Showing posts with label ceiliúradh. Show all posts
Showing posts with label ceiliúradh. Show all posts

Monday, December 26, 2022

Nósanna Na Nollag

Nuair a chloisim daoine ag rá ‘is fuath liom an Nollaig’ ní thugaim aird dá laghad orthu; ní mar gheall gur bhain siad úsáid as an bhfocal sin ‘fuath’ (focal nár thaitin le m’athair), ach mar gheall gurbh aoibhinn le m’athair an t-am seo den bhliain, agus d’fhág sé an grá sin mar oidhreacht agamsa.    

Ón lá a thagadh m’athair abhaile leis an gcrann Nollag, bhíodh sceitimíní orainne, a sheachtar clainne. Le seachtain roimhe, bhíodh m’athair ag déanamh scéal mór den chrann – meas tú cén áit a gcuirfidh muid é i mbliana?... meas tú an bhfaighidh muid crann mór nó crann beag?... meas tú an mbacfaidh muid le crann ar chor ar bith?

Ar ndóigh, chaitheadh sé an cheist dheireanach sin isteach le bheith ag spochadh asainn, le muid a ghríosú chun cainte faoin Nollaig. D’éirigh leis! Chaithfeadh muid lá i ndiaidh lae ag dul anonn is anall eadrainn fhéin, ag tomhas méid an chrainn, ag labhairt faoi cá gcuireadh muid é ach, go háirithe, ag labhairt le m’athair faoi na bronntanais a raibh súil againn a fheiceáil faoin gcrann. Nach é m’athair a bhí cliste!?

Tá an Nollaig anseo. Tá an crann, an mainséar, na soilse, an cuileann agus na coinnle sna háiteanna céanna, arís i mbliana; agus bhí siad uilig curtha suas agam ar an gcéad lá de Mhí na Nollag. Tá daoine ann nach dtosaíonn ar a leithéidí go dtí an tseachtain roimh Lá Nollag, agus tuigim é sin ach, i mo chloigeannse, tá fáth go dtugtar Mí na Nollag uirthi; tosaíonn an Nollaig ag tús na míosa sin, agus críochnaíonn sí ag deireadh na míosa.

Tá nósanna Nollag agam i mo theach fhéin nach mbíodh againn sa mbaile, fadó. Mar shampla, nuair a bhíonn na maisiúcháin uilig crochta ar an gcrann againn, is í an duine is sine den chlann a chuireann an t-aingeal ar bharr an chrainn. Faraor, níor tharla sé sin i mbliana, mar bhí mo chailín álainn thar lear, lena clann fhéin. Ach, maidin lá Nollag, fuair mé téacs uaithi le pictiúr dá mac, mo gharmhac, ag cur réalta ar bharr an chrainn s’acu fhéin.

Le blianta fada anuas, ar an lá deireanach de Mhí na Nollag agus an teach á réiteach agam don bhliain nua, bailím na cártaí a fuair mé don Nollaig, agus cuirim i mbosca san áiléir iad. An bhliain dár gcionn, ar an gcéad lá de Mhí na Nollag, tógaim an bosca sin anuas ón áiléir, súim síos ag an mbord sa gcistineach, agus léim na cártaí sin, arís.

Nuair a thagaim ar chárta a tháinig ó dhuine éigin a fuair bás idir an dá Nollaig, cuirim an cárta sin ar leataobh, agus coinním é. Le himeacht na mblianta, tá líon na gcártaí ag méadú, faraor, ach chuile Nollaig, cuirim na cártaí sin ar bharr an mhatail sa seomra suite. Ó am go chéile, i rith Mhí na Nollag, léim na cártaí ar an matal. Breathnaím ar an mbeannacht a scríobhadh, agus leagaim póg le mo mhéar ar an ainm sínithe. Ar an gcaoi sin, airím liom iad. Bíonn siad i mo chuideachta, agus i mo chuimhne.

Ag an am seo den bhliain, ná bac le fuath. Tarraing do chuid cuimhní áille timpeall ort fhéin. Cas na carúil Nollag a d’fhoghlaim tú i d’óige. Ardaigh do ghlór agus coinnigh do mhisneach. ‘Sí an Nollaig í! Bí ag ceiliúradh!

****************

Foilsíodh leagan den scéal seo sa Donegal News ag tús na míosa seo san fhorlíonadh Gaeilge, Súil Thart, forlíonadh ar a bhfuil Seán Mór Ó Daimhín ina eagarthóir. 

Craoladh leagan den scéal ar Raidió na Life ag 10:00 r.n. Lá Nollag, agus beidh sé cloisteáil ar Soundcloud Raidió na Life, chomh maith. Fearghal Saxe a chuir an clár in eagar. 

Thursday, November 26, 2020

Lá an Altaithe

Tá a fhios agam nach ionann an bhliain seo agus blianta eile. Tá a fhios agam nach mbeidh daoine in ann a theacht le chéile mar is iondúil leo, ar an lá-mór-le-rá seo, thall ná abhus. Mar sin féin, díreoidh mé ar mo bheannachtaí.

Cibé áit ina mbeidh sibh, nó cibé bealach a bheas agaibh an lá seo a cheiliúradh, bainigí sult as, agus fanaigí slán sábháilte, a léitheoirí. Sin mo bheannacht. 

Inniu, tá cruinniú Zoom eagraithe ar mo mhuintir féin. Beidh sé deireanach anseo, luath go leor thall, ó thaobh ama de, ach, mar sin féin, beidh na teaghlaigh uilig ag teacht le chéile, ar ball. 

Fiú más go fíorúil féin é, beidh muid ag ceiliúradh le chéile, díreach mar a rinneamar do lá breithe mo mháthar i mbliana. 

Is féidir leis An Covid go leor damáiste a dhéanamh, a léitheoirí, ach déanfar chuile iarracht gan ligean dó aon damáiste a dhéanamh don dlúthcheangal agus don dlúthghrá atá againn dár ndream féin. 

Níl aon víreas in ann grá a scriosadh. Bainigí taitneamh as an lá, a chairde.

Thursday, November 22, 2018

Lá an Altaithe

Mo bheannachtaí chugaibhse, thall agus abhus, atá ag ceiliúradh Lá an Altaithe, inniu; tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh agus sult as an lá, agus go mbeidh cairde agus clann ag ceiliúradh in bhur gcuideachta, cibé áit ina mbeidh sibh. 

Más mian libh na beannachtaí, scéalta agus blagmhíreanna eile, a scríobh mé ar Lá an Altaithe, roimhe seo, a léamh, is féidir libh iad a aimsiú anseo agus anseo

Go raibh an-lá agaibh, a chairde! 

Tuesday, April 10, 2018

BEO - Gaelach agus Bródúil


Tá ócáid mhór ag tarlú Dé Sathairn seo chugainn i mBaile Átha Cliath, a léitheoirí, mar a fheicfidh sibh ón bpóstaer thuas. 

B'aoibhinn liom bheith ann, ach, faraor, beidh mé thar lear. An méid sin ráite, beidh mé ag ceiliúradh na hócáide, i mo bhealach fhéin; sé sin le rá, déanfaidh mé mar a dhéanaim chuile lá BEO, agus labhróidh mé i nGaeilge, nó scríobhfaidh mé i nGaeilge, más féidir liom é, ar chor ar bith.

Agus, is mian liom í a labhairt, agus í a scríobh, mar theanga. Mar a scríobh mé cheana, is foghlaimeoir mise, a tógadh trí mheán an Bhéarla i gceantar Gaeltachta. Chaill mé go leor de shaibhreas teanga amháin mar gheall ar labhairt na teanga eile, ach ní raibh aon neart agamsa ar an scéal. An t-am sin. 

Ach, tá neart agam anois...neart bealaí ann le Gaeilge a fhoghlaim, neart áiteanna ann len í a labhairt agus a scríobh, neart daoine/eagraíochtaí ar an idirlíon ag iarraidh í a fhorbairt, mar theanga. Is aoibhinn liom go bhfuilim páirteach i bhfoghlaim agus i bhforbairt na teanga sin, i mo bhealach fhéin. 

Má éiríonn libh a bheith ann, a chairde, bainigí sult as na himeachtaí uilig atá eagraithe don lá mór seo...BEO, Gaelach agus bródúil...ní neart go cur le chéile!

Thursday, November 23, 2017

Lá an Altaithe

Daoibhse, thall agus abhus, a bheidh ag ceiliúradh Lá an Altaithe inniu, tá súil agam go mbeidh lá faoi shéan agus faoi mhaise agaibh uilig. Cibé áit ina mbeidh sibh, bainigí taitneamh agus sult as an lá, i gcuideachta bhur muintire agus i gcuideachta bhur gcairde.

Mo chuimhne, is cosúil go ndéantar ceiliúradh ar an lá seo le cairde amháin, nuair nach mbíonn muintir chairdiúil an cheiliúraí in aice láimhe, is dócha. Le go mbeidh sibh ar an eolas, ahem, riachtanach faoina leithéidí, tá, ahem, rialacha ag baint le Lá na gCairde, agus tá siad le léamh anseo, más mian libh tabhairt fúthu. Gura fada uaibh uimhir 15, a chairde!

Cibé scéal é, go raibh sibh uilig faoi shuíochán, agus saor ó bhuairt, inniu agus de shíor, más féidir é, a léitheoirí. 

Scéilín beag anseo daoibh, ón am a chaith mé féin thall, ar Lá an Altaithe, i 2015. Fonn agus fíon...meascán mearaí...hmmm...

Thursday, December 1, 2016

Thursday, November 24, 2016

Lá an Altaithe

Daoibhse uilig, thall agus abhus, atá ag ceiliúradh Lá an Altaithe inniu, tá súil agam go mbeidh lá ar dóigh agaibh. 

Más féidir é, ar chor ar bith, caith an pholaitíocht as bhur gcloigne inniu, agus bí ar bhur suaimhneas le bhur gcairde agus le bhur muintir. Cibé áit ina mbeidh sibh, go raibh agaibh síocháin, sonas agus sócúlacht. 

Más mian libh scéilín beag a léamh, faoi m'am féin thall ar Lá an Altaithe, caith súil anseo, a léitheoirí. Táim den bharúil go bhfuil an dream seo, ahem, i bhfad níos fearr ná muidne!

Tuesday, December 1, 2015

Thursday, November 26, 2015

Lá an Altaithe

Mar a dhéanaim chuile bhliain, ar an lá mór-le-rá seo, seolaim mo bheannachtaí chuig na daoine sin uilig, thall agus abhus, atá ag ceiliúradh Lá an Altaithe, inniu. 

Ach, ar dtús, scéilín. 

Roinnt blianta ó shin, chuaigh scaifte de mo mhuintir thiar, agus scaifte de mo chlann féin abhus, anonn go Bostún, áit ar chaitheamar uilig Lá an Altaithe, leis an dream thall. 

Níl a fhios agam cé mhéad againn a shuí chun boird an lá sin, ach bhí muid uilig ann, trí ghlúin ar a laghad, agus b'aoibhinn an t-am a bhí againn, le chéile...ag ithe, ag ól 's ag comhrá, an seandream ag roinnt cuimhní cinn leis an dream óg; cuid de na cuimhní sin, bhí siad an-bhrónach ar fad, ach, formhór na gcuimhní...bhuel, rinneamar go leor gáirí. 

Tharla sé gur chuir deirfiúr amháin againn leabhráin d'amhráin le chéile, seanamhráin a bhformhór, agus bhíomar ag gabháil fhoinn, tar éis an dinnéir, go dtí nach aon amhrán ó na leabhráin nach raibh canta againn. Ar ndóigh, bhí fonn orainn tuilleadh óil amhráin a chasadh, agus chinn duine den dream óg go mba chóir dúinn tabhairt faoi 'Someone Like You' le Adele

Bhuel, thosaíomar...mar a dhéanfadh aon duine leathsteamáilte le leathamhrán ar eolas acu. Nuair a bhí an t-amhrán, ahem, casta againn, arsa m'iníon,

'OMG, Mum! Ye killed it!'

Ní dóigh liom gur moladh a bhí ann. 

Pé scéal é, a léitheoirí, cibé áit ina bhfuil sibh ag ceiliúradh inniu, go raibh sibh uilig ar bhur suaimhneas i gcuideachta bhur gcairde agus i gcuideachta bhur muintire; go raibh sibh uilig faoi shíocháin agus saor ó bhuairt. 

Agus... hello!...b'fhéidir gurbh fhearr amhráin Adele a sheachaint...

Thursday, November 27, 2014

Lá an Altaithe

Bíodh sibh thall nó abhus, sibhse a bheidh ag ceiliúradh an lá seo inniu, tá súil agam go mbeidh Lá an Altaithe faoi shéan agus faoi mhaise agaibh.

Bainigí sult as bhur lá mór; go raibh sibh uilig i gcuideachta cairde, agus i gcuideachta bhur muintire, saor ó bhuairt, agus ar bhur suaimhneas. 

Thursday, February 27, 2014

Nílim Dearg le Fearg...

...ach, mar atá le feiceáil, bhí mise, le mo phlaiceard, ag siúl liom i mBaile Átha Cliath, ar Lá Mór na Gaeilge, beagnach coicís ó shin. Bhí an aimsir go hálainn, agus d'ardaigh sé mo chroí an oiread sin daoine a fheiceáil ag ceiliúradh na teanga, an teanga is ansa liom féin. 

Níor chuir mé 'dorn san aer' mar a rinne go leor daoine eile; b'fhéidir go mbaineann sé sin le m'aois, nó le mo mheabhair, ach samhlaím go bhfuil rud éigin trodach ag baint le dorn. Bíodh mé ceart nó mícheart faoin méid sin, bhí mise ansin le mo thacaíocht a thabhairt do chearta mo theanga, i mo bhealach féin, agus sin mar a rinne mé.   

Thug mé faoi deara fógra nó dhó eile ar an mórshiúl, cinn nár bhain beag ná mór le Lá Mór na Gaeilge, cheap mé féin. Is dócha go dtapaíonn lucht-feachtais-eile an deis, nuair atá slua agus ceamaraí thart, lena dteachtaireacht féin a chraoladh, fiú mura bhfuil baint ag a bhfeachtas/bhfógra le hócáid an lae. Tá an ceart sin acu, go deimhin, cé go mb'fhearr liomsa gach rud a fheiceáil ina am agus ina ionad féin. 

Ach, nílim feargach faoi sin, ach oiread. Níl fonn orm bheith conspóideach faoi mo theanga dhúchais, nó faoi fheachtas aon duine eile. Níl uaim ach go mbeadh na cearta céanna agamsa agus atá ag lucht labhartha an Bhéarla sa tír seo; níl uaim ach aird dhearfach an phobail a chothú i leith na Gaeilge, ach, ag an am céanna, tá mé ag iarraidh neamhaird an rialtais ina leith a thabhairt chun solais. Sin mo mhian, agus sin a thug mise, le mo phlaiceard, go Baile Átha Cliath an lá úd. 

Nárbh fhearr i bhfad an Ghaeilge a bheith le feiceáil ar bhealach atá tarraingteach, cairdiúil, tacúil, cuidúil, spraíúil, spreagúil, sa chaoi nach mbeidh gá le cártaí fearacht an chárta seo a leanas, cárta, ahem, dearg a cheannaigh mé inné, in Aldido Lá Fhéile Pádraig, 

 Lena cheart a thabhairt d'Aldi, a léitheoirí, tá an cárta sin de dhéantús Éireannach faoi ráthaíocht. Caithfear gach ceart a chosaint. Caithfear bheith féaráilte. Sin a bhfuil uaim. 

Monday, December 9, 2013

Focail Liom Focail Leat

Bhí mé ag scríobh ríomhphost chuig cara liom, an lá faoi dheireadh, le mo bheannacht agus le mo, ahem, dhea-chomhairle a chur uirthi, len í a choinneáil ar bhealach a leasa, an dtuigeann sibh, ó tharla í ag dul chuig cóisir Nollag a hoifige an oíche dár gcionn, an dtuigeann sibh, agus céard a tháinig glan díreach amach ó mo mhéara ach,

'Don't overdo the sillybrations!'

'Aha!...' arsa mé féin liom féin, '...sin focal nua dom!' Ní raibh aon duine eile san oifig liom, ag an am, an dtuigeann sibh; bíonn orm labhairt liom féin, go minic, agus, go minic, is amhlaidh is fearr é, mar, go minic, ní bhíonn, ahem, ciall ná réasún le m'fhocail. 

Ach, mar is eol daoibh, a léitheoirí, bím ag-cumadh-liom, agus níor mhaith liom go mbeadh focal nua agam i mBéarla gan a mhacasamhail d'fhocal a bheith agam i nGaeilge. Mar gheall air sin, agus ó tharla aimsir an cheiliúrtha buailte linn, agus ó tharla nár mhaith liom go ndéanfadh aon duine agaibh, a léitheoirí, óinseacha ná amadáin díbh féin an Nollaig seo, seo chugaibh mo dhea-chomhairle ar maidin,

'Seachain an díchéilliúradh!'

Thursday, July 4, 2013

Lá na Saoirse

Beidh sibh ag ceiliúradh bhur lá mór thall inniu, a léitheoirí, agus tá súil agam go mbainfidh sibh uilig sult as, cibé áit, ar fud an domhain, a mbeidh sibh inniu.  

Giotaí d'Amhrán Náisiúnta na Stát Aontaithe, as Gaeilge, le léamh anseo, ar bhlag Róislín, agus anseo, agus anseo

Thursday, November 22, 2012

Lá an Altaithe


Daoibhse, thall agus abhus, a bheidh ag ceiliúradh inniu, tá súil agam go mbeidh Lá an Altaithe faoi shéan agus faoi mhaise agaibh; go mbí sibh uile i gcuideachta bhur muintire, agus i gcuideachta cairde, agus go mbaine sibh sult as bhur lá mór.

Friday, September 7, 2012

Tip S'Againne!

Thug mé an brat thuas faoi deara agus mé amuigh ag siúl tráthnóna inniu. ‘Suimiúil’, arsa mé féin liom féin, ‘meas tú cén fáth a bhfuil sé sin ar foluain ansin?’

Bhuel, dá mbeadh an páipéar áitiúil léite agam an tseachtain seo, rud nach raibh, bheadh a fhios agam go bhfuil an ‘O’Neill clan on their way to Inishowen,(lch. 27) le comóradh a dhéanamh ar an ‘Tip O’Neill Donegal Diaspora Award’ - duais a bhronnfar ar an iriseoir Niall O'Dowd anocht, san Inishowen Gateway Hotel

Mar a fheicfidh sibh ón leac thuas, atá le feiceáil agam chuile lá agus mé ag siúl taobh na habhann anseo, ba as Bun Cranncha do sheanmháthair an Uasail Uí Néill. Beidh 80 dá mhuintir, a iníon Susan ina measc, ag teacht go Bun Cranncha an deireadh seachtaine seo, agus tá súil agam go mbeidh am iontach acu, mar tá go leor imeachtaí eagraithe dóibh – ina measc, ‘the unveiling of Tip O’Neill Diaspora monument on Buncrana’s shorefront.'

Agus, an bhfuil a fhios agaibh céard eile a chonaic mé agus mé amuigh ag siúl tráthnóna inniu, a léitheoirí, ó tharla go raibh fir oibre á ghlanadh agus mé ag dul thairis? Chonaic mé an séadchomhartha thuasluaite, agus chinn mé pictiúr a thógáil de, le m’fhón póca, le roinnt libhse, sula bhfeicfidh aon duine eile é. Ná habair tada..;-) 

Wednesday, September 28, 2011

Cuimhne agus Ceiliúradh

Ar an lá seo a fuair mo dheirfiúr, Ciara, bás, ceithre bliana ó shin. Airím uaim í, chuile lá beo, ó bhásaigh sí. Ní féidir an brón sin a shéanadh.

Ar an lá seo, blianta roimh bhás Chiara, a rugadh m’iníon. Cuireann a breith lúcháir ar mo chroí, chuile lá beo, ó rugadh í. Ní féidir an lúcháir sin a shéanadh. 

Ar an lá seo, déanaim iarracht gan ligean do mo bhrón mo lúcháir a phlúchadh. Ní bhíonn sé éasca. Ní féidir liom é sin a shéanadh ach an oiread.