Showing posts with label focail mhóra. Show all posts
Showing posts with label focail mhóra. Show all posts

Thursday, August 17, 2017

Focla Nach mBriseann Fiacla

De réir mar atáim ag dul anonn in aois, táim ag foghlaim. Táthar ann a déarfadh go bhfuilimid i gcónaí ag foghlaim agus, go deimhin, tá an méid sin fíor, ach táthar ann, chomh maith, nach dtuigeann anois, agus nach dtuigfidh go brách, go bhfuil ceachtanna le foghlaim ónár dtaithí saoil, agus gur fás agus forbairt atá le foghlaim ón taithí sin, is cuma cá bhfuil ár gcosa curtha i dtaca againn. 

An ceacht is mó atá foghlamtha agam, thar na blianta, ná go gcaithfear a bheith cúramach le focail. Bíodh siad scríofa nó labhartha, is urchair nó ungadh atá iontu. Bíodh peann i do lámh agat, teanga i do bhéal agat, méara ar mhéarchlár nó ar scáileán romhat, is fearr a bheith cúramach, i gcónaí, seachas a bheith místuama, nuair atá tú armáilte le focail. 

Ach, tá cúram orainn féin, freisin, maidir leis na briathra a chloisimid, nó a léimid. An fearr aird a thabhairt ar na focail atá cloiste/leite againn, nó an fearr gan bacadh leo, go háirithe más rud go bhfuil muid in amhras faoina dteachtaireacht? Go deimhin, fiú má aontaíonn duine leis an teachtaireacht, an fearr a bheith faichilleach, ar fhaitíos na bhfaitíos?

Cúpla leid atá faighte/foghlamtha agam féin, maidir le focail, le caitheamh na mblianta, 

1. Ná ceap gur fútsa/duitse amháin atá an duine ag scríobh/ag labhairt. 
2. Ná glac leis go bhfuil an tuiscint chuí agat ar an méid a chuala tú/a léigh tú. 
3. Seas siar, dún do bhéal, agus fan go mbeidh tú cinnte faoi bhriathra, uait nó romhat. 

Roinnt seanfhocal daoibh, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht,

Ní bhriseann focla maithe fiacla.  (Béasa) 

Ní bheathaíonn na briathra na bráithre i gcónaí. (Caint)

Bíonn cluas bhodhar ag fear na foghlach. (Aire)

Bunchloch na bréige i gcolann na fírinne. (Bréaga)

Is féidir milleán a chur ar an bhfírinne, ach ní féidir náire. (Fírinne)

Mar nuafhocal scoir, uaimse,

Is fearr focla a chur ar an méar fhada, ná an mhéar fhada a thabhairt. 

Friday, April 4, 2014

Focail Liom Focail Leat

Tháinig mé ar an bhfocal Béarla exhaustipated den chéad uair arú inné, cé go bhfeicim, ó thrácht anseo, gur focal é atá in úsáid le blianta fada, ag an té a bheadh, feictear dom anseo, Just too tired to give a shit. 

Mar is eol daoibh, a léitheoirí, is maith liom focail nua a chumadh mé féin, ó am go chéile, agus cheap mé go mbeadh sé go deas dá mbeadh focal Gaeilge againn, ceann macasamhail exhaustipated, focal a d'fheilfeadh do lucht labhartha na Gaeilge, dá dteastódh uatha a leithéid d'fhocal a úsáid, ar ndóigh. 

Pé scéal é, i mo bharúil féin, dá mbeadh an droch-chuma sin riamh ar aon duine againn, tá chuile sheans ann go mbeadh muid spíoniata.  

Wednesday, August 14, 2013

Scéilín na Scrúduithe

Bhí mé as baile le seachtain anuas. Bhain mé an-sult as mo chuid ama thiar i gCeantar na nOileán, i gCathair na Gaillimhe, agus as an leathlá a chaith mé i mBaile Átha Luain. Tuilleadh faoin eachtraíocht sin ar ball beag.

Idir an dá linn, agus ó tharla gurb é inniu an lá atá ann, lá na dtorthaí, lá na cinniúna do 56,000 mac léinn, mic léinn a rinne a gcuid staidéir - bhuel, cuid acu, pé scéal é! - agus a bheidh ag súil go bhfaighidh siad na marcanna atá tuillte acu, tá scéilín agus físeán le roinnt agam libh. 

Cuirim fainic oraibh anois, a léitheoirí, sula mbreathnóidh sibh ar an bhfíseán thuasluaite agus thíosaibhsithe - tá focail, ahem, mhóra le cloisteáil ón máthair bhocht! Tuigfidh cuid agaibh a cás.

An scéilín: tharla sé, agus mé thiar sa mbaile, go raibh mé féin agus cara liom ag labhairt faoin am a rinneamar féin an Ardteistiméireacht, blianta blianta fada ó shin. Chuir sé iontas orm a chloisteáil go dtagann tromchodladh aniar aduaidh uirthi, ó am go chéile, agus gurb í an bhrionglóid a bhíonn aici, i rith an tromchodlata, ná go bhfuil an Ardteist le déanamh aici fós, agus nach bhfuil a dóthain den tromléann déanta aici lena aghaidh; nach bhfuil sí ullmhaithe do na scrúduithe ar chor ar bith, mar a déarfá. 

Bhuel, tuigim a cás, mar is minic an bhrionglóid chéanna agam féin. Ní chuireann sé iontas ar bith ormsa a leithéid de bhrionglóid a bheith agam mar, ahem, ní raibh mo dhóthain foghlama déanta agam, gan dabht ar bith; agus bhí sé sin le léamh ar mo thorthaí, go deimhin. 

Pé scéal é, seo chugaibh an físeán thuasluaite. 

Chuir sé am m'ardteistiméireacht féin i gcuimhne dom. Tá na scoláirí bochta i mo smaointe ar maidin. Go n-éirí go geal leo uilig!

Roibéard san áireamh..;-)