Trí leabhar
réchaite a cheannaigh mé, an geábh seo: péire acu a bhaineann le filíocht (€8),
agus an tríú ceann, The Story Behind the Word, le Morton S. Freeman (€4);
leabhar é sin a mheall an focalghráthóir seo mar, dar leis an mbrollach, go bhfuil sé
ag ‘exploring the often romantic forebears and mysterious roots of words we
take for granted and use – or misuse – every day.’ Tuilleadh uaim as an leabhar
sin amach anseo.
An tseachtain
seo, tháinig trí leabhar eile chugam as Meiriceá: bronntanas ó mo mháthair do
mo lá breithe, tar éis domsa, ahem, neart leideanna a fhágáil le mo
dheirfiúracha thall. Baineann leabhar amháin acu le filíocht, agus péire le
gearrscéalta.
Pé scéal é,
chinn mé ceann de na gearrscéalta a léamh aréir, as an leabhar ‘Short Story
Masterpieces: 35 Classic American and British Stories from the first half of
the 20th century.’
Baineadh gáire nó dhó asam agus mé ag léamh an scéil ‘Innocence’ ach, arsa mé féin liom féin, agus mé ag gáire liom, cén fáth gearrscéal leis an údar, An tUasal Seán Ó Faoláin, istigh i leabhar le 35 Classic American and British Stories, meas tú, fiú más Short Story Masterpiece féin é?