Showing posts with label Éire. Show all posts
Showing posts with label Éire. Show all posts

Wednesday, September 17, 2014

Dún na nGall Abú!


Mar is léir, ón ngrianghraf thuas, beidh, ahem, madra an bhaile ag tacú le Dún na nGall, arís i mbliana, agus é ag súil go mór leis an toradh céanna a bhí againn i 2012... ach amháin gurb iad lucht Chiarraí atá le bualadh, an geábh seo

Casadh na fir uaisle seo thíos orm, agus mé ar mo shiúlóid anseo i mBun Cranncha, inné,










Ach, más rud go gceapann sibh, a léitheoirí, gur daoine fásta amháin a bheas ag tacú le Dún na nGall, féach ar an táirge álainn thíos, culaith bheag ghleoite a bheas á caitheamh ag babaí beag gleoite speisialta, Dé Domhnaigh seo chugainn. 



Tá an táirge sin thuas le fáil ach labhairt le Kelly chuidiúil chairdiúil sa Letterkenny Craft and Design Studio, mar a rinne mé féin nuair a d'ordaigh mé an chulaith, an tseachtain seo caite. 

Rinneadh an chulaith go háitiúil, anseo i nDún na nGall, agus tá neart táirgí eile áille áitiúla le feiceáil san áit, gan trácht ar an Moonshine Coffee Shop san fhoirgneamh céanna, áit a bhfaighidh tú greim le hithe, agus cupán caife den chéad scoth. 

Dún na nGall abú! 

Sunday, May 12, 2013

Miotaseolaíocht

Tá foclóir agam, Irish Mythology le Peter Kavanagh. Tháinig mé ar an leabhar de thimpiste ar maidin, nuair a bhí mé útamáil liom anseo san oifig, ar thóir leabhair eile, mar is minic liom.

Pé scéal é, d’oscail mé an leabhar, agus bhreathnaigh mé ar fhocal nó dhó ón bhfoclóir ann, cinn a roinnfidh mé libh anois, a léitheoirí, ó tharla an fonn sin orm. Foclóir i mBéarla atá ann, dá bhrí sin is i mBéarla a roinnfear na giotaí éagsúla libh anseo, mura miste libh.

Faoin gceannfhocal Love, tá sé scríofa ann,

'To make a woman fall in love with you rub your face in her apron. The defence: burn the apron.'

Rith sé liom, agus an abairt sin á léamh agam, gur iomaí bean a mbeadh fonn uirthi an t-aprún sin a dhó, chomh maith céanna.

Maidir le Egg Shells, scríobhadh,

'Egg shells should be crushed to prevent the fairies using them as boats.'

Cén dochar a bheadh ann dá mbeadh báid ag sióga, meas tú?

Dúradh fadó, is cosúil, faoin Ear-wig,

'A common disguise of the devil; he should always be killed.'

Glacaim leis gurb é an ceilpeadóir bocht atá i gceist leis an ‘should always be killed’ sin, chan an diabhal. Chomh fada agus is eol dom, tá an diabhal in ainm bheith caillte cheana. Bhítí ann a cheap a mhalairt, seans. B'fhéidir go bhfuiltear ann a cheapann a mhalairt fós, go deimhin.  
Mo chuimhne, i mbrollach an leabhair, tá sé scríofa ag an údar,

'Stories about the saints have been kept out as much as possible because they do not belong in a book on mythology.'

Chloisfeá ‘Hmmm...’ nó dhó, ó dhuine nó dhó, faoin abairt sin freisin, cheapfainn féin. 

Sunday, March 17, 2013

Glaoch An Uachtaráin

Beidh Glaoch an Uachtaráin, Micheál D. Ó hUigín, le cloisteáil go luath, a léitheoirí, anseo nó anseo.  

Tá na sonraí uilig le léamh anseo, ach, le go mbeidh sibh ar an eolas, seo mar a bheidh sé ag tarlú inniu: thall i Nua Eabhrach ag 4.30pm, agus in Éirinn ag 9.30pm. 

Sunday, September 16, 2012

Déanta in Éirinn

Tá clár nua, Déanta in Éirinn, á chraoladh ar TG4 na laethanta seo. Ar an gclár, a thosaigh Déardaoin seo caite, fiosraíonn Manchán Magan an féidir maireachtáil, in Éirinn, ar earraí de bhunús na hÉireann amháin.  

jab nach beag roimhe, a léitheoirí. 

Chonaic mé an chéad chlár, agus bhain mé an-sult agus eolas as. Mar shampla, d’fhoghlaim mé go bhfuil traenacha na tíre seo déanta sa Chóiré Theas; níor tógadh traein sa tír seo le 40 bliain nó mar sin - easpa teicneolaíochta nua-aimseartha, gan ach 10 gcomhlacht ar fud an domhain ag plé le saintáirgeadh na dtraenacha domhanda, is cosúil.  

An raibh a fhios agaibh go bhfuil busanna Bhus Éireann déanta san Ísiltír, sa Fhrainc, i Sasana, sa Ghearmáin, sa tSualainn, agus sa Tuirc? Tá sé deich mbliana ó bhí bus de dhéantús na hÉireann ar bhóithre na tíre seo, creid é nó ná creid.

Dé réir mar a thuig mé ón gclár, rinne rialtas na tíre seo cinneadh, am éigin sna seachtóidí, go raibh todhchaí thionscal na tíre le díriú ar ríomhairí agus ar sheirbhísí eile, seachas ar obair láimhe, an dtuigeann sibh; rud a fhágann, sa bhliain 2012, nach bhfuil Manchán bocht in ann taisteal ar bhus, ná ar thraein, de dhéantús na tíre seo.

Ach, d’éirigh leis theacht ar rothar a táirgeadh in Éirinn, am éigin sna seachtóidí. Bhí tionscal Raleigh anseo ó 1952 go dtí 1980, agus cé gur thóg Manchán spin beag ar cheann de na rothair, is carr a bhí uaidh.  

I 1917 a osclaíodh monarcha Ford i gCorcaigh le tarracóirí a thógáil, ach táirgeadh carranna ann, freisin, an Ford Model T, ó 1923-1927. Níor éirigh le Manchán ceann acu a fháil ar iasacht don chlár, áfach.  

I 1959 a tosaíodh ar na Shamrock Cars i mBaile na Lorgan. Níor mhair an tionscal ach 6 mhí, táirgeadh 8 gcarr ar fad, agus ní mhaireann ach 4 cinn acu anois. Níor éirigh le Manchán ceann acu sin a fháil ar iasacht, ach an oiread.

I ndeireadh na dála, d’aimsigh Manchán an DeLorean DMC-12, carr a táirgeadh i mBéal Feirste idir 1981-1982. Ó tharla carr de dhéantús na hÉireann aimsithe aige, an tseachtain seo chugainn is ar bhia na tíre a bheidh aire Mhancháin dírithe. 

An mbeidh sé in ann é féin a chothú ar bhia de dhéantús na hÉireann amháin? Beidh le feiceáil.

TG4 ar an Déardaoin,  agus athchraolta ar an Luan. 

Tuesday, September 11, 2012

Friday, September 7, 2012

Tip S'Againne!

Thug mé an brat thuas faoi deara agus mé amuigh ag siúl tráthnóna inniu. ‘Suimiúil’, arsa mé féin liom féin, ‘meas tú cén fáth a bhfuil sé sin ar foluain ansin?’

Bhuel, dá mbeadh an páipéar áitiúil léite agam an tseachtain seo, rud nach raibh, bheadh a fhios agam go bhfuil an ‘O’Neill clan on their way to Inishowen,(lch. 27) le comóradh a dhéanamh ar an ‘Tip O’Neill Donegal Diaspora Award’ - duais a bhronnfar ar an iriseoir Niall O'Dowd anocht, san Inishowen Gateway Hotel

Mar a fheicfidh sibh ón leac thuas, atá le feiceáil agam chuile lá agus mé ag siúl taobh na habhann anseo, ba as Bun Cranncha do sheanmháthair an Uasail Uí Néill. Beidh 80 dá mhuintir, a iníon Susan ina measc, ag teacht go Bun Cranncha an deireadh seachtaine seo, agus tá súil agam go mbeidh am iontach acu, mar tá go leor imeachtaí eagraithe dóibh – ina measc, ‘the unveiling of Tip O’Neill Diaspora monument on Buncrana’s shorefront.'

Agus, an bhfuil a fhios agaibh céard eile a chonaic mé agus mé amuigh ag siúl tráthnóna inniu, a léitheoirí, ó tharla go raibh fir oibre á ghlanadh agus mé ag dul thairis? Chonaic mé an séadchomhartha thuasluaite, agus chinn mé pictiúr a thógáil de, le m’fhón póca, le roinnt libhse, sula bhfeicfidh aon duine eile é. Ná habair tada..;-) 

Tuesday, July 12, 2011

Déanta in Éirinn!

Ó am go chéile, feicim táirge Éireannach a thaitníonn go mór liom, agus bím ag iarraidh an dea-scéal a roinnt le chuile dhuine, ar an bpointe. Bhí mé istigh sa Jewel Casket anseo i mBun Cranncha inniu, agus is ansin a tháinig mé ar an bpeann thuas.

Ceann de na Donegal Pens atá ann, pinn iad atá lámhdhéanta, as adhmaid éagsúla, i nGaeltacht Loch an Iúir, anseo i gCo Dhún na nGall. An rud is suimiúla faoi na pinn ná gurb iad Rónán McGarvey (14) agus a dheartháir, Conor (11), na leaideanna óga atá i gceannas ar an gcomhlacht, agus a dhéanann na pinn iad féin.

Tagann cuid den adhmad ón bportach áitiúil taobh leo, agus b’fhiú go mór súil a chaitheamh ar fhíseán Nationwide anseo, go bhfeice sibh an chaoi a ndéanann Rónán agus Conor a gcuid oibre, ó thus go deireadh.

Más bronntanas Éireannach, agus bronntanas uathúil atá uait, seo an táirge duitse, a léitheoir. Is féidir na pinn uilig a fheiceáil, agus ceann a cheannach, más mian leat, anseo.