednesday, December 3, 2014

Is fánach an áit...

...a bhfaighfeá soilse na Nollag, ach is istigh i siopa An Spailpín Fánach, ag Ceardlann an Spidéil, a cheannaigh mé soilse na Nollag do Cheann Scríbe. Tá siad éagsúil (na soilse!), agus is maith liom éagsúil.
Cheannaigh mé na cinn sin thuas roinnt blianta ó shin, agus thaitin siad chomh mór sin liom, gur chinn mé na cinn thíos a cheannach, i mbliana.
Nuair a cheannaítear iad, bíonn siad dúnta, mar atá siad thuas, ach....
...tagann siad faoi bhláth...
...nuair a spreaeáiltear iad le huisce.
Tá siad go hálainn, nuair a bhíonn siad tirim, agus lasta. 
Ar ndóigh, tá bronntanais agus cártaí na Nollag ar fáil i siopa An Spailpín Fánach, freisin, Is fiú dul i dteagmháil leo anseo, le fáil amach faoin réimse leathan soilse atá acu - tá siad galánta! Na soilse, agus an fhoireann ann.

Thursday, April 10, 2014

Gaelach le Gaeilge - Glac Leis!


Labhair mé leo ar an bhfón, roimh am lóin, inné, agus tháinig an t-léine thuas ón Spailpín Fánach, roimh am lóin, inniu. 

Praghas,  postas san áireamh = €20. 

Luach, seirbhís do chustaiméirí san áireamh = ríluachmhar!