Mar sin féin, ón méid atá léite agam féin le bliain nó dhó, caithfidh mé a rá nár chuir an scéal seo, ná an ceann seo, nó fiú an ceann seo, iontas ar bith orm. Ní thuigim cén fáth a ndearna na daoine sin na rudaí a rinne siad, ná fiú cén fáth ar roinn siad, chomh poiblí sin, na nithe a roinn siad, ach is léir go mbíonn iarmhairtí fadtéarmacha lena leithéidí de ghníomhartha.
Is beag an dealg a dhéanfadh braon, mar a deir an seanfhocal, agus táim den bharúil go bhfuiltear ann nach dtuigeann go bhfuil dealg iontach géar ag na meáin shóisialta. Má bhíonn do lámh i mbéal an mhadra agat, bhuel, caithfear bheith cúramach, deirtear.
Is anseo amháin a chloisfidh sibh uaim as seo amach, a léitheoirí, agus déanfaidh mé chuile iarracht gan aon duine, ná ainmhí, a mhaslú ná a ghortú le m’fhocail ann.
Mo chuimhne, tugaim faoi deara go dtagann cuairteoirí nua isteach ar mo bhlag, ó am go chéile, daoine a fhágann a gcuid hataí ar chrochadán mo bhlag - tá fearadh na fáilte romhaibh uilig, a chairde, agus táim buíoch as bhur gComhluadar anseo liom.