Showing posts with label turasóireacht. Show all posts
Showing posts with label turasóireacht. Show all posts

Sunday, July 9, 2017

Alcól agus an Dlí

Bím i mo shuí go luath ar maidin. Téim ag siúl luath go leor, agus tá sé de nós agam mo chuid siopadóireacht a dhéanamh, san ollmhargadh, ar mo bhealach abhaile. Bíonn liosta agam, go hiondúil, ach, níos minice ná a mhalairt, ceannaím níos mó earraí ná mar a bhíonn ar an liosta. 

Tuigeann sibh féin an chraic, a léitheoirí. Feiceann tú rud. Níl tú cinnte an bhfuil ceann sa bhaile agat. Ceannaíonn tú an diabhal rud, agus tugann tú leat abhaile é, ar fhaitíos na bhfaitíos. Sin mar a bhíonn mise, pé scéal é. 

Ó am go chéile, feicim, ahem, buidéal fíona, agus cuirim isteach sa tralaí é, ar fhaitíos na bhfaitíos go dtiocfadh cuairteoir chun tí, am éigin, an dtuigeann sibh, agus nach mbeadh buidéal istigh agam. Nó, ar fhaitíos go mbeinn ag iarraidh dul ar an drabhlás deoch a bheith agam, oíche éigin, an dtuigeann tú. 

Níl dochar ar bith sa mhéid sin, ar ndóigh, ach is léir nach n-aontaíonn an dlí le mo dhúil. Roimh 10:30 r.n., ar aon nós. 

Ar na maidineacha neamhairdiúla siopadóireachta sin, is cuma cé chomh deas is a bhíonn an freastalaí san ollmhargadh ag an gcuntar íocaíochta, bím náirithe, nuair a chuirtear an buidéal go leataobh. 

Maidin inné, bhí mé san ollmhargadh, agus cé nach raibh alcól le ceannach agam féin, bhí díomá orm nuair a chuala mé an freastalaí ag rá le turasóir nach raibh cead aici alcól a dhíol leis 'until after 10:30 a.m.' 

Ní hé sin an chéad uair a chuala mé turasóirí á ndiúltú ar an gcaoi seo agus, leis an bhfírinne a rá, cuireann sé as dom, mar nach dtuigim féin, ná na turasóirí, fáth na rialach. Ní bhíonn sé éasca ar an bhfreastalaí bocht ach an oiread. Cuirtear moill agus mearbhall ar dhaoine, gan trácht ar náire.


Léigh mé an méid a bhí le rá ar an leathanach 'Faisnéis do Shaoránaigh' maidir le 'Alcól agus an dlí' ach an bhfuil aon duine in ann insint domsa cén fáth a bhfuil dlí ann nach ligeann do dhaoine fásta ciallmhara cúramacha alcól a cheannach, sa tír seo, roimh 10:30 aon mhaidin ó Luan go Satharn, nó níos déanaí arís maidin Dé Domhnaigh?

                                           *******

Seanfhocal nó dhó daoibh, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht:

Dá mhéad an t-ól is amhlaidh is mó an tart. (Ól)

Tart i ndiaidh an óil agus brón i ndiaidh an airgid. (Ól)

An dá ghalar gan náire, grá is tart. (Náire)

Galar gan náire an tart, ach dá mbuailfeadh an tochas tú bhí tú thart(Náire)

Thursday, May 5, 2011

An Raibh a Fhios Agaibh...

…go bhfuil pirimid againn in Éirinn, a léitheoirí?

Bhuel, tá, agus ní raibh a fhios agamsa a dhath fúithi, go dtí gur chuala mé Joe Duffy á lua, ar a chlár inniu.

Ní raibh ann ach sórt ‘mo chuimhne’ uaidh, ach luaigh sé an phirimid ó tharla é ag labhairt le bean a bhí ag dul ar saoire go Cionn Eitigh i gCo. Uíbh Fhailí, áit ina bhfuil an phirimid tógtha, dar leis.

Caithfidh mé a admháil gur shíl mé féin gur ag magadh a bhí sé, ach bhí sé lán dáiríre, a dúirt sé - leis an mbean a dúirt sé é, chan liomsa, an dtuigeann sibh, cé go raibh mise ag éisteacht, i ngan fhios dó.  

Pé scéal é, agus ar fhaitíos nach gcreideann sibh mé, tá scéal na pirimide gaelaí le léamh anseo. Tógadh í idir 1830 agus 1834, agus is mionmhacasamhail de Phirimid Mhór Cheops na hÉigipte í.

Nach iontach na rudaí a chloiseann bean, agus í ag cúléisteacht…