Chuir an scéal sin scéal eile i gcuimhne dom, scéal a d'inis bean dom, níl sé i bhfad ó shin, faoin am, sna seascaidí, a mbíodh ar lánúin phósta coiscíní a ordú tríd an bpost, mar nach raibh aon bhealach eile acu theacht ar ábhar frithghinúna.
Bíodh an scéal sin fíor nó ná bíodh, ní dóigh liom gur in aon iris Éireannach a d’fheictí na fógraí óna gceannóidís na coiscíní, mar bhíodh greim docht daingean ag an Eaglais Chaitliceach ar na meáin, ag an am, agus ba í an eaglais chéanna a threoraigh moráltacht an phobail; formhór an ama, pé scéal é. Ceapaim.
Ar aon nós, dar le mo chara-inste-scéil, bhí bean phósta amháin, agus, ar ór ná ar airgead, nó ar fhaitíos na bhfaitíos roimh shagart agus roimh chomharsa, ní chuirfeadh sí a seoladh féin ar ordú na gcoiscíní. Chuir sí ainm a céile ar an ordú, agus seoladh na hoifige ina raibh sé ag obair.
Baineadh geit nach beag as an bhfear céile, seachtain nó dhó ina dhiaidh sin, nuair a tháinig a rúnaí oifige ina threo, le pacáiste poist lán coiscíní, a d’oscail sí ní ba luaithe, ina glac aici,
‘Sorry, it wasn’t marked ‘Personal’’, ar sí, go dearg-ghnúiseach.
‘Sorry, it wasn’t marked ‘Personal’’, ar sí, go dearg-ghnúiseach.
Agus mé ag meabhrú ar scéalta na bpacáistí, agus ar an scéal seo faoin amhránaí Rihanna, rith an smaoineamh liom: an é an easpa smachta ón eaglais a thugann saoirse do dhaoine a gcéadfaí a mheath, a mhaolú nó a mhéadú, mar is mian leo, nó an é go bhfuil na meáin ár dtreorú anois?