Showing posts with label Cultúrlann. Show all posts
Showing posts with label Cultúrlann. Show all posts

Monday, October 13, 2025

An Chúirt Filíochta - Oireachtas na Samhna 2025

Tá ár n-ócáid bhliantúil, An Chúirt Filíochta, ar ais linn arís agus, an geábh seo, beidh muid uilig ag tabhairt ár n-aghaidh agus ár ndánta i dtreo Bhéal Feirste, áit a mbeidh Oireachtas na Samhna ar siúl idir 29 Deireadh Fómhair agus 2 Samhain.

Is ar an Satharn, 1 Samhain, ag 2:00in, i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich a bheas muid uilig ag bailiú le chéile le réabadh a dhéanamh aithris a dhéanamh ar na dánta a bheas cumtha againn don Chúirt.  

Mar is iondúil, beidh mé fhéin agus Bríd Ní Mhóráin ag crochadh thart, mar mhná tí, le súil a choinneáil ar Phroinsias dháileadh an Cognac, caviar agus cócaoin, agus, más gá, triail a bhaint astu roimh ré, ar mhaithe libhse, a chumadóirí; le bheith cinnte go bhfuil siad ar ardchaighdeán, an dtuigeann sibh.  

Beidh obair theicniúil le déanamh ag Proinsias Mac a'Bhaird, sirriam gníomhach agus eagraí na Cúirte, in am don ócáid, mar sin bheadh sé thar a bheith buíoch ach bhur gcuid dánta a fháil roimh an Déardaoin, 30 Deireadh Fómhair, chuig pmacabhaird ag gmail ponc com, sé sin, más mian leat do dhán/dhánta a bheith le feiceáil ar an scáileán agus tú i mbun aithrise. 

Ní gá cloí le téama nó téamaí an bharántais, ach iarrtar ort gan ach dán amháin nó dhá dhán ghairide a thabhairt leat, mar d'fhéadfadh cuid den lucht éisteachta titim ina gcodladh bheith ag dul chuig ócáid eile, agus beidh orainn cloí leis an am atá leagtha síos don Chúirt Filíochta ag lucht eagraithe an Oireachtais. Bíonn siad sách cantalach cúramach faoi chúrsaí ama, mar a thuigfeá, agus caithfidh muid a bheith cinnte go mbeidh am againn dul ar ragairne do na sólaistí, ag deireadh na Cúirte. Ár mbuíochas le Clár na Leabhar Gaeilge/Foras na Gaeilge as a gcuid urraíochta fialmhaire. 

Is ócáid shóisialta atá i gceist leis an gCúirt Filíochta, agus beidh fáilte roimh lucht éisteachta chomh maith le lucht aithrise. Cuirtear fáilte ar leith roimh fhilí nua, is cuma cén aois iad. Tá muid thar a bheith buíoch d'fhoireann an Oireachtais as a gcuid tacaíochta. Cuidíonn siad linn, chuile bhliain, croí na filíochta a choinneáil ag bualadh. 

Iarrtar oraibh, le bhur dtoil, Deasghnátha na Cúirte a léamh go cúramach, ar fhaitíos go mbeadh gá le breab aon cheist agaibh do na hoifigigh, roimh an gCúirt. 

Barántas


Do Bhaird, Filí agus Ollaimh Bhanbha, beannachtaí!

Whereas
, ós tearc an éisteacht a thugtar don éigse, tá an domhan thoir agus an domhan thiar ar shiúl chun sioparnaí. Cuireann fáithe fealltacha cogair chalaoise i gcluas agus is minice bréag agus bladar á chluinstin ag pobal fulangach. Thairis sin, tugtar ár n-ógánaigh a thugann dúshlán ceoil ar ghéarleanúint agus cinedhíothú os comhair bhreithimh na nGall lena nglórthaí a chur ar ceal.

Be it known
, tá maorgacht ár mbratacha á chlaonadh, tá síocháin ár ndaoine á réabadh agus go bhfuiltear ag iarraidh beag a dhéanamh dár n-amhráin agus dár n achainíocha.

Whereas, tá ceithre chuid de Chúig Achadh Uisnigh ag roghnú ceann urra úr a labhrós ar a son. Cén dán molta a chumfaidh Éigse Éireann dár n-uachtarán nua agus cén chomhairle a chuirfear uirthi agus í ag iarraidh Críocha Fáil a mhuirniú agus threorú le go mbeidh dóchas agus rath ar a chlann?

Ordaítear duit, subpoena ad testificum, fianaise a thabhairt os comhair Cúirte a eagrófar ar an tSatharn, an chéad lá de mhí na Samhna i mBéal Feirste cois cuain ag 2.00 pm, maidir le bratacha, brúidiúlacht agus bearta dóchais.

Tugtha faoi mo lámhsa [le húdarás incheistithe] ar an lá seo, an dara lá dhéag de Dheireadh Fómhair, Bliain ár dTiarna Dhá Mhíle Fiche a Cúig.

                                                            PROINSIAS MAC A’ BHAIRD
                                                                               Sirriam (mall)ghníomhach

God Save The King!


Deasghnátha na Cúirte

Ní léifidh aon fhinné níos mó ná dhá dhán mar fhianaise, ach bíodh an tríú ceann réidh aige ar eagla nach mbeidh rannpháirtíocht shásúil ó fhilí sásúla ann lá na Cúirte.

Ní gá don fhinné cloí le téama na Cúirte agus ní gá don fhinné dán dá chuid féin a aithris ach iarrtar ar gach finné a bheith sa tseomra cheart.

Is nós don ghiúiré bualadh bos a thabhairt d’fhinné nuair a bheidh fianaise tugtha aige. Ní nós bualadh bos a thabhairt agus an finné i lár aithrise [ach amháin sa chás go maslaítear lucht uabhair ar bhealach nuálach turgnamhach].

Seachnaítear an caoineadh agus an t-olagón ach amháin sa chás go mbíonn tubaiste mhór náisiúnta nó pearsanta ann maidin na Cúirte. Beidh sé de dhualgas ar oifigigh na Cúirte sainmhíniú a dhéanamh ar a bhfuil i gceist le tubaiste. Ní aireofar LGFA Dhún na nGall, tacsaithe Bhéal Feirste ná Jim Gavin ina thubaiste phearsanta nó náisiúnta.

Bronnfar dram uisce beatha, crág duilisc agus pins snaoisín ar gach finné a thugann fianaise shásúil. Bronnfar buidéal Cognac, caviar agus líne cócaoin ar fhinné a chuireann an giúiré ag gáire os ard.

Ar iarratas i scríbhinn ó ⅔ den ghiúiré a fhaightear 6 mhí roimh dháta na Cúirte, cuirfear aistriúchán comhuaineach ar fáil sna teangacha seo a leanas: Ultais, Gàidhlig, Gaelg, Gaelscoilis, Cant, agus Gaelic Bhóthar na bhFál.

Ceadaítear éirí in airde, éirí ar tháblaí agus éirí amach ach ní cheadaítear éirí suas ar bhaill eile den ghiúiré [a fhad is a bhíonn gnó na Cúirte ar siúl].

Beidh sé de chead ag an ghiúiré finné a cheistiú. Muna bhfaightear freagra sásúil, beidh sé de chead ag an ghiúiré a gcuid seanfháinní óir a chaitheamh ar an fhinné.

Taispeántar an meas is dual d’oifigigh na Cúirte agus beannaítear go cuirtéiseach leo. Tá cead ag finné deoch mheisciúil a cheannach d’aon oifigeach roimh, i rith nó i ndiaidh imeachtaí na Cúirte agus ní fhéachfar air sin mar bhreab. Ní gá d’oifigigh na Cúirte a bheith cáilithe in aon rud fónta, ach is gá dóibh a bheith beo agus fá scread asail de láthair na Cúirte.

Tá cead ag finné a chuid fianaise a chanadh, ach ní mór glór ceolmhar binn a bheith aige. Seachnaítear na mionghléasanna agus an Hip Hop.

Ceadaítear don ghiúiré tuilleadh rialacha a chur leis an liosta seo agus nósanna nua a bhunú gan choinne.

Tuesday, September 1, 2020

Féile Liú Lúnasa - Slam Filíochta

Craoladh Féile Liú Lúnasa, ina hiomláine, ar líne, i mbliana, mar gheall ar na srianta, agus rinne eagarthóir na féile, Caoimhe Ní Chathail, agus an Chultúrlann, an-jab go deo. Is féidir leat theacht ar na himeachtaí uilig, mar ar craoladh iad beo, anseo, ar shuíomh Facebook na féile. 

Ocht nduine dhéag a bhí páirteach sa chomórtas Slam Filíochta, i mbliana, comórtas a reáchtáladh ar an 28 Lúnasa. Is féidir an seó iomlán a fheiceáil, arís, anseo. Bhí teachtaireachtaí suimiúla dá gcuid féin le roinnt ag na hiomaitheoirí uilig, agus bhain mé an-taitneamh as an gcraic - an chéad uair agam bheith páirteach i gceann acu, agus súil agam tabhairt faoi arís. 

Tá éagsúlacht, foghlaim agus fuinneamh ar leith, ag baint le slamfhilíocht, feictear dom. Is maith ann foghlaim agus fuinneamh, i mo thuairim, agus is aoibhinn liom éagsúlacht. Beidh mé ag faire amach do na hiomaitheoirí a bhí páirteach ann, i mbliana - teachtaireachtaí agus/nó smaointe suimiúla acu uilig, agus táim ag súil, go mór, le tuilleadh a chloisteáil uatha. 

Sinéad Álainn Ní Uallacháin a chuir tús leis an gcomórtas Slam Filíochta, agus is é Séamus Barra Ó Súilleabháin, moltóir an chomórtais, a chuir clabhsúr leis an Slam (ó chúl charr éigin, ceapaim, ach d'fhéadfadh sé gur scáileán glas a bhí in úsáid aige) nuair a d'fhógair sé ainmneacha na mbuaiteoirí, théis focal nó dhó a rá faoin gcomórtas, agus, ahem, fúm féin. Táim buíoch díot, a chara. 

Comhghairdeachas ó chroí leis na buaiteoirí! Seo chugaibh ainmneacha na hiomaitheoirí a ghlac páirt sa chomórtas, le cló níos duibhe ar ainmneacha na mbuaiteoirí,  

Sinéad Ní Thuamáin (buaiteoir an chomórtais) le cloisteáil anseo 

Áine Durkin (féach thíos - mise mé féin) 

Cian Ó Gríofa

Padaí de Bléine

Dáithí de Buitléir

Gearóidín Nic Cárthaigh

Seph Ní Mhealláin

Ita Fitzmahony

Sam Ó Fearraigh (an dara háit) le cloisteáil ag 15.42 nóiméad anseo.

Stiofáin Ó Briain

Seán Ó Dubhchon

Ciara Ní É (an triú háit) le cloisteáil ag 26.38 nóiméad anseo. 

Jill McMahon

Dónall Chaoimhín Mac Murchaidh

Maoilíosa Scott

Meadhbh Ní Eadhra

Emma Ní Chearúil

Dubhán Ó Longáin

     An Séantóir 

Sunday, July 10, 2011

Mise agus Mamó

Agus mé ag dul tríd mo chóip de Ghaelscéal na seachtaine seo, cé a chonaic mé ag breathnú amach orm, ó leathanach 26, ach Mamó, nó mar is fearr aithne uirthi, Máire Andrews.

Casadh Máire orm, blianta ó shin, nuair a bhí mé ag obair le Comhairle Contae Dhún na nGall. Bhí mé féin agus Sean Mór ag reáchtáil imeachtaí, do Sheachtain na Gaeilge, sna leabharlanna ar fud an chontae, agus, tar éis beagán taighde, chualamar faoi Chompántas Ababú, agus faoi Mháire Andrews.

Bhuel, le scéal fada a dhéanamh gearr, tháinig Máire agus a compántas chuig na leabharlanna éagsúla, agus rinne sí sceitsí beaga iontacha, as Gaeilge, a d’fheil do chuile aoisghrúpa. Thaitin sí go mór liom, mar aisteoir, mar bhean inste scéil, agus mar dhuine.

Ó shin i leith, buailim le Máire ó am go chéile, agus is aoibhinn liom a comhluadar. Léigh mé mo chuid filíochta uair nó dhó sa Chultúrlann i mBéal Feirste, agus bhí Máire ansin, agus a gaolta léi aici go minic, ag bualadh bos go croíúil ar mo shon. Tá sé deacair tacaíocht, agus cairdeas, mar sin a shárú.

Pé scéal é, mura bhfuil sí feicthe agaibh fós, is féidir Máire ilbhuach a fheiceáil ina clár nua ‘Mamó’ a bheas ar siúl ar RTÉ 1, amárach, Dé Luain, ag 8.30 i.n., nó téigh isteach ar an RTÉ Player anseo, agus feicfidh sibh an chéad chlár a craoladh le Mamó, agus le Muintir Uí Chionnaith, ó Chontae an Chabháin.