Mar a fheicfidh sibh ó chlár na n-amhrán, thíos, bhí an Comórtas Náisiúnta Amhrán Nua Pan Cheilteach ar siúl ag deireadh mhí Eanáir, agus d'éirigh le Gráinne Álainn Ní Fhátharta an bua a fháil, arís, an geábh seo le m'amhrán nuachumtha, Fágtha Gan Freagraí. Beidh Gráinne ag casadh an amhráin, mar ionadaí na hÉireann, ag an bhféile idirnáisiúnta seachtain ón Déardaoin seo chugainn, an 24 Aibreán. Go n-éirí go geal léi, agus leis an bhféile ina hiomláine.
Tréaslaím a mbua le Gráinne (1ú háit, Amhrán #2), le Éire Ní Fhaoláin & Chulainn Ó Faoláin (2ú háit, Amhrán #11) agus le Anne Marie Ní Chonchubhair (3ú háit, Amhrán #8). Ní raibh mé fhéin i láthair ar an oíche, ach bíonn na comórtais le fáil beo ar líne agus d'éirigh liom gach amhráin a fheiceáil agus a chloisteáil beo ar an oíche.Wednesday, April 16, 2025
Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2025
Tuesday, January 30, 2024
Féile Pan Cheilteach 2024 - Amhrán Nuachumtha - Na Torthaí
Cé nach raibh mé fhéin in ann a bheith i láthair oíche Sathairn, bhí mé in ann na hamhráin uilig a chloisteáil beo ar Facebook a bhuí le hobair iontach an choiste eagraithe i nGlór Cheatharlach. Más mian libh éisteacht siar leis an gcomórtas amhránaíochta, is féidir éisteacht siar anseo, faoi 'Videos from this Event.' Tosaíonn an chéad amhrán ag an bpointe 30.36 ar an bhfíseán.
Comhghairdeachas ó chroí le,
1. Éabha Breathnach as an gCeathrú Rua i gConamara, a thug léi an chéad áit lena hamhrán álainn "Na Pictiúir ar an mBalla," amhrán a chum agus a chas sí ag Oireachtas na Gaeilge 2021, amhrán faoin gcumha a d'airigh sí agus í ag fágáil a baile den chéad uair (41.08, amhrán uimhir 3);
2. leis an ngrúpa Burnchurch (Cill Chainnigh) a tháinig sa dara háit leis an amhrán "Maidin" amhrán a chum Éanna Ó Casaide (ball den ghrúpa/clann,) amhrán a cumadh do cheolchoirm a reáchtáladh an samhradh seo caite in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí (1.46.50, amhrán uimhir 9);
3. leis an ngrúpa enCÓRe (Ceatharlach) a tháinig sa tríú háit leis an amhrán "Thuas Seal, Thíos Seal," amhrán a chum Melíosa Breathnach agus Clár Ní Dhuinn (baill den ghrúpa). amhrán faoi dhóchas agus amhrán lán dearfachta - 'níl tuile dá mhéad nach dtránn' téama an amhráin. (2.02.45, amhrán uimhir 11)
Is féile ar leith í an fhéile seo a thugann deis do chuile aoisghrúpa a n-amhrán nuachumtha a chur i láthair ar ardán poiblí. Mar is léir ón bhfíseán a chonaiceamar ar Facebook, cuirtear fáilte roimh chuile chineál stíl amhráin agus ceoil, agus cuireann an banna ceoil tí (faoi stiúir Ollie Hennessy, fear uasal a chuireann an dua air fhéin an tionlacan is fearr a chur ar fáil do chuile iomaitheoir, a labhraíonn leo roimh ré, a chuidíonn leo ar chuile bhealach a fhéadann sé) banna a chuireann tionlacan den scoth ar fáil don amhránaí nó don ghrúpa, más mian leo tionlacan ar an oíche.
Ní thuigim cén fáth nach bhfuil an comórtas seo le cloisteáil beo ar TG4, nó craolta ina hiomláine ar bhealach éigin ag na craoltóirí seirbhíse poiblí. Tá scoth na n-amhrán nuachumtha i nGaeilge ag teacht ar an bhfód chuile bhliain ag an bhféile seo, le 50 bliain anuas. Ní dhíríonn an fhéile ar amhráin ar an sean-nós amháin, ná ar amhráin cheol tíre amháin, mar shampla; bíonn meascán de sheánraí éagsúla le cloisteáil chuile bhliain.
Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le coiste na féile, Ollie, Emma, agus Bríde, a dhéanann obair na gcapall don chomórtas seo ar mhaithe leis na cumadóirí agus na hamhránaithe uilig; do na hurraitheoirí a thacaíonn go fial flaithiúil leis an bhféile seo, agus don lucht taca uilig a chuidíonn ar an stáitse ar an oíche. Murach iad!
Mo bhuíochas, freisin, le Seosamh 'Josie' Mac Donnacha, a chas m'amhrán nuachumtha ag an gcomórtas, "Is Mise Mé Fhéin," (1.53.38, amhrán 10), agus do Raidió na Gaeltachta as na hagallaimh a dhéanann siad le lucht na féile, roimh an bhféile agus ina diaidh. Tá agallaimh déanta agam leo, mar chumadóir, thar na blianta, mar a rinne mé ar Raidió Fáilte, Raidió na Life agus ar Ruaille Buaille le Colm Ferriter ar Highland Radio. Tá lucht taca na féile ag méadú chuile bhliain. Go raibh céad míle maith agaibh uilig!
Beidh Éabha ag déanamh ionadaíochta thar ceann na hÉireann ag an gcomórtas amhránaíochta a bheidh ag siúl ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach ar an 4 Aibreán, agus guím gach rath uirthi - go n-éirí go geal léi!
Is féidir ticéid don ócáid a chur in áirithe anseo, agus is féidir tuilleadh eolais faoi na hócáidí uilig a bheidh ar siúl ag an bhféile idirnáisiúnta a fháil anseo.
Thursday, January 11, 2024
Féile Pan Cheilteach 2024 - An Gearrliosta
Mar is eol daoibh, ó mo bhlagmhíreanna eile ar an ábhar go dtí seo, beidh an Comórtas Náisiúnta Amhrán Nuachumtha Pan Cheilteach ar siúl ar an 27ú den mhí seo in Amharclann GB Shaw/Ionad Ealaíne VISUAL i gCeatharlach. Fógraíodh gearrliosta na n-amhrán inniu. Tá 14 amhrán roghnaithe as na hiarratais uilig, mar a leanas,
Friday, December 8, 2023
Féile Pan Cheilteach 2024
Bhí mé ar mo bhealach abhaile sa charr as Muineachán Dé Luain seo caite nuair a chuala mé Bríde de Róiste (Glór Cheatharlach) ag labhairt le Marcus Mac Conghail ar an gclár Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta. Bhí Bríde ag labhairt faoin bhFéile Pan Cheilteach, an fhéile náisiúnta agus an fhéile idirnáisiúnta, a bheidh ag siúl i gCeatharlach an bhliain seo chugainn.
Is féidir éisteacht siar leis an gclár anseo, áit a gcloisfidh sibh Bríde ag insint do Mharcus, agus an lucht éisteachta, faoin gComórtas Náisiúnta Amhrán Nuachumtha Pan Cheilteach, atá ag súil ar an 27 Eanáir 2024 in Amharclann George Bernard Shaw i gCeatharlach (tuilleadh eolais, foirm iarratais agus rialacha le fáil anseo).
Mar is eol do léitheoirí rialta an bhlag seo, tá an-mheas agam ar an gcomórtas ar leith seo, agus bhí mé páirteach ann, go rialta, thar na blianta. Deis iontach atá ann do chumadóirí amhrán nuachumtha Gaeilge a chur inár láthair, agus bíonn na duaiseanna go maith - €1000 don amhrán a roghnaítear ag an bhféile náisiúnta (a bhuí le IMRO), agus €1500 don amhrán a bhuann an Fhéile Idirnáisiúnta i Mí Aibreáin.
Tá agaibh go dtí an 5 Eanáir 2024 bhur n-iarratais a sheoladh chuig an gcoiste. Idir an dá linn, is féidir tuilleadh eolais a fháil ó Bhríde nó ó Emma ag 085 2857048 nó 085 1340047, nó seol ríomhphost chuig pancelticcarlow ag gmail ponc com.
Mo chuimhne, ní gá bheith róbhuartha faoi chaighdeán an taifeadta a sheolfar isteach - beidh deis agaibh bheith ag cleachtadh má éiríonn libh áit a fháil ar an ngearrliosta, agus beidh an fear uasal Ollie Hennessy ar fáil, lena bhanna ceoil agus a chumas eagarthóireachta, le cúnamh agus comhairle a thabhairt, más gá, oíche an chomórtais.
Is cosúil go mbeidh mé gnóthach idir anois agus an spriocdháta. Bígí ag cumadh, a chairde!
Monday, April 10, 2023
Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2023
Is gearr uaim an bóthar go Ceatharlach, áit a mbeidh tús á chur leis an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach arís, amárach. Tá cóip den chlár le fáil anseo agus, mar a fheicfidh sibh, is clár iontach é. Comhghairdeachas leis na coistí uilig ó na tíortha Ceilteacha éagsúla - déanann sibh an-jab, a chairde!
Ní raibh an fhéile ar siúl le trí bliana anuas, mar gheall ar an diabhal sin Covid, ach mar a fheicfidh sibh ón gclár, beidh ceiliúradh á dhéanamh ar chuile ghné de chultúr na dtíortha Ceilteacha - ceol, scéalaíocht, damhsa, filíocht, amhráin, logainmneacha, scannánaíocht, seisiúin srl. - ón 11-16 Aibreán.
Ag an gComórtas Amhránaíochta Idirnáisiúnta i mbliana, beidh dhá amhrán san iomaíocht don tír seo, an grúpa Encóre lena n-amhrán, Cion Cairde, (amhrán buaiteach na féile náisiúnta 2023) agus Gráinne Ní Fhatharta le hamhrán a chum mise, Mar a Bhíonn (amhrán buaiteach na féile náisiúnta 2020).
Táim buíoch de choiste na Féile Idirnáisiúnta as an gcinneadh a rinne siad deis a thabhairt do na tíortha Ceilteacha éagsúla buaiteoirí na bliana 2020 a chur san áireamh sna comórtais, i mbliana. Go n-éirí go geal leo uilig!
Mo chuimhne, comhghairdeachas ó chroí leis an ngrúpa Encóre as an gcéad áit a bhaint ag an bhFéile Náisiúnta Pan Cheilteach i mbliana lena n-amhrán, Cion Cairde; le Sonny Casey a tháinig sa dara háit le Leon, leagan Gaeilge dá hamhrán, Lion; agus le hÉabha Breathnach a tháinig sa tríú áit lena hamhrán, Ó Neamh go Talamh.
Friday, June 14, 2019
Ní Thuigim
Aiféala orm faoin mhoill ag labhairt libh faoi bhua amhrán na hÉireann ag an bhFéile Pan Cheilteach Idirnáisiúnta i Leitir Ceanainn ar an 25 Aibreán, ach, bhuel, bhí mé gnóthach.
Mo chuimhne, más rud gur éirigh le haon duine agaibh, a léitheoirí, aon cheo i nGaeilge a aimsiú sna meáin chlóite faoi bhua an amhráin, Ní Thuigim, ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach, (tá an méid a scríobhadh tar éis na Féile Náisiúnta aimsithe agam) bheinn buíoch díbh ach mé a chur ar an eolas, le bhur dtoil.
Pé scéal é, a bhuí le Bríde de Róiste ó choiste na féile náisiúnta i gCeatharlach (Glór Cheatharlach), chuir sí an giota seo a leanas ar fáil don Carlow Nationalist,
agus chuir sí leagan 'glan' (taifeadadh proifisiúnta) den amhrán ar fáil do na meáin, an leagan a chas Daríona Nic Dhonnacha go hálainn, ar oíche na féile náisiúnta i gCeatharlach; le hOllie Hennessy á tionlacan ar an méarchlár, agus Aoife Kavanagh á tionlacan ar an bhfidil. (Cuireann coiste na féile náisiúnta banna ceoil tí ar fáil ar an oíche, agus bíonn siad iontach, má theastaíonn tionlacan don té nach mbeadh banna ceoil acu, fearacht na mná seo, mar shampla.)
Sé an leagan sin atá le cloisteáil ar na meáin Ghaeilge ó shin (Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life, Raidió Fáilte) agus an leagan a bhí le cloisteáil ar chlár 'Sunday With Miriam,' freisin; podchraoladh anseo.
Ná fiafraigh díom cén fáth, ach níl aon taifeadadh oifigiúil den leagan a casadh sa chomórtas idirnáisiúnta ar fáil, mar sin, mo bhuíochas ó chroí le Bríde de Róiste as an leagan a bhí aici a roinnt leis na meáin, le go mbeidh fáil acu ar chóip a d'fheilfeadh don raidió.
Ach, rinne mé taifeadadh ar m'fhón féin, oíche na féile idirnáisiúnta i Leitir Ceanainn (féach thuas), agus tá taifeadadh a rinne máthair Dharíona, ar a fón féin, le cloisteáil ar YouTube, anseo.
Mar a fheicfidh sibh, ó na físeáin thuasluaite, bhí an t-ádh orm go raibh Ciarán Tourish sásta a theacht as Baile Átha Cliath agus tionlacan álainn, ar an bhfidil agus ar an bhfeadóg stáin, a chur ar fáil d'amhrán na hÉireann, oíche na féile idirnáisiúnta. Tháinig sé féin, Ollie (a tháinig as Ceatharlach) agus Daríona (a tháinig as Gaillimh) le chéile lá an chomórtais idirnáisiúnta, agus chaith siad cúpla uair a chloig ag cleachtadh le chéile, sular thosaigh an comórtas.
Mar is eol daoibh, faoin am seo, d'éirigh go hiontach leo, agus bhí an bua ag Éirinn ar an oíche. Táim chomh buíoch den triúr acu. Go raibh céad míle maith agaibh - rinne sibh éacht!
Ar chúiseanna pearsanta, bhí ar Ollie agus ar Chiarán imeacht luath maidin lá arna mhárach, mar sin ní raibh deis againn a theacht le chéile, mar ba mhaith liom, ina dhiaidh sin, ach ní dhéanfaidh mé dearmad, go brách, ar an méid tacaíochta a thug siad domsa agus do Dharíona. Fir uaisle, fir chuidiúla.
Is ar scáth a chéile a mhairfimid.
Mo chuimhne, mo bhuíochas, freisin, le mo chara, Angela Tourish, grianghrafadóir a thug a ceamara léi ar an oíche, agus a chuir na pictiúir a thóg sí ar fáil, ar Facebook, anseo. Chomh maith leis sin, bhí baint nach beag aici lena deartháir, Ciarán, a chur ar an eolas faoin amhrán. Muintir Inis Eoghain abú!
Mar scríbhneoir, murach go bhfuil amhránaithe agus ceoltóirí sásta m'amhráin Ghaeilge nuachumtha a chasadh, ní bheadh siad le cloisteáil; murach go bhfuil comórtais d'amhrán nuachumtha ar fáil, ní bheadh deis agamsa, ná ag aon duine eile, amhráin nua i nGaeilge a chur ar fáil, go rialta; murach go gcuireann na meáin amhráin nuachumtha ar fáil don lucht éisteachta, ní bheadh siad le cloisteáil. Go raibh maith agaibh uilig, a chairde.
Táim fíorbhuíoch de Bhríde de Róiste agus den choiste uilig i nGlór Cheatharlach, as an méid a dhéanann siad, agus chomh proifisiúnta agus a dhéanann siad an méid a dhéanann siad, ar mhaithe le cultúr na tíre seo a choinneáil beo beathach, idir thacaíocht agus phoiblíocht.
Beidh an Fhéile Náisiúnta Pan Cheilteach, agus an Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach ar siúl i gCeatharlach, an bhliain seo chugainn. Ní comórtais amhrán nuachumtha amháin a bheas ar siúl, ach ceiliúradh...deis eile ag an náisiún seo, agus ag na náisiúin Cheilteacha eile, ár dteanga agus ár gcultúr a cheiliúradh, agus a chur chun cinn.
Le Glór Cheatharlach i mbun cúrsaí, féile iontach a bheas ann. Cuirigí na dátaí sa dialann anois, a chairde, 14-19 Aibreán.
Éire abú!
Sunday, March 17, 2019
Féile Pan Cheilteach 2019 - An Gearrliosta
Fógraíodh an gearrliosta (féach thíos) ar an gclár Ardtráthnóna ar Raidió na Gaeltachta, an mhí seo caite, agus is féidir éisteacht le Bríde de Róiste, as Glór Cheatharlach, ag labhairt le Máirtín Tom Sheáinín, faoin gcomórtas agus faoin ngearrliosta, anseo.
Beidh an comórtas ar siúl in amharclann an Visual i gCeatharlach i mbliana, Dé Sathairn seo chugainn, ag 7.30 i.n. - is féidir sonraí na hócáide a léamh anseo, nó caith súil ar na himeachtaí iontacha eile Gaeilge lena mbíonn Bríde, agus a comhghleacaithe i nGlór Cheatharlach, ag obair, go dian dícheallach i gcónaí, anseo.
Mo bhuíochas ó chroí le hurraitheoirí na hócáide, Glór Cheatharlach, Gael Linn agus IMRO; tugann a gcuid tacaíochta ardán d'amhránaithe, agus do scríbhneoirí na n-amhrán Gaeilge; deis acu amhráin nuachumtha a thabhairt ar an bhfód. Cé nach n-éiríonn le chuile chumadóir áit a fháil ar an ngearrliosta, mar sin féin, faigheann coiste na féile suas le 50 amhrán nuachumtha Gaeilge don chomórtas seo, bliain i ndiaidh bliana, agus sin 50 amhrán nuachumtha, i nGaeilge, nach raibh ann riamh roimhe...sin bua ann féin, i mo thuairimse.
Is ar na moltóirí, triúr acu, (Seán Ó hÉanaigh, Emer Ní Fhlaithearta, Liam Lawton) a thitfidh cúram na hoíche an buaiteoir a roghnú, agus cibé amhrán a roghnaítear, rachaidh sé ar aghaidh le hionadaíocht a dhéanamh, ar son na hÉireann, ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach, a bheidh ar siúl i Leitir Ceanainn, an mhí seo chugainn.
Gearrliosta na gcumadóirí,
Tuesday, January 15, 2019
Féile Pan Cheilteach 2019
Seo chugaibh na sonraí,
'Spriocdháta don Chomórtas Amhrán Pan Cheilteach 2019




