Sí Bean an tSléibhe a d’inis dom faoin siopa leabhar
Universal Books, siopa atá ar Lána na hEaglaise i Leitir Ceanainn, agus siopa inar
féidir leabhair athláimhe a cheannach.
David is ainm d’úinéir an tsiopa, agus ó tharla go raibh
aithne aige orm ón gcéad lá a shiúil mé isteach chuige, an mhí seo caite, agus go raibh a fhios aige, ón gcuairt sin, go bhfuil suim atá agam i leabhair Ghaeilge, is eisean a d’inis
dom go raibh an tseoid leabhair thuas, Laoiṫe na Féinne, faighte aige, agus é
le díol aige, dá mbeadh suim agam ann.
Mar is eol do léitheoirí rialta mo bhlaganna, tá luí nach beag agamsa le leabhair, agus nuair a bhím istigh i siopaí leabhar, ní théim abhaile gan leabhar nó dhó liom. Mar a fheicfidh sibh, ón bpictiúr thíos, rinne
mé amhlaidh an geábh seo.
Bhuel, nuair a chonaic An Garraíodóir na leabhair uilig,
beag nár thit an fear bocht as a sheasamh.
‘Count each one as a Mayo goal.’ arsa mé féin, sular
cuireadh aon cheist orm faoi, ahem, chostas na leabhar, an dtuigeann sibh.
Ní raibh gá a thuilleadh a rá. Tá sé breá sásta anois, mar
atá mé féin, a léitheoirí, le mo charnán luachmhar taighde/eolais ag méadú. Ach,
is féidir margadh a dhéanamh le David, mar a rinne mise, agus b’fhéidir go bhfaighfeá cupán tae
uaidh, freisin. Tá atmaisféar ar leith sa siopa sin, agus is duine cairdiúil
cuidiúil é mar úinéir, feictear dom.
B’fhiú go mór súil a choinneáil ar an suíomh Facebook atá
aige, mar bíonn féirín nó dhó le feiceáil ann, go minic. Is ann a chonaic mé an
leabhar a gheobhaidh An Garraíodóir don Nollaig, ach, shhhh, ná habair tada
leis! Ní fhaca sé é sa charnán. Ní fhaca sé ach cúil Mhaigh Eo..;-)