Showing posts with label Eanach Mheáin. Show all posts
Showing posts with label Eanach Mheáin. Show all posts

Friday, January 17, 2014

Aithne agus Eolas

Is léir, domsa ar aon nós, go bhfuil eolas agus aithne mhaith ag mo dhream féin orm - tháinig na bronntanais seo a leanas ó chuid acu um Nollaig seo:

 Óltóir an Fhíona
Catghráthóir
Focalghráthóir
Lastóir Coinnle
Léitheoir na Leabhar
Doirteoir an Chaife
Tóraí...
...Chonamara. 

Seanfhocal nó dhó daoibh, a léitheoirí,  ón leabhar Seanfhocla Chonnacht

Aithnítear cara i gcruatan. (Cairdeas)

Má tá tú ar lorg carad gan locht, beidh tú gan charaid go deo. (Cairdeas)

Ní bhfuair an carrachán caraid ab fhearr ná a mháthair. (Clann)

Ar mo mheisce nó ar mo chéill,  d'aithneoinn mo dhuine féin. (Cairdeas)

Is fearr comharsa ná saibhreas. (Comharsa)

As a dtoradh a aithnítear na crainn. (Dúchas)

Wednesday, August 14, 2013

Scéilín na Scrúduithe

Bhí mé as baile le seachtain anuas. Bhain mé an-sult as mo chuid ama thiar i gCeantar na nOileán, i gCathair na Gaillimhe, agus as an leathlá a chaith mé i mBaile Átha Luain. Tuilleadh faoin eachtraíocht sin ar ball beag.

Idir an dá linn, agus ó tharla gurb é inniu an lá atá ann, lá na dtorthaí, lá na cinniúna do 56,000 mac léinn, mic léinn a rinne a gcuid staidéir - bhuel, cuid acu, pé scéal é! - agus a bheidh ag súil go bhfaighidh siad na marcanna atá tuillte acu, tá scéilín agus físeán le roinnt agam libh. 

Cuirim fainic oraibh anois, a léitheoirí, sula mbreathnóidh sibh ar an bhfíseán thuasluaite agus thíosaibhsithe - tá focail, ahem, mhóra le cloisteáil ón máthair bhocht! Tuigfidh cuid agaibh a cás.

An scéilín: tharla sé, agus mé thiar sa mbaile, go raibh mé féin agus cara liom ag labhairt faoin am a rinneamar féin an Ardteistiméireacht, blianta blianta fada ó shin. Chuir sé iontas orm a chloisteáil go dtagann tromchodladh aniar aduaidh uirthi, ó am go chéile, agus gurb í an bhrionglóid a bhíonn aici, i rith an tromchodlata, ná go bhfuil an Ardteist le déanamh aici fós, agus nach bhfuil a dóthain den tromléann déanta aici lena aghaidh; nach bhfuil sí ullmhaithe do na scrúduithe ar chor ar bith, mar a déarfá. 

Bhuel, tuigim a cás, mar is minic an bhrionglóid chéanna agam féin. Ní chuireann sé iontas ar bith ormsa a leithéid de bhrionglóid a bheith agam mar, ahem, ní raibh mo dhóthain foghlama déanta agam, gan dabht ar bith; agus bhí sé sin le léamh ar mo thorthaí, go deimhin. 

Pé scéal é, seo chugaibh an físeán thuasluaite. 

Chuir sé am m'ardteistiméireacht féin i gcuimhne dom. Tá na scoláirí bochta i mo smaointe ar maidin. Go n-éirí go geal leo uilig!

Roibéard san áireamh..;-)

Monday, April 8, 2013

As Baile Sa mBaile



I láthair na huaire, táim i gCeantar na nOileán, in áit nach bhfuil leathanbhanda ar fáil agam an t-am ar fad, mar sin maithigí dom mo mhoill ag teacht ar ais chugaibh, a léitheoirí. 

Bhí am an-deas againn i gCeatharlach, agus táim buíoch díbh uilig as na beannachtaí a sheol sibh chugainn, don amhrán Le Do Thaobh. Mo chuimhne, agus ó tharla gur cuireadh ceist orm faoi seo, tá leaganacha den amhrán le fáil ar Amazon MP3, Spotify agus iTunes, chomh fada agus is eol dom. Déan cuardach leis na focail 'Le Do Thaobh' agus tiocfaidh sibh air, seans. 

Mar atá le feiceáil agaibh ón scórchlár thuas, níor éirigh linn an chéad áit sa chomórtas amhránaíochta ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach a thabhairt linn, ach oíche ar dóigh a bhí ann, agus bhí na duaiseanna tuillte acu siúd a bhuaigh sa chomórtas sin agus, go deimhin, i chuile chomórtas i rith na féile – comhghairdeachas ó chroí leo uilig, agus le chuile dhuine a ghlac páirt sna comórtais a eagraíodh don fhéile.   

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le coistí na Féile chomh maith céanna, mar bhí clár iontach curtha le chéile acu, agus bhain mé sult nach beag as an méid a chonaic agus a chuala mé agus mé thíos ann.

Ní amháin sin, ach chaith an coiste áitiúil go hiontach liom am ar bith ar labhair mé leo ar an bhfón nó ag an bhféile; daoine uaisle cumasacha fáilteacha iad, daoine a dhéanann gach uile iarracht ar chultúir, ar theangacha agus ar thraidisiúin na gCeilteach a choinneáil beo beathach. Molaim go hard na spéire iad, agus tá áthas orm gur éirigh liom bualadh leo uilig i gCeatharlach.  

Mo chuimhne, bhí Ollie Hennessy, stiúrthóir an cheoil, agus a chomhghleacaithe, ag obair go dian i rith an ama, ag cinntiú go mbeadh an fhuaim agus an fhís mar ba chóir ar an stáitse, agus rinne siad jab iontach, caithfidh mé a rá – maith sibh, a fheara!

D’fhan mé sa Talbot Carlow, óstán atá i Co. Laois, creid é nó ná creid, agus bhí na hoibrithe ansin thar barr ar fad – Magda sa bhialann, Stephen sa bheár, agus Lisa ag an bhfáiltiú, na daoine ar leith a thug mé faoi deara ann. Cén fáth? Mar gheall ar an gcaoi ar chaith siad linn. Bhí siad cumasach agus cairdiúil, agus b'amhlaidh le hoibrithe na bialainne ann, ag an mbricfeasta, maidin lá arna mhárach.

Is cuma cén áit a dtéim, bíonn daoine sa chúlra ag obair go dian, agus bíonn comhghleacaithe acu a chaitheann go hiontach leis an bpobal. Ach, mar a thug mé faoi deara agus mé ag plé le hoibrí nó dhó i mBus Éireann an tseachtain seo caite, tá oibrithe ann a chaitheann go tuirsiúil cuma-liomach leis an bpobal, chomh maith céanna. Ach, ní raibh a leithéidí romham i gCeatharlach - maith sibh uilig, a chairde! 

Agus, go raibh céad míle maith agaibh. Beidh mé ar ais libh arís.


Sunday, March 10, 2013

Céaslóireacht

Sa reilig in Eanach Mheáin, i gCeantar na nOileán, a bhí mé arú inné, nuair a chonaic mé an radharc seo thíos. 

Ní raibh a fhios agam go raibh a leithéid de rud ann agus surfáil seaschéaslóireachta, go dtí gur fhill mé ar Cheann Scríbe aréir, agus rinne mé giota taighde ar an ábhar, ar maidin. Tháinig mé ar an méid seo in Wikipedia. 

Ar ndóigh, nuair a chonaic mé an leagan Gaeilge do stand up paddle surfing in focal.ie, tráthúlacht an fhocail sin 'chéas' i lár an fhocail a thug mé faoi deara. Cén fáth? 

Bhuel, is dócha, nuair a bhím sa reilig in Eanach Mheáin, bím ag breathnú ar uaigheanna na ndaoine muinteartha liom atá curtha ann, daoine a d'imigh roimh am, shílfeá, nó roimh sheanaois, pé scéal é; cuid acu a d'imigh go tobann tubaisteach, faraor, gan súil ar bith againn lena n-imeacht. 

'Cén fáth?' an cheist a chuirim orm féin, go míon minic, agus mé ag breathnú ar na huaigheanna sin. 

Ar maidin, nuair a chonaic mé an focal sin 'seaschéaslóireacht,' rith sé liom go mb'fhéidir nach fiú dúinn muid féin a chéasadh le ceisteanna faoin mbás, mar nach bhfuil ciall ná réasún leis; níl ann ach freagra na fírinne, freagra nach bhfuil ag aon duine againn, is cuma cén leabhar as a mbíonn daoine ag quotáil.  

Táimid uilig ag céaslóireacht linn, a léitheoirí, lenár linn féin, inár linn féin. Bainigí sult as an saol. Níl ann ach seal. 

Agus, bainigí sult as Lá na Máithreacha

Friday, May 11, 2012

Áilleacht Eanach Mheáin

Bíonn mo ghloine i gcónaí lán agus mé ag breathnú ar áilleacht na háite inar rugadh agus inar tógadh mé.  



Sláinte, a léitheoirí!

Saturday, June 4, 2011

Sa mBaile

I láthair na huaire, táim i gConamara, i gCeantar na nOileán. Táim le mo dhream féin, ar ais san áit inar rugadh agus inar tógadh mé, rud a fhágann go bhfuilim ar mo shuaimhneas. Is suaimhneas ar leith atá ann, an dtuigeann sibh, suaimhneas nach mothaím in aon áit eile ar domhan, ach amháin anseo.

Nach suimiúil an rud é sin, a léitheoir? Cé go bhfuil i bhfad níos mó de mo shaol caite agam taobh amuigh den cheantar seo, agus cé go bhfuilim breá suaimhneach agus sona sásta i nDún na nGall, an áit ina bhfuilim ag cur fúm le tríocha bliain anuas, tugaim ‘baile’ ar an oileán beag seo, Eanach Mheáin.

An tseachtain seo chugainn, beidh mé ag dul abhaile, ag dul ar ais go Ceann Scríbe, ach, i láthair na huaire, táim sa mbaile.

Inné...


Aréir…