Showing posts with label Iris Aniar. Show all posts
Showing posts with label Iris Aniar. Show all posts

Friday, December 8, 2023

Féile Pan Cheilteach 2024

Bhí mé ar mo bhealach abhaile sa charr as Muineachán Dé Luain seo caite nuair a chuala mé Bríde de Róiste (Glór Cheatharlach) ag labhairt le Marcus Mac Conghail ar an gclár Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta. Bhí Bríde ag labhairt faoin bhFéile Pan Cheilteach, an fhéile náisiúnta agus an fhéile idirnáisiúnta, a bheidh ag siúl i gCeatharlach an bhliain seo chugainn. 

Is féidir éisteacht siar leis an gclár anseo, áit a gcloisfidh sibh Bríde ag insint do Mharcus, agus an lucht éisteachta, faoin gComórtas Náisiúnta Amhrán Nuachumtha Pan Cheilteach, atá ag súil ar an 27 Eanáir 2024 in Amharclann George Bernard Shaw i gCeatharlach (tuilleadh eolais, foirm iarratais agus rialacha le fáil anseo). 

Mar is eol do léitheoirí rialta an bhlag seo, tá an-mheas agam ar an gcomórtas ar leith seo, agus bhí mé páirteach ann, go rialta, thar na blianta.  Deis iontach atá ann do chumadóirí amhrán nuachumtha Gaeilge a chur inár láthair, agus bíonn na duaiseanna go maith - €1000 don amhrán a roghnaítear ag an bhféile náisiúnta (a bhuí le IMRO), agus €1500 don amhrán a bhuann an Fhéile Idirnáisiúnta i Mí Aibreáin. 

Tá agaibh go dtí an 5 Eanáir 2024 bhur n-iarratais a sheoladh chuig an gcoiste. Idir an dá linn, is féidir tuilleadh eolais a fháil ó Bhríde nó ó Emma ag 085 2857048 nó 085 1340047, nó seol ríomhphost chuig pancelticcarlow ag gmail ponc com. 

Mo chuimhne, ní gá bheith róbhuartha faoi chaighdeán an taifeadta a sheolfar isteach - beidh deis agaibh bheith ag cleachtadh má éiríonn libh áit a fháil ar an ngearrliosta, agus beidh an fear uasal Ollie Hennessy ar fáil, lena bhanna ceoil agus a chumas eagarthóireachta, le cúnamh agus comhairle a thabhairt, más gá, oíche an chomórtais. 

Is cosúil go mbeidh mé gnóthach idir anois agus an spriocdháta. Bígí ag cumadh, a chairde!


Wednesday, December 7, 2022

Féile na Nollag

Maidin amárach, Déardaoin, ar an gclár Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta, seolfar leagan nua den amhrán, Féile na Nollag, amhrán a chum mise do chomórtas a reáchtáladh i 2013, amhrán a bhuaigh an comórtas, agus amhrán a chas Clann Uí Mhaoileáin ag Ceolchoirm Ros na Rún an Nollaig sin. 

Bhí mé ag labhairt le Gráinne Ní Fhatharta faoin amhrán, Féile na Nollag, an mhí seo caite. Chinneamar go mbeadh sé go deas leagan eile den amhrán a thaifeadadh, le hairgead a bhailiú do charthanais áitiúla. Nuair a labhair muid le Máire Bríd Ní Chualáin, láithreoir an chláir Iris Aniar, faoin togra, bhí sí breá sásta cúnamh a thabhairt dúinn. 

Ar an gclár, amárach, clár speisialta a bhíonn acu ar an 8 Nollaig chuile bhliain ar Iris Aniar, beidh páistí ó scoil náisiúnta éigin ón gceantar sa stiúideo, lasfar na soilse ar an gcrann Nollag, agus seans go dtiocfaidh Santaí isteach le focal nó dhó a rá!

Beidh Máire Bríd ag labhairt liom fhéin agus le Gráinne, freisin. Mar a rinne Gráinne, anuraidh, leis an amhrán Santaí S'Againne, beidh páistí ag tacú léi sa churfá ar an amhrán, ach is iad na daltaí ón rang sean-nóis a mhúineann sí, Rang Sean-nóis Ealaín na Gaeltachta Chois Fharraige, a bheas ag gabháil fhoinn léi, an geábh seo. Is é Ray Diamond a roghnaigh na huirlisí ceoil, agus a rinne an taifeadadh a bheas le cloisteáil amárach. 

Mo bhuíochas le Ray agus le Gráinne as an eagar atá curtha acu ar an leagan nua seo. Agus, mo bhuíochas ó chroí le Máire Bríd agus le Raidió na Gaeltachta as an deis seo an t-amhrán a sheoladh, in am don Nollaig, ar mhaithe le hairgead a bhailiú do charthanais éagsúla. Iarrtar oraibh, a chairde, más mian libh, cúpla pingin a thabhairt do charthanas éigin má éiríonn libh an t-amhrán a chloisteáil am ar bith. 

Aon phingin a shaothraíonn Féile na Nollag an mhí seo, agus a shaothraigh Santaí S'Againne, anuraidh, beidh sé ag dul chuig an gcarthanas DVR i nGaillimh. Is ar scáth a chéile a mhairfimid. 

Monday, December 7, 2020

Saintí S'Againne

Bhí a fhios agam go raibh Daidí na Nollag trína chéile, an dtuigeann sibh. 

Bhí sé cloiste agam, ó fhear an tí, go raibh teachtaireacht curtha suas ag Saintí, ar an gcóras Northern Pulse, ag impí ar ghardaí na tíre súil a choinneáil amach do ghadaithe, mar, bíodh sé fíor nó ná bíodh, bhí sé den bharúil, b'fhéidir, go raibh duine éigin ag goid litreacha na bpáistí, ó tharla nach raibh sé ag fáil an oiread sin litreacha uatha, i mbliana. 

Rud éigin mar sin a chuala mé, d'fhéadfadh sé...

Pé scéal é, rinne mé an cás a fhiosrú, agus fuair mé amach go raibh páistí, fud fad an domhain, imníoch faoin Nollaig seo, seachas aon Nollaig eile. Bhí siad ag iarraidh bheith cúramach. Ní raibh a fhios acu an mbeadh sé sábháilte i mbliana, an dtuigeann sibh.

Bhuel, labhair mé le Gráinne Álainn Ní Fhátharta, chomh luath agus a thuig mé go bhféadfadh muid, b'fhéidir, cúnamh a thabhairt do Shaintí, agus thosaigh muid ag cur plean gnímh le chéile. 

Tá an jab déanta!

Maidin amárach, ar an gclár Iris Aniar, ar Raidió na Gaeltachta, seolfar an t-amhrán nua, Saintí S'Againne; amhrán a chum mise, amhrán a chuir Gráinne in eagar agus, le cúnamh ó dhaltaí  i nGaelscoil Riada, tá an t-amhrán (cosúil le Saintí agus a chairrín) réidh le dhul.

Más mian libh an t-amhrán, mise, Gráinne, agus dalta nó dhó ón nGaelscoil a chloisteáil ag labhairt faoin bhfeachtas fíorthábhachtach seo, mholfainn daoibh éisteacht leis an gclár, ar maidin. 

Clár speisialta don Nollaig, agus do pháistí, a bheas ann. Cloisfidh muid buaiteoir an chomórtais filíochta ag aithris an dán a bhua, casfaidh an file óg sin ar na soilse ar chrann Nollag an raidió, agus beidh Daidí na Nollag é féin ar an gclár! 

 Bhfuil do liosta-sa réidh, tá Saintí faoi réir... 

Friday, November 6, 2020

Máirtín Tom Sheáinín

 

An Ródaí

 

(dán in ómós do Mháirtín Tom Sheáinín)

 

Thuig tú cás agus mórtas cine

An dream abhus an dream i gcéin

D’éist le scéalta chuile dhuine

Beag beann ar rachmas, cáil ná léann.

 

Bhí do bhá le tír is teaghlach

Bhí do thuiscint cothrom grinn

Cois amháin san am a caitheadh

Is cois eile ag siúl chun cinn.

 

Bhíodh do chomhrá réidh is stuama

Chuile cheist uait lán le meas

Fuair tú freagra ón mbéal tostach

Le do chineáltas gan cleas.

 

Chraol tú amhráin nua sean-nóis

Mhéadaigh cartlann, ceol is craic

Bhailigh chugat foghlaim shaolta

A fhormhór sin Tigh Mhichael Jack.

 

Thaisteal tú fud fad na tíre

Ag stiúradh leoraí, bus nó carr

Ach, sé do sheal istigh sa Ródaí

‘s ag láithriú Oireachtais, ab fhearr.

 

Thuig tú údar Chorn Uí Riada

Bhain tú fhéin an duais faoi dhó

Go deimhin, thuig tú daoine óg is aosta

B’in do bhua, a dhuine chóir.

 

Gan do thogha ná do rogha

Ní bheidh do ghlórsa ar an aer

Ach, tagann aois an phinsin

Roimh aois Choilm, faraor géar.

 

D’fhág tú slán ag Ardtráthnóna  

‘Níl aon mhaith déanta’ níl ‘by daid’

Aireoimid uainn do chur i láthair

Do theanga líofa…agus do  ‘hea!’

 

Go n-éirí an bóthar leat, a Ródaí

Fad saoil is sláinte, faoi rath faoi bhláth

Is thar rud ar bith eile ná déan dearmad

Go mbeidh ár mbuíochas leat go brách.

Sunday, May 24, 2020

Tiocfaidh Muid Tríd

Amárach, Dé Luain, 25 Bealtaine, beidh amhrán nuachumtha, Tiocfaidh Muid Tríd, le cloisteáil, den chéad uair, ar an gclár Iris Aniar, ar Raidió na Gaeltachta.

Is amhrán é a cumadh le hairgead a bhailiú do charthanachtaí éagsúla - áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta - atá ag streachailt na laethanta coróinvíreasacha seo. Tuigeann sibh féin an scéal, a léitheoirí. Tá srianta i bhfeidhm. Tá daoine ag fulaingt. Tá tacaíocht ag teastáil.

Caitlín Ní Chualáin a bheas ag gabháil fhoinn, agus beidh Seán Ó hÉanaigh á tionlacan, idir uirlisí ceoil agus chomhcheol. Mise a chum, idir fhocail agus fhonn, iadsan a rinne an cóiriú iontach. Mar gheall ar chineáltas agus ar fhlaithiúlacht na beirte sin, mar aon leis an tacaíocht a fuair siad óna gcomhghleacaithe i Raidió na Gaeltachta, tá cóip den amhrán réidh, agus beidh sé le cloisteáil, amárach.

Is fúibhse, an lucht éisteachta, a bheas sé, le bhur dtoil, cúnamh a thabhairt don amhrán, Tiocfaidh Muid Tríd, airgead a bhailiú don charthanacht is ansa libh féin, bíodh an charthanacht sin áitiúil, náisiúnta nó idirnáisiúnta.

Má chloiseann tú an t-amhrán, is cuma cén áit, iarrtar ort, láithreach bonn más féidir é ar chor ar bith, cúpla euro (nó níos mó!) a dheonú do chibé charthanacht is mian leat féin. Ansin, mura miste leat, déan iarracht theacht ar chóip den amhrán, áit éigin ar na meáin shóisialta, b'fhéidir, agus roinn an t-amhrán, agus an scéal, ar do chairde.

Dá mhéad líon na ndaoine a chloiseann an t-amhrán agus a dheonaíonn ansin, thall nó abhus, is amhlaidh is fearr é do na carthanachtaí éagsúla.

Má tá fón póca agat, tá liosta anseo de na carthanachtaí ar féidir leat téacs tacaíochta a sheoladh chucu (faigheann an carthanas €1.80 as gach €2 a dheonaítear, is cosúil), nó d'fhéadfá suíomh gréasáin na carthanachta a aimsiú, agus airgead a dheonú ar líne.

Mura bhfuil scil agat ina leithéidí teicniúla, b'fhéidir go bhféadfá crúsca (nó rud éigin mar sin) a fhágáil ar an mbord sa bhaile, nó ar leac na fuinneoige, agus chuile uair a chloiseann tú an t-amhrán, nó má thosaíonn tú á chasadh gan choinne (is fonn é a fhanfaidh leat, tá súil againn!), caith euro nó dhó isteach sa chrúsca, le go mbeidh deis agat, am éigin, ar bhealach éigin, an t-airgead sin a dheonú. 

In am an éigin, teastaíonn tacaíocht, agus táim fíorbhuíoch do Chaitlín, do Sheán, agus dá gcomhghleacaithe, as a gcuid tacaíochta. Níor caitheadh oiread is pingin rua ar an amhrán, go dtí seo, ach tá súil agam go mbeidh sibhse, an lucht éisteachta, ag caitheamh neart airgid i dtreo na carthanachtaí, arís is arís eile. 

Tá liricí an amhráin le léamh thíos, a léitheoirí. Beidh Caitlín agus mé féin ag labhairt faoin togra seo ar an gclár, Iris Aniar, amárach, agus beidh an t-amhrán le cloisteáil ar an gclár céanna. 

Is fúibhse a bheas sé, a chairde, an scéal a scaipeadh go forleathan. Le bhur gcúnamh, le bhur gcuid tacaíochta, agus ar scáth a chéile, tiocfaidh muid tríd.  


Tiocfaidh Muid Tríd

Ní raibh trácht ar olc ná baol,
Ach, is ait an mac é’n saol,
Aniar aduaidh, tháinig plá gan trua,
Ag scriosadh ’gus ag briseadh croí,
Tá pobal agus tír faoi scáil,
Gan saoirse mar is gnách le fáil,
Ní bheidh muid ag géilleadh
Mar ar scáth a chéile,
Tiocfaidh muide tríd.

Curfá

Tiocfaidh muid slán,
Cine ‘gus clann,
Teaghlach is tír,
Tiocfaidh muid tríd.

Níl do shaolsa mar a bhíodh,
Deirtear leat do lámha’ nigh,
Seas siar, cur fút, gan aon ní romhat
Ach laethanta gan cuma ná caoi,
Tá tinneas ann, is baol an bháis,
Crá croí leis an tuile gan trá,
Ach, lenár ndúchas láidir,
Agus neart ár bpaidir,
Tiocfaidh muide tríd.

Curfá

Tiocfaidh muid slán,
Cine ‘gus clann,
Teaghlach is tír,
Tiocfaidh muid tríd.

Wednesday, November 23, 2016

Máirtín Ó Dubhghaill; Laoch

An chéad uair ar casadh Máirtín Ó Dubhghaill orm, bhíomar ag Ceolchoirm Ros na Rún. Mar a scríobh mé an t-am sin, cheap mé gur 'fear uasal, fear cairdiúil, fear cuidiúil' a bhí ann, agus go raibh 'áthas orm gur casadh orm é an oíche sin.' Níor athraigh mé m'intinn ó shin.

Ba léir domsa, an oíche úd, ó bheith ag labhairt leis an bhfear uasal seo, agus ón seic le haghaidh €1000 a bhronn lucht Ros na Rún air, go bhfuil an meas ceannann céanna acusan, agus ag go leor daoine eile, ar Mháirtín, mar dhuine ann féin, agus mar dhuine a dhéanann go leor oibre don charthanacht To Children With Love. 

Tá deis againn, i láthair na huaire, ár meas do Mháirtín, agus dá chuid oibre, a thaispeáint  (tá sé ar an ngearrliosta do Laoch an Phobail) trí vóta a chaitheamh dó anseo idir 7 Samhain agus 7 Nollaig.

Mo bhuíochas le lucht Iris Aniar, ar Raidió na Gaeltachta, as an bpodchraoladh don agallamh a rinneadar le Máirtín, inné, a roinnt linn. Is féidir éisteacht leis an bpodchraoladh sin anseo, a léitheoirí, nó 'Súil Siar' a chaitheamh ar an gclár iomlán, ón 22 Samhain, anseo, le go gcloise sibh faoin gcineál oibre atá ar bun ag Máirtín, agus an fáth go ndéanann sé an obair sin. 

Mo bhuíochas, freisin, ag dul go lucht Better Together as an deis seo a thabhairt dúinne uilig ár meas a thaispeáint do na daoine sin a dhéanann 'an extraordinary contribution to a good cause' trí vóta a chaitheamh do dhuine acu 'once in every 24 hour period' idir anois agus an 7 Nollaig. 

Gheobhaidh an buaiteoir trófaí agus seic €1000 don charthanacht is ansa leis. Ar ndóigh is laochra iad uilig, i mo thuairim.  Go n-éirí go geal leo!

Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine. 

Thursday, November 10, 2016

Fíodóir Focal - Jackie MacDonncha

Ceann de na haipeanna a thaitníonn go mór liom ná Podcast Republic. Tá sé ar m'fhón póca agam, rud a thugann deis dom clárú leis na cláir raidió is fearr liom, le go mbeidh mé in ann éisteacht leis na podchraoltaí is ansa liom, am ar bith gur mhian liom, pé áit gur mhian liom. 

Ar na laethanta seo, bím ag éisteacht le podchraoltaí ón gclár Iris Aniar, ar Raidio na Gaeltachta. Mar is eol do léitheoiri an bhlag seo, is maith liom focailseanfhoclanuafhocail agus nathanna cainte. Mar gheall air sin, bhí áthas orm nuair a chuala mé, ón Dómhnallach, go mbíonn Jackie MacDonnacha ar an gclár Iris Aniar go rialta anois; an Fíodóir Focal é féin, agus focail dhúchasacha na Gaeilge á roinnt aige linn, mar a fheicfidh sibh anseo ar leathanach Facebook Iris Aniar.

Chuile choicís, ar an Luan, bíonn Jackie le cloisteáil, a léitheoirí. Mura mbíonn sibh in ann éisteacht leis beo ar an aer, is féidir 'Súil Siar' a chaitheamh ar an gclár ar an suíomh gréasáin, nó is féidir súil a choinneáil ar an leathanach Facebook

É sin, nó is féidir libh éisteacht leis na podchraoltaí uaidh Jackie agus an láithreoir Eibhlín Ní Chonghaile ar an idirlín anseo. An-mhír go deo. Maith sibh, a chairde na Gaeilge!

Tuesday, January 14, 2014

Comórtas Amhránaíochta

Mar is eol daoibh, bhí mé páirteach sa chomórtas amhránaíochta, luaite ansin thuas, anuraidh, a léitheoirí, agus bhain mé an-sult as, caithfidh mé a rá. 

Ní dóigh liom go mbeidh amhrán réidh in am agam i mbliana, faraor, ach chuala mé go raibh Seán Bán ag labhairt faoin gcomórtas ar an gclár Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta ar maidin, agus chuir sé i gcuimhne dom go bhfuil spriocdháta na bliana seo ag teacht níos gaire, agus go mba chóir dom é sin a lua libh anseo, a chairde, ar fhaitíos amhrán réidh agaibh féin lena aghaidh, nach bhfuil seolta agaibh chucu fós. 

Mar sin, má tá amhrán réidh agat don Fhéile Pan-Cheilteach, b'fhiú go mór duit an t-alt seo le Cathal Póirtéir a léamh ar shuíomh writing.ie, áit a bhfaighidh sibh na sonraí uilig maidir leis an gcomórtas amhránaíochta. 

Beidh ort d'iarratas a sheoladh chuig Glór Cheatharlach, ar dhlúthdhiosca, roimh 5.00 i.n. ar an Aoine, 31 Eanáir, 2014, sé sin le rá, tá beagán os cionn coicíse fágtha a'd, más mian leat d'amhrán a chur san áireamh don chomórtas náisiúnta, a bheidh ar siúl ar 8 Márta, 2014, i gCeatharlach. 

Má éiríonn le d'amhrán sa chomórtas náisiúnta, beidh sé san iomaíocht sa chomórtas idirnáisiúnta a bheidh ar siúl i nDoire i mbliana, idir an 22-27 Aibreáin. Is féidir an clár, agus sonraí na gcomórtas uile, a fháil ag www.panceltic.ie.  

Tuesday, March 12, 2013

Pápa Gonzales!

Tá a fhios agam nach raibh sibh ag súil le toradh chomh luath seo ar maidin, a léitheoirí, ach táim den bharúil go bhfuil comharba an Phápa Benedict aimsithe ag, ahem, Máirtín s'againne cheana féin, más fíor an méid a chuala mé ar Iris Aniar ar an 28 Feabhra - podchraoladh anseo. 

Is féidir an t-agallamh eisiach - Máirtín agus an, ahem, Cardinal Gonzales ag labhairt le chéile i nGaeilge - a chloisteáil ar an bpodchraoladh thuasluaite, idir 01.01.29 agus 01.12.02 nóiméad. 

Cloisfidh sibh cén fáth go dtugtar Speedy Gonzales ar an gcairdinéal, agus céard é an, ahem, rud dána a rinne sé le Ian Paisley i  mBéal Feirste, tráth den saol. 

Agus más rud go bhfuil sibh tinn tuirseach ag fanacht le scéal ó fhir an deataigh bháin - fir, más fíor, nach bhfuil a bhformhór acu róthugtha do phósadh na n-aerach - b'fhéidir gur mhaith libh éisteacht leis na fir seo; fir a inseoidh daoibh céard a tharlóidh mura bhfaighidh fir aeracha a gcearta, mar atá tuillte acu.  

Anois, cá mbeadh sibh, a mhná, gan mise anseo le súil a choinneáil ar gheáitsíocht na bhfear ar bhur son! Nó, ar bhur daughter...