Roinnt seachtainí ó shin, fuair mé glaoch ó Bhridget Bhreathnach, atá ina Bainisteoir Margaíochta leis an gcomhlacht foilsitheoireachta, Cló Iar-Chonnacht.
Bhí smaoineamh aici.
Bíonn smaointe suimiúla ag Bridget, i gcónaí, mar is eol d'aon duine a léann an méid a bhíonn á scríobh aici ar tuairisc.ie, mar sin bhioraigh mé mo chluasa, agus shlog mé, go fonnmhar, an duán ar a raibh baoite a smaoinimh curtha aici.
Tá croí mór fial ag Bridget Bhreathnach. Duine báúil í. Smaoineamh maith a bhí ann, ceann a chuideoidh le daoine a bhfuil, b'fhéidir, am acu anois, agus smaointe dá gcuid féin acu, smaointe a ba mhaith leo a roinnt, ar bhealach cruthaitheach éigin, ach nach bhfuil siad róchinnte cá dtosóidh siad.
Tá sraith nua, Rang Beag Scríbhneoireachta, ag tosú Dé Céadaoin seo chugainn, 27 Bealtaine, ar shuíomh idirlín Chló Iar-Chonnacht, ar YouTube s'acu, agus ar na meáin shóisialta.
Cúigear againn a bheas páirteach sa chéad sraith - mise, Anna Heussaff, Áine Ní Ghlinn, Réaltán Ní Leannáin, agus Alex Hijmans - físeáin ghairide an duine uainn, faoi chúig nóiméad an ceann, ina mbeidh muid ag cur síos ar ghné faoi leith den scríbhneoireacht.
Beidh muid ag tabhairt leideanna don lucht féachana maidir leis na modhanna oibre, agus an cur chuige, a bhíonn in úsáid againn féin agus muid i mbun pinn, é mar aidhm ag gach físeán go mbeadh an té a bheadh ag breathnú air in ann foghlaim uaidh agus, más mian leo, an t-eolas a úsáid ina gcleachtas scríbhneoireachta féin.
Ar na topaicí a chlúdófar, beidh,
Áine Durkin: Ó smaoineamh go scríbhinn - ag bailiú smaointe agus á bhforbairt.
Anna Heussaff: Ag lorg aiseolais i rith phróiseas na scríbhneoireachta.
Áine Ní Ghlinn: Ag forbairt carachtair.
Réaltán Ní Leannáin: Comhrá agus dialóg i bhficsean.
Alex Hijmans: An tábhacht atá le disciplín agus cleachtas oibre don scríbhneoir.
Táim ag súil go mór le toradh bhur gcuid oibre, a lucht féachana. Ar scáth a chéile, tiocfaidh muid tríd.
Showing posts with label foghlaimeoir. Show all posts
Showing posts with label foghlaimeoir. Show all posts
Saturday, May 23, 2020
Saturday, November 9, 2019
Inchinn agus Intinn
'Meicníocht na hinchinne a stiúrann amharclann na hintinne.'
Nuair a bhogann smaoineamh le haghaidh amhráin nó dáin isteach i mo chloigeann, tá sé de nós agam nótaí ar an ábhar a scríobh síos, ar an bpointe, le nach ndéanfaidh mé dearmad ar an smaoineamh ná ar an bhfáth gur rith sé liom.
Ansin, sula gcuirim tús leis an gcéad dréacht den dán nó den amhrán, déanaim taighde ar an ábhar, in amanna, le tuairimí agus smaointe daoine eile ar an ábhar a mheas, an dtuigeann sibh.
Tharla sé go raibh mé ag útamáil liom, ar an idirlíon, arú inné, mar bhí mé i mbun taighde d'amhrán nua atá idir lámha agam, nuair a tháinig mé ar an TED Talk seo le Oliver Sacks. Ag deireadh na cainte (dhá nóiméad ón deireadh, nó mar sin) luaigh sé rud a dúirt Charles Bonnet, 250 bliain ó shin,
'the theatre of the mind could be generated by the machinery of the brain'
Thosaigh mo chuid meicníochta féin ag iarraidh Gaeilge a chur ar an bhfocal 'brain' agus ar an bhfocal 'mind.' Go deimhin, thosaigh dráma nua san amharclann, agus mé ag iarraidh an difríocht idir brain agus mind a fháil amach, ach sin scéal eile.
Ar aon nós, ar fhaitíos go bhfuil aon duine agaibh den bharúil gur ionann an dá rud, seo chugaibh an méid a fuair mé ar teanglann.ie maidir le brain, agus an méid atá le fáil ar teanglann.ie maidir le mind.
Chuir mé an focal brain isteach i bhfoclóir.ie agus fuair mé an méid seo (tá bealach ar leith ann le 'to bonk the brains out of sb' a scríobh, mar eolas duit, a léitheoir, dá mbeadh, ahem, a leithéidí uait, ar ndóigh), agus seo an méid atá scríofa ag foclóir.ie maidir le mind.
Mholfainn, b'fhéidir, gur fearr duit gan iomarca machnaimh ar an ábhar a dhéanamh, nó d'fhéadfá dul glan as do mheabhair. Ach, má tá tú ag iarraidh d'inchinn a choinneáil ag imeacht...

Monday, August 20, 2018
Nathanna Cainte
Tá sé de nós agam, nuair a bhím ag breathnú ar chluiche CLG ar an teilifís, an fhuaim ar an teilifís a ísliú go hiomlán, má bhíonn an tráchtaireacht i mBéarla, agus éistim leis an tráchtaireacht i nGaeilge ar Raidió na Gaeltachta; mar a rinne mé, inné, agus mé ag breathnú ar an gcluiche iománaíochta, Gaillimh -v- Luimneach.
Bhí 'lán carr-asail cantail' ar dhuine de na himreoirí, chuala mé, agus táim den bharúil gur bhain a chantal leis an réiteoir, más buan mo chuimhne. Seans gur tharla sé sin nuair a bhí an t-imreoir 'sínte ó chluas go drioball' ar an talamh!
Feictear dom go dtagann na nathanna cainte sin go nádúrtha chuig an tráchtaire a d'fhoghlaim Gaeilge ón gcliabhán, agus is maith liom a bheith ag éisteacht leo. Ní hualach do dhuine an léann, an dtuigeann sibh, agus táim ag foghlaim liom.
Seans go bhfuil aoibh go dtí na cluasa ar imreoirí Luimnigh inniu, nó fiú straois ó chluas go cluas orthu, agus cén fáth nach mbeadh?
B'iontach an t-éacht a bhí ann!
Tá súil agam nach bhfuil imreoirí na Gaillimhe in ísle brí faoin gcluiche mar, i ndeireadh na dála, bhí an bua tuillte go maith ag Luimneach, ar an lá.
An méid sin ráite, beidh lá eile ag an bPaorach agus, mar is eol do mhuintir na Gaillimhe, níor chaill fear an mhisnigh riamh é!

Sunday, April 22, 2018
Nod Ón Aineolach: Foclóirí Ar Líne
Is aoibhinn liom Oireachtas na Samhna, agus an chéad rud a dhéanaim, nuair a bhíonn ionad an Oireachtais bainte amach agam, ná ceannaím Clár Oifigiúil na Féile, le go mbeidh a fhios agam céard atá ag tarlú, cén áit ina mbeidh sé ag tarlú, agus cén t-am a mbeidh sé ag tarlú.
Leis an gclár, agus leis an aip iontach atá acu, táim in ann liosta na n-imeachtaí laethúla a fheiceáil, agus mo liosta laethúil féin a chruthú as na himeachtaí sin. Ar ndóigh, is minic imeachtaí suimiúla ag tarlú ag an am céanna, agus bíonn orm rogha a dhéanamh ach, ar a laghad, tá rogha agam, agus is fúm féin a bhíonn sé cén cosán a thógfaidh mé. Bíodh mé ceart nó mícheart faoi na roghanna a dhéanaim, is maith ann an tsaoirse sin, caithfidh mé a rá.
Ceann de na himeachtaí is fearr liom, mar a thuigfeá, ná An Chúirt Filíochta, ach beidh tuilleadh uaim faoi ócáid na bliana 2017, amach anseo. Bhain mé an-sult as, mar is iondúil, agus fuair mé ardú croí ag éisteacht leis na dánta uilig, go háirithe ó na daoine óga atá ag teacht ar fhód na filíochta.
I measc na n-ócáidí, bíonn ceardlanna agus cainteanna eolais. Mar aineolach, bím ag foghlaim liom, de shíor, agus ceann de na nithe nach raibh ar eolas agam, roimhe, d'fhoghlaim mé faoi ag an gcur i láthair, a d'eagraigh Foras na Gaeilge, faoi 'Úsáid foclóir.ie & teanglann.ie.' B'fhéidir go bhfuil an t-eolas seo agaibh cheana, a léitheoirí, ach, mura bhfuil, ceapaim go mbainfidh sibh leas as an méid a d'fhoghlaim mé féin.
Tá 'Uirlisí' ar fáil (breiseáin agus giuirléidí) 'chun rochtain thapa ar aistriúcháin Ghaeilge a éascú go díreach ó do bhrabhsálaí nó ó do leathanach gréasáin' agus cé nach bhfuil sé déanta agam ar an leathanach seo, fós, tá ceann acu ar shuíomh tuairisc.ie, agus táim den bharúil go mbainfear úsáid rialta as, ach duine bheith ar an eolas faoi,

Brú ar an bhfocal 'Foclóir'...
...tiocfaidh líne bán faoin bhfocal 'Foclóir'...
...brú ar fhocal sa téacs, nach dtuigeann tú...
...aibhsítear an focal, agus gheobhann tú bosca anuas le míniúcháin!
Triúr a bhíonn ag obair ag na foclóirí, go bhfios dom; Cathal Convery, Cormac Breathnach agus Pádraic Mianáin, agus ní miste leo aon cheist faoina gcuid oibre, dúradh liom, ach í a sheoladh chuig aiseolas2@foclóir.ie. Fir chuidiúla chumasacha, feictear dom. Agus, mo bhuíochas le Foras na Gaeilge as na suímh iontacha seo a chur ar fáil dúinn.
Is fiú, i mo thuairim, breathnú ar shuíomh s'acu ar YouTube, go háirithe ar an bhfíseán faoin 'Draoi Gramadaí' ... áiseanna iontacha iad uilig, don té atá ag foghlaim, fearacht an scríbhneora seo.
Mar a dúradh ar Chlár na Féile ag an Oireachtas, tá 'lántairbhe' le baint as na foclóirí ar líne, agus tá an t-aineolaí seo fíorbhuíoch d'fhoireann 'An tOireachtas' as na noda a chuireann siad ar fáil do mo leithéidí, chuile bhliain.
Wednesday, July 26, 2017
Nathanna Cainte
Chaithfeadh sé go raibh sé ráite agam, míle uair, leis An Mháistreás, le seachtain nó dhó anuas, go raibh sé i gceist agam dul i ngleic leis an bpáipéarachas i m'oifig, rud nach ndearna mé, agus rud nach raibh déanta agam, faoin am ar ghlaoigh sí orm, inné.
'Bhfuil tú ag dul ag leagan ar an seomra sin, inniu?' ar sí.
Ar ndóigh, bhí sé i gceist agam díriú ar an bhfadhb, roimhe seo. Bhí gá leis, an dtuigeann sibh. Le roinnt seachtainí anuas, ní raibh mé in ann mo lámh a leagan ar pheann ná ar pháipéar ar an deasc i m'oifig, bhí sé chomh trína chéile sin.
Gan a thuilleadh moille, nuair a bhí ár gcomhrá críochnaithe againn, leag mé uaim an fón, agus ní dheachaigh mé ar chúl scéithe maidir leis an gceist, níos mó, ach thug mé faoin bhfadhb, ceann ar aghaidh, ar luas lasrach, mar a bheadh tine ar mo chraiceann.
Ar ndóigh, níl an jab críochnaithe agam fós. Cuirim an locht ar, ahem, An Mháistreás. Bhí an focal sin 'leagan' ag dul timpeall i mo chloigeann, ar feadh an ama, agus tá a fhios ag gach uile mhac máthair a léann an blag seo, nuair a bhíonn focal ag cur tochas ar mo mheabhair, bíonn gá le, ahem, scríob(h).
Pé scéal é, tá neart leaganacha le fáil ar foclóir.ie anseo, más mian libh leagan súl a thabhairt orthu. Ní hé go bhfuilim ag iarraidh béim a leagan ar na leaganacha cainte uilig atá ar an suíomh, ach creidim féin go bhfuil siad leagtha amach go breá soiléir acu. Bainigí taitneamh astu, a chairde, agus mura mbaineann, beidh oraibh an mhéar fhliuch a leagan ar dhuine éigin eile, seachas mise.
Seanfhocal nó dhó daoibh, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht,
Nuair nach bhfuil muid ag leagan pingine isteach, bíonn muid ag leagan pingine amach. (Caitheamh)
Clann a thóigeas is clann a thóigeas leagan. (Clann)
Bíonn an dá leagan ar gach scéal. (Fírinne)
Ní dochar thú a leagan mara ngortaítear thú. (Misneach)
An té atá lag is furasta a leagan. (Neart)

Wednesday, October 7, 2015
Téarmaí Teicneolaíocht Faisnéise
Tá na chéad téarmaí ón mbailiúchán 'Téarmaí Teicneolaíocht Faisnéise' foilsithe anois, anseo, ag tearma.ie.
Is fiú an scéal sin a scaipeadh, i mo thuairim, nó is fiú é a 'athphostáil' nó, b'fhéidir gur fiú é a 'atvuíteáil,' más mian leat.
Is léir go bhfuil an 'blagaisféar' beo beathach ar an 'ardán sóisialta' seo, scéal eile ar fiú é a 'ghreamú' áit éigin, shílfeá, nó d'fhéadfá 'is maith liom' a bhrú ag 'moladh' an dea-scéil, dá mbeadh fonn ort a leithéid a dhéanamh.
Agus, má tharlaíonn 'mearscaipeadh' de thoradh na 'postála' seo, beidh 'leantóirí' go leor ag 'scaidhpeáil' faoin dea-scéal, is dóigh liom.
Ach, más mian leat tús a chur le 'snáithe plé' agus tú ag 'snúpáil' nó ag 'gliúcadh' thart, ná bí i do 'seachantóir meán sóisialta' agus bain sult as an gcraic uilig!

Labels:
cat,
eolas,
fiontar,
focalghráthóir,
foghlaimeoir,
gaois,
méim,
Sióg,
téarma.ie
Thursday, November 20, 2014
Crosfhocal
Cé nach bhfuil crosfhocal Saol na Gaeilge le fáil níos mó, mar a bhíodh roimhe seo, tá crosfhocal eile ar fáil anois ar tuairisc.ie, crosfhocal d'fhoghlaimeoirí.
Ar ndóigh, is foghlaimeoirí muid uilig, nach ea?
Bainigí sult as, a léitheoirí...as an gcrosfhocal, agus as na hailt shuimiúla uilig atá le léamh ar shuíomh tuairisc.ie.
Ar ndóigh, is foghlaimeoirí muid uilig, nach ea?
Bainigí sult as, a léitheoirí...as an gcrosfhocal, agus as na hailt shuimiúla uilig atá le léamh ar shuíomh tuairisc.ie.
Saturday, July 6, 2013
Saol na Gaeilge
Tagann Saol na Gaeilge isteach i mo shaol uair sa mhí. Bíonn an t-eagrán reatha romham, i mo bhosca isteach, ag tús na míosa, agus bíonn ailt suimiúla ann, go minic: Príomhscéalta; GnéAilt; Nuacht agus Ócáidí; Foghlaimeoirí; Foilseacháin, agus Aerscéalta - brú ar na ceannteidil éagsúla sin, ar an suíomh, a léitheoir, agus tiocfaidh tú ar na hailt/comórtais/agallaimh éagsúla, faoin liosta anuas.
An mhí seo, is féidir leat alt a léamh faoin Aip Ghaeilge, Anseo, atá bunaithe ar GPS, 'chun tú a cheangal le do chairde...' srl., agus is fiú, ceapaim féin, tabhairt faoin gCrosfhocal míosúil, faoin gceannteideal Foghlaimeoirí, crosfhocal a chuideoidh leat snas a chur ar do theanga, seans; agus tabharfaidh sé deis duit dul san iomaiocht le daoine eile, le greim a fháil ar an 4 x €50 atá le buachan gach mí - ach na freagraí cearta a bheith curtha sna boscaí cuí agat, ar ndóigh!
Má fhaigheann tú deis, caith súil ar an nuachtiris mhíosúil, Saol na Gaeilge, atá faoin chúram Choilm Uí Thórna, agus atá maoinithe ag Foras na Gaeilge.
Tá na heagráin eile, ó 2011 i leith, le fáil ar an suíomh, freisin.

Tuesday, October 9, 2012
Dul i bhFiáin
Ar an
Déardaoin beag seo, 11 Deireadh Fómhair, beidh sraith den chlár Dul i bhFiáin ag
tosú ar TG4, ag a 10:00 i.n. Dar leis an mblurba ar shuíomh TG4, beidh ‘beirt shaineolaithe
allamuigh ag dul ar thuras, ach caithfidh siad maireachtáil ar bhia ón dúlra…’
Bhuel, arsa
mé féin liom féin, ní dóigh liom go ndéanfadh sé dochar ar bith dom foghlaim
faoi na nithe seo, ar fhaitíos na bhfaitíos go rachadh mé féin agus é féin amú amuigh
faoin tuath am éigin, agus go dteastódh greim bia uainn. Dá bhrí sin, tá mo
nasc sraithe nasctha leis an gclár agam, agus táim ag súil go mór leis.
Ar ndóigh,
níl leid dá laghad agam céard a bheidh ar an mbiachlár ag na saineolaithe agus
láithreoirí, Frainc MacCionnaith agus Darach Ó Murchú, ná fiú an bhfeilfeadh
an bia don fheoilséantóir seo, ach beidh le feiceáil.
Dul i bhFiáin,
TG4, Déardaoin, 11 Deireadh Fómhair, 10:00 i.n.
Friday, June 8, 2012
Trasdul Véineas
Daoibhse
nach bhfuair an deis trasdul Véineas a fheiceáil, is féidir leagan mear den
turas a fheiceáil anseo ar YouTube.
Tá sé scríofa
go bhfuair Véineas a hainm ón mbandia Véineas, bandia an ghrá agus na
háilleachta. B’fhéidir é, a léitheoirí, ach, leis an mbáisteach atá ag titim ó thosaigh
sí a turas trasna aghaidh na gréine, táim den bharúil go bhfuil droch-spionn ar
Véineas.
Bhuel, spin
éagsúil, b'fhéidir...
Tuesday, May 1, 2012
Focail Liom Focail Leat
Tharla
sé go raibh mé ag éisteacht le Pat Kenny ar an raidió maidin inné, é ag labhairt le Micheál Martin faoin Sinn Féin/Fianna Fáil Merger Idea/Fiscal Compact.
Ach, ní hé ábhar an chláir sin ábhar mo bhlagmhíre. Níl ann ach gur chuala mé na focail constructive ambiguity ag teacht as béal an láithreora, nath nach raibh cloiste agam cheana, agus bhí uaim tuilleadh eolais a fháil ar an nath sin.

Chuaigh
mé go Wikipaedia, áit a bhfuair mé ‘Constructive
ambiguity is often disparaged as fudging.’ Ní bheinn
féin róchinnte nach fudging de shaghas atá ag tarlú agus duine i mbun
éiginnteachta, bíodh an éiginnteacht sin cuiditheach nó ná bíodh, ach sin scéal
eile.
Ar aon nós, chuaigh mé ar thóir
an fhocail faoiste i WinGléacht, agus is ionann faoiste agus fudge, agus is ionann
faoiste fáiste agus nonsense. Níos suimiúla fós, bhí an focal faoistin
istigh leis an bhfocal faoiste.
Hmmm…, arsa mé féin liom féin.
Fuair mé greim ar fhoclóir
Dinneen, agus, creid é nó ná creid, bhí leagan luath den fhocal faoistin ann,
agus ba é faoiste an leagan sin.
Sunday, April 29, 2012
Ó Chrann go Crann
Cuireadh
mé ar an eolas faoin bhfíseán seo le déanaí, físeán ina bhfuil scéal beag, Ó
Chrann go Crann, á aithris ag Mairéad Ní Mhaoinigh, ina teanga dhúchais.
Ní mhaireann an scéal ach beagán os cionn seacht nóiméad, agus más rud go bhfuil tú ag tógáil páistí le Gaeilge, chuirfinn geall leat go mbainfidh siadsan sult nach beag as an scéilín seo, agus go mbainfidh tusa tú féin, a léitheoir, sult ollmhór as canúint álainn an Chonallaigh.

Wednesday, October 12, 2011
Focail Liom Focail Leat
Focail, ó na meáin Ghaeilge, a thug mé faoi deara le déanaí. Glacfar, le fáilte, roimh cheartúcháin, nó le leaganacha eile de na focail agus nathanna seo a leanas, más ann dóibh:
calaois leasa shóisialaigh – social welfare fraud
tonnscinnteoir – surfer (farraige)
scimeálaí - surfer (idirlíon)
luathú – accelerating
dlúthpháirtíocht – solidarity
caid – football
eiseachadadh – extradition
spreac – urge
drochdhálaí maireachtála – bad living conditions
treoirchomhairleoir – guidance counsellor
droim láimhe a thabhairt – reject/dismiss/turn back on
geallsealbhóir – stakeholder
ceannródaíoch – pioneering
teistiúchán – certification
cáilitheacht – eligibility
neamh-incháilithe – ineligible
seachtain feasachta – awareness week
iomaíochas – competitiveness
treochlár – roadmap
eitilt cianaistir – long-haul flight
fóirdheontas – subsidy
a cómhaith/a chómhaith – her equal/his equal
Monday, October 3, 2011
Focail Liom Focail Leat
Focail, ó na meáin Ghaeilge, a thug mé faoi deara le mí anuas. Glacfar, le fáilte, roimh cheartúcháin, nó le leaganacha eile de na focail nó nathanna seo a leanas, más ann dóibh:
géarchéim fiachais – debt crisis
faoi choinneáil – in detention
breosla soladach – solid fuel
dabhach stórála – oil tank
scéim intéirneachta – internship scheme
cuideachta óstaigh – host company
beochlár – live register
socrúchán oibre – work placement
jabshocrú – job placement
ró-oifigiúlachas – red tape
príomhurra – main sponsor
déan rud/bheith in antráth – mistime/inopportune time
tá scaoll ar dhaoine – people are panicking
leithdháileadh – allocation
feidhmchlár frith-bhulaíochta – anti-bullying application
leatóir aoiligh – muck spreader (Ar an bhfeirm! J)
gníomh éachtach – tremendous feat
páiste éachtach – child prodigy
ciúineadas – stillness, calmness/silence
caismirtí – conflicts
claonroinnt – gerrymandering
leascheann feadhna – deputy leader (‘feadhain’ san ainmneach)
Acht um Chiontaí in aghaidh an Stáit – Offences against the State Act
ceannfháth – motivation
éigniú reachtúil – statutory rape
éigniú coinne – date-rape
éigniú droinge – gang rape
oil in úir – skeletons in the cupboard/closet
clú gan oil – unblemished reputation
cothromas diúltach – negative equity
caighean – cage
i measc an tslóigh – among the crowd
araid rothaí – wheelie bin
gabhdán athchúrsála – recycling container
an teileapaite – telepathy
Fírinne agus Athmhuintearas – Truth and Reconciliation
críochdheighilt – partition of territory
sciomarthóir gluaisteáin – car valet
Gníomhaireacht Náisiúnta na dTomhaltóirí – National Consumer
Agency
An tSaoráid um Chobhsaíocht Airgeadais – Financial Stability Facility
Wednesday, September 21, 2011
Nod Don Aineolach
Ceann de na nithe a thaitníonn liom faoin saol ná go bhfuilim aineolach ar go leor rudaí. Ní drochrud é sin, ceapaim, mar go dtugann sé deis dom neart a fhoghlaim. Sin mo bharúil, pé scéal é.
Is léir nach bhfuilim i m’aonar, muise. Tá saineolaithe iad féin de shíor ag foghlaim, is cosúil. Déardaoin seo caite, tháinig réalteolaithe ar phláinéad neamhchoitianta a fhithisíonn dhá réalta agus, de réir mar a léim, ní raibh ansin ach tús an scéil, mar, an tseachtain chéanna, d’éirigh le lucht taighde theacht ar ‘74 previously unknown exoplanets’.
San India, tháinig saineolaithe ar chineálacha nua froganna, dhá chineál nua déag, le bheith beacht – ceann acu an ‘meowing night frog, whose croak sounds more like a cat's call’, creid é nó ná creid.
Sunday, July 24, 2011
Focail Liom, Focail Leat
Focail, ó na meáin Ghaeilge, a thug mé faoi deara le mí anuas.
Más rud go bhfuil siad uilig ar eolas agat cheana, a léitheoir, is féidir leat neamhaird a thabhairt ar an mír seo uaim.
Más rud, fearacht an scríbhneora seo, go bhfuil tú fós ag foghlaim, bhuel, beimid ag foghlaim le chéile, tá súil agam, agus glacfar, le fáilte, roimh cheartúcháin, nó le leaganacha eile de na focail/nathanna seo a leanas:
ag baint solamair as an saol – enjoying life
amhrastach – suspect
an táthán nó an glae – the cement or the glue
antoisceach – extremist
Aonad Diúscartha Buamaí an Airm – Army Bomb Disposal Unit
ar ámharaí an tsaoil – by good fortune
bearta gátair – austerity measures
bheith dubh in éadan – be entirely opposed to
Bille Comhalta Phríobháidigh – Private Member’s Bill
bogásach – smug/self-complacent
bradaí – hacker
buaileam sciath – bragging/empty boasting
cánacha réadmhaoine – property taxes
Comhchoiste Oibreachais – Joint Labour Committee. (JLC)
colbhú – kerbing
Comhaontas an Bhia Mearsheirbhíse – Quick Service Food Alliance
croileagan – naíonra Gaeilge na hAlban
cur ar atráth – adjournment
curtha faoi chré – buried
drúthlann – brothel
earcaíocht – recruitment
faoi lé – open to
fearaistí – equipment
fimíneacht – hypocrisy
fiontraí – speculator
foráil reachtúil – statutory provision
forneart – superior strength, force, violence
gáinneáil ar dhaoine – human trafficking
geandáil ghasta – speed-dating
gearg/uibheacha geirge – quail/quail eggs
glórphost/guthphost – voicemail
go comhuaineach – simultaneously
grúpa bradaíola – hackers
imtheorannú – interment
in araíocht don iascaireacht – suitable for fishing
lachtar – clutch (of eggs)
leithscéal gan chuntar – unconditional apology
lóistíochúil – logistical
mathshlua – congregation/large crowd
oibre éigeantais – forced labour
pábháil – paving
piasún – pheasant
pobalach – populist
pórúchán – breeding
ragobair – overtime
riocht a tholgadh – contracting of disease/condition
rud a áitiú ar dhuine – to persuade someone of something
scabhtaí tallainne – talent scouts
sliosbhóthar – slip road
smál a chur ar chlú duine – tarnish someone’s reputation
stalcaire – stalker
táillí fánaíochta – roaming charges
todóg – cigar
U-chasadh – U-turn
Monday, July 18, 2011
Cara na Cumarsáide
Ó am go chéile, léim, agus tá léite agam anseo ar an mblagsféar, in Gaelscéal, agus sna meáin trí chéile, tráchtaireachtaí éagsúla faoi labhairt na Gaeilge, agus faoi Ghaeltachtaí.
An bhfuil a fhios agaibh céard é féin, a léitheoirí, ach bíonn sórt bróin orm nuair a léim go bhfuil teorainneacha fós tógtha, agus fós á dtógáil, ag daoine. Osna. Pé scéal é, más fiú a dhath iad, agus mura bhfuil sibh féin tinn tuirseach ag léamh faoin gcraic, seo scéilín agus tuairim uaimse, a chairde.
Anois is arís, téim chun dinnéir le triúr ban; Sasanach, Albanach agus Breatnach, mná ar cairde liom iad. Béarla an teanga coitianta againn. Is de bhunadh na hAlban í an bhean is sine den chomhluadar, agus bím de shíor á ceistiú faoi na gnáthnathanna cainte suimiúla a thagann, go nádúrtha, as a béal:
‘What do you mean by ‘the north wind’ was in your hair? agus
‘What did you mean when you said ‘I’m not haning it?’, mar shampla.
Ní hé nach bhfuil Béarla agam, an dtuigeann sibh, ach níl saibhreas a Béarlasa agam, ó tharla nár tógadh in Albain mé, an áit ónar chuala sise a nathanna cainte dúchasacha, agus í ag fás aníos.
Go deimhin, is minic go gcuireann sise agus na mná eile ceisteanna ormsa faoi mo nathanna cainte dúchasacha féin, na cinn a thagann go nádúrtha as mo bhéalsa. Tá mo shaibhreas cainte féin agam, is dócha, nathanna agamsa nár chuala siadsan cheana, agus thuigfeá sin, ó tharla nár tógadh sna ceantair chéanna muid.
Nuair a casadh an Sasanach orm, an chéad uair riamh, níor thuig mé focal as a béal, ná níor thuig sise focal as mo bhéalsa. Ní hé nach raibh Béarla againn, an dtuigeann sibh, ach níorbh ionann ár gcanúintí, agus bhí deacrachtaí tuisceana eadrainn, go dtí gur thángamar i dtaithí ar ár gcanúintí éagsúla.
Maidir leis an mBreatnach, níl oiread na fríde de chanúint a háite dúchasaí le brath ar a cuid cainte. Níl a fhios agam an dtabharfá ‘cruinneas cainte’ ar a cuid cainte, nó an dtabharfá ‘Béarla caighdeánach’ ar a leithéid, ach ní dóigh liom go mbeadh deacracht ag Béarlóir ar bith í a thuiscint, mar go bhfuil gach uile fhocal uaithi soiléir, agus cruinn beacht ó thaobh na foghraíochta caighdeánaí de, mar shampla.
Ní miste liom cé hiad, nó cá háit, ach nuair a thosaíonn duine ag labhairt i nGaeilge liomsa, sin mo Ghaeltacht. Is cuma liom faoi líofacht nó faoi chaighdeán nó faoi chanúint; níl uaim ach go mbeadh cumarsáid thaitneamhach eadrainn, agus go mbeadh muid ag foghlaim óna chéile, le meas agus le foighne, nuair a bhíonn ár dteanga dhúchais á labhairt againn.
Ná lagaítear meas agus foighne cairde na cumarsáide, cibé teanga atá á labhairt acu, agus gura fada uainn na teorainneacha tuirsiúla loiteacha stairiúla.
Wednesday, July 6, 2011
Nathanna Cainte
Le seachtain nó dhó anuas, táim ag freastal ar Chiorcal Comhrá in Sainsburys i nDoire, agus bainim an-sult as mo chupán caife agus as an gcraic le mo chomhroinnteoirí ansin.
An tseachtain seo caite, bhí seachtar againn ann, agus seo thíos cúpla rud a phléamar:
‘visiting team’ – tá rogha le fáil ar focal.ie: foireann ar cuairt, foireann chuairte, foireann chuarta, ach tá foireann cuairteoirí agus foireann as baile cloiste ó chainteoirí dúchais.
‘pouring rain’ – tá ag cur de dhíon is de dheora le fáil ar potafocal.com, ach chualamar doirteadh báistí, díle báistí agus gleáradh baistí in úsáid go rialta. Tá tuilleadh faoin aimsir le léamh uaimse anseo, ó Thadhg anseo agus ó Phroinsias anseo agus anseo.
‘riot’ – círéib an focal a tháinig chugainn, agus é tugtha faoi deara gurb é círéibeacha an leagan iolra den fhocal sin. Ar m’fhilleadh abhaile dom, thug mé féin faoi deara, ar WinGléacht, go bhfuil leaganacha eile den fhocal círéib le fáil – caithréib, cithréib, agus cúiréib.
Maidir le cúiréib, meas tú an bhfuil baint aige leis an mbriathar cúr? Dar le WinGléacht is chastise, punish agus scourge atá i gceist le cúr: an té atá cúrtha cráite, bíonn sé sad and sore, agus, go bhfóire Cia orainn, má tá do chroí cúrtha, tá do heart scourged.
Gura fada uaibh an croí cúrtha, a léitheoirí!
Thursday, June 9, 2011
Nathanna Cainte
Ó tharla go bhfuil a fhios ag daoine ar m’aithne go mbím ag cuardach nathanna cainte dúchasacha, is minic na daoine sin réidh, nuair a chastar orm iad, le nath cainte nó dhó a roinnt liom.
Ar ndóigh, ar chloisteáil nath cainte nua dom, roinnim é le cainteoirí dúchasacha eile ar m’aithne, le go bhfeice mé an bhfuil an nath cainte sin acusan, nó ceann cosúil leis, abair. Suimiúil go leor, d’fhéadfadh trí nó ceithre leagan den nath céanna a bheith ann.
Tóg, mar shampla, na leaganacha éagsúla a chuala mé, le déanaí, agus an nath ‘up at the crack of dawn’ á phlé agam le cainteoirí dúchasacha…chuala mé ‘ina shuí le glaoch coiligh/glaoch na coiligh/glaoch na gcoileach/glaoch an choiligh’, gan trácht ar ‘ina shuí le scairt mhaidine’, ‘ina shuí le maidneachan lae’, ‘ina shuí leis an maidneachan’, ‘ina shuí sula raibh solas lae ann’, nó ‘ina shuí leis an ngrian’.
Bhí giota craice agam leis an gceann ‘ina shuí le cac seabhac’, mar táthar ann a cheapann gur ‘ina shuí le cock shout’ atá ann, agus nach bhfuil sa ‘cac seabhac’ sin ach, mar a tharla sna cásanna seo, abair, nach bhfuil ann ach egghorn nó malapropism, b’fhéidir.
Hmmm…an bhfuil aon duine agaibh ar an eolas faoi, ahem, luailí coirp an tseabhaic…
Monday, May 9, 2011
Focail Liom Focail Leat
Bhí mé amuigh ag siúl ar maidin, agus céard a chonaic mé ar an gcosán romham, é chomh nua sin go raibh sé ag glioscarnach le grian na maidine, céard a bhí ann ach píosa chúig cent.
Anois, is iondúil liomsa aon airgead a fheicim caillte nó caite go fánach mar sin, is iondúil liom é a phiocadh suas, agus é a chur i mo phóca; cé go bhfuil fear sa teach anseo liom i gCeann Scríbe a mhaíonn nach ionann airgead atá caite ar an drisiúr aige agus airgead atá ‘caillte’. Ach, sin scéal eile. Sea sin.
Ar aon nós, chinn mé ar maidin gan an píosa airgid a phiocadh suas, agus inseoidh mé daoibh cén fáth. Is cuimhin liom, agus mé i mo pháiste, an lúcháir a bheadh orm féin dá n-éiríodh liom pingin chaillte a aimsiú. Ar ndóigh, lom díreach i dtreo an tsiopa a théinn le mo phingin rua, le milseáin a cheannach, cé go mbínn breá sásta na milseáin a roinnt leis na daoine bochta, dá gcastaí a leithéidí orm, an dtuigeann sibh.
Mar thoradh ar an gcuimhne sin, d’fhág mé na cúig cent san áit ina raibh siad, le deis a thabhairt do pháiste éigin an t-airgead, agus an lúcháir sin, a aimsiú.
Ar mo bhealach abhaile ina dhiaidh sin, rith an smaoineamh liom nach bhféadfá mórán a cheannach ar chúig cent na laethanta seo, agus go m’fhéidir nach raibh fágtha i mo dhiaidh agam ach cianóg rua (brass farthing/red cent), nach fiú cros na cianóige é (worthless); nach raibh ann ach sciúrtóg (valueless coin), a d’fhágfadh an té gan sciúrtóg rua ina phóca aige (without a red cent in his pocket) gan phingin gan bhonn (penniless), agus cé nach bhféadfadh an t-aimsitheoir a rá nach raibh pingin rua ná geal aige (broke!), meas tú an bhféadfadh sé a rá nach raibh bonn bán ina phóca aige (hadn’t a penny in his pocket). Hmmm…
Subscribe to:
Posts (Atom)