Showing posts with label Ealaín na Gaeltachta. Show all posts
Showing posts with label Ealaín na Gaeltachta. Show all posts

Tuesday, June 23, 2026

Gaelsamba

Bhí sé d'ádh orm ticéad a fháil don ócáid 'Gaelsamba' a bhí ar siúl in Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna) seachtain ón Déardaoin seo caite. Oíche den scoth a bhí ann, ag éisteacht le Ceol Gael-Brasaíleach/Música Gaélica-Brasileira agus ag breathnú ar dhaoine óga fuinniúla, ón dá thír, ag damhsa agus ag ceol ar an stáitse, le chéile. 

Bhí sí draíochtiúl mar ócáid, agus táim thar a bheith buíoch den leaid óg uasal, Colm Seoighe, eagarthóir na hócáide, as an eolas faoin ócáid a roinnt linn ar an ardán nua meán sóisialta trí Ghaeilge, Cogar; thug sé deis dom mé fhéin a eagrú agus mo bhealach a dhéanamh siar go Conamara, in am. 

Gearóid Willie Ó Fátharta a bhí ina fhear an tí, jab a rinne sé go héifeachtach ó tharla teanga na tíre seo agus teanga na Brasaíle ar a thoil aige, agus ó tharla, feictear dom, gur fear é a raibh a chroí agus a anam istigh san ócáid. Go deimhin, mura bhfuil a leabhar, Mo Scéal Fhéin, léite agaibh, mholfainn é a léamh; bhí saol thar a bheith suimiúil ag Gearóid, agus tá cur síos soléite lom fírinneach déanta aige ar a shaol sa leabhar seo. Tá áthas orm gur casadh orm é, agus gur casadh cuid eile den, ahem, seandream orm an oíche sin, freisin: Máirín Mhic Lochlainn, Gearóid Willie Ó Fátharta, Tadhg Mac Dhonnagáin, Gearóid Ó Murchú agus mé fhéin. 

Mar, ahem, sheanduine, táim thar a bheith sásta agus bródúil daoine óga fuinniúla a fheiceáil ag obair mar atá siad ar chur chun cinn a dteanga agus a dtraidisiún ar bhealach spraíúil ionchuimsitheach siamsúil; agus, táim thar a bheith buíoch de urraitheoirí na hócáide, Ealaín na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, Ambasáid na Brasaíle agus cistiú na healaíona, as a gcuid tacaíochta do na healaíontóirí óga agus úra. Maith sibh uilig!








Monday, February 10, 2025

Féile Rua agus Stéibh '25

Is gearr uainn Féile Rua, a léitheoirí, agus is fiú go mór súil a chaitheamh ar an suíomh atá curtha le chéile anseo le go bhfeice sibh clár na n-imeachtaí atá beartaithe acu i mbliana, idir 13-16 Feabhra ar an gCeathrú Rua, ag tosú Déardaoin seo chugainn. 

Éamon Ó Cuív, Uachtarán an Oireachtais, a dhéanfaidh an oscailt oifigiúil ar an oíche, ag 7.00i.n. in Ionad an Oireachtais, Casla (H91 XP6E). 

Beidh mé fhéin ann. Tá amhrán nuachumtha liom ar an ngearrliosta don chraobhchomórtas amhránaíochta a bheidh ar siúl oíche Dé Sathairn.

Táim fíorbhuíoch de Méabh Ní Lochnáin, ceoltóir, cumadóir agus fonnadóir óg as Foirnis i Leitir Mealláin, as a bheith sásta m'amhrán a chasadh dom ar an oíche. Casadh orm í ar an gclár Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta, cúpla bliain ó shin (23.00 nóiméad) agus bhí mé an-tógtha léi mar chumadóir, agus mar amhránaí.  Go n-éirí go geal léi ar an oíche, agus leis na hiomaitheoirí uilig. 

Mo bhuíochas, freisin, ag dul don Stiúrthóir Ceoil, Brian Terry Mac Donncha, agus do choiste na féile, as an méid oibre atá déanta acu ar son na rannpháirtithe uilig. Murach iad, agus na heagraíochtaí (Raidió na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, Ealaín na Gaeltachta, Pobal Rua) a thugann tacaíocht leanúnach do phobal na Gaeilge, ní bheadh féilte mar seo ann. Go raibh céad míle maith agaibh!

Tá tuilleadh eolais le fáil ag pobalrua@gmail.com nó ag 087 2563317, más mian libh dul i dteagmháil leo.  

Feicfidh mé ann sibh, a chairde. 


Friday, March 17, 2017

Focail An Iarthuaiscirt...Comórtas Filíochta

Mar eolas daoibh, a léitheoirí, féach thíos na sonraí uilig faoin ócáid Comórtas Filíochta Gaeilge 2016 a bheidh ar siúl i Leitir Ceanainn, ag deireadh na míosa seo. 

Beidh na filí thíosluaite, atá ar an ngearrliosta, ag léamh a gcuid dánta dúinn, sula bhfógróidh an moltóir (bunaitheoir An Chúirt Filíochta), Proinsias Mac a'Bhaird, cé hé nó cé hí buaiteoir an chomórtais. 

Ina dhiaidh sin, beidh ceol traidisiúnta; agus mic oscailte ar fáil, más mian le haon duine agaibh bheith ann ar an oíche, agus bhur saothar fhéin a roinnt leis an lucht éisteachta.

Is mór ag an eagraíocht, Focail an Iarthuaiscirt/NorthWestWords, an chabhair mhór a thug tacaíocht airgeadais Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon, trí Ealaín na Gaeltachta, chun an togra seo a chur ar bun. 

Buíochas, freisin, le Uachtarlann Dhún na nGall as a gcuid urraíochta...beidh corn an chomhlachta á bhronnadh ar an mbuaiteoir, ar an oíche, chomh maith. 

Beidh mise ann, mar Bhean An Tí, agus táim ag súil go mór leis an oíche. Bígí linn, a chairde!


                           North West Words

Café Florence, Leitir Ceanainn  
An Déardaoin 30 Márta 2017 8.00pm

Comórtas filíochta Gaeilge 2016  

le Focail an Iarthuaiscirt, 
urraithe ag Ealaín na Gaeltachta 
agus Uachtarlann Dhún na nGall
An chéad duais: 250 euro agus corn (urraithe ag Uachtarlann  Dhún na nGall)

Moltóir an chomórtais:  Proinsias Mac a'Bhaird


Gearrliosta

An abairt ghearr - Sean O’Muireagáin, Béal Feirste
Bruach - Gearóid DeBriotún, Baile Átha Cliath
Admháil na hOíche Shathairn, Cúpla Lá Iardheireadh Caidrimh -
Dubhán Ó Longháin, Co. Dhún nan Gall
Gadaí na Geanmnaíochta - Michéal O Ruairc, Baile Átha Cliath
An Fidléir - Máire Dinny Wren, Co. Dhún nan Gall
Deasghnáth - Seosamh Ó Murchú, Baile Átha Cliath

Friday, January 20, 2017

Comórtas Filíochta

Féach thíos, mar eolas daoibh. Scéal le scaipeadh, a chairde, mura miste libh. 

Comórtas filíochta Gaeilge 2016


An chéad duais:€250 agus corn,
  
Bhéarfar cuireadh do na buaiteoirí ar fad a saothar a léamh ag oíche ealaíne a bheas ag Focail an Iarthuaiscirt i gCaifé Florence i Leitir Ceanainn.

Breis eolais ar an suíomh idirlíne: http://northwestwords.com/

Sprioc: 31ú Eanáir 2017

Táille: €5 do 3 dhán 

Fáilte roimh iarratais ar líne nó sa phost. Caithfidh na filí bheith os cionn 18 bliain d'aois agus gan a gcuid dánta bheith foilsithe roimhe seo. Tuilleadh eolais anseo (pdf).