Showing posts with label barróg. Show all posts
Showing posts with label barróg. Show all posts

Saturday, December 25, 2021

Barróga na Nollag

Níl duine ná deoraí ina suí sa teach seo, fós, ach mé fhéin. Is gearr uaim an trup, an torann, an callán. Táim ag súil go mór leis.

I mbliana, beidh na garpháistí uilig anseo, agus níl aon bhronntanas ar domhan níos deise ná barróg ghrámhar pháiste. Cheil an coróinvíreas na barróga sin, le fada, ach tá an féinleithlisiú riachtanach déanta, agus tá na barróga ag teacht go fial flaithiúil le cúpla lá anuas. 

Ag an am seo den bhliain, ach go háirithe, tagann na daoine seo chun cuimhne. Smaoiním oraibhse, a léitheoirí, agus ar na daoine seo. Seolaim barróga fíorúla. 

Nollaig shona, a chairde. 

                                           ****************************

Maidir le barróga, beidh saothar uaim le cloisteáil ar Raidió na Life ag 11:00 i.n. inniu, ar an gclár, Cuimhní na Nollag. Beidh giotaí eile ar an gclár ó Réaltán Ní Leannáin, Síle Ní Ghallchóir, Alison Martin, Ciarán Ó Maitiú, Máire Dinny Wren, Darren Ó Riagaín, agus beidh ceol le cloisteáil ó Aoibheann Devlin, Aran Corcoran, Gluas & Traic.

Monday, November 28, 2016

I gCuimhne

Níl a fhios agam cén uair a thosaigh mé ar an nós ach, le blianta fada anois, tá sé de nós agam, roimh an Nollaig, dul trí na cártaí Nollag ón mbliain roimhe, agus más rud go bhfuair mé cárta ó aon duine a fuair bás idir an dá linn, coinním an cárta sin.

Chuile Nollaig, cuirim na cártaí uilig atá bailithe agam ar an matal sa seomra suite, i gcuimhne ar na daoine sin. Ar an gcaoi sin, airím liom iad nó, ar a laghad, tagann siad chun cuimhne, nuair a léim na beannachtaí a sheol siad chugam.

Faraor, tá líon na gcártaí sin ag méadú, bliain i ndiaidh bliana.

Nós eile atá agam, ná na cártaí Nollag uilig ón mbliain seo caite a choinneáil san áiléir, i mbosca na gcártaí. Is bosca é ina mbíonn na cártaí thuasluaite, agus cártaí Nollag nua glan, cártaí nár úsáideadh riamh, chomh maith le liosta ainmneacha agus seoltaí na ndaoine a fhaigheann cártaí go rialta uaim, um Nollaig.

Aréir, bhí mé ag cartadh sa mbosca sin, agus tháinig mé ar sheanliosta, liosta a scríobhadh blianta fada ó shin; os cionn deich mbliana ó shin, ceapaim. Baineadh siar asam nuair a chonaic mé ainmneacha ar leith ar an liosta sin; ainmneacha daoine nach bhfuil linn a thuilleadh, faraor, daoine atá imithe ar shlí na fírinne, ó cuireadh an liosta sin le chéile.

Ar bhealach, bím uaigneach nuair a léim a leithéidí. Ar bhealach eile, tá a fhios agam go mbeidh deis agam a mbeannachtaí a léamh arís, i gcuimhne orthu, mar a déarfá. Nuair a bheas an seomra suite maisithe don Nollaig an mhí seo chugainn, beidh na cártaí agus a mbeannachtaí ar an matal.

Más féidir barróg a fháil ó bheannacht, rud a mhothaím, beidh barróga go leor á roinnt.

Sunday, June 17, 2012

Lá na nAithreacha

Mar a scríobh mé cheana, níl m’athair féin, ná athair an Gharraíodóra, beo níos mó, ach bíonn an bheirt acu inár gcuimhne go minic; go háirithe ar Lá na nAithreacha.

Ar maidin, labhair mé féin agus é féin faoin mbeirt acu, agus is aoibhinn linn na smaointe fúthu a roinneamar lena chéile.

Cibé áit ina bhfuil sibh inniu, a léitheoirí, tá súil agam go mbeidh smaointe aoibhne agaibh le roinnt, agus le cruthú.  

Bainigí sult as an Lá.  

Monday, February 14, 2011

Lá San Vailintín


Tá súil agam go mbeidh Cúipid gnóthach go maith inniu, a léitheoirí. I bhfocail Mhíshásta, go raibh a shaigheada 'ag eitilt cruinn díreach in bhur dtreo'. Saigheada Chúipid, chan saigheada Mhíshásta, an dtuigeann sibh.

Bíodh airgead le spáráil agat nó ná bíodh, ní dóigh liom féin go bhfuil gá le cárta, ná le bláthanna, fiú, ach ba dheas an rud é barróg a roinnt le do chrann taca, sé sin, barróg a thabhairt don té a roinneann, agus a líonann, do shaol le grá.

Bainigí sult as, agus déanaigí beagán de seo le chéile inniu!