Showing posts with label cineáltas. Show all posts
Showing posts with label cineáltas. Show all posts

Friday, March 28, 2025

Machnamh

De réir mar atá na blianta ag dul thart, (agus tá siad ag imeacht an-sciobtha le blianta beaga anuas, feictear dom), déanaim iarracht gan a bheith cantalach, gan mo racht a ligean amach taobh amuigh de mo bhéal, gan a bheith róchorraithe. Ní hé go gceapaim gur binne béal ina thost, ach tá faoiseamh ar leith ag baint le suaimhneas na socrachta. 

Nuair a bhuail mé le haois an phinsin, chroith mé lámh léi, chuir mé fáilte roimpi agus lena híocaíocht sheachtainiúil. Thug mé faoi deara nach ciall a thagann ina teannta, go minic, ach cibé scéal é, táimse faighte níos séimhe ionam fhéin, ceapaim. Glacaim leis go bhfuil nithe ann nach féidir liom a athrú; gur fearr, in amanna, nithe móra beaga a ligean tharam, agus gur fearr gan deis a thapú gan mo thaighde a bheith déanta agam roimh ré. 

An méid sin ráite, thosaigh mé ag blagáil beagnach fiche bliain ó shin le go mbeadh glór na mná meánaoisí san áireamh i gcumarsáid na Gaeilge, ar líne. Cuireann sé áthas orm go bhfuil mná go leor ag cumarsáid trí mheán na Gaeilge ar líne ar na saolta seo, idir óg agus aosta. Áirím mé fhéin leis na haostaigh, anois, agus táim den bharúil, cibé an bhfuil ciall ann nó as, go bhfuil taithí na mblianta do mo stiúradh na laethanta seo, seachas ualach na mblianta, mar a déarfá. 

Mar sin fhéin, tá nithe a chuireann as dom, fós, ag an tráth seo de mo shaol. Tá comhionannas tábhachtach. Creidim gur ionann muid uilig, go dtagann muid ar an saol le pócaí folmha agus is mar sin a fhágfaidh muid an saol. Ní féidir do mhaoin a thabhairt leat.  Is cuma cé muid fhéin ná cé leis muid, is mar a chéile an toradh ag an tús (breith), agus ag an deireadh (bás).  

Idir an dá linn, an bhreith agus an bás, tá beatha; agus is beatha duine a thoil. Sa tír seo, is lucht dea-thola a bhformhór, ach tá sé tugtha faoi deara agam go bhfuil rudaí ag titim amach le roinnt blianta anuas, thall agus abhus, a chuireann machismo na haimsire caite i gcuimhne dom. Tá lucht leanúna ag na fir seo, réalta iad i súile daoine atá, shílfeá, dall ar chomhionannas agus ar chineáltas.

Nuair a chonaic mé an raic sa Dáil an lá cheana, an easpa measa ar chaon taobh, an easpa ábaltachta theacht ar réiteach gan raic, gan screadaíl, le stuaim agus le guaim, tharraing mé anáil dhomhain dhíomách dhubhach. 

Tá roth an tsaoil ag casadh...

Sunday, January 1, 2023

Cuirtíní Éadroma

I mBarda na gCnámh Briste san ospidéal a bhí siad. Ceathrar acu, cnámha briste ina gcosa ag triúr acu, cnámh bhriste ina lámh ag duine amháin. Bhí siad uilig théis dhul faoin scian, an lá sin. Bhí siad uilig i bpian. Bhí an t-altra an-chineálta leo. 

Is gearr go mbeidh an lia thart le labhairt libh, a dúirt sí.

Bhí go leor ceisteanna acu uilig don lia. Bhí a fhios ag an altra é sin. Cén uair a laghdódh an phian? An gcneasóidh an chnámh? Cén uair a bheas mé in ann dul abhaile? An mbeidh mé ceart go leor, amach anseo? Bhí na ceisteanna céanna cloiste go mion minic aici siúd. 

Go deimhin, bheadh na ceisteanna céanna le cloisteáil ag chuile dhuine sa mbarda nuair a thiocfadh an lia, mar nach raibh tada idir na leapacha ach cuirtíní éadroma nár choinnigh ach méid áirithe faoi cheilt. Dá mba mhian leis na hothair, is dócha go bhféadfadh na cuirtíní sin a bheith tarraingthe siar ar fad, ach ní chuile dhuine a bheadh in ann é sin a dhéanamh. Theastódh tacaíocht de shaghas éigin.

Bhí sé deireanach san oíche nuair a thosaigh an lia ar a chamchuairt. Cé go raibh an príomhsholas múchta faoin am sin, bhí na hothair fós ina ndúiseacht; solas beag ag lasadh taobh na leapa acu a d’fhéadfaí a fheiceáil trí na cuirtíní. D’fhreagair an lia ceisteanna lucht na gcos briste, ceist i ndiaidh ceiste, duine ar dhuine. Bhí sé ar tí imeacht, nuair a luaigh an t-altra bean an rosta bhriste leis.

She can walk..,  arsa an lia, agus amach an doras leis.

Chloisfeá biorán ag titim. Ní raibh focal ó aon duine acu; ní ón altra, ní ó othair na gcos briste. Ní dúirt bean an rosta bhriste tada, ach an oiread. Bhí a fhios aici gur chuala lucht an bharda an méid a dúirt an lia, mar chuala sise an méid a dúirt seisean leosan. Ní stopann cuirtíní éadroma focla.

Céard ba chúis leis an méid a tharla? B’fhéidir go raibh an lia bocht tuirseach traochta théis a lá oibre? B’fhéidir nach raibh scil aige ach amháin i gcneasú chnámh na gcos? B'fhéidir gurb éard a bhí i gceist aige ná go bhféadfadh an bhean an t-ospidéal a fhágáil ar an bpointe boise dá mba mhian léi? Faraor, leis na cuirtíní sa mbealach air, ní fhaca sé, b’fhéidir, go raibh sí ceangailte le diltálaire a bhí líonta le pianmharfóirí agus nach bhféadfadh sí bogadh, anonn ná anall. 

Cibé scéal é, rinneadh neamhaird di. Níor chuir sí aon cheist. Ní bhfuair sí an deis. B’fhéidir nárbh fhiú deich dtriuf a ceisteanna? B’fhéidir nárbh fhiú mórán í fhéin? Ní raibh a fhios aici. Ní dúirt sí tada. Níor laghdaigh a himní. Ní bhfuair sí aon sólás.

Má tá fonn orainn rúin nua a bheith againn don bhliain nua seo, b’fhéidir go mbeadh sé níos deise, níos tuisceanaí, gan neamhaird a dhéanamh don duine ciúin, ach ceist a chur air nó uirthi,

an bhfuil tú ceart go leor?

Is iomaí briseadh nach féidir a fheiceáil. B’fhéidir go mbeadh cuid den leigheas i bhfocla cineálta.  

Monday, June 3, 2013

Turas Ailse

Tá sé beagnach bliain ó shin ó d’inis mé daoibh faoi Inis Aoibhinn i nGaillimh, agus faoin mionbhus a thugann othair le hailse ón taobh seo tíre síos go Gaillimh, le haghaidh radaiteiripe.

Mar a scríobh mé an t-am sin, ó tharla gan seirbhís chuí ar fáil do na hothair, ceannaíodh an mionbhus as deontais a tugadh go flaithiúil go háitiúil, le go mbeadh na hothair as Dún na nGall in ann an turas a dhéanamh go Gaillimh gan costais taistil, agus gan imní sa bhreis in am a dtinneas.

Déantar an tiomáint go deonach, freisin, agus bailítear airgead d’Inis Aoibhinn, chomh maith céanna, mar gur áras lóistín é atá taobh leis an ospidéal i nGaillimh, áit a dtugtar lóistín do na hothair, saor in aisce, le nach mbeidh orthu an turas fada abhaile a tharraingt orthu féin, go dtí go n-airíonn siad níos fearr, is dócha.

Tá comhbhlagálaí liom atá ar a Turas Ailse féin, agus tharla sé gur bhuaigh sí, i ngan fhios dom, an chéad áit i gcomórtas Story in Six Words le Read LK i Leitir Ceanainn, lena scéal ‘Doctor finishes talking. Dreams silently shatter.’

Comhghairdeachas ó chroí leat, a Réaltán, agus tá súil agam nach miste leat go roinnim an dea-scéal faoi do bhua anseo!  

Cén nasc atá idir an dá scéal seo, an bus agus an bua? Bhuel, an tseachtain seo caite, gan súil ar bith agam leis, tháinig cárta chugam ó Réaltán, cárta lena raibh na dearbháin a bhuaigh sí sa chomórtas thuasluaite iniata, agus d’iarr sí orm na dearbháin sin a thabhairt don dream úd atá ag bailiú airgid d’othair an chontae seo, le go mbainfidh siadsan leas astu, ar bhealach a chuideoidh le muintir na háite seo.  


Déanfaidh mé amhlaidh, agus seolaim anois mo bheannachtaí agus mo bharróga buíochais chuig an mbean fhial fhlaithiúil sin i mBaile Átha Cliath a thuigeann ár gcás anseo i nDún na nGall. Go raibh céad míle maith agat, a chara! Nár laga do Ché do chineáltas, a dhuine uasail.