Tá jab nach beag roimhe, a léitheoirí.
Chonaic mé an chéad chlár, agus bhain mé an-sult agus eolas
as. Mar shampla, d’fhoghlaim mé go bhfuil traenacha na tíre seo
déanta sa Chóiré Theas; níor tógadh traein sa tír seo le 40 bliain nó mar sin -
easpa teicneolaíochta nua-aimseartha, gan ach 10 gcomhlacht ar fud an
domhain ag plé le saintáirgeadh na dtraenacha domhanda, is cosúil.
An raibh a fhios agaibh go bhfuil busanna Bhus Éireann
déanta san Ísiltír, sa Fhrainc, i Sasana, sa Ghearmáin, sa tSualainn, agus sa
Tuirc? Tá sé deich mbliana ó bhí bus de dhéantús na hÉireann ar bhóithre na
tíre seo, creid é nó ná creid.
Dé réir mar a thuig mé ón gclár, rinne rialtas na tíre seo
cinneadh, am éigin sna seachtóidí, go raibh todhchaí thionscal na tíre le díriú
ar ríomhairí agus ar sheirbhísí eile, seachas ar obair láimhe, an dtuigeann sibh; rud a fhágann, sa bhliain 2012,
nach bhfuil Manchán bocht in ann taisteal ar bhus, ná ar thraein, de dhéantús
na tíre seo.
Ach, d’éirigh leis theacht ar rothar a táirgeadh in Éirinn,
am éigin sna seachtóidí. Bhí tionscal Raleigh anseo ó
1952 go dtí 1980, agus cé gur thóg Manchán spin beag ar cheann de na
rothair, is carr a bhí uaidh.
I 1917 a osclaíodh monarcha Ford i gCorcaigh le tarracóirí a
thógáil, ach táirgeadh carranna ann, freisin, an Ford Model T, ó 1923-1927.
Níor éirigh le Manchán ceann acu a fháil ar iasacht don chlár, áfach.
I 1959 a tosaíodh ar na
Shamrock Cars i mBaile na Lorgan. Níor mhair an
tionscal ach 6 mhí, táirgeadh 8 gcarr ar fad, agus ní mhaireann ach 4 cinn acu anois. Níor éirigh le Manchán ceann acu sin a fháil ar iasacht, ach an oiread.
I ndeireadh na dála, d’aimsigh Manchán an DeLorean DMC-12,
carr a táirgeadh i mBéal Feirste idir 1981-1982. Ó tharla carr de dhéantús na
hÉireann aimsithe aige, an tseachtain seo chugainn is ar bhia na tíre a bheidh
aire Mhancháin dírithe.
An mbeidh sé in ann é féin a chothú ar bhia de dhéantús
na hÉireann amháin? Beidh le feiceáil.
TG4 ar an Déardaoin, agus athchraolta ar an Luan.