Showing posts with label méim. Show all posts
Showing posts with label méim. Show all posts

Saturday, April 23, 2016

Cac Mada

Téim ag siúl chuile mhaidin. Tá an taobh seo tíre go hálainn, agus déanann an áilleacht sin maitheas dom; bíonn mo chloigeann agus mo cholainn i bhfad níos follÁine ar m'fhilleadh dom. 

Anois, tá daoine ann a bhíonns ag gearán faoi ghuma coganta ar na sráideanna, agus tuigim dóibh, ach ní guma coganta atá mo chrása, ach cac mada.

Ar mo shiúlóid, bím mar a bheadh an tiománaí cairr ann - an tiománaí ag iarraidh súil amháin a choinneáil ar an luasmhéadar agus súil eile ar an mbóthar, ag iarraidh timpiste a sheachaint - bíonn mise, mar choisí, ag iarraidh súil amháin a choinneáil ar an áilleacht máguaird, ach ag iarraidh an cac madra ar mo bhealach a sheachaint, ag an am céanna. An bhfuil a fhios agaibh céard é féin, a léitheoirí, ach tá sé ar fud na háite...




...agus fiú...
 Ní hé nach bhfuil neart de na boscaí cuí ar fáil...
...tá siad ar fud na háite, ach, fós, is cuma cá mbíonn siad curtha...
...tarlaíonn rudaí mar seo, i gcónaí...

Ní thuigim é.  Tá contúirt ar leith ag baint le cac madra. É sin ráite agam, ní ar aon ghadhar a chuirim an locht, ach ar na daoine nach bhfuil ag breathnú ina ndiaidh.

Wednesday, October 7, 2015

Téarmaí Teicneolaíocht Faisnéise

Tá na chéad téarmaí ón mbailiúchán 'Téarmaí Teicneolaíocht Faisnéise' foilsithe anois, anseo, ag tearma.ie.

Is fiú an scéal sin a scaipeadh, i mo thuairim, nó is fiú é a 'athphostáil' nó, b'fhéidir gur fiú é a 'atvuíteáil,' más mian leat.

Is léir go bhfuil an 'blagaisféar' beo beathach ar an 'ardán sóisialta' seo, scéal eile ar fiú é a 'ghreamú' áit éigin, shílfeá, nó d'fhéadfá 'is maith liom' a bhrú ag 'moladh' an dea-scéil, dá mbeadh fonn ort a leithéid a dhéanamh.

Agus, má tharlaíonn 'mearscaipeadh' de thoradh na 'postála' seo, beidh 'leantóirí' go leor ag 'scaidhpeáil' faoin dea-scéal, is dóigh liom.

Ach, más mian leat tús a chur le 'snáithe plé' agus tú ag 'snúpáil' nó ag 'gliúcadh' thart, ná bí i do 'seachantóir meán sóisialta' agus bain sult as an gcraic uilig!


Tuesday, September 29, 2015

Méim


Teastaíonn cúnamh uainn uilig, ó am go chéile.

Má tá fuil le spáráil agat, tá treoir le fáil anseo.  Má tá meicneoir uait, bhuel, sin scéal eile...

Saturday, August 22, 2015

Seanfhocal an Lae


Sin thuas grianghraf a thóg mé, ar an trá, i mBun Cranncha inniu. Níl a fhios agam cé leis an madra, ach bhí sceitimíní agus deifir air, gan dabht ar bith!

Seo chugaibh seanfhocal nó dhó eile, as an leabhar Seanfhocla Chonnacht, cinn a bhaineann le Deifir, mar aon leis an gceann thuas:

Aicearra an chait thríd an ngríosach. 

Cangail do ghreim go maith is ní thachtfaidh sé thú.

Dá mhéad luas is lú cnuas. 

Nuair is mó deifir is ea is mó moill. 

Tuesday, August 11, 2015

Focail Liom Focail Leat

                                         Corr Scréachóg le Corr Ghainimh

Cé gur corr scréachóg an t-ainm a chuala mé féin, i gConamara, don fhocal heron, tá a fhios agam go bhfuil neart ainmneacha eile aici, freisin, mar atá Máire fhada, corr mhóna, corr ghlas, corr éisc, Nora na bportach (WinGléacht), bunán, corr ghréine (Lane's Larger), Cáití fhada,  agus Júní an scrogall (McCionnaith), mar shampla. 

Sa ghrianghraf thuas, ceann a thóg mé i mBun Cranncha le déanaí, tá corr ghainimh (eel) ina béal ag an gcorr scréachóg, agus cé nach 'cluiche' atá ann, ar chor ar bith, don chorr ghainimh bhocht, rinne mé méim as an ngrianghraf. Is féidir libh féin bhur míniú féin a bhaint as, mar mhéim, ach beidh cúpla leid le fáil sa bhlagmhír seo, cheapfainn. 

Is iomaí míniú atá ag an bhfocal sin corrrounders atá i gceist le cluiche corr, dá mba mhian leat an míniú sin a bhaint as, ach d'fhéadfá corr a úsáid mar aidiacht, mar shampla, round, curved, nó don fhocal eccentric, bhí sé riamh corr, ach más odd atá an duine, is éan corr a thabharfá air, dá mba mhian leat. Chloisfeá a leithéidí, corr uair, occasionally, is dócha. 

Is corr leitheadach a thugtar ar an spoonbill, agus ar long-necked person, freisin, dar le WinGléacht, agus ní bheadh tú as cor dá gcuirfeá an t-ainmfhocal corr (projecting point, angle, edge) le hainmfhocal nó dhó eile, mar shampla, corr diallaite (pommel of saddle), corr inneonach (horn of anvil), corr cláirsí (neck of harp), abair. 

Mo chuimhne, dar leo anseo, d'fhéadfá an odd game a úsáid, dá mbeadh cluiche corr 'ar siúl sa chúlra,' an dtuigeann sibh. Is iomaí cor sa saol, a léitheoirí, agus corra go leor, freisin, is cosúil.