Is gearr uainn í, a léitheoirí...bliain úr eile.
Ach, tá a fhios agam go bhfuil a fhios agaibh féin an méid sin...tá sibh cliste, agus ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú in bhur saol féin, agus sa saol i gcoitinne, bail ó bhur ndéithe oraibh; mar sin ní gá domsa labhairt anseo faoin mbliain a chuaigh thart, ná faoin mbliain atá le teacht.
Tá 'súil siar' nó dhó le léamh ar tuairisc.ie, ach más mian libh súil in athuair a chaitheamh ar mo rámhaillí féin, tá giotaí scríofa agam, roimhe seo, faoi rúin na bliana nua, anseo agus anseo; nath cainte nó dhó a rith liom faoin am seo den bhliain le léamh anseo, agus mo smaointe, ón am seo anuraidh, le léamh anseo,
Ar aon nós, cibé rud a dhéanfaidh sibh sa bhliain nua, a léitheoirí, tá súil agam go mbainfidh sibh sult as an taithí. Níl againn ach seal...go raibh sé faoi mhaise daoibh an bhliain úr seo chugainn, a chairde.
Showing posts with label dea-rúin. Show all posts

Thursday, December 31, 2015
Wednesday, December 31, 2014
Stuaimrún
Níl céim chun cinn sa gcos i dtaca.
Sometimes, a step back, a step away, is a step forward.
Sin thuas na smaointe/nuafhocail a rith liom ar maidin, agus mé ag tabhairt chun cuimhne eachtraí na bliana seo, thall is abhus, is ar fud na cruinne.
Tá bliain nua eile romhainn anois; tá 2015 ag cnagadh ar dhoras 2014, agus táimid ar thairseach ré nua shíochánta, tá súil agam. Caithfear a bheith dóchasach, agus is fearr a bheith dearfach. Sin mo rún féin, pé scéal é.
Maidir le beartais eile na bliana nua, seo chugaibh na rúin is coitianta Oíche na Seanbhliana, deirtear.
Cibé rún atá agat féin don bhliain úr, a léitheoir, tá súil agam go mbeidh suaimhneas agus sonas romhat ar chosán na bliana nua; go léime tú, gan stró, thar aon chonstaic nó aon bhac a bheas sa mbealach ort. Níl le déanamh, b'fhéidir, ach an chos i dtaca a sheachaint.
Go n-éirí an bóthar leat!

Tuesday, January 1, 2013
Iarrachtaí Úra
Bhuel, seo muid arís, agus bliain úr eile romhainn – go
maire sibh í, le sláinte agus le suaimhneas, a chairde!
Chaith mé súil siar ar an mblagmhír seo, mír a scríobh mé cúpla
bliain ó shin, agus is dóigh liom gurb iad na dea-rúin chéanna a roghnóidh
daoine i mbliana – go n-éirí go geal libh, más rud go bhfuil bhur rogha féin ar
an liosta, a léitheoirí:
1. Jab
níos fearr a fháil
2. Éirigh as rud éigin/gearradh
siar ar rud éigin
3. Meáchan a chailleadh/dul ar aiste bia
4. Bheith níos sláintiúla/níos folláine/tuilleadh aclaíochta a dhéanamh
5. Bheith níos eagraithe/bheith in am.
6. Níos mó ama a chaitheamh le do pháistí/mhuintir/chairde.
7. Fáil réidh le fiacha/airgead a shábháil
8. Rud éigin nua a fhoghlaim/dul ar ais ar scoil
9. Níos mó ama a chur ar leataobh duit féin/dul ar aistear
10. Cuidiú le daoine eile/dea-ghníomhartha a dhéanamh.

Mura bhfuil suim dá laghad agat sna dea-rúin sin, is féidir
leat breathnú ar na Resolutions You Would Be Tempted to Keep…atá luaite anseo.
Cibé bhur rogha, a léitheoirí, bainigí sult as an
iarracht!
Monday, January 10, 2011
Beartais na Bliana Nua
via Mise Áine by Mise Áine on 5/1/11
Ar thosaigh sibh ar na dea-rúin sin fós?
De réir mar atá léite agam, agus mé ag útamáil liom ar an idirlíon, is iad na cinn chéanna a roghnaíonn daoine chuile bhliain, a bheag nó a mhór.
1. Jab níos fearr a fháil
2. Éirigh as rud éigin/gearradh siar ar rud éigin
3. Meáchan a chailleadh/dul ar aiste bia
4. Bheith níos sláintiúla/níos folláine/tuilleadh aclaíochta a dhéanamh
5. Bheith níos eagraithe/bheith in am.
6. Níos mó ama a chaitheamh le do pháistí/mhuintir/chairde.
7. Fáil réidh le fiacha/airgead a shábháil
8. Rud éigin nua a fhoghlaim/dul ar ais ar scoil
9. Níos mó ama a chur ar leataobh duit féin/dul ar aistear
10. Cuidiú le daoine eile/dea-ghníomhartha a dhéanamh.
Feicim go bhfuil ‘find a soul mate’ luaite áit éigin, agus seans go bhfuil sé de rún ag daoine iarracht a dhéanamh titim i ngrá, ach, mar a dúirt mé cheana, ní rogha ach bogha atá i gceannas nuair is cúrsaí grá atá i gceist, i mo thuairim.
Chomh maith le rúin shuimiúla éagsúla ghreannmhara eile, tá cúrsaí grá luaite sna rúin atá beartaithe anseo, a léitheoirí, agus táim den bharúil nach é ‘find a soul mate’ a fhaigheann tús áite i gcroí an duine a scríobh mar a leanas,
‘I will not hang around girls - they think you love them and that sucks.’

Subscribe to:
Posts (Atom)