Aréir, d'fhreastail mise, agus na céadta eile, ar theacht le chéile anseo i mBun Cranncha, i gcuimhne ar na buachaillí áitiúla a maraíodh i Sléacht na hÓmaí, fiche bliain ó shin.
Níl James Barker luaite ar an leac sin thuas in éineacht le Shaun McLaughlin agus Oran Doherty, ach bhí sé ar dhuine den triúr áitiúil a maraíodh, mar aon leis na daoine eile uilig a sciobadh den saol seo ar an lá uafásach sin; 15 Lúnasa, 1998...beirt ón Spáinn ina measc, dalta agus múinteoir.
Tá siad uilig ainmnithe anseo ag Póilín Ní Chiaráin ar tuairisc.ie, agus é scríofa aici, san alt sin,
'Ná ligtear i ndearmad iad.'
Ní dhéanfaidh mise dearmad orthu, ná ar an lá sin, go brách... an faitíos, an fanacht, an imní; ag breathnú ar an díomá agus ar an gcrá croí...níl focail agam lena leithéidí a léiriú go soiléir, a léitheoirí... táim den bharúil nach bhfuil focail ar fáil len é a mhíniú i gceart.
Rith sé liom aréir, agus mé ag breathnú ar na daoine thart orm, go bhfuil, agus go mbeidh, an lá sin greanta i gcuimhne an phobail seo, go deo na ndeor. Ní haon ionadh é sin. Fágadh croíthe, cnámha agus clanna, scriosta, briste agus brónach; ní sa tír seo amháin, ach sa Spáinn, freisin.
Tá sé deacair a chreidiúint, fós, gur tharla sé, ach, faraor géar, tharla, agus i bhfocail Anton Mac Cába, in alt maith eile ar an sléacht, ar tuairisc.ie,
'...tá ceisteanna ann nach bhfuil freagra fós orthu...'
Go deimhin, tá sé sin fíor, ach meas tú an bhfuil aon fhreagra ar domhan a thabharfadh faoiseamh don chroí atá cráite ag cumha?
Na coinnle a lasadh, anocht...
i gcuimhne ar na daoine a cailleadh.
No comments:
Post a Comment