Showing posts with label iománaíocht. Show all posts
Showing posts with label iománaíocht. Show all posts

Monday, August 20, 2018

Nathanna Cainte

Tá sé de nós agam, nuair a bhím ag breathnú ar chluiche CLG ar an teilifís, an fhuaim ar an teilifís a ísliú go hiomlán, má bhíonn an tráchtaireacht i mBéarla, agus éistim leis an tráchtaireacht i nGaeilge ar Raidió na Gaeltachta; mar a rinne mé, inné, agus mé ag breathnú ar an gcluiche iománaíochta, Gaillimh -v- Luimneach. 

Bhí 'lán carr-asail cantail' ar dhuine de na himreoirí, chuala mé, agus táim den bharúil gur bhain a chantal leis an réiteoir, más buan mo chuimhne. Seans gur tharla sé sin nuair a bhí an t-imreoir 'sínte ó chluas go drioball' ar an talamh!

Feictear dom go dtagann na nathanna cainte sin go nádúrtha chuig an tráchtaire a d'fhoghlaim Gaeilge ón gcliabhán, agus is maith liom a bheith ag éisteacht leo. Ní hualach do dhuine an léann, an dtuigeann sibh, agus táim ag foghlaim liom. 

Seans go bhfuil aoibh go dtí na cluasa ar imreoirí Luimnigh inniu, nó fiú straois ó chluas go cluas orthu, agus cén fáth nach mbeadh? 

B'iontach an t-éacht a bhí ann!  

Tá súil agam nach bhfuil imreoirí na Gaillimhe in ísle brí faoin gcluiche mar, i ndeireadh na dála, bhí an bua tuillte go maith ag Luimneach, ar an lá. 

An méid sin ráite, beidh lá eile ag an bPaorach agus, mar is eol do mhuintir na Gaillimhe, níor chaill fear an mhisnigh riamh é!

Thursday, September 27, 2012

Wúhúps!


Thosaigh sé mar gháir mholta, an cineál wúhú! sin a ligeann duine uaidh, go nádúrtha, nuair a tharlaíonn rud a chuireann fonn wúhúáil air nó uirthi;

rud cosúil leis an gcéad chúl sin a chiceáil Michael Murphy, captaen fhoireann Dhún na nGall, isteach san eangach, Dé Domhnaigh seo caite;   

ach, chríochnaigh sé ina gháir dhearmaid, an cineál úps! sin a ligeann bean uaithi, go nádúrtha, nuair a mheabhraíonn sí go mba chóir di, mar Chonnachtach atá, ahem, ina suí ar tholg in éineacht le fear as Maigh Eo, go mba chóir di bheith, abair, rúinín beag diomúch faoin gcúl sin.

Sea, bhí mé idir dhá stól, a léitheoirí, ag iarraidh go n-éireodh go maith leis an dá thaobh, an dtuigeann sibh, agus cé go raibh mé díomách nuair a chaill Maigh Eo, bhí áthas an domhain orm nuair a bhuaigh Dún na nGall. 

Wúhúps?

Sea, bhí mé ar an gclaí, a léitheoirí, ach ar fhaitíos aon amhras oraibh faoi cá mbeidh mo chuid tacaíochta ag dul Dé Domhnaigh seo chugainn, beidh sí le Gaillimh, agus le Gaillimh amháin.

Mar a tharlaíonn sé, beidh mé ar eitleáin ag am na himeartha, agus diabhal mórán a fhéadaim a dhéanamh faoi sin, mar go raibh na socruithe taistil déanta agam sular chinn Gaillimh go bhfanfadh siad tamaillín eile sula dtabharfaidh siad Liam siar abhaile leo.

Beidh mé ar ais libh gan mhoill, a chairde. Idir an dá linn, níl le rá agam ach…

…Gaillimh Abú! 

Sunday, September 9, 2012

Cailín na Gaillimhe!

Ar fhaitíos nach bhfuil a fhios agaibh cén fhoireann lena mbeidh mé ag tacú inniu, a léitheoirí, beidh mé ag súil le toradh eile, cosúil leis an gceann seo.
Gaillimh Abú!
Níl ach cat amháin a fhaigheann mo thacaíocht sa teach seo.

Aguisín (17:11 i.n) 

Gaillimh 2-13  Cill Chainnigh 0-19

Ah bhuel...beidh lá eile ag an bPaorach..;-)