Showing posts with label Seachtain na Gaeilge. Show all posts
Showing posts with label Seachtain na Gaeilge. Show all posts

Friday, March 14, 2025

Seal Le Chéile


Chaith mé maidin thaitneamhach, inné, san Ionad Seirbhísí Poiblí i Leitir Ceanainn. Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2025, bhí teacht le chéile agus gearrscannán eagraithe ag Oifigeach na Gaeilge le Comhairle Contae Dhún na nGall, Róise Ní Laifeartaigh. Seachas fear amháin, mná uilig a bhí ann, agus is againn a bhí an chraic agus an comhrá.

  Mé fhéin agus Róise Ní Laifeartaigh

Casadh Róise orm, den chéad uair, nuair a bhí an bheirt againn i mbun céime i Stair agus i Litríocht na Gaeilge in Ollscoil Mhig Aoidh i nDoire, agus is ann a casadh Seán Mór Ó Daimhín orm, freisin. Tháinig Róise mar chomharba ar Sheán mar Oifigeach na Gaeilge leis an gcomhairle, anuraidh. Ach an oiread le Seán Mór, tá a croí istigh i dteanga agus i gcultúr na tíre, agus tá sí mar urlabhraí díograiseach againne, lucht na mbrící lochtacha, chomh maith.  

Mé fhéin agus Bairbre Uí Chathail

Casadh Bairbre Uí Chathail orm ag an Ionad, freisin. Is í Bairbre an Comhordaitheoir Pleanála Teanga le Líonra Leitir Ceanainn, agus is maith ann í. Bíonn sí de shíor ag eagrú ócáidí i nGaeilge do mhuintir na háite - Tráth na gCeist, Clubleabhar, Pop-Up Gaeltacht, cúrsaí don té atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim nó a fheabhsú - agus is féidir tuilleadh faoina cuid oibre a léamh anseo.

Bean eile a bhfuil an-mheas agam uirthi na Clíona Ní Ghallchóir (féach thuas). Castar orm í, go rialta, ag Oireachtas na Samhna - áit ar bith inar féidir le Clíona teanga agus cultúr na tíre seo a chur chun cinn, bíonn sí ann, mar sin bhí áthas an tsaoil orm, inné, nuair a chuala mé go bhfuil sí anois fostaithe go lánaimseartha, ag Comhairle Contae Dhún na nGall ar an gClochán Liath, mar Aistritheoir Gaeilge. Bheinn den bharúil nach bhfeicfear aon 'praistriúchán' ag teacht ón mbean óg chumasach chairdiúil seo agus í i mbun a cuid oibre leis an gcomhairle. Go n-éirí go geal léi ina post nua!

Maidir leis an ngearrscannán a chonaiceamar inné, An Trucailín Donn, ní raibh sé feicthe agam roimhe, agus ní raibh an scéal sin (cás cúirte) faoi Niall Mac Giolla Bhrighde ar eolas agam. Go deimhin, ní raibh a fhios agam go raibh Pádraig Mac Piarais mar aturnae aige! Ní raibh a fhios agam, ach an oiread, gurb é Niall a scríobh 'The Hills of Donegal' agus 'Mo chró beag ag bun Chnoc an Tí' - fear fíorshuimiúil agus is féidir tuilleadh faoina shaol a léamh anseo

Táim fíorbhuíoch do Róise as an gcuireadh, agus do na hearnálacha Gaeilge uilig a chuidíonn liomsa, agus le foghlaimeoirí eile, an teanga a aimsiú agus a úsáid ar bhonn rialta. Ní thuigfidh mé, go brách, an gá leis na ciorruithe seo nuair is léir domsa, le blianta fada anuas, go bhfuil an teanga faoi bhláth agus í faoi chúram na ndaoine thuasluaite agus a leithéidí. Nach é Niall a bheadh bródúil as a gcumas, ach níl a fhios agam céard a bheadh le rá ag an bhfear cróga sin faoi na ciorruithe atá beartaithe don teanga sa lá atá inniu ann.

                                  ********

https://vimeo.com/339348227/d3f70ad007

Friday, March 4, 2016

Dáta Don Dialann

Oíche Dé Máirt seo chugainn, 8 Márta, beidh ócáid cheiliúrtha ar  Lá Idirnáisiúna na mBan ar bun i dTeach an Ardmhéara, i mBaile Átha Cliath, ón 7:00 i.n go dtí 10:00 i.n, sa Seomra Darach ann. 

Is í Réaltán Ní Leannáin, mo chomhbhlagálaí, bean eagair na hócáide, agus beidh sise, agus na mná eile atá luaite anseo, ag léamh as a gcuid saothar, ar an oíche. Cúig nóiméad, nó mar sin, an duine a bheas acu, agus beidh a gcuid leabhar ar fáil, mar aon leo féin, más mian le haon duine teagmháil a dhéanamh leo, ina dhiaidh sin.

IMRAM agus Seachtain na Gaeilge ag tacú leis an ócáid agus, a bhuí le Críona Ní Dhálaigh, Ardmhéara Bhaile Átha Cliath atá ag cur a Teach ar fáil don phobal Gaelach an oíche sin, beidh sólaistí ar fáil, nuair a bheas an léamh ar fad thart, mar sin beidh deis againn uilig a thuilleadh aithne a chur ar a chéile, ar ár gcompord, más mian linn.  

Beidh ceol ann, ar bhonn deonach, le Fionn Ó hAlmhain agus Michael Martin...maith iad!

Ar ndóigh, is trí mheán na Gaeilge a bheas na himeachtaí uilig, agus táim ag súil go mór leis, mar ócáid. Beidh mé ann, mar Bhean A' Tí, le, ahem, smacht a choinneáil 'ar an lucht éisteachta agus ar an lucht léite' deirtear anseo

Gabh mo leithscéal, a léitheoirí, ach caithfidh mé imeacht anois, agus bata a aimsiú in áit éigin...

Na Léitheoirí:

Éilis Ní Dhuibhne Almqvist
Áine Ní Ghlinn
Celia de Fréine
Anna Heussaff
Éilis Ní Anluain
Réaltán Ní Leannáin
Áine Ní Mhaoldomhnaigh-Ó'Drioscoll
Siún Ní Dhuinn

Tuilleadh eolais faoin ócáid le léamh anseo agus anseo

Tuesday, March 10, 2015

Siúlóid Ghaeilge i nDún na nGall

Mar eolas daoibh, a chairde. 

'Cnocadóirí agus Siúlóirí Chomhairle Contae Dhún na nGall

Gartán go Gleann Bheatha – Loch Inseach

Dé Sathairn, 14 Márta 2015

Teacht le Chéile: Tiocfaidh muid le cheile ag Oifig Turasóireachta Fáilte Éireann i Leitir Ceanainn (in aice le hoifigí na Comhairle Contae) ar 9.15am. Ansin, rachaidh muid ar aghaidh go Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha i gcarranna. Fágfaidh muid na carranna sa charrchlós agus gheobhaidh muid an bus ó Ionad na gCuairteoirí ar 10.00am.

Tabharfaidh an bus muid go tús shiúlóid Loch Inseach i nGartán, mar a
rugadh Naomh Colm Cille. Is féidir go dtabharfar cuairt ar Chros Cholm Cille chomh maith, mar rogha. Tá na ticéid don bhus le ceannach in Ionad na gCuairteoirí ar chostas €2.00.

Leanfaidh an tsiúlóid suas go Loch Inseach agus ansin síos go Caisleán Ghleann Bheatha fá choinne bolgam tae agus roinnt bonnóg sa Seomra Tae. Siúlfaidh muid ar ais go dtí an carrchlós ansin ón Chaisleán. Ós rud é go bhfuil dromchla crua ar an tsiúlóid seo, is leor brógaí reatha le tacaíocht rúitín. Tabhair leat deoch agus greimeanna beaga. Bíodh athrú éadaigh sa charr agat.

Fad achair: 12km
Fad ama: Thart fá 3.5 – 4.00 uair an chloig (sos tae san áireamh)

Fá choinne tuilleadh eolais / áit a chur in áirithe: – cuir scairt ar:

Ceannaire na Siúlóide: Róise Ní Laifeartaigh (087 9693965)
Cuiditheoir: Seán Ó Daimhín: (0879670985)'

Friday, March 7, 2014

Ceolchoirm i nDoire

Mar eolas daoibh, a chairde an cheoil thraidisiúnta, seo teachtaireacht a fuair mé inné, faoi cheolchoirm a bheidh ar siúl i nDoire an tseachtain seo chugainn,

'Beidh Oíche Cheoil Thraidisiúnta i Sandinos, Déardaoin, 13ú Márta, 9.30in le Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh. Beidh 'Fadó' (Claire Nic Ruairí, Barry Mullan, Maria Maes) agus Cór an Ghrianáin i mbun ceoil ar an oíche agus beidh na hamhráin ar fad i nGaeilge!'

Mé féin a chuir isteach na naisc Idirlín atá aibhsithe sa teachtaireacht sin thuas, a léitheoirí - níl le déanamh agaibh ach cliceáil ar an nasc aibhsithe, agus gheobhaidh sibh eolas sa bhreis ar an ábhar sin. 

Friday, March 11, 2011

Beannachtaí

D’iarradh orm, an tseachtain seo, Gaeilge a chur ar na habairtí seo,

May God bless and keep you.
May God’s presence shine upon you.
May God be with you and give you peace.

Chuaigh mé chun cainte le Dómhnallach amháin i gConamara, agus le Dómhnallach eile i nGaoth Dobhair, agus seo cuid de na beannachtaí a chuir mé le chéile, le cuidiú uatha.

Go gcumhdaí Dia thú.             May God protect you.
Go lonraí solas De ort.            May God’s light shine upon you.
Dia leat.                                 God be with you.
Go raibh síocháin Dé agat.      May you have God’s peace with you.
Go soilsí solas na Glóire ort.    May the light of Glory be upon you.
Go dtreoraí lóchrann Dé thú.  May the guiding light of God direct you.
Go raibh Dia leat.                    May God be with you.
Go raibh Dia leat mar
chompánach.                           May God be your companion.
Síocháin Dé inár measc.          May the peace of God be among us.
Go dtuga Dia sólás agus
faoiseamh duit.                        May God give you comfort and relief.
Go mbeannaí agus go gcoinní
Dia thú.                                   May God bless and keep you.
Go dtuga Dia síocháin duit.      May God give you peace.

Ar ndóigh, is féidir libh ainm bhur rogha  a chur isteach sna beannachtaí sin, más mian libh, agus, go deimhin, is féidir an focal 'síocháin' a mhalartú leis an bhfocal 'suaimhneas', dá mba mhian libh, freisin.

Faith, níl anseo uaimse ach samplaí, agus tá féidearthachtaí go leor ann nuair atá beannacht le roinnt! Tá beannachtaí eile ag Dennis anseo, agus ag Róislín anseo.

 Maidir leis an bhfocal sin ‘síocháin’, agus mar eolas daoibh, tháinig mé ar an méid seo a leanas, anseo, ó Dennis s’againne:

‘"Síocháin" is the correct spelling (note the slender 'n'). This is an interesting word, actually a compound of "síth", an old word which by itself means "peace" (and is still used that way in Scottish Gaelic), and "cáin", whose original meaning is "law", although the usual meaning today is "tax" or "fine".’

Nach bhfuil an Ghaeilge iontach suimiúil, mar theanga, a chairde? Cá mbeadh muid gan í!

Seachtain na Gaeilge faoi shéan agus faoi mhaise daoibh, a léitheoirí, agus go gcuire bhur gCé bláth oraibh, agus ar an teanga.  

Wednesday, March 2, 2011

Cumarsáid an Ghrá

Tá a fhios agam go bhfuil Lá San Vailintín thart, a léitheoirí, ach ní fhéadfainn gan na ‘chat up lines’ seo a leanas a roinnt libh, ó tharla gur léigh mé iad in Foinse an lae inniu.

Tá siad le fáil istigh san Forlíonadh Speisialta atá acu do Sheachtain na Gaeilge, an dtuigeann sibh, iad mar chuid de na noda éagsúla atá acu, faoin teideal ‘Conas cumarsáid a dhéanamh trí Ghaeilge bhunúsach.’

Seo chugaibh iad:

Gabh mo leithscéal. Is gadaí mé agus tá mé anseo chun do chroí a ghoid!’

‘Dá mbeinn in ann an aibítear a atheagrú, chuirfinn U agus I le chéile.

‘Nílim ach tar éis bogadh anseo. An féidir na treoracha a fháil chuig do theach?’

‘An eachtrán a bhí i d’athair mar níl aon duine eile cosúil leat ar domhan.’

Do bharúil? An n-oibreodh na ‘chat up lines’ sin, meas tú? Nó, an bhfuil ceann níos fearr agat féin?