Showing posts with label ar scáth a chéile. Show all posts
Showing posts with label ar scáth a chéile. Show all posts

Tuesday, September 29, 2020

Na Féiríní Beaga Sin

 

Chuile mhaidin, líonaim mo phócaí le féiríní beaga. I bpóca amháin, bíonn brioscaí beaga, i gcruth cnáimhe, do mhadra mo mhic (a thagann isteach chugainn, go rialta), agus sa phóca eile, bíonn beartóga beaga bia agam do chat an tí, Maistín. 

Ag déanamh cineáil orthu, a bhím. Treats beaga, mar a déarfá, leis an gcion atá agam orthu a chur in iúl dóibh, is dóigh. 

Pé scéal é, le roinnt míonna anuas, tá sé tugtha faoi deara agam go bhfuil an coróinvíreas ag teacht idir daoine agus a gcineáltas, ó am go chéile. 

Is dócha go bhfuil daoine ann, troill agus a leithéidí, gur chuma leo faoi éinne, ach iad ag spochadh agus ag gearán go fonóideach, de shíor. Sin mianach agus meon na ndaoine ar leith sin, agus tógann siad conspóid, gan stró, gan strus, gan dáimh, go rialta. 

Ach, tá ráig an choróinvíris ag cruthú teannais in áiteanna nach raibh teannas riamh roimhe; i measc cairde, i dteallaigh, le comharsana. Is mór an trua é sin. In amanna, feictear dom go bhfuil an 'scáth' in 'ar scáth a chéile' i bhfolach i ndorchadas na ráige. Is mór an trua é sin, freisin. 

Ar maidin, agus mo phócaí á líonadh agam le féiríní beaga, rith sé liom go mba chóir dúinn, ó am go chéile, go háirithe na laethanta ráige seo, bheith ag déanamh cineáil ar dhaoine, freisin. Níl barróga molta, ar ndóigh, ach tá cineáltas tábhachtach agus riachtanach, mar atá tuiscint, tacaíocht agus meas.

Ná déanaimis dearmad ar na féiríní beaga, a léitheoirí. Ar scáth a chéile, tiocfaidh muid tríd.  

Thursday, October 15, 2015

Díthreabhacht

feachtas ar bun, i láthair na huaire, ag Focus Ireland, dream atá de shíor ag cuidiú le daoine nach bhfuil chomh maith as, ná ina suí chomh te, is atá sibhse agus mise, a léitheoirí.

Má tá cúpla pingin le spáráil agat, bheinn buíoch díot ach do thacaíocht a thabhairt dóibh, trí do théacs a sheoladh chuig an uimhir 50300, agus cuir an focal SHINE i gcorp an téacs, le go bhfaighe Focus Ireland €4 uait. Ní mórán é, sa lá atá inniu ann, ach chuideodh sé, go mór, leosan, ina bhfeachtas i gcoinne easpa dídine.

Is féidir libh scéalta faoi easpa dídine a léamh, ar shuíomh Focus Ireland, anseo

Idir an dá linn, le bheith cinnte go mbeidh an scéal faoin deontas/síntiús/tabhartas thuas á scaipeadh agaibh, a chairde, is féidir libh na treoracha anseo a leanúint, féinphic de do scáth a thógáil (mar atá déanta agam féin thuas), é a roinnt ar Twitter/Facebook, agus ainmnigh triúr eile, ar a laghad, len iad a chuir ar an eolas faoin gcraic seo, sa gcaoi go mbeidh siadsan páirteach san fheachtas seo, freisin. 

Mar a deir na seanfhocail, sa leabhar Seanfhocla Chonnacht, faoin gceannteideal 'Cúnamh,'

Bhí duine ariamh ag déanamh gair dá chomharsain

Ní ualach do bhád a gléas, cúnamh do bhád téad. 

Nuair a thagas cabhair, tagann dhá chabhair. 

Bhfuil d'fhéinphic tógtha agat, fós? Tá sé in am dúinne, ahem, dhá mhéar a thabhairt d'easpa dídine. Scaipígí an scéal, le bhur dtoil. 

Is ar scáth a chéile a mhaireas na daoine.