Showing posts with label gréasán. Show all posts
Showing posts with label gréasán. Show all posts

Tuesday, November 26, 2019

An Litir Sin Nár Scríobh Tú Riamh

Roinnt blianta ó shin, scríobh mé blagmhír (féach anseo) faoi chomórtas scríbhneoireachta a bhí eagraithe ag RTÉ1.  Clár John Murray a bhí ann. 

Scríobh mé, an t-am sin, gur dheas an rud é dá mbeadh dán nó dhó as Gaeilge curtha san áireamh. Le scéal gearr a dhéanamh de scéal a d'fhéadfainn, ahem, an iomarca fad a chur leis, thosaigh sibh ag scríobh, agus bhain duine de léitheoirí an bhlag seo, ar scríbhneoir cumasach í, gan dabht ar bith,  an duais don dán is fearr i nGaeilge. 

Soláthar agus éilimh, a chairde na Gaeilge. 

Anois, níl a fhios agam tada faoi rialacha na bliana seo, nó fiú más ann dóibh don chomórtas atá ar siúl ar chlár Ryan Tubridy ar RTÉ1 i láthair na huaire, The Letter You Never Wrote, (níor chuala mé aon litir i nGaeilge ar chlár na mbuaiteoirí, anuraidh, más buan mo chuimhne) ach, mar sin féin, bheinn féin den bharúil nach mbeadh dochar ar bith ann, a léitheoirí, peann a chur le pár, arís, agus anáil agus aitheantas a thabhairt dár dteanga dhúchasach féin. 

Níl anseo ach smaoineamh, ach más mian leat bheith páirteach, tá a fhios agam gur féidir litir a sheoladh chuig ryan@rte.ie nó chuig An Post Letter Writing Competition, The Ryan Tubridy Show, Donnybrook, Dublin 4. 

Más ríomhphost a sheolfas tú, mholfainn teideal an chomórtais a úsáid go dátheangach, b'fhéidir, ar fhaitíos na bhfaitíos...The Letter You Never Wrote/An Litir Nár Scríobh Tú Riamh. 

Níl ann ach smaoineamh...ach, má tá Daidí na Nollag in ann litreacha i nGaeilge a léamh, bhuel...

Thursday, November 27, 2014

Lá an Altaithe

Bíodh sibh thall nó abhus, sibhse a bheidh ag ceiliúradh an lá seo inniu, tá súil agam go mbeidh Lá an Altaithe faoi shéan agus faoi mhaise agaibh.

Bainigí sult as bhur lá mór; go raibh sibh uilig i gcuideachta cairde, agus i gcuideachta bhur muintire, saor ó bhuairt, agus ar bhur suaimhneas. 

Friday, January 31, 2014

Oireachtas na Samhna 2013 - Na Seastáin

Mar a scríobh mé cheana, a léitheoirí, bainim sult as na seastáin i Halla na Seastán ag an Oireachtas, agus rinne mé amhlaidh ag Oireachtas na Samhna i gCill Áirne roinnt míonna ó shin - aiféala orm faoin tuairisc mhall, ach más mall is mithid!

Seo chugaibh na grianghraif a thóg mé sa Halla. Más mian libh tuilleadh eolais a fháil, cliceáil ar an bpictiúr cuí len é a mhéadú, nó brú ar an nasc Idirlín faoin bpictiúr - má tá suíomh gréasáin ag an gcomhlacht/foras/áisíneacht/eagraíocht/siopa a chonaic mé, beidh an nasc chuig an suíomh sin le fáil áit éigin thíos.  

Ní dóigh liom gur éirigh liom chuile sheastán a fheiceáil, ach is léir dom, chuile bhliain, go bhfuil cabhair, cúnamh agus tacaíocht don Ghaeilge, agus táirgí na Gaeilge, ar fáil ar fud na tíre. Níl anseo uaimse ach cuid de na nithe a thug mé féin faoi deara:























Sunday, March 17, 2013

Glaoch An Uachtaráin

Beidh Glaoch an Uachtaráin, Micheál D. Ó hUigín, le cloisteáil go luath, a léitheoirí, anseo nó anseo.  

Tá na sonraí uilig le léamh anseo, ach, le go mbeidh sibh ar an eolas, seo mar a bheidh sé ag tarlú inniu: thall i Nua Eabhrach ag 4.30pm, agus in Éirinn ag 9.30pm. 

Tuesday, March 5, 2013

Éigse An Spidéil 2013

Beidh Éigse an Spidéil ag tosú amárach, a léitheoirí, agus tá clár na n-imeachtaí le léamh anseo. Mar a fheicfidh sibh, beidh an Éigse ar siúl ón gCéadaoin seo, 6ú Márta, go dtí Dé Domhnaigh, 10ú Márta.

Ó chuala mé a mhac, Peatsaí Phaitín Phádraig Tom Ó Conghaile, ar an gclár Iris Aniar ar an 15ú Feabhra, ag labhairt faoi amhráin a athar, tá súil agam féin bheith i láthair, in Óstán na Páirce, don seoladh dlúthdhíosca ar an Déardaoin; dlúthdhiosca le hamhráin de chuid Pheait Phádraic Tom Uí Chonghaile, nach maireann, fear a bhí ar dhuine de chéad teagascóirí sean-nóis an Ghaelacadaimh, de réir mar a léim anseo. 

Arís i mbliana, táim ag súil go mór le hoíche na bhfilí agus na gcumadóirí - Nuala Ní Dhomhnaill aoi-fhile na míosa - ócáid a bheidh i seomra cúil An Tobar, an geábh seo. Seans go gcloisfear dán nó dhó uaim féin, freisin, ag an maidhc oscailte, agus ní dóigh liom gur mise an t-aon duine a bheidh ag an maidhc sin - is fiú iad uilig a chloisteáil, ceapaim féin. An-oíche a bhíonn ann, i gcónaí.  

Chomh maith leis na himeachtaí uilig, beidh an Premiére domhanda de Sruth, sraith cheoil nua-chumtha le Mary Bergin agus Johnny Óg Connolly. Anois, céard a déarfá le Gaillimh, agus le baile beag An Spidéil! 

Feicfidh mé ann sibh, a chairde. 

Ceardlann Scríbhneoireachta

Beidh Ceardlann do Scríbhneoirí Gaeilge ar siúl i mBéal Feirste ar an 23ú den mhí seo, in Ollscoil na Banríona. 

Cló Iar-Chonnacht i gcomhar le Scoil na Gaeilge agus na Ceiltíse atá á éagrú, agus beidh an cheardlann dírithe ar scríbhneoirí den uile chineál, idir óg, nua, foilsithe nó neamhfhoilsithe; ach a léiríonn go bhfuil cumas scríbhneoireachta acu. 

Más mian leat, nó aon duine ar d'aithne, bheith páirteach sa cheardlann, tá na sonraí uilig le léamh anseo, ach caithfear na samplaí saothair - gearrscéal/cúig nó sé de dhánta/mír as úrscéal - a sheoladh chuig Áine Ní Cholchúin roimh 14 Márta 2013.

Scéal le scaipeadh agus deis le tapú, a chairde. 

Wednesday, February 27, 2013

Éigse Cholm Cille 2013


Téama na hÉigse: An Ghaeilge san Oileán Úr

Áit: Coláiste Mhig Aoidh-Ollscoil Uladh, Doire.

Ar an Aoine, 1ú Márta, ag tosú 7:00 p.m:

Oscailt na hÉigse: An tOllamh Ailbhe Ó Corráin.
Coimisiún Fulbright na hÉireann: Colleen Dube.
Léacht Poiblí: An tOllamh Emeritus Peadar Ó Tomhnair.

Ar an Satharn, 2ú Márta:

10.00-10.45:  An Dr. Regina Uí Chollatáin.
10.45-11.15:  Sos Tae
11.15-12.00:  An tOllamh Brian Ó Conchubhair
12.00-12.45:  Cóilín Ó Floinn.
12.45-1.15:    Seoladh Leabhar
1.15-2.00:      Lón
2.00-2.45:      An Dr. Willie Mahon
2.45-3.30:      An. Dr. Séamas Ó Diollúin
3.30-3.45:      Sos
3.45-5.00:      Sraith GearrChainteanna (15 bomaite):
                      Danny Doyle,
                      An. Dr. Art Hughes,
                      An tOllamh Seosamh Watson,
                      Liam Ó Cuinneagáin

Tuilleadh eolais le fáil anseo agus anseo; nó éist anseo le Stiúrthóir na hÉigse, an Dr. Peadar Mac Gabhann, na sonraí uilig á roinnt aige le hÁine Ní Chuireáin ar chlár Barrscéalta an lae inniu, 27 Feabhra, 39:10 - 47:30 nóiméad. 

Sunday, February 17, 2013

Focail Féilire

Ní thréigeann dóchas tusa, tusa a thréigeann dóchas.  

Hope never abandons you, you abandon it.

An leagan Gaeilge uaimse, an leagan Béarla ón bhfear seo, George Weinberg. 

Ar fhaitíos tuilleadh dóchais uaibh, a léitheoirí, seo chugaibh roinnt seanfhocal, faoin gceannteideal ‘Dóchas,’ as an leabhar Seanfhocla Chonnacht:

Is é an dóchas lia gach anró.

Ní séideann gaoth as aer, nach dtéann sí i seol duine eicínt.

Thar éis gaoithe, tagann ciúntas.

Níor bádh ariamh a leath dá raibh i gcontúirt.  

Níl cath dá mhéid, nach síocháin a dheireadh.

Is é lár do leasa an uair is measa leat.

Nuair is mó an cruachás is ea is mó an cuidiú.

Béarfaidh bó eicínt lao eicínt, lá eicínt.

Is annamh a thig trá gan lánteacht mara ina dhiaidh.

Tagann an ghrian i ndiaidh na fearthainne. 

Thursday, February 14, 2013

Lá Fhéile Vailintín


Ó tharla gurb é inniu an lá atá inniu ann, a léitheoir, chinn mé go dtabharfainn bláthanna duit:
Bain sult as an lá, agus, mar aon le chuile lá eile beo, tá súil agam go bhfuil grá agat le roinnt le duine éigin, agus grá aige/aici/acusan le roinnt leat féin.

Tháinig mé ar sheacláid na suirí sin thuas i siopa áitiúil inné, agus cheannaigh mé ceann acu don Gharraíodóir – tá faobhar ar a fhiacla chun na milseán, an dtuigeann sibh. Sea, tá sweet tooth aige, agus ní féidir dearmad a dhéanamh ar fhear an tí ar an lá-seo-mór-le-rá-i-saol-na-mban, más fíor.

Tuilleadh eolais faoi sheacláidí baile as Inis Eoghain le léamh anseo, agus tuilleadh faoi Feabhra na bhFéilte ‘s na bhFeiseanna le léamh ó Róislín anseo. Giota ó Scott le léamh thall ar Meon Eile, freisin.  

Wednesday, February 6, 2013

Comórtas Náisiúnta Amhrán Pan Cheilteach


Is gearr go mbeidh mé ag bualadh bóthair, agus ar mo bhealach chuig an gComórtas Náisiúnta Amhrán Pan Cheilteach, áit a mbeidh mo chomhchumadóir, Seoirse Ó Dochartaigh, ag casadh ár n-amhrán ag an ócáid, sa Seven Oaks Hotel, i gCeartharlach, ag tosú amárach, Déardaoin, 7 Feabhra, 7:30i.n;  ticéid le fáil anseo.

Fuair mé ord reatha na n-amhrán ó Emma Uí Bhroin, stiúrthóir na féile, ag tús na seachtaine agus is iontach go deo an comhluadar a bheidh romhainn, agus i gcomórtas linn.

I measc na gcumadóirí is na gceoltóirí beidh Damien Mac Gabhann, trí amhrán uaidh - Deirdre Ní Chinnéide/Guy Fitzgerald/Acabella á gcasadh; Áine Ní Bhrollaigh; Marie O’Reilly; Meadh Ní Bheaglaioch (a bhuaigh anuraidh)/Eilín Ní Bheaglaíoch; Shane Ó Fearghail/Róisín Ní Bhriain; Aideen McBride & David Sheehan/Nell Ní Chróinín; Julie Field/Breda Larkin/Joanne Collins; Jó Mag Fhearadhaigh & Caren Ní Mhocháin/Scoil Chríost Rí Abú; The Dirty 9’s; Daniel Kelleher; Muireann Ní Chonnláin; Michael McKenna/Orla McGourty; Enda Reilly; Pádraigín Caesar & Eddie Sheehan; Paula Ryan; Conor O’Reilly/Méav Ní Mhaolchatha; Eugene Peelo & Breandán de Róiste/Caifé Céilí.

Daithí Ó Sé a bheidh ina láithreoir ar an oíche agus sé Ollie Hennessy an stiúrthóir ceoil. Más fíor an méid a léigh mé ar shuíomh Ghael Linn thall ar Facebook, siad Seán Ó Sé, Traic Ó Braonáin agus Colm Mac Séalaigh a bheidh ar an bpainéal moltóireachta.

Cé gur dóigh liom nach ndéanfadh aon duine dearmad orthu, tá buíochas tuillte ag coistí na féile náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus ag oibrithe an óstáin – tá siad uilig iontach cuidiúil ar fad. Cibé duine a thabharfaidh amhrán na hÉireann leo go dtí an Fhéile Idirnáisiúnta i Mí Aibreáin, beidh an-chraic go deo againn uilig i gCeatharlach san oíche amárach, mar thoradh ar obair na ndaoine dúthrachtacha sin. Nár laga a gCé a gcumas!

Má bhíonn aon duine agaibh ann, a léitheoirí, cuirigí sibh féin in aithne dom. Tá cuid agaibh nár casadh orm fós…

Saturday, February 2, 2013

Comórtas Filíochta


Chuala mé faoin gcomórtas filíochta seo, le déanaí. 

Is comórtas é a bhaineann leis an Galway University Hospitals Arts Trust, agus chinn mé na sonraí a roinnt leat, a léitheoir, mar cheap mé go mb’fhéidir gur mhaith leat dán nó dhó Gaeilge a sheoladh chucu.

Ní fhaca mé aon cheo scríofa, in aon áit, gur dánta Béarla amháin atá i gceist, agus seans go mbíonn Gaeilgeoirí sna ‘waiting areas of the University College Hospital and Merlin Park Hospital’ chomh maith leis na Béarlóirí; áiteanna a mbeidh na dánta a roghnaítear le feiceáil, más buan mo thuiscint.  

Mar a scríobh mé cheana, is fiú iarracht a dhéanamh dán Gaeilge a scríobh, le go bhfaighfear toradh maith.

Pé scéal é, tá agat go dtí deireadh na míosa seo le do dhán/dhánta a sheoladh chuig Margaret Flannery, Arts Director an Galway University Hospitals Arts Trust.

Agus, tá agat go dtí an 8 Márta trí dhán eile, as Béarla nó as Gaeilge, dar leo, a sheoladh chuig an Galway Arts Centre, más mian leat cur isteach ar an gcomórtas filíochta atá á reáchtáil acu don Cúirt New Writing Prize. 

Go n-éirí go geal libh!

Friday, February 1, 2013

MED


Táim ag roinnt na scéalta seo a leanas libh, a chairde, mar eolas daoibh:

Lón sa Spéir

Chuala mé Seán Ó Cualáin, @fearCharna, ag caint le Ryan Tubridy ar an Late Late Show an tseachtain seo caite (giota atá le feiceáil anseo ar RTÉ Player, ag 29.11 nóiméad den chlár) agus bhí sé ag labhairt faoina scannán Lón sa Spéir/Men at Lunch; beidh an leagan Gaeilge den scannán le feiceáil san IFI anocht ag 18.30 (Cilian Fennell fear an tí) agus, arís, ar an 5 Feabhra. Mar atá léite agam ag bun an leathanaigh ar shuíomh sin RTÉten, beidh sé ar siúl in áiteanna eile ar fud na tíre, freisin. 

Focal Point

Chuala mé Manchán Magan ag labhairt ar an gclár Today with Pat Kenny ar an raidió an lá cheana, giota atá le cloisteáil ar cheann de na podchraoltaí anseo, faoin teideal Is the Irish Language On Life Support, agus bhí sé ag labhairt faoina dhráma dátheangach nua, Focal Point, dráma a bheidh ar siúl sa Project Arts Centre, ag tosú Dé Luain seo chugainn, an 4 Feabhra, agus ar siúl ar feadh seachtaine.  Tuilleadh eolais, agus ticéid, le fáil anseo. 

Gaelscéal Ar Scoil

Léigh mé alt i nGaelscéal na seachtaine seo, agus @gaelscealscoil thall ar Twitter, go bhfuil leathanaigh nua don bhunscoil acu sa pháipéar anois. Má ghlactar síntiús do scoilbhliain 2012/2013, tá IPAD le buachan, agus tá síntiúis ar phraghas speisialta ar fáil do scoileanna. Sonraí le fáil anseo. 

Cluichí an Ocrais

A bhuí le @dailyedge thall ar Twitter, a léigh mé faoin leagan Gaeilge den scannán gearr, The Hunger Games, nó Cluichí an Ocrais, mar a thug na scoláirí/aisteoirí ó Ghaelscoil Nás na Ríogh ar a scannán (le cabhair nach beag óna múinteoir, Lára Ní Dhonnchú, cheapfainn); tá sé le feiceáil ar youtube, anseo.

The Origins of the Irish

D’fhéadfadh sé go mbeadh suim agaibh sa méid atá le rá ag J.P. Mallory le Pat Kenny anseo (podchraoladh faoin teideal Book: The Origins of the Irish), faoina leabhar nua, The Origins of the Irish, leabhar atá le fáil ar shuíomh Easons ar €28.55, postas in aisce in Éire agus na RA, ceapaim; agus tá sé le fáil ar shuíomh Amazon ar $18.80, ach costas postais le híoc, ag brath ar d’ordú, más buan mo thuiscint.  

Féile Pan Cheilteach

Mar fhocal scoir, má bhíonn aon duine agaibh i gCeatharlach an tseachtain seo chugainn, b’fhéidir go bhfeicfinn ann sibh, go háirithe ag an gComórtas Náisiúnta Amhrán Pan Cheilteach ar an Déardaoin, 7 Feabhra, áit a mbeidh mé féin agus Seoirse lenár n-amhrán nuachumtha (focail uaimse, ceol agus gabháil fhoinn uaidhsean). Táim ag súil go mór leis na hamhráin Ghaeilge eile a chloisteáil, caithfidh mé a rá. Ticéid le fáil anseo. 





Wednesday, January 30, 2013

Camscéim Eile


Níl sé de nós agam m’fhón póca a fhreagairt mura n-aithním an uimhir atá ag glaoch orm. Mura n-aithním an uimhir, an dtuigeann sibh, seans nach bhfuil aithne agam ar an té atá ag glaoch orm, agus ní bhacaim leo.  

Ní hé gur cuma liom, bíodh a fhios agaibh, ach sé’n chaoi a mbreathnaím féin ar an scéal, más rud go bhfuil a dhath tábhachtach le rá ag an nglaoitear liom, is féidir leis/léi teachtaireacht a fhágáil, agus cuirfidh mé scairt ar ais orthu, más gá.  Mura bhfuil teachtaireacht ón nglaoitear anaithnid, tugaim neamhaird ar an nglaoch.

Agus, más fíor an méid atá léite agam anseo, tá an t-ádh orm nach nglaoim ar ais ar aon ghlaoitear anaithnid, mar d’fhéadfainn bheith thíos leis; sórt, ahem, as póca ag m’fhón póca, mar a déarfá.  

Is cosúil go bhfuil camscéim eile ar an bhfód, a léitheoirí, mar sin bígí airdeallach, ar fhaitíos na bhfaitíos. 

Friday, January 25, 2013

Brother ag Breathnú Ort?


Só, tá tú á léamh seo anois, agus tá do cheamara gréasáin os do chomhair. Is cuma leat, mar, gan cead uaitse, níl aon duine in ann tú a fheiceáil tríd an gceamara sin…nó an bhfuil?

Níl i gceist ach cúig nóiméad, a léitheoirí, ach mholfainn daoibh breathnú ar an bhfíseán seo, ón suíomh today.msnbc.msn.com, le go bhfeicfidh sibh céard a d’fhéadfadh bheith ag tarlú anois díreach, agus do ríomhaire oscailte agat…aon áit sa teach.

Ar eagla na heagla a roinnim an scéal seo libh. Go raibh sibh slán ó chontúirt, a chairde!  

Saturday, January 12, 2013

Comórtas Filíochta


Coicís fágtha go dtí an 25 Eanáir, 2013, an spriocdháta do chomórtas filíochta Gaeilge/Gáidhlige Bhéal na mBuillí, Duais Colmcille:

1ú Duais: €2,000; 2ú Duais: €1,500. 3ú Duais, €1,000

Ní chóir go mbeadh an dán níos faide ná 70 líne, nó go mbeadh an dán foilsithe ná craolta in áit ar bith, ar an idirlíon ná aon áit eile, roimh ré. 

€6 an táille iontrála ar dhán ar líne. Is féidir iontráil a dhéanamh tríd an bpost chomh maith. Tá an t-eolas uilig, agus na rialacha, le fáil anseo. 

Tuesday, January 1, 2013

Iarrachtaí Úra


Bhuel, seo muid arís, agus bliain úr eile romhainn – go maire sibh í, le sláinte agus le suaimhneas, a chairde!

Chaith mé súil siar ar an mblagmhír seo, mír a scríobh mé cúpla bliain ó shin, agus is dóigh liom gurb iad na dea-rúin chéanna a roghnóidh daoine i mbliana – go n-éirí go geal libh, más rud go bhfuil bhur rogha féin ar an liosta, a léitheoirí:

1. Jab níos fearr a fháil
2. Éirigh as rud éigin/gearradh siar ar rud éigin
3. Meáchan a chailleadh/dul ar aiste bia
4. Bheith níos sláintiúla/níos folláine/tuilleadh aclaíochta a     dhéanamh
5. Bheith níos eagraithe/bheith in am.
6. Níos mó ama a chaitheamh le do pháistí/mhuintir/chairde.
7. Fáil réidh le fiacha/airgead a shábháil
8. Rud éigin nua a fhoghlaim/dul ar ais ar scoil
9. Níos mó ama a chur ar leataobh duit féin/dul ar aistear
10. Cuidiú le daoine eile/dea-ghníomhartha a dhéanamh.

Mura bhfuil suim dá laghad agat sna dea-rúin sin, is féidir leat breathnú ar na  Resolutions You Would Be Tempted to Keep…atá luaite anseo.

Cibé bhur rogha, a léitheoirí, bainigí sult as an iarracht!  

Sunday, December 16, 2012

Spiorad na Féile


Seo chugainn arís é, am sosa ‘gus scíthe,
tráth ómóis na gcomharsan dá chéile,
cion agus cúram ag corraí i gcroíthe,
le ceiliúradh cuimhne ‘gus féile.

Tá amhráin á gcasadh faoi shíocháin, faoi ghrá,
roinneann pobal go carthanach croíúil,
bíonn cineáltas daonna ag méadú gach lá,
daoine a’ bronnadh ‘s’ag deonú go gnaíúil.

Tá áthas na bpáistí le brath ina spraoi,
a ngliondar ag borradh le dúil,
aoibhneas a n-óige ag soilsiú gach slí,
mar a dhéanann a soineantacht dúinn.

Tagann muintir abhaile, is cuairteoir chun tí,
déantar comhrá le strainséir go gaolmhar,
bíonn dea-thoil á fearadh sna fáiltí go maoth,
‘gus bíonn lámha á gcroitheadh go bríomhar.

Seo chugaibh mo bheannacht don domhan mór trí chéile,
is cuma cén creideamh, cén claon,
go maire an fhlaithiúlacht agus an fhéile,
mar a bhíonn siad an t-am seo den bhliain.  

Friday, November 30, 2012

Focail Féilire

An tada líonta díolta, sin ealaín.

Mo leagan féin den athfhriotal Béarla thíos, ceann a tháinig ó Frank Zappa, feictear dom.

Art is making something out of nothing and selling it.

M’anam, ach is minic mé i mo shuí ag mo ríomhaire, ag líonadh an leathanaigh bháin, agus diabhal focal a dhíol mé riamh. Hmmm…

Mar is iondúil, cuirim fáilte roimh bhur leaganacha féin, a léitheoirí, más rud go bhfuil leathanach bán os bhur gcomhair, agus gan a dhath eile le déanamh agaibh ach tabhairt faoin tada sin.

Mar is iondúil eile, agus ar fhaitíos aon mhíthuiscint, ní bhfaighidh tú, ahem, pingin rua ar aon iarracht ealaíne a roinntear anseo.

Thursday, November 29, 2012

Tacaíocht

Rinne mé cinneadh i mbliana go ndéanfainn gach iarracht ar earraí na Nollag a cheannach go háitiúil, sa bhaile anseo i mBun Cranncha. 

Tá ag éirí go maith liom, mar go bhfuil úinéirí na siopaí ag déanamh a n-iarrachtaí féin ar son na cúise geilleagraí, agus tá lascainí go leor á dtabhairt, feictear dom.

Mar is eol do léitheoirí rialta mo bhlag, bím ag éisteacht leis an raidió go minic, agus tá cúpla rud a chuala mé le déanaí, gur mhaith liom a roinnt libh anseo ar maidin, le deis a thabhairt daoibh bhur dtacaíocht féin a thabhairt, más mian libh.

Amárach, beidh Fiver Friday ann, agus iarrtar orainn cúig euro sa bhreis a chaitheamh, más féidir, le tacaíocht a thabhairt do gheilleagar na tíre agus, dá bhrí sin, dá chéile. Má théann tú isteach anseo, ar shuíomh Liveline le Joe Duffy ar RTÉ Raidió 1, feicfidh tú cá bhfuil na margaí éagsúla le fáil, má tá fiver le spáráil agat; nó má tá táirgí/seirbhís le díol agat ar fiver amárach, is féidir leat an t-eolas sin a roinnt leo ansin. 

Mar a scríobh mé cheana, tá Daidí na Nollag é féin faoi bhrú geilleagrach, agus tá RTÉ 2fm, i gcomhar le SuperValu agus na daoine sin atá ag obair go dian le Cumann Naomh Uinseann de Pól, ag cuidiú le Daidí na Nollag arís i mbliana, agus iarrtar orainn,

‘Simply drop an unwrapped toy any time up to December 9th at the special pick-up points at 195 SuperValu stores nationwide. Of course, we want to make sure that older children also get something from Santa, so we'd also welcome vouchers, books orbook tokens…Our wish is that every child gets a toy this Christmas.’

Mura bhfuil am ná deis agat bréagán a cheannach, nó mura bhfuil siopa le SuperValu i ngar duit, is féidir leat féirín fíorúil a bhronnadh anseo.  

Tuigim go maith go bhfuil daoine ann nach bhfuil pingin rua le spáráil acu, ach más rud go bhfuil, creidim féin go bhfuil cumhacht i gcaitheamh agus i bhfáil.

Ar scáth a chéile…

Monday, November 26, 2012

Ballaí Dhoire


Anocht, ar BBC 2 TÉ, ag 7:00 i.n., beidh an clár Ballaí Dhoire le feiceáil.

'Is clár faisnéise nua de chuid an Ciste Craoltóireachta Gaeilge é Ballaí Dhoire ina n-amharcann an láithreoir, Fearghal Mag Uiginn, ar an scéal atá taobh thiar de thógáil bhallaí Dhoire.'

Tuilleadh eolais faoin gclár le fáil anseo, a léitheoirí.