Showing posts with label dea-scéal. Show all posts
Showing posts with label dea-scéal. Show all posts

Tuesday, June 2, 2015

Smaointe Ag Rith

Tharla sé gur chaill mé codladh na hoíche, aréir, a léitheoirí. Ní go rómhinic a tharlaíonn sé, go deimhin, ach, nuair a tharlaíonn, líontar folús mo dhúiseachta le cuimhní cinn, agus tosaíonn smaointe ag rith isteach i mo chloigeann; go dtí nach mbíonn áit sa chloigeann céanna do chodladh na hoíche, is dócha. Sin é an baol.

Pé scéal é, ceann de na cuimhní a tháinig chugam aréir ná an scéal a chuala mé, blianta fada ó shin, ó lánúin a chaill codladh na hoíche iad féin, nuair a tháinig duine éigin ag cnagadh ar dhoras a tí, in am marbh na hoíche. Ghlac siad leis gur duine óltach a bhí ann, rinne siad neamhaird den chnagadh, agus d’fhan siad ina leaba. 

Ní dea-scéal toradh an scéil sin, ach sin scéal eile, nach bhfuil fúm é a roinnt anseo.

Is dóigh liom gurb é an fáth gur tháinig an scéal sin chun cuimhne ná mar gheall ar scéilín eile a insíodh dom, le déanaí. Lánúin eile, lánúin i bhfad níos óige, a bhí i mbun inste an geábh seo. Dúisíodh iad, i lár na hoíche, níl sé i bhfad ó shin, nuair a chuala siad duine éigin ag cnagadh ar dhoras a tí, ach ghlac siad leis gur scam de shaghas éigin a bhí ann, rinne siad neamhaird den chnagadh, agus d’fhan siad ina leaba.

Rith sé liom, aréir, nach bhfuil an saol ag athrú, ar chor ar bith, fiú má mhaítear go bhfuil. Táimid uilig éagsúil, mar is iondúil; cuid againn inár ‘is cuma liom’aithe, agus cuid againn inár ‘ní bhaineann sé liom’aithe, agus níl a fhios ag aon duine againn, go cinnte, cén toradh a bheas ar aird, ná ar neamhaird. Sin é an saol, agus nach é an mac baolach é, gan amhras dá laghad.

An méid sin ráite, b’fhéidir go mba chóir dúinn amhras a bheith orainn faoina leithéidí. Deacair a rá. D’fhéadfá codladh na hoíche a chailleadh…

Tuesday, July 23, 2013

Éan, Dó, Trí...


Snag roimh brón, 
péire roimh só, 
trí cinn pósadh,
cheithre cinn mac óg,
cúig a bheireas airgead,
sé cinn ór,
seacht gcinn rún
nach sceifir go deo. 

An rann beag sin as an leabhar Seanfhocla Chonnacht, faoin gceannteideal Ainmhithe. 

Thóg mé an grianghraf thuas in Eanach Mheáin álainn, roinnt seachtainí ó shin. Cheap mé nach raibh ann ach an 'péire' atá le feiceáil thuas, ach bhreathnaigh mé ar an mbunchóip arís inniu, agus tá 'trí cinn' acu ann, feictear dom.
Suimiúil, arsa mé féin liom féin. Fáth mo spéise, a léitheoirí? Bhuel, tharla sé go bhfuair mé dáta a bhainise ó mo mhac an tseachtain seo, agus is cosúil, anois, go mbeidh beirt de mo chlann ag pósadh an bhliain seo chugainn - iníon agus mac.  Blianta ag fanacht le dea-scéal ó dhuine dár dtriúr, ansin socraíonn beirt acu ar an mbliain chéanna! Go sábhála Hera sinn, ach beidh an-chraic go deo romhainn an bhliain seo chugainn!

Na 'trí cinn' thuas atá freagrach as an gcraic uilig, tá mé ahem, cinnte dearfa de...bhuel, b'fhéidir go raibh baint éigin ag Aphrodite leis na dea-scéalta, freisin. Só só happy...

Tuesday, March 27, 2012

Bród Uaireadóirí

Taitníonn táirge agus scéal Jason O’Reilly go mór liom. Is fear é a d’fhág an scoil gan é ach ceithre bliana déag d’aois, agus fear a d’oibrigh go dian ar feadh a shaoil, feictear dom, ón méid atá léite agam, agus ón méid a chuala mé ar chlár Dragons’ Den ar RTÉ, Dé Domhnaigh seo caite (éist ag 38.48).

Nuair a fuair sé é féin gan jab cúpla bliain ó shin, níor ghlac sé le saol an duine dhíomhaoin. Thug sé aghaidh ar an todhchaí, agus threabh sé an t-iomaire a bhí roimhe, fiú le cnoc nó dhó sa bhealach ar an bhfear bocht. Is cosúil go mbeidh, anois, toradh maith ar a chuid oibre.

Scaip an scéal, a léitheoirí, mura miste libh, mar is fiú tacú lena leithéid, i mo thuairim: bronntanas deas do dhuine éigin, agus gan air ach €6.99 - ar ‘ardaigh orm’ gan dabht!    

Wednesday, October 5, 2011

Blagálaí Buaiteach!

Ní dhearna mé dearmad air, ach bhí mé ag fanacht go bhfeicfinn liosta na mbuaiteoirí ar shuíomh an Oireachtais, rud nár éirigh liom a fháil, ach, ar maidin, chonaic mé an liosta ar shuíomh Nuacht24, rud a thugann deis dom mo chomhghairdeas ó chroí a dhéanamh leis na buaiteoirí uilig i gComórtas Liteartha an Oireachtais, 2011, ach, go háirithe, is maith liom go bhfuil deis agam mo ‘Go maire tú do nuacht!’ a rá lenár gcomhbhlagálaí, Proinsias Mac a’Bhaird, a bhuaigh, feictear dom, trí dhuais i mbliana.

Maith thú, a Phroinsias! 

Monday, September 26, 2011

Banláidreacht

Ní raibh mé in ann theacht ar aon leagan Gaeilge de na scéalta seo a leanas, agus níor mhaith liom an lá a ligean tharam, gan na mná seo thíos a lua:

Mná na hEorpa, a bhuaigh The Solheim Cup sa ghalf, in Éirinn, ag an deireadh seachtaine.

Mná Chorcaí, a bhuaigh Craobhchomórtas Sinsear na hÉireann i bPeil na mBan (TG4) inné.

Mná na hAraibe Sádaí, a fuair cead vótála, faoi dheireadh. Is fearr go deireanach ná go brách, is dócha, fiú más rud é go raibh ar na mná fanacht le cinneadh ón Rí Abdulladh, fear a chinn ‘that a study of Muslim history had shown that women were capable of rational thinking and decision making.’ Bhabha! An méid sin ráite, níl cead acu carr a thiomáint fós.

An bhfuil aon suíomh, ó na meáin Ghaeilge, ar a bhfuil scéalta reatha, fearacht na cinn thuasluaite, le fáil go rialta, a léitheoirí?

Wednesday, September 14, 2011

Bláth na Sláinte

Dea-scéal a tháinig chugainn ag tús na seachtaine ná go bhfuil ag éirí go maith le lucht taighde in Ollscoil Bhradford, ina n-iarrachtaí i gcoinne an ghalair ailse. 

Más buan mo thuiscint, tá siad tar éis theacht ar bhealach inar féidir leo siadaí urchóideacha i lucha a leigheas; iad ag súil go n-oibreoidh an leigheas céanna ar dhaoine le hailse, taobh istigh de chúpla bliain.

Cé go raibh eolaithe riamh ar an eolas faoin úsc frithailse Colchicine, úsc a thagann ón gcrócas cróch an fhómhair, agus air a bunaíodh an leigheas nua thuasluaite, ceapadh an t-úsc bheith ró-nimhiúil do chorp an duine.

Anois, tá sórt ‘smart bomb’ cruthaithe ag na taighdeoirí; eireaball ceimiceach greamaithe acu leis an gceimiceán Colchicine, len é a choinneáil díghníomhachtaithe, go sroicheann sé an siad urchóideach. 

Is cosúil go bhfuil einsím sa siad urchóideach a bhaineann an t-eireaball den cheimiceán ansin, am a ghníomhachtaítear an Colchicine, a ionsaíonn agus a mharaíonn na fuileadáin a thugann beatha don siad.

Go n-éirí go geal lena n-iarrachtaí.

Monday, June 20, 2011

Faoi Lánseol!

D’fhán mé i mo shuí, ag breathnú air, cé nár thuig mé, go hiomlán, céard a bhí ag dul ar aghaidh. Má chuir mé ceist amháin, chuir mé céad ceist. Bhí An Garraíodóir foighneach. D’fhreagair sé na ceisteanna, ceann i ndiaidh a chéile.

Ach, níor bhain sé a shúile den teilifís.  Bhí corr ‘Yaboyya!’ i lár na bhfreagraí, mar aon le ‘He has it!’ agus ‘There’s no stopping him now!’ Bhí an ceart aige.

Cé nach bhfuil leid dá laghad agam faoin gcluiche, tá a fhios agam go raibh mé i mo shuí sa seomra suite aréir, ag foghlaim faoi chluiche nach dtuigim, ag breathnú ar fhear óg uasal ag treabhadh leis, gan stró, shílfeá, agus tá a fhios agam gur mhothaigh mé iontach bródúil as an Éireannach a thug leis trófaí an U.S.Open aréir. 

Nár laga do swing go deo, a Rory McIlroy!