Showing posts with label Ceantar na nOileán. Show all posts
Showing posts with label Ceantar na nOileán. Show all posts

Friday, September 12, 2025

Amhráin Áine

Is beag a cheap mé, fadó fadó fadó nuair a thosaigh mé ag breacadh mo chuid smaointe ar phár den chéad uair riamh, go mbeadh dlúthdhiosca de mo chuid amhrán ag teacht ar an bhfód lá éigin ach sin é a bheas ag tarlú, arú amárach, 14 Meán Fómhair, Tigh Mhichael Jack in Eanach Mheáin.

Is in Eanach Mheáin a rugadh agus a tógadh mé, an chéad oileán i gCeantar na nOileán anseo i gConamara, agus táim ag súil go mór leis an ócáid, caithfidh mé a rá. 

Beidh an seoladh ar siúl mar chuid d'fhéile 'Ainm Cleite,' féile a tháinig ar an bhfód cúpla bliain ó shin 'mar aitheantas ar scríbhneoirí agus ar fhilí na háite.'

Tá forbairt agus caomhnú na teanga agus an chultúir mar chuid de phríomhaidhmeanna Ghlór na nOileán agus tá ríméad orm go mbeidh saothar de mo chuid páirteach i gcur chun cinn na n-aidhmeanna sin.
Más mian leat cóip chrua den dlúthdhiosca a fháil, is féidir é a cheannacht ar líne ar shuíomh Chló Iar-Chonnacht, nó sna siopaí áitiúla anseo i gConamara, Tigh Durkin, Tigh Mhichael Joe, Tigh Rory, Tigh Plunkett nó ag Bláthanna agus Bronntanais Charoline; nó i Macs Bookshop nó House No. 35 i mBun Cranncha. 

Más fearr leat cóip leictreonach a cheannacht, traic amháin nó an t-albam uilig, is féidir é sin a dhéanamh anseo ar Bandcamp. 

Wednesday, October 31, 2018

Éan Scéal

Éanlaith atá feicthe agam, anseo i gConamara, le seachtainí beaga anuas,

Spideog

Roilleach

Bardal

Corr Scréachóg (Tuilleadh anseo)

Riabhóg chladaigh 

Faoileán Scadán

Fiach Mara (Tuilleadh anseo)

 An Chailleach Dhubh (Tuilleadh anseo)

Caislín Cloch/Aitinn

 Mallard

Broigheall (Tuilleadh anseo)

Tuilleadh le léamh anseo, maidir le Ainmneacha na nÉan, agus anseo, agus anseo. 

Saturday, October 10, 2015

Blaiseadh Den Sean-Am


Blianta ó shin, nuair a bhí mise iontach óg ar fad, bhíodh mé i mo chónaí i dteach in éineacht le mo shean-aintín, agus le mo shin-seanmháthair. Bhí mo thuismitheoirí ann, freisin, ar ndóigh, agus ní raibh i gceist ach seal gairid, go dtí go raibh teach nua s'againn féin tógtha, nó rud éigin mar sin. 

Cé nach raibh mé féin ach, b'fhéidir, cúig bliana d'aois nó mar sin, tá cuimhne mhaith agam ar an tráth sin i mo shaol, mar gheall ar mo shin-seanmháthair, ach go háirithe. Baintreach a bhí inti, le fada, bean álainn chineálta, bean a chaith éadaí dubha an t-am ar fad, b'fhacthas dom, nós a bhí sách coitianta sa sean-am. An méid sin scríofa, foscéal atá sa chuimhne sin, ach roinnim anseo í, ó tharla gur rith sí liom, mar chuimhne, anois díreach. 

Ina póca, ag mo shin-seanmháthair, áit éigin faoina seál, bhíodh milseáin aici, i gcónaí. Bhíodh siad istigh i mála beag bán, más buan mo chuimhne, agus thabharfadh sí ceann de na milseáin sin dom, go rialta. Milseáin iad a bhí déanta as liocras, milseáin a bhí chomh dubh leis na héadaí a chaith sí féin, milseáin díreach cosúil leis na cinn dhubha atá le feiceáil sa bhosca, sa phictiúr ansin thuas, milseáin a cheannaigh mé i siopa áitiúil inné.

Chomh luath agus a chuir mé ceann de na milseáin dhubha isteach i mo bhéal, thosaigh mé ar mo thuras siar, siar ar bhóithrín na smaointe. Tháinig blaiseadh den sean-am chugam, arís, agus thosaigh mé ag roinnt mo chuimhní cinn leis an nGarraíodóir, fear a bhí ag slogadh na milseán eile as an mbosca Liquorice Allsorts, amhail is dá mbeadh lá éigin an chumais ag teannadh linn. 

Pé scéal é, ceann de na cuimhní a rith liom ná an chraic a bhíodh agam féin, agus ag mo shiblíní, leis na milseáin dhubha sin. Ar ndóigh, d'ithimis iad, go fial fonnmhar, ag cur ár dteangacha dubha i gcomórtas lena chéile, ach sí an chuimhne is mó a rith liom ná an chaoi a mbainimis úsáid as na milseáin, le mantacháin a dhéanamh dínn féin. 

Agus, ar fhaitíos na bhfaitíos nach dtuigfidh sibh an modh oibre sin, a léitheoirí, seo chugaibh, thíos, pictiúr mínitheach, ceann a thóg mé níba luaithe, inné.

Rabhadh anseo, b'fhéidir...

Saturday, September 21, 2013

Gaga ar Doughnuts

Mar is eol do léitheoirí rialta an bhlag seo, scríobh mé cheana faoi na leaideanna luais sin atá tugtha faoi deara agam, go minic, nuair a bhím thiar sa mbaile, i gCeantar na nOileán agus, go deimhin, scríobh mé chomh maith céanna faoi na rámhaillí gaga atá cloiste ó leaids óga ar leith sa cheantar seo, in Inis Eoghain. 


An tseachtain seo caite, bhí mé ag tiomáint i gCeantar na nOileán, ag tiomáint tríd oileán Eanach Mheáin, ar mo bhealach siar go Leitir Calaidh, nuair a thug mé faoi deara go raibh carr i lár an bhóthair, amach romham, agus é ag baint deataigh as rothaí an chairr; an carr ag dul timpeall i gciorcail, d'aon ghnó, go dtí go raibh an doughnut atá le feiceáil sa ngrianghraf thuas déanta aige, is dócha.

Ní raibh de rogha agam ach stopadh giota maith soir ón gcarr roithleánach, mar a rinne dhá charr eile a bhí ag teacht aniar an bóthar; ar fhaitíos na bhfaitíos go gcaillfeadh an tiománaí smacht ar an gcarr, b'fhéidir, ach mar gheall go raibh sé ag rothlú i lár an bhóthair, ach go háirithe. 

M'anam, a léitheoirí, ach stop mé féin, ar dtús, mar gur baineadh geit asam a leithéidí a fheiceáil ag tarlú i lár an lae ghil, amhail is dá mba rud é gur chuma sa tsioc leis an tiománaí cé a chonaic é, ná cé a bheadh i gcontúirt, dá gcaillfeadh sé smacht ar an gcarr!
Nuair a bhí a chuid fáinneála críochnaithe ag an tiománaí, suas leis bóthar bhaile Eanach Mheáin, mar a fheicfidh sibh ó na rianta bonn atá sa ghrianghraf thuas. Tá doughnuts eile feicthe agam ar an mbóthar sin, gar don reilig thuas ann, reilig ina bhfuil daoine óga curtha cheana féin, faraor géar. 

Feicim rianta doughnuts an lucht gaga ar go leor de bhóithre na tíre, cé gurb é seo an chéad uair a chonaic mé an gníomh ag tarlú beo os comhair mo dhá shúil féin. Ón méid atá léite agam anseo, san A Dictionary of Slang, séard is doughnut ann ná,

'1. An idiot, a contemptible person. 
2. A skilled manoeuvre in a motorized vehicle, whereby it is repeatedly spun on the spot through 360°, resulting in the tyres overheating and consequently leaving burnt rubber on the tarmac - in the shape of a doughnut.'

Fágfaidh mé fúibh féin é, a léitheoirí, cé acu uimhir 1 nó uimhir 2 thuas an míniú is fearr a fheileann do thiománaí an chairr úd. 

Wednesday, August 14, 2013

Scéilín na Scrúduithe

Bhí mé as baile le seachtain anuas. Bhain mé an-sult as mo chuid ama thiar i gCeantar na nOileán, i gCathair na Gaillimhe, agus as an leathlá a chaith mé i mBaile Átha Luain. Tuilleadh faoin eachtraíocht sin ar ball beag.

Idir an dá linn, agus ó tharla gurb é inniu an lá atá ann, lá na dtorthaí, lá na cinniúna do 56,000 mac léinn, mic léinn a rinne a gcuid staidéir - bhuel, cuid acu, pé scéal é! - agus a bheidh ag súil go bhfaighidh siad na marcanna atá tuillte acu, tá scéilín agus físeán le roinnt agam libh. 

Cuirim fainic oraibh anois, a léitheoirí, sula mbreathnóidh sibh ar an bhfíseán thuasluaite agus thíosaibhsithe - tá focail, ahem, mhóra le cloisteáil ón máthair bhocht! Tuigfidh cuid agaibh a cás.

An scéilín: tharla sé, agus mé thiar sa mbaile, go raibh mé féin agus cara liom ag labhairt faoin am a rinneamar féin an Ardteistiméireacht, blianta blianta fada ó shin. Chuir sé iontas orm a chloisteáil go dtagann tromchodladh aniar aduaidh uirthi, ó am go chéile, agus gurb í an bhrionglóid a bhíonn aici, i rith an tromchodlata, ná go bhfuil an Ardteist le déanamh aici fós, agus nach bhfuil a dóthain den tromléann déanta aici lena aghaidh; nach bhfuil sí ullmhaithe do na scrúduithe ar chor ar bith, mar a déarfá. 

Bhuel, tuigim a cás, mar is minic an bhrionglóid chéanna agam féin. Ní chuireann sé iontas ar bith ormsa a leithéid de bhrionglóid a bheith agam mar, ahem, ní raibh mo dhóthain foghlama déanta agam, gan dabht ar bith; agus bhí sé sin le léamh ar mo thorthaí, go deimhin. 

Pé scéal é, seo chugaibh an físeán thuasluaite. 

Chuir sé am m'ardteistiméireacht féin i gcuimhne dom. Tá na scoláirí bochta i mo smaointe ar maidin. Go n-éirí go geal leo uilig!

Roibéard san áireamh..;-)

Monday, April 8, 2013

As Baile Sa mBaile



I láthair na huaire, táim i gCeantar na nOileán, in áit nach bhfuil leathanbhanda ar fáil agam an t-am ar fad, mar sin maithigí dom mo mhoill ag teacht ar ais chugaibh, a léitheoirí. 

Bhí am an-deas againn i gCeatharlach, agus táim buíoch díbh uilig as na beannachtaí a sheol sibh chugainn, don amhrán Le Do Thaobh. Mo chuimhne, agus ó tharla gur cuireadh ceist orm faoi seo, tá leaganacha den amhrán le fáil ar Amazon MP3, Spotify agus iTunes, chomh fada agus is eol dom. Déan cuardach leis na focail 'Le Do Thaobh' agus tiocfaidh sibh air, seans. 

Mar atá le feiceáil agaibh ón scórchlár thuas, níor éirigh linn an chéad áit sa chomórtas amhránaíochta ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach a thabhairt linn, ach oíche ar dóigh a bhí ann, agus bhí na duaiseanna tuillte acu siúd a bhuaigh sa chomórtas sin agus, go deimhin, i chuile chomórtas i rith na féile – comhghairdeachas ó chroí leo uilig, agus le chuile dhuine a ghlac páirt sna comórtais a eagraíodh don fhéile.   

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le coistí na Féile chomh maith céanna, mar bhí clár iontach curtha le chéile acu, agus bhain mé sult nach beag as an méid a chonaic agus a chuala mé agus mé thíos ann.

Ní amháin sin, ach chaith an coiste áitiúil go hiontach liom am ar bith ar labhair mé leo ar an bhfón nó ag an bhféile; daoine uaisle cumasacha fáilteacha iad, daoine a dhéanann gach uile iarracht ar chultúir, ar theangacha agus ar thraidisiúin na gCeilteach a choinneáil beo beathach. Molaim go hard na spéire iad, agus tá áthas orm gur éirigh liom bualadh leo uilig i gCeatharlach.  

Mo chuimhne, bhí Ollie Hennessy, stiúrthóir an cheoil, agus a chomhghleacaithe, ag obair go dian i rith an ama, ag cinntiú go mbeadh an fhuaim agus an fhís mar ba chóir ar an stáitse, agus rinne siad jab iontach, caithfidh mé a rá – maith sibh, a fheara!

D’fhan mé sa Talbot Carlow, óstán atá i Co. Laois, creid é nó ná creid, agus bhí na hoibrithe ansin thar barr ar fad – Magda sa bhialann, Stephen sa bheár, agus Lisa ag an bhfáiltiú, na daoine ar leith a thug mé faoi deara ann. Cén fáth? Mar gheall ar an gcaoi ar chaith siad linn. Bhí siad cumasach agus cairdiúil, agus b'amhlaidh le hoibrithe na bialainne ann, ag an mbricfeasta, maidin lá arna mhárach.

Is cuma cén áit a dtéim, bíonn daoine sa chúlra ag obair go dian, agus bíonn comhghleacaithe acu a chaitheann go hiontach leis an bpobal. Ach, mar a thug mé faoi deara agus mé ag plé le hoibrí nó dhó i mBus Éireann an tseachtain seo caite, tá oibrithe ann a chaitheann go tuirsiúil cuma-liomach leis an bpobal, chomh maith céanna. Ach, ní raibh a leithéidí romham i gCeatharlach - maith sibh uilig, a chairde! 

Agus, go raibh céad míle maith agaibh. Beidh mé ar ais libh arís.


Sunday, March 10, 2013

Céaslóireacht

Sa reilig in Eanach Mheáin, i gCeantar na nOileán, a bhí mé arú inné, nuair a chonaic mé an radharc seo thíos. 

Ní raibh a fhios agam go raibh a leithéid de rud ann agus surfáil seaschéaslóireachta, go dtí gur fhill mé ar Cheann Scríbe aréir, agus rinne mé giota taighde ar an ábhar, ar maidin. Tháinig mé ar an méid seo in Wikipedia. 

Ar ndóigh, nuair a chonaic mé an leagan Gaeilge do stand up paddle surfing in focal.ie, tráthúlacht an fhocail sin 'chéas' i lár an fhocail a thug mé faoi deara. Cén fáth? 

Bhuel, is dócha, nuair a bhím sa reilig in Eanach Mheáin, bím ag breathnú ar uaigheanna na ndaoine muinteartha liom atá curtha ann, daoine a d'imigh roimh am, shílfeá, nó roimh sheanaois, pé scéal é; cuid acu a d'imigh go tobann tubaisteach, faraor, gan súil ar bith againn lena n-imeacht. 

'Cén fáth?' an cheist a chuirim orm féin, go míon minic, agus mé ag breathnú ar na huaigheanna sin. 

Ar maidin, nuair a chonaic mé an focal sin 'seaschéaslóireacht,' rith sé liom go mb'fhéidir nach fiú dúinn muid féin a chéasadh le ceisteanna faoin mbás, mar nach bhfuil ciall ná réasún leis; níl ann ach freagra na fírinne, freagra nach bhfuil ag aon duine againn, is cuma cén leabhar as a mbíonn daoine ag quotáil.  

Táimid uilig ag céaslóireacht linn, a léitheoirí, lenár linn féin, inár linn féin. Bainigí sult as an saol. Níl ann ach seal. 

Agus, bainigí sult as Lá na Máithreacha. 

Friday, May 11, 2012

Áilleacht Eanach Mheáin

Bíonn mo ghloine i gcónaí lán agus mé ag breathnú ar áilleacht na háite inar rugadh agus inar tógadh mé.  



Sláinte, a léitheoirí!

Sunday, April 15, 2012

Ceantar na nOileán


Maidin Déardaoin…


Maidin Dé hAoine…


Maidin Dé Sathairn…

Maidin inniu. Tá an aimsir go hálainn anseo, a léitheoirí. Go mba hé daoibhse, cibé áit ina bhfuil sibh.

Thursday, June 9, 2011

Ó Oileán go hInis


Sa ghrianghraf thuas, bhí an ghrian ag dul faoi i gConamara. D’imigh sí léi go deas réidh, mar a bheadh drogall uirthi mé a fhágáil, shílfeá, ó tharla mé ag imeacht uaithi, lá arna mhárach.   

M’anam, ach bhí mé den bharúil gur fhan an ghrian chéanna thíos i nGaillimh, mar ní raibh dé ná deatach uirthi nuair a shroich mé Ceann Scríbe inné.  

Ach, fan nóiméad…tá dath gorm ag teacht ar an spéir…tá na scamaill ag scaipeadh…sea, is í atá ann!

Tá sé fuar, a chairde, ach tá an ghrian ag scaladh in Inis Eoghain. Go mba hé daoibh, cibé áit ina bhfuil sibh.

Saturday, June 4, 2011

Sa mBaile

I láthair na huaire, táim i gConamara, i gCeantar na nOileán. Táim le mo dhream féin, ar ais san áit inar rugadh agus inar tógadh mé, rud a fhágann go bhfuilim ar mo shuaimhneas. Is suaimhneas ar leith atá ann, an dtuigeann sibh, suaimhneas nach mothaím in aon áit eile ar domhan, ach amháin anseo.

Nach suimiúil an rud é sin, a léitheoir? Cé go bhfuil i bhfad níos mó de mo shaol caite agam taobh amuigh den cheantar seo, agus cé go bhfuilim breá suaimhneach agus sona sásta i nDún na nGall, an áit ina bhfuilim ag cur fúm le tríocha bliain anuas, tugaim ‘baile’ ar an oileán beag seo, Eanach Mheáin.

An tseachtain seo chugainn, beidh mé ag dul abhaile, ag dul ar ais go Ceann Scríbe, ach, i láthair na huaire, táim sa mbaile.

Inné...


Aréir…