Tharla sé go raibh mé ag breathnú ar Ireland:am ar maidin, agus chuala mé Sinéad Ryan, saineolaí Gnóthaí Tomhaltóirí, ag labhairt faoin Aoine seo chugainn; sé sin le rá, más fíor, Aoine Dhubh na sladmhargaí, an Aoine i ndiaidh Lá an Altaithe.
Mo chuimhne, tá ainmneacha eile, i nGaeilge, luaite le Black Friday, mar atá 'Aoine an Bhreacáin' agus 'Aoine na Pluide,' agus is féidir libh tuilleadh eolais faoi na hainmneacha sin, le Róislín, a léamh anseo.
Pé scéal é, bhí Sinéad dár gcomhairliú ar maidin (alt eile anseo uaithi, faoi dhearbháin, ar fiú é a léamh roimh an Nollaig, b'fhéidir) maidir le siopadóireacht ar líne an Aoine seo chugainn, 24 Samhain. A moltaí, mar a thuig mise iad, bíodh mé ceart nó mícheart,
1. Déan do thaighde roimh ré
2. Cuir táillí phostais agus táillí seachadta san áireamh
3. Cláraigh do na 'foláireamh ríomhphost'
4. Bain úsáid as Howard. (Ní raibh mé in ann é a aimsiú. Amú san EU?)
5. Léigh na 'téarmaí agus coinníollacha.'
6. Ná caith pingin rua mura bhfuil comhartha 'glas fraincín' le feiceáil.
Dar léi, tá níos mó cearta ag an duine a bhíonn ag siopadóireacht ar líne. Glacann an tAontas Eorpach leis, is cosúil, nach féidir leis an té atá ag siopadóireacht ar líne an táirge a scrúdú mar a dhéanfadh sé/sí sa siopa, dá bhrí sin tá 14 lá ag an siopadóir ar líne aisíoc a fháil, má bhuaileann athrú intinne é, mar shampla. Ní ghlactar le hathrú intinne mar leithscéal sna siopaí, ahem, de réir mar a thuigim.
Moltar, más buan mo thuiscint, táirgí ar líne a íoc le cárta creidmheasa, mar go bhfuil córas 'aisíocaíocht' ar fáil, dar léi; má tá fadhb agat leis an díoltóir, nó leis an táirge, caithfear d'airgead a chur ar ais i do chuntas, a fhad is atá an fhadhb á fiosrú.
A príomh-mholadh, cheap mé féin, más rud go bhfuil tú cinnte faoi do tháirge agus faoi do dhíoltóir, ná bheith in am le d'ordú; sé sin le rá, bí cinnte go bhfuil do dhóthain ama agat an táirge a fháil in am don Nollaig, más bronntanas atá á cheannach agat.
Más amhlaidh an scéal, agus ar fhaitíos na bhfaitíos nach dtaitneodh do bhronntanas leis an bhfaighteoir (tarlaíonn sé sin!), faigh amach cén 'beartas aisdúichithe' atá ag an díoltóir ar líne. Cén mhaith atá ann don fhaighteoir más téarma aisíocaíochta 14 lá a tháinig leis an mbronntanas, más rud gur ceannaíodh a bhronntanas Nollag ar líne mí roimhe!
Mar rabhadh dúinn uilig, mhol sí bheith cinnte faoin na suíomhanna gréasáin ar a ndéantar táirgí a cheannach; bí cinnte go bhfuil dea-cháil orthu, go bhfuil bunáit acu le seoladh sráide atá le trust, go bhfuil líne thalún acu, agus go bhfuil seirbhísí custaiméara le fáil uatha.
Go n-éirí go geal cúramach libh!
Showing posts with label táirge. Show all posts
Showing posts with label táirge. Show all posts
Monday, November 20, 2017
Saturday, December 3, 2016
Bronntanas Uait?
Mura bhfuil bronntanais na Nollag ceannaithe agat fós, a léitheoir, is féidir leat súil a chaitheamh ar mo bhlagmhíreanna anseo, míreanna a scríobh mé an t-am seo anuraidh, agus arú anuraidh, faoi tháirgí atá ar fáil i nGaeilge.
I mbliana, tá na cártaí thuas le fáil in Aldi, agus taobh amuigh de na siopaí atá luaite agam sna míreanna roimhe seo, tá a fhios agam go mbeidh cártai i nGaeilge le fáil ó Shiún Ní Dhuinn, go luath, agus táim ag súil go mór leo.
Is féidir súil a chaitheamh ar chártaí le Catherine Dunne anseo.
Tháinig mé ar an tseacláid thuas in Heatons i Leitir Ceanainn, ach tháinig mé ar an suíomh gréasáin seo le Bumble Bee Creations ina dhiaidh sin, agus is cosúil gur féidir leat seacláidí agus táirgí eile 'pearsanta' a fháil, más mian leat, ach d'ordú bheith leo roimh na dátaí seo.
Fuair mé an phlaic thuas déanta anseo i mBun Cranncha; leaids óga ón idirbhliain i Scoil Mhuire, atá á ndéanamh, Chonaic mé a dtáirgí ag Margadh na Nollag an tseachtain seo caite, agus bhí m'ordú pearsanta leo, ar an bpointe. Is féidir dul i dteagmháil leo ag @LaserItYourDesign ar Facebook, más mian leat plaic a ordú in am don Nollaig.

Thursday, November 26, 2015
Bronntanas Uait?
Tá an Nollaig ag druidim linn, a léitheoirí, agus má tá
bronntanais nó cártaí na Nollag le ceannacht agaibh fós, is féidir libh súil a
chaitheamh ar mo bhlagmhíreanna ar an ábhar sin, ón mbliain seo caite anseo,
agus ón mbliain roimhe sin anseo, más
mian libh.
Tá formhór na dtáirgí déanta in Éirinn, agus tá go leor acu le fáil i nGaeilge, nó le Gaeilge, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile.
Mo chuimhne, sula ndéanfaidh mé dearmad orthu, agus ó tharla
go bhfuil fear
as Dún na nGall, Ian Harkin, bainteach leo, beidh an 'Irish-designed
Lottie doll, with its more childlike features..' (tá na bábóga
aoisiriúnach) le feiceáil ar an Late
Late Toy Show, san oíche amárach, agus '...the Lottie
Doll will be wearing a superhero outfit designed by a real-life child.'
Ná fiafraigh díom cén sórt eile páiste a bheadh ann seachas
ceann atá 'real life'... ní bhaineann sé sin leis an mblagmhír
seo. Taitníonn na Lottie
Dolls liom...tá teachtaireacht níos aoisoiriúnaí á tabhairt do
pháistí ag an gcomhlacht, agus is maith liom é sin.
I mbliana, nuair a bhí mé i Halla na Seastán ag Oireachtas na Samhna i mBaile Átha Cliath, chonaic mé táirgí a thaitin liom, agus b'fhéidir go mbeadh suim agaibh féin rud éigin mar iad a cheannacht, mar bhronntanas um Nollaig seo.
Más cluichí don teaghlach atá uait, b'fhiú go mór duit súil
a chaitheamh ar na táirgí Gaeilge atá ar shuíomh idirlín udar.ie. Tá Scrabble, Monopoly agus cluichí boird
eile acu, iad uilig i nGaeilge, mar aon lena bpóstaeir agus leabhair do
pháistí.
Bhí neart smaointe do bhronntanais agus cártaí na Nollag le
feiceáil ag seastán Gnó Mhaigh Eo,
mar a bhí...
...éadaí do pháistí ó A Stóirín, agus tá
siopa éadaí A Stór i
gCaisleán an Bharraigh...tá cártaí i nGaeilge le fáil ó...
...nó is feidir leat cárta ar leith a fháil déanta, dá mba
mhian leat, ach labhairt leis an ealaíontóir...
Tá Eolaire Ghnó Mháigh Eo le léamh anseo, más mian libh súil a
chaitheamh ar tháirgí/síopaí Gaelacha eile.
Más t-léinte nó dlúthdhíoscaí atá uait...
cheannaigh mé na cinn thuas, ag an Oireachtas, ar
mhaithe le Scoil
Chaitlín Maude i dTamhlacht, ach is féidir t-léinte Gaeilge a fháil
ó hairybaby.com, ó gaelshirt.spreadshirt.ie, ó t-leine.ie, ó spailpin.com,
ó deirse.com, nó ón siopacultúr.com, mar shampla.
Maidir le dlúthdhioscaí, tharla sé go raibh An Crann Óg ag seoladh
an dlúthdhiosca nua s'acu. Fuaim An Chiúnais, ag an Oireachtas i mbliana, agus
cheannaigh mé é. Tá Mairéad Ní Mhaonaigh ag
casadh traic amháin leo ar an dlúthdhiosca nua, ach tá na daoine óga iad féin
thar barr mar amhránaithe, chomh maith, mar a chloisfidh sibh anseo.
Is féidir meascán de dhlúthdhioscaí (scéalta, ceol, seanfhocla, amhráin srl.) a
fháil ar an idirlíon; Futa
Fata, Muintearas, Cló Iar-Chonnacht, An
Siopa Leabhar, Gael Linn, Doimnic, Fios Feasa, Spailpín, ach fios a
bheith agat céard atá uait!
Wednesday, December 3, 2014
Is fánach an áit...
...a bhfaighfeá soilse na Nollag, ach is istigh i siopa An Spailpín Fánach, ag Ceardlann an Spidéil, a cheannaigh mé soilse na Nollag do Cheann Scríbe. Tá siad éagsúil (na soilse!), agus is maith liom éagsúil.
Cheannaigh mé na cinn sin thuas roinnt blianta ó shin, agus thaitin siad chomh mór sin liom, gur chinn mé na cinn thíos a cheannach, i mbliana.
Nuair a cheannaítear iad, bíonn siad dúnta, mar atá siad thuas, ach....
...tagann siad faoi bhláth...
...nuair a spreaeáiltear iad le huisce.
Tá siad go hálainn, nuair a bhíonn siad tirim, agus lasta.
Ar ndóigh, tá bronntanais agus cártaí na Nollag ar fáil i siopa An Spailpín Fánach, freisin, Is fiú dul i dteagmháil leo anseo, le fáil amach faoin réimse leathan soilse atá acu - tá siad galánta! Na soilse, agus an fhoireann ann.Friday, November 28, 2014
Bronntanas Uait?
Mar a rinne mé anuraidh (féach anseo), tá roinnt smaointe le roinnt agam libh, maidir le bronntanais, nó cártaí i nGaeilge, a d'fhéadfadh sibh a cheannacht don Nollaig, a chairde.
Tá na táirgí uilig déanta in Éirinn, chomh fada agus is eol dom, agus i gcásanna ar leith, is féidir libh leagan Gaeilge de bhur dteachtaireacht féin a fháil ar an táirge, más mian libh.
Tá suíomh idirlín ag an iris Ireland's Own anois, agus is féidir leat síntiús a ghlacadh leo, más mian leat an iris a thabhairt mar bhronntanas leanúnach, mar a déarfá - 3 mhí, 6 mhí, bliain - nó, d'fhéadfá síntiús bliana a ghlacadh leis an iris Nós, nó leis an iris Comhar, nó leis An tUltach, ach íoc ar líne anseo.
Is féidir An Fáinne agus táirgí eile a fháil ag siopa.gael-linn, earraí agus cártaí a fheiceáil ar shuíomh Siopa Cultúr, dearbhán a fháil ón Siopa Leabhar, cárta pearsantaithe a fháil ó Smaointe.com, nó féach ar shuíomh Cártaí Rúbaí, nó ar shuíomh An Siopa Gaeilge, nó ar shuíomh Siopa.ie le cártaí Nollag deasa a fheiceáil.
Is maith liom féin duaisbhannaí a cheannacht mar bhronntanas d'ócáidí ar leith, agus is féidir 4 cinn acu a fháil ar €25, in Oifigí an Phoist ar fud na tíre, nó ar líne, mar a fheicfidh sibh anseo.
Is aoibhinn liom siopaí ceardaíochta, agus tá ceann iontach i Leitir Ceanainn, an Letterkenny Crafts and Design Studio, áit ar cheannaigh mé bronntanas nó dhó i mbliana (féach bun an leathanaigh anseo); mar shampla, tá earraí Féiliceán Designs, agus Mullingar Pewter, agus Parkgate Crafts, agus Simon's Wood Craft, le fáil ann - tá bronntanais na Nollag sórtáilte a'm!
Go deimhin, b'fhiú dul i dteagmháil le Kelly sa cheardlann, dá mba mhian leat táirge pearsantaithe i nGaeilge a fháil - nílim cinnte an bhfuil Gaeilge aici féin, ach tá sí iontach cuidiúil, agus beidh sí in ann táirgí, le Gaeilge scríofa orthu, a aimsiú nó a ordú duit, mar a rinne sí domsa.
Ar ndóigh, ná déan dearmad ar fhoilsitheoirí na Gaeilge, Futa Fata, agus Cló Iar-Chonnacht, agus Gaelchultúr, agus Coiscéim, agus Litríocht, agus Cló Mhaigh Eo, agus An tSnáthaid Mhór, agus tuilleadh seachas iad le feiceáil anseo - leabhair agus dlúthdhíoscaí na Gaeilge - bronntanais dheasa, gan dabht.
Níl ansin thuas uaim ach liosta gairid, a léitheoirí; na smaointe a rith liom inniu, agus an Nollaig ag druidim linn.

Wednesday, September 17, 2014
Dún na nGall Abú!
Mar is léir, ón ngrianghraf thuas, beidh, ahem, madra an bhaile ag tacú le Dún na nGall, arís i mbliana, agus é ag súil go mór leis an toradh céanna a bhí againn i 2012... ach amháin gurb iad lucht Chiarraí atá le bualadh, an geábh seo.
Casadh na fir uaisle seo thíos orm, agus mé ar mo shiúlóid anseo i mBun Cranncha, inné,
Ach, más rud go gceapann sibh, a léitheoirí, gur daoine fásta amháin a bheas ag tacú le Dún na nGall, féach ar an táirge álainn thíos, culaith bheag ghleoite a bheas á caitheamh ag babaí beag gleoite speisialta, Dé Domhnaigh seo chugainn.
Tá an táirge sin thuas le fáil ach labhairt le Kelly chuidiúil chairdiúil sa Letterkenny Craft and Design Studio, mar a rinne mé féin nuair a d'ordaigh mé an chulaith, an tseachtain seo caite.
Rinneadh an chulaith go háitiúil, anseo i nDún na nGall, agus tá neart táirgí eile áille áitiúla le feiceáil san áit, gan trácht ar an Moonshine Coffee Shop san fhoirgneamh céanna, áit a bhfaighidh tú greim le hithe, agus cupán caife den chéad scoth.
Dún na nGall abú!
Labels:
Billy,
Bun Cranncha,
craic,
Dún na nGall,
Éire,
grianghraf,
Inis Eoghain,
peil,
táirge
Wednesday, March 12, 2014
Putóga Péacacha
Sular bhain mé greim ar chor ar bith as na putóga iontacha feoilséantacha sin thuas, ón De Mad Food Co., comhlacht atá lonnaithe anseo in Éirinn, i gCill Aichidh, Co.Uíbh Fhailí, bhí fonn orm an táirge a cheannach, mar gheall ar an gcaoi ar thug siad, ahem, treoracha don úsáideoir, ar an leathanach cúil,
'Before you cook one of these fine puddings, it might be a good idea to remove all the packaging!'
Bhí treoir nó dhó eile ón gcomhlacht, ahem, craiceáilte ina dhiaidh sin, maidir leis an mbealach is fearr do dhuine na putóga a chócaráil, ansin bhí moladh eile uatha,
'T'wuld be great if you could finish off each wee pudding within 4 days of opening.'
Bhuel, arsa mé féin liom féin, má tá De Mad Food Co. in ann gáire a bhaint asam, b'fhéidir go mbeadh na putóga go maith freisin - agus bhí!
Ní hamháin go bhfuil an táirge s'acu 'lovingly Produced in Ireland', ach tá na putóga an-bhlasta ar fad, rud a d'fheil domsa, mar fheoilséantóir; agus thaitin siad, go mór, leis na feoiliteoirí a d'ith bricfeasta liom, freisin.
Sonraí teagmhála, agus liosta na siopaí inar féidir na putóga a cheannach, le fáil anseo. Íum íummmmm!
Friday, January 31, 2014
Oireachtas na Samhna 2013 - Na Seastáin
Mar a scríobh mé cheana, a léitheoirí, bainim sult as na seastáin i Halla na Seastán ag an Oireachtas, agus rinne mé amhlaidh ag Oireachtas na Samhna i gCill Áirne roinnt míonna ó shin - aiféala orm faoin tuairisc mhall, ach más mall is mithid!
Seo chugaibh na grianghraif a thóg mé sa Halla. Más mian libh tuilleadh eolais a fháil, cliceáil ar an bpictiúr cuí len é a mhéadú, nó brú ar an nasc Idirlín faoin bpictiúr - má tá suíomh gréasáin ag an gcomhlacht/foras/áisíneacht/eagraíocht/siopa a chonaic mé, beidh an nasc chuig an suíomh sin le fáil áit éigin thíos.
Ní dóigh liom gur éirigh liom chuile sheastán a fheiceáil, ach is léir dom, chuile bhliain, go bhfuil cabhair, cúnamh agus tacaíocht don Ghaeilge, agus táirgí na Gaeilge, ar fáil ar fud na tíre. Níl anseo uaimse ach cuid de na nithe a thug mé féin faoi deara:

Subscribe to:
Posts (Atom)

.jpg)

.jpg)
.jpg)
.jpg)
.jpg)
.jpg)
.jpg)
.jpg)
.jpg)