Ar fhaitíos go bhfuil cárta le scríobh agat fós, a léitheoir, agus gan tú róchinnte céard a d'fhéadfá scríobh, le do ghrá a chur in iúl do do ghrá geal, beidh tú in ann a theacht ar bhlagmhíreanna faoi théarmaí grá, ag Róislín, ar an Irish Language Blog, anseo.
Idir an dá linn, más mian leat mo dhán féin ar an ábhar a léamh, ceann a scríobh mé do, ahem, m'fhear aclaí féin, An Garraíodóir (fear atá díreach théis 'Happy V-Day from a secret admirer' a sheoladh chugam...i bhfoirm téacs...ón bhfón póca s'aige), seo chugat é (an dán, chan An Garraíodóir), agus tá súil agam go mbeidh lá álainn lán le grá agat, bíodh grá geal agat nó ná bíodh.
Mo Ghrá...
is tú mo dhán,
an lán i mo stad,
an tsábháil i mo shlad,
an cara i mo chúirt,
an sólás i mo bhuairt,
an dian i mo chúram,
an lia i mo thuairim,
an laghad i mo locht,
an saibhreas i mo bhocht,
an preabadh i m'ucht,
an maisiúchán ar mo nocht,
Sin tusa...mo ghrá.
Seo chugaibh bláthanna uaimse, ar maidin, a léitheoirí. Bainigí sult as an lá, le grá.
Showing posts with label Róislín. Show all posts
Showing posts with label Róislín. Show all posts
Friday, February 14, 2020
Sunday, January 6, 2019
Nollaig na mBan
Scríobh mé blagmhír faoi Nollaig na mBan, roinnt blianta ó shin, mar a fheicfidh sibh anseo, agus is ansin a bheas sibh in ann léamh faoi na nósanna agus nathanna cainte éagsúla a d'fhoghlaim mé féin, ó thaithí nó ó thaighde, le himeacht na mblianta.
Inné, chaith mé cúpla nóiméad ag labhairt le Bláthnaid ar an gclár Bláthnaid Libh, ó tharla gurb é inniu lá 'Nollaig na mBan,' (nó, más fearr leat, is é inniu An Nollaig Bheag, Eipeafáine, Lá Chinn an Dá Lá Dhéag, nó Féile na dTrí Ríthe - Seán Mac an tSíthigh ag scríobh faoin lá ar tuairisc.ie anseo agus anseo; féach ar bhlag Róislín, maidir le hainm an lae, anseo), agus bhí Bláthnaid ag labhairt liomsa, agus le mná eile, faoinár dtaithí maidir le nósanna a bhaineann leis an lá seo.
Go dtí gur luaigh sí liom é, bhí dearmad déanta agam den nós a bhíodh againn, thiar i gConamara. agus mé ag fás aníos, coinneal a lasadh sna fuinneoga uilig, ar fud an tí, ar an lá seo. Ní cuimhin liom cén fáth a ndearna muid é sin, ach ní dóigh liom gur chuala mé, ag an am, gurb í, ahem, an ghéarleanúint a rinne ríocht na Breataine orainn, fadó, a ba chúis leis, mar nós.
Pé scéal é, tríocha bliain ó shin, nó mar sin, agus mé i mo chónaí in Inis Eoghain, chuala mé, ó bhean a bhí pósta le fear as Corcaigh, go raibh nós eile ann a bhaineann leis an lá seo, sé sin le rá, mná ag teacht le chéile, mar gur..
'Ar na fir a thiteann obair an tí ar an 6 Eanáir[4]. Tá traidisiún ann go bhfaigheann mná lá saoire ó dhualgais an tí ar an lá seo (traidisiún an-láidir i gCorcaigh ach lag sa tír in iomlán). Is traidisiún iomlán Éireannach é[5]. Eagraíonn na mná cóisireacha nó turais amach go dtí na bialanna nó na tábhairní. Bíonn na bialanna agus na tithe tábhairne lán go doras le mná an oíche sin.'
...más fíor an méid a léigh mé anseo. Ar aon nós, mura dtaga leat tar leo (seanfhocal uimhir 15 anseo) agus, anocht, beidh mé i mbialann le banchairde agus, i dtraidisiún nach bhfuil 'iomlán Éireannach,' ní bheidh an bhean seo, ná aon bhean eile ar m'aithne, saor 'ó dhualgais an tí,' inniu, ná ar aon lá eile!
Gabh mo leithscéal anois, a léitheoirí, ach caithfidh mé imeacht, mar tá 'glaoch rolla' le freagairt ag an mbean seo.
Bíodh lá maith agaibh, a chairde!

Wednesday, July 4, 2018
Lá na Saoirse
Bíodh sibh thall nó abhus, seo lá mór daoibhse atá ag ceiliúradh Lá na Saoirse, agus tá súil agam go mbainfidh sibh sult as, cibé áit ina bhfuil sibh, ar fud an domhain.
Wednesday, June 20, 2018
Grianstad an tSamhraidh
Cé go raibh an clog, agus mo cholainn, ag insint dom, aréir, go raibh sé in am dom dul a luí, bhí gile an lae ag cur dallamullóg ar mo chloigeann bocht, agus bhog an tráthnóna go hoíche, i ngan fhios dom.
Amárach, ar an 21 Meitheamh, beidh an lá is faide den bhliain ann, lá ar a dtugtar grianstad samhraidh. Dar leo ar Vicipéid, 'soilsíonn an ghrian níos faide' ar an lá sin 'ná ar aon lá eile i rith na bliana.'
Déanann sé sin ciall, agus tá an scéal inste agam do mo cholainn anois, sa chaoi nach mbeidh, ahem, aon mhíthuiscint idir í féin agus mo chloigeann, ar ball.
Tráthnóna inniu, tháinig mé ar an alt an-deas seo, faoi 'Grianstad an tsamhraidh agus treo nua', alt a scríobh an Dochtúir Cathal de Paor san Irish Times, anuraidh. Mholfainn daoibh an t-alt a léamh, a léitheoirí, más mian libh cúpla rud sa bhreis a fhoghlaim faoin lá.
Pé scéal é, thug mé suntas, ach go háirithe, don mhéid a scríobh sé faoin bhfocal sin 'grianstad' mar, dar leis, ní 'stad' a tharlaíonn ar chor ar bith, ach 'an domhan a bheith tosaithe ar dhul i malairt de threo.' Dar leis,
'Is iad na gluaiseachtaí seo a thugann dúinn na séasúir, grianstad an tsamhraidh agus an gheimhridh, maraon le cónocht an fhómhair agus an earraigh, nuair a bhíonn an lá agus an oíche ar chomhfhad.'
Ní faoin ngrianstad amháin a bhí sé ag scríobh, go deimhin. Tá smaointe deasa aige faoi am, agus faoin saol; gur gá, b'fhéidir, 'an saol a thuiscint mar phatrún...Timthriall, seachas triall.'
Ábhar machnaimh ansin daoibh, a léitheoirí. Is féidir alt Chathail a léamh anseo. Bainigí sult as, agus as grianstad an tsamhraidh, amárach.

******
Ó tharla cúrsaí ama faoi chaibidil aige san alt, seo chugaibh dán beag uaimse, ó mo leabhar 'Mise Áine; An Bhean Istigh,' mar aon le blagmhíreanna suimiúla ó Róislín, faoin ngrianstad agus na séasúir, le léamh anseo. Wednesday, January 11, 2017
An Bhliain Nua
Sea, a léitheoirí, tá bliain nua eile ar na bacáin nó, le scéal cruinn a dhéanamh den scéal, is dócha gur chirte a rá go bhfuil bliain úr eile faoi lán seoil.
Cibé scéal é, is dócha go bhfuil bhur ndea-rúin nó bhur gcuid stuaimrúin déanta/briste/scriosta agaibh faoin am seo... go n-éirí go geal libh!
Ach, ná bí buartha murar éirigh leat cloí le rún nó dhó, cheana féin. Dar leis an seanfhocal a chonaic mé sa leabhar Seanfhocla Chonnacht,
Ní chaithfear tada a dhéanamh ach bás a fháil. (Bás)
Agus, ar fhaitíos aon mhíthuiscint faoin seanfhocal sin, tugtar míniú dúinn, thíos faoin seanfhocal ceannann céanna,
'An t-aon rud dearfa i saol duine.'
Fágfaidh mé fúibh féin é teacht ar bhur n-intinn féin maidir le nithe 'dearfa' an tsaoil, a léitheoirí, ach roinnfidh mé seanfhocal eile libh, ón leabhar céanna,
Bí cinnte sula mbí tú dearfa. (Ciall)
Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise daoibh, a chairde!

Monday, July 4, 2016
Lá na Saoirse
Ó tharla go bhfuil chuile sheans ann go mbeidh sibh ag ceiliúradh bhur lá mór, inniu, a léitheoirí thall (nó abhus más ann atá sibh), tá súil agam go mbainfidh sibh sult agus taitneamh as an lá, cibé áit ina bhfuil sibh, ar fud an domhain.
Giotaí ó Amhrán Náisiúnta na Stát Aontaithe le léamh, i nGaeilge, ar bhlag Róislín anseo, agus anseo, agus anseo.
Giotaí ó Amhrán Náisiúnta na Stát Aontaithe le léamh, i nGaeilge, ar bhlag Róislín anseo, agus anseo, agus anseo.
Friday, March 14, 2014
Lá Fhéile Pádraig
Cibé áit ina mbeidh sibh an deireadh seachtaine seo, thall
nó abhus, tá súil agam go mbainfidh sibh sult as an gcraic, a léitheoirí, agus
go mbeidh comhluadar sultmhar libh d’fhéile na nGael.
Dearfacht an lae anseo. Mallacht an lae anseo. Greann an lae anseo. Seanfhocal an lae anseo. SeanNosBeo anseo. Róislín anseo.
Tá an seanfhocal, thíosluaite, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht, faoin gceannteideal Aimsir; seanfhocal é a bhaineann le Lá 'le Pádraig - 'an áit a bhfuair Pádraig an ceann is fearr ar Bhríd, is iad ag socrú aimsir an earraigh.'
Gach lá go breá ón lá seo amach, is leath an lae leis.
Bíodh amhlaidh! Beidh mé ar ais libh ar ball, a léitheoirí, tráth níos faide ar aghaidh...théis na féile...le gile na gréine...tá súil agam..;-)
Gach lá go breá ón lá seo amach, is leath an lae leis.
Bíodh amhlaidh! Beidh mé ar ais libh ar ball, a léitheoirí, tráth níos faide ar aghaidh...théis na féile...le gile na gréine...tá súil agam..;-)
Thursday, July 4, 2013
Lá na Saoirse
Beidh sibh ag ceiliúradh bhur lá mór thall inniu, a léitheoirí, agus tá súil agam go mbainfidh sibh uilig sult as, cibé áit, ar fud an domhain, a mbeidh sibh inniu.
Giotaí d'Amhrán Náisiúnta na Stát Aontaithe, as Gaeilge, le léamh anseo, ar bhlag Róislín, agus anseo, agus anseo.
Giotaí d'Amhrán Náisiúnta na Stát Aontaithe, as Gaeilge, le léamh anseo, ar bhlag Róislín, agus anseo, agus anseo.
Wednesday, July 4, 2012
Lá na Saoirse
Daoibhse thall, agus abhus go deimhin, a bheas ag ceiliúradh
bhur lá mór inniu, bainigí sult as, a chairde!
Más rud gur suim libh giota d’Amhrán Náisiúnta na Stát
Aontaithe a léamh as Gaeilge, b’fhéidir gur mhaith libh blagmhír Róislín a
léamh anseo.
Tuesday, May 29, 2012
Floccinaucinihilipilification
Is a bhuí le Róislín a tháinig mé ar an bhfocal iontach sin
thuas ar maidin.
Ghlaoigh mé ar an nGarraíodóir, fear nach bhfuil róshásta le polaiteoir nó dhó, na laethanta seo.
Ghlaoigh mé ar an nGarraíodóir, fear nach bhfuil róshásta le polaiteoir nó dhó, na laethanta seo.
‘I have a great new word for you,’ arsa mé féin.
Thaispeáin mé an focal nua-aimsithe dó in dictionary.com,
áit a bhfuil cnaipe in aice an fhocail, le go mbeidh duine in ann fuaimniú an fhocail
a chloisteáil.
Bain sult agus úsáid as, a léitheoir, má fheileann sé do do
chás.
Thursday, June 30, 2011
Preabshiopa Filíochta
Léigh mé faoin bpreabshiopa filíochta seo in Indo an Domhnaigh – an dara mír ón deireadh ar an leathanach seo, faoin teideal ‘Soul Burgers launches poetry contest’.
Mo chuimhne, is fiú go mór mír Róislín, ar an bhfocal sin ‘preab’, a léamh anseo, an triú mír ón deireadh, agus téigh chuig an suíomh faoin ‘preabmhúnlann’ a luaigh sí. Tá an nasc chuig an suíomh ar bhlag sin Róislín. Suimiúil, mar is iondúil léi.
Pé scéal é, tá an preabshiopa suite ar an gCarraig Dhubh i mBaile Átha Cliath, agus is féidir leat giota a scríobh ar an mballa ansin, más ann duit, agus, is dóigh liom, é a scríobh as Gaeilge, más mian leat.
Ar aon nós, tá comórtas filíochta, Hope In Verse, á reáchtáil ag Christina Reihill i láthair na huaire, agus tá agaibh go dtí an 6 Iúil bhur n-iarratais a sheoladh isteach anseo, uasmhéid de 40 focal, agus caithfidh an focal ‘can’ a bheith ann, más buan mo thuiscint. Tá na sonraí uilig le fáil ar an suíomh, agus cuid eile ar leathanach an Indo.
Más rud go bhfuil fonn oraibh leagan Gaeilge a sheoladh chucu, agus ní fhaca mé é scríofa in aon áit nach féidir é sin a dhéanamh, fágfaidh mé fúibh féin é cén chaoi a gcuirfidh sibh an focal sin ‘can’ isteach ann!
Tuesday, February 1, 2011
Lá Fhéile Bríde
"Crios Bhríde mo chrios
Crios na gceithre cros
An té a thiocfas trí mo chrios
Go mba seacht fearr a bheas sé bliain ó inniu."
Crios na gceithre cros
An té a thiocfas trí mo chrios
Go mba seacht fearr a bheas sé bliain ó inniu."
Sin thuas rím a chuala mé ón Dómhnallach aréir, agus mé á ceistiú faoin bhféile seo. Tháinig mé ar leagan níos faide den phaidir/bheannacht/rím anseo, in alt faoin teideal ‘Brigit as Healer’.
'Crios, Crios Bríde mo chrios,
Crios na gceithre gcros;
Muire a chuaigh ann,
Agus Bríd a tháinig as;
Más fearr sibh inniu,
Go mba seacht fearr a bheas sibh
Bliain ó inniu.'
Crios na gceithre gcros;
Muire a chuaigh ann,
Agus Bríd a tháinig as;
Más fearr sibh inniu,
Go mba seacht fearr a bheas sibh
Bliain ó inniu.'
Is léir go gceaptaí go raibh cumas an leigheasóra ag Naomh Bríd, agus bhí sé de nós ag daoine fadó crios, le ceithre chros snaidhmthe tríd, a dhéanamh - an crios déanta as tuí, agus na crosa déanta as broibh - agus théití thart leis an gcrios, chuig na tithe áitiúla, le muintir an teaghlaigh a bheannú leis an gcrios, agus leis an bpaidir.
Ansin, deirtí an rím thuasluaite, rud a choinneodh an duine sin sábháilte ó olc i rith na bliana, is dócha - nó, mar a deirtear san alt sin ‘Brigit as Healer’, ‘men and women would step through it three times, kissing it and stepping through it right foot first, as a symbolic act of rebirth in order to ensure health and protection for the year ahead.’
Go mba hé daoibh, a léitheoirí!
Labels:
beannacht,
Dennis,
Dómhnallach,
féile,
nós,
oidhreacht,
paidir,
Proinsias,
Róislín,
traidisiún
Subscribe to:
Posts (Atom)