Showing posts with label rún. Show all posts
Showing posts with label rún. Show all posts

Sunday, January 4, 2026

Fírinne na Bliana Nua

Blianta ó shin, bhínn ag scríobh blagmhíreanna, anseo agus ansiúd, faoin bhfírinne. Is minic mé amhrasach faoin méid a léim ar na meáin shóisialta, an dtuigeann sibh. Ach, sin scéal eile.

Roinn blianta ó shin, tugadh an ornáid sin thuas dúinn, mar bhronntanas beag don Nollaig. Bhain an bronntanas gáirí asainn, mar thuig muid an teachtaireacht, go maith. Creid é nó ná creid, tá grá ollmhór ag an mbronntóir do thuismitheoirí an tí seo.

Pé scéal é, tá sí ar an matal againn, ó shin. An mhí seo caite, tháinig cuairteoir chun tí. Cuairteoir í a thagann go rialta, ach ba léir nach raibh an ornáid (nílim in ann theacht ar aon fhocal eile a d'fheilfeadh dá leithéid) tugtha faoi deara aici, roimhe. Thosaigh an cuairteoir ag stánadh ina treo. Sheas sí suas. Shiúil sí anonn chuig an matal, go mall réidh. Thiontaigh sí thart, go sciobtha, agus dúirt,

'Is that what I think it is?'

Anois, a léitheoirí, ní féidir liomsa, ná le haon duine agaibhse, shamhlóinn, fios a bheith againn cén 'thinking' atá ag dul ag aghaidh i gcloigeann aon duine eile, ach bhí mé den bharúil go raibh an teachtaireacht faighte aici. 

'Probably.' arsa mé fhéin. 

Ar aon nós, a léitheoirí, sí an teachtaireacht atá agam fhéin daoibh, inniu, agus an bhliain nua ar thóir rúin nó dhó uainn, ná bhur gcuid súile a choinneáil oscailte, an bréagríocht a thabhairt faoi deara, agus mura mbíonn an méid a thugann sibh faoi deara inchreidte nó inghlactha, tá mo chead agaibh an pictiúr seo thíos a roinnt. 

Monday, January 1, 2024

2024

‘Bhí mé ag éisteacht leo ó bhí mé in ann an t-urlár a shiúl’ a scríobh sé ina théacs chugam, nath cainte nach raibh cloiste cheana agam ach thuig mé, ar an bpointe boise, céard a bhí i gceist aige.

Teach ar bith a mbíonn páistí beaga ag crochadh thart ann, bíonn poll ar an teach sin; i bhfocla eile, cloiseann siad chuile rud. Go deimhin, má tá páiste beag sa seomra leatsa an-chiúin, caithfidh tú a bheith aireach mar tá chuile sheans ann go bhfuil sé a) ina chodladh b) théis theacht ar rud éigin nár cheart a bheith aige, nó c) ag éisteacht, lena chluasa bioraithe, le chuile fhocal as do bhéal.

Duine fásta ar bith nach mbíonn ar a aire faoi na cluasa beaga sin, seans go mbainfear stangadh as nuair a chloisfidh sé (nó sí) an comhrá a bhí acu á athinsint ag an bpáiste, go hiondúil ag am a fheilfeas go maith don pháiste ach nach bhfeilfidh, a bheag ná a mhór, don té a d’inis an scéal ar an gcéad dul síos.

Nuair a scaoiltear cat as an mála, tá an dochar déanta. Ní féidir é a chur ar ais arís. Cuireann athrá a bhail fhéin ar scéal. De réir mar a théann scéal ó bhéal go béal, is minic go gcuirtear píosa leis nó go mbaintear píosa uaidh. Cailltear, scaití, bunadh an scéil.
Go deimhin, is féidir scéal a chumadh as dearcadh, chomh maith céanna, rud a tharlaíonn d’aon turas in amanna, nó go soineanta in amanna eile. Braitheann sé ar nádúr an duine. Ní mar a chéile a chloiseann chuile dhuine an scéal a insítear dóibh, dá bhrí sin, ní mar a chéile an cruth a bhíonn ar an scéal san athrá.

Ar an taobh eile den scéal, tá an cumadóir cruthanta - an té sin atá in ann scéal a athchóiriú le go dtitfidh sé isteach lena theoiricí nó lena thuairim fhéin. Más mian le scéalaí amhras nó faitíos a chruthú, aimseoidh sé na focla cuí len é sin a dhéanamh agus aimseoidh na focla sin an meon a chreidfidh iontu, beag beann ar fhianaise ná ar fhírinne.

Le teacht na bliana nua, ní bheadh aon dochar ann dá mbeadh sé mar rún a’inn uilig na scéalta amhrasacha a chíoradh; agus a bheith barainneach lenár gcuid cainte nuair atá poll ar an teach!

Wednesday, January 11, 2017

An Bhliain Nua

Sea, a léitheoirí, tá bliain nua eile ar na bacáin nó, le scéal cruinn a dhéanamh den scéal, is dócha gur chirte a rá go bhfuil bliain úr eile faoi lán seoil. 

Cibé scéal é, is dócha go bhfuil bhur ndea-rúin nó bhur gcuid stuaimrúin déanta/briste/scriosta agaibh faoin am seo... go n-éirí go geal libh! 

Ach, ná bí buartha murar éirigh leat cloí le rún nó dhó, cheana féin. Dar leis an seanfhocal a chonaic mé sa leabhar Seanfhocla Chonnacht, 

Ní chaithfear tada a dhéanamh ach bás a fháil.  (Bás)

Agus, ar fhaitíos aon mhíthuiscint faoin seanfhocal sin, tugtar míniú dúinn, thíos faoin seanfhocal ceannann céanna, 

'An t-aon rud dearfa i saol duine.' 

Fágfaidh mé fúibh féin é teacht ar bhur n-intinn féin maidir le nithe 'dearfa' an tsaoil, a léitheoirí, ach roinnfidh mé seanfhocal eile libh, ón leabhar céanna, 

Bí cinnte sula mbí tú dearfa.  (Ciall) 

Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise daoibh, a chairde! 

Thursday, December 31, 2015

Bliain Nua Eile

Is gearr uainn í, a léitheoirí...bliain úr eile. 

Ach, tá a fhios agam go bhfuil a fhios agaibh féin an méid sin...tá sibh cliste, agus ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú in bhur saol féin, agus sa saol i gcoitinne, bail ó bhur ndéithe oraibh; mar sin ní gá domsa labhairt anseo faoin mbliain a chuaigh thart, ná faoin mbliain atá le teacht. 

Tá 'súil siar' nó dhó le léamh ar tuairisc.ie, ach más mian libh súil in athuair a chaitheamh ar mo rámhaillí féin, tá giotaí scríofa agam, roimhe seo, faoi rúin na bliana nua, anseo agus anseo; nath cainte nó dhó a rith liom faoin am seo den bhliain le léamh anseo, agus mo smaointe, ón am seo anuraidh, le léamh anseo

Ar aon nós, cibé rud a dhéanfaidh sibh sa bhliain nua, a léitheoirí, tá súil agam go mbainfidh sibh sult as an taithí. Níl againn ach seal...go raibh sé faoi mhaise daoibh an bhliain úr seo chugainn, a chairde. 

Monday, December 30, 2013

Rún ag Filleadh

Sea, an t-am sin den bhliain atá ann arís, a léitheoirí; deireadh bliana, le bliain úr ag teacht ar shála na seanbhliana, mar is iondúil léi - am na rún romhainn arís.  

Ní féidir í a sheachaint, an bhliain úr, ach amháin má fhaigheann tú bás, Dia idir sin agus an anachain. Mholfainn, b'fhéidir, é sin a bheith mar chéad rún agat, a léitheoir - sé sin le rá, an rún a bheith agat fanacht beo beathach, agus sláintiúil, más féidir é ar chor ar bith. Beidh arís ann, an dtuigeann tú, agus is é an dóchas lia gach anró, deirtear. 

Go deimhin, mar a scríobh mé ag tús na bliana, is iad na rúin chéanna a chuireann tús lenár ndea-rúin chuile bhliain, agus nach maireann i bhfad, go minic, cé go mbíonn muid i ndáiríre píre fúthu nuair a cheapann muid iad - tá an spiorad ullamh ach tá an cholainn fann, faraor. 

Sea, déanfaimid chuile iarracht, gan dabht, mar ní féidir iarracht a shárú, ach ritheann an smaoineamh liom féin, go minic, gur rud 'cumtha' é an féilire (bhí níos mó ná ceann amháin acu ann fadó) agus cén fáth, mar sin, an gcuireann muid an oiread sin strus orainn féin faoin mbliain úr mar, más fíor an méid a léim anseo, cumadh blianta úra úra riamh anall, agus ní féidir bheith cinnte cé acu an ceann ceart, an féidir?

Mar sin, mholfainn féin gan bacadh leis an strus, a chairde, ach lean ar aghaidh leis an gcraic, más mian libh, agus léigh na rúin atá molta acu ar happywink.org, faoi gceannteideal Funny New Year Resolutions

Maireann croí éadrom i bhfad. 

Tuesday, January 1, 2013

Iarrachtaí Úra


Bhuel, seo muid arís, agus bliain úr eile romhainn – go maire sibh í, le sláinte agus le suaimhneas, a chairde!

Chaith mé súil siar ar an mblagmhír seo, mír a scríobh mé cúpla bliain ó shin, agus is dóigh liom gurb iad na dea-rúin chéanna a roghnóidh daoine i mbliana – go n-éirí go geal libh, más rud go bhfuil bhur rogha féin ar an liosta, a léitheoirí:

1. Jab níos fearr a fháil
2. Éirigh as rud éigin/gearradh siar ar rud éigin
3. Meáchan a chailleadh/dul ar aiste bia
4. Bheith níos sláintiúla/níos folláine/tuilleadh aclaíochta a     dhéanamh
5. Bheith níos eagraithe/bheith in am.
6. Níos mó ama a chaitheamh le do pháistí/mhuintir/chairde.
7. Fáil réidh le fiacha/airgead a shábháil
8. Rud éigin nua a fhoghlaim/dul ar ais ar scoil
9. Níos mó ama a chur ar leataobh duit féin/dul ar aistear
10. Cuidiú le daoine eile/dea-ghníomhartha a dhéanamh.

Mura bhfuil suim dá laghad agat sna dea-rúin sin, is féidir leat breathnú ar na  Resolutions You Would Be Tempted to Keep…atá luaite anseo.

Cibé bhur rogha, a léitheoirí, bainigí sult as an iarracht!  

Monday, January 10, 2011

Beartais na Bliana Nua

via Mise Áine by Mise Áine on 5/1/11

Ar thosaigh sibh ar na dea-rúin sin fós?

De réir mar atá léite agam, agus mé ag útamáil liom ar an idirlíon, is iad na cinn chéanna a roghnaíonn daoine chuile bhliain, a bheag nó a mhór.

1. Jab níos fearr a fháil
2. Éirigh as rud éigin/gearradh siar ar rud éigin
3. Meáchan a chailleadh/dul ar aiste bia
4. Bheith níos sláintiúla/níos folláine/tuilleadh aclaíochta a dhéanamh
5. Bheith níos eagraithe/bheith in am.
6. Níos mó ama a chaitheamh le do pháistí/mhuintir/chairde.
7. Fáil réidh le fiacha/airgead a shábháil
8. Rud éigin nua a fhoghlaim/dul ar ais ar scoil
9. Níos mó ama a chur ar leataobh duit féin/dul ar aistear
10. Cuidiú le daoine eile/dea-ghníomhartha a dhéanamh.

Feicim go bhfuil ‘
find a soul mate’ luaite áit éigin, agus seans go bhfuil sé de rún ag daoine iarracht a dhéanamh titim i ngrá, ach, mar a dúirt mé cheana, ní rogha ach bogha atá i gceannas nuair is cúrsaí grá atá i gceist, i mo thuairim.

Chomh maith le rúin shuimiúla éagsúla ghreannmhara eile, tá cúrsaí grá luaite sna rúin atá beartaithe anseo, a léitheoirí, agus táim den bharúil nach é ‘
find a soul mate’ a fhaigheann tús áite i gcroí an duine a scríobh mar a leanas,

‘I will not hang around girls - they think you love them and that sucks.’