Níl céim chun cinn sa gcos i dtaca.
Sometimes, a step back, a step away, is a step forward.
Sin thuas na smaointe/nuafhocail a rith liom ar maidin, agus mé ag tabhairt chun cuimhne eachtraí na bliana seo, thall is abhus, is ar fud na cruinne.
Tá bliain nua eile romhainn anois; tá 2015 ag cnagadh ar dhoras 2014, agus táimid ar thairseach ré nua shíochánta, tá súil agam. Caithfear a bheith dóchasach, agus is fearr a bheith dearfach. Sin mo rún féin, pé scéal é.
Maidir le beartais eile na bliana nua, seo chugaibh na rúin is coitianta Oíche na Seanbhliana, deirtear.
Cibé rún atá agat féin don bhliain úr, a léitheoir, tá súil agam go mbeidh suaimhneas agus sonas romhat ar chosán na bliana nua; go léime tú, gan stró, thar aon chonstaic nó aon bhac a bheas sa mbealach ort. Níl le déanamh, b'fhéidir, ach an chos i dtaca a sheachaint.
Go n-éirí an bóthar leat!
Showing posts with label suaimhneas. Show all posts
Showing posts with label suaimhneas. Show all posts
Wednesday, December 31, 2014
Saturday, June 4, 2011
Sa mBaile
I láthair na huaire, táim i gConamara, i gCeantar na nOileán. Táim le mo dhream féin, ar ais san áit inar rugadh agus inar tógadh mé, rud a fhágann go bhfuilim ar mo shuaimhneas. Is suaimhneas ar leith atá ann, an dtuigeann sibh, suaimhneas nach mothaím in aon áit eile ar domhan, ach amháin anseo.
Nach suimiúil an rud é sin, a léitheoir? Cé go bhfuil i bhfad níos mó de mo shaol caite agam taobh amuigh den cheantar seo, agus cé go bhfuilim breá suaimhneach agus sona sásta i nDún na nGall, an áit ina bhfuilim ag cur fúm le tríocha bliain anuas, tugaim ‘baile’ ar an oileán beag seo, Eanach Mheáin.
An tseachtain seo chugainn, beidh mé ag dul abhaile, ag dul ar ais go Ceann Scríbe, ach, i láthair na huaire, táim sa mbaile.
Inné...
Aréir…
Subscribe to:
Posts (Atom)