Déardaoin seo chugainn, ar an 17 Eanáir, idir 6-9 an tráthnóna sin, beidh taispeántas á sheoladh san In-Spire Galerie ar Shráid Ghairdinéir Íochtarach (uimhir 56) i mBaile Átha Cliath, ócáid ag a mbeidh ealaíontóirí éagsúla (cara liom ina measc) ag teacht le chéile lena gcomharthaí ómóis, i gcuimhne ar Leanaí Thuama, a thaispeáint ag ócáid dár dteideal 'Stay With Me.'
Beidh mé ag an seoladh, in ómós do, agus i gcuimhne ar, na leanaí bochta sin; agus le mo chuid tacaíochta a thaispeáint do na máithreacha agus do na páistí a d'fhulaing san áit sin ar a tugadh The Tuam Mother & Baby Home.
Beidh an taispeántas ar siúl ar feadh coicíse, agus tá tuilleadh eolais faoin ócáid le léamh anseo, áit a bhfeicfidh sibh físeán leis an scríbhneoir agus iriseoir, Alison O'Reilly (údar an leabhair 'My Name is Bridget' agus an bhean atá taobh thiar den chinneadh an taispeántas seo a chur i dtoll a chéile), físeán ina bhfuil sí ag insint dúinn faoin scéal taobh thiar den taispeántas.
Tá Catherine Corless le cloisteáil ar an bhfíseán sin, freisin. Murach í. Laoch.
Grá, dóchas, admháil, aitheantas, agus cothú...sin iad na focail atá in úsáid ag Alison ar an bhfíseán. Beidh mé ann, ag tacú leis na mothúcháin sin uile, agus tá súil agam go bhfaighidh go leor agaibhse, a léitheoirí, an deis siúl isteach san áit, agus na píosaí ealaíona seo a fheiceáil, freisin.
In ómós. I gcuimhne. Le grá. Le dóchas.
Showing posts with label ealaíontóir. Show all posts
Showing posts with label ealaíontóir. Show all posts
Monday, January 14, 2019
Wednesday, May 8, 2013
Nua-Ealaín
Tá tús curtha le blag nua, Nua-Ealaín, (Ealaín in Éirinn), blag ar fiú súil a chaitheamh air, a léitheoirí, i mo thuairimse.
Is suíomh é ar a ndéanfar plé, trí mheán na Gaeilge, ar na hamharcealaíona comhaimseartha in Éirinn. Beidh agallaimh le healaíontóirí le feiceáil ar an suíomh, agus gheofar eolas ann faoi na taispeántais reatha, agus na cinn atá le teacht, is dócha.
Is fiú dea-scéal a scaipeadh, a léitheoirí, agus bheadh sé go deas dá ndéanfadh sibh féin amhlaidh, agus an dea-scéal seo a scaipeadh, le bhur dtoil.
Tá siad le fáil ar Facebook, freisin.
Is gearr go mbeidh an seoladh oifigiúil acu i nGaillimh. Go n-éirí go geal leo!
Is suíomh é ar a ndéanfar plé, trí mheán na Gaeilge, ar na hamharcealaíona comhaimseartha in Éirinn. Beidh agallaimh le healaíontóirí le feiceáil ar an suíomh, agus gheofar eolas ann faoi na taispeántais reatha, agus na cinn atá le teacht, is dócha.
Is fiú dea-scéal a scaipeadh, a léitheoirí, agus bheadh sé go deas dá ndéanfadh sibh féin amhlaidh, agus an dea-scéal seo a scaipeadh, le bhur dtoil.
Tá siad le fáil ar Facebook, freisin.
Is gearr go mbeidh an seoladh oifigiúil acu i nGaillimh. Go n-éirí go geal leo!
Friday, November 30, 2012
Focail Féilire
An tada líonta díolta, sin ealaín.
Mo leagan féin den athfhriotal Béarla thíos, ceann a tháinig ó Frank Zappa, feictear dom.
Mar is iondúil, cuirim fáilte roimh bhur leaganacha féin, a léitheoirí, más rud go bhfuil leathanach bán os bhur gcomhair, agus gan a dhath eile le déanamh agaibh ach tabhairt faoin tada sin.
Mo leagan féin den athfhriotal Béarla thíos, ceann a tháinig ó Frank Zappa, feictear dom.
Art is making something out of nothing and selling it.
M’anam, ach is minic mé i mo shuí ag mo ríomhaire, ag
líonadh an leathanaigh bháin, agus diabhal focal a dhíol mé riamh. Hmmm…
Mar is iondúil, cuirim fáilte roimh bhur leaganacha féin, a léitheoirí, más rud go bhfuil leathanach bán os bhur gcomhair, agus gan a dhath eile le déanamh agaibh ach tabhairt faoin tada sin.
Mar is iondúil eile, agus ar fhaitíos aon mhíthuiscint, ní
bhfaighidh tú, ahem, pingin rua ar aon iarracht ealaíne a roinntear anseo.
Saturday, October 20, 2012
Jab Le Déanamh
Le seachtain anuas, táim á sheachaint. Chuile uair a rachainn
isteach sa seomra leapa, bhí sé romham, ag bagairt orm, ‘Caithfidh tú é a
dhéanamh! Caithfidh tú é a dhéanamh!’
Ligfinn orm féin nach bhfaca mé é, agus ní dhearna mé é. Go
dtí inniu.
Sea, a léitheoirí, thosaigh mé ar an jab úd ar maidin - éadaí
an tsamhraidh á gcur san áiléar agam, agus éadaí an gheimhridh á dtabhairt
anuas agam.
Ní raibh rogha agam, i ndáiríre. Cé go raibh an fhírinne
á seachaint agam, mar aon leis an jab úd thuasluaite, is léir dom anois go
bhfuil an samhradh thart, agus go bhfuil gá le héadaí atá pas beag níos teolaí.
Mo chuimhne, chuala mé bean ag rá, le déanaí, ‘The trees are
turning...' agus cé gur thuig mé céard a bhí i gceist aici, níl a mhacasamhail d’abairt
‘crainn ag iompú’ le fáil i nGaeilge, chomh fada agus is eol dom; ‘tá an dath ag imeacht de na duilleoga’ a
deirtear, ceapaim.
‘Ar ndóigh, ní fhéadfadh crann é féin a iompú!’ arsa bean
chliste na Gaeilge liom, nuair a luaigh mé an leagan Béarla léi. Tá an méid sin
fíor, gan dabht, ach tá rud éigin iontach ealaíonta faoin íomhá a shamhlaigh mé,
nuair a dúirt fear áitiúil liom, le déanaí,
‘The frost turned the colour on the trees last night.’
Ealaíontóir an Fhómhair i mbun a chuid oibre, is dócha.
Labels:
áiléar,
crann taca,
éadaí,
ealaíontóir,
fírinne,
Fómhar,
jab,
nathanna cainte,
Samhradh
Thursday, September 6, 2012
Draíocht Súl agus Draíochtúil
Is fiú cúig nóiméad a chaitheamh ag breathnú ar an bhfíseán seo, ceapaim
féin, go cloise sibh an ceol, agus go bhfeice sibh na mná ina suí gan a dhath faoina dtóin, shílfeá, ach
aer, (1.08), agus mná eile ag eitilt, gan eite ach le paidir, (3.40), seans.
Chomh maith leis na healaíontóirí taibhiúcháin iontacha draíochtúla sin, tá rud éigin draíochtúil
faoin gceol san fhíseán seo; an ceol, an ealaín agus na healaíontóirí feicthe
agus cloiste ag searmanas críochnaithe éigin den Shanghai World Expo.
Labels:
amharcealaín,
ceol,
damhsa,
draíocht,
ealaíontóir,
físeán,
youtube
Subscribe to:
Posts (Atom)
