Showing posts with label Cúirt Filíochta. Show all posts
Showing posts with label Cúirt Filíochta. Show all posts

Tuesday, October 13, 2026

An Chúirt Filíochta - Oireachtas na Samhna 2026

Tá ár n-ócáid bhliantúil, An Chúirt Filíochta, ag dul ar ais go dtí An Ríocht i mbliana, agus is ann a bheas muid, ag Oireachtas na Samhna ar an Satharn, 31 Deireadh Fómhair, thuas staighre, Leibhéal 1, Seomra Comhdhála, in Óstán an Gleneagle i gCill Airne, ag 1.30in. Tá mé fhéin, Bríd agus an Sirriam gníomhach, Proinsias Mac a'Bhaird ag súil GO MÓR le bhur gcomhluadar, arís, i mbliana. 

Tá aiféala orm faoin mhoill leis an mBarántas (thíos), ach bhí Proinsias bocht ar an tear gníomhach. Cibé scéal é, ná bígí buartha, a léitheoirí, mar bhí mé fhéin agus Bríd ag obair go dian ar bhur son. D'éirigh linn seoladh a aimsiú ar chúl phróca caife Columbian, agus tá iarratas seolta againn chucu; tá muid ag súil go mbeidh an cócaon againn in am don chúirt. Tá an caviar fós le ordú, ach b'fhéidir go mbeadh Donegal Catch in ann cuidiú liom. Seans go bhfuil seoladh teagmhála áit éigin ar chúl an phacáiste sa freezer. 

Tá an Cognac fágtha faoi chúram Phroinsias. Eisean atá i gceannas, freisin, ar an ngloine uisce beatha, an chrág duilisce nó an pins snaoisín a bheas ar fáil, ag an gCúirt, do gach file a dhéanfaidh aithris ar dhán. 

Maidir leis na dánta, ní gá cloí leis an téama atá luaite sa bharántas, agus is féidir leat dán nár scríobh tú fhéin a aithris, más mian leat, ach iarrtar ort, a scríbhneoir, gan ach dán amháin (nó dhá dhán ghairide) a aithris agus, mura miste leat, cóip den dán/de na dánta sin a sheoladh chuig Proinsias (pmacabhaird ag gmail ponc com) cúpla lá roimh an ócáid, le go mbeidh deis aige iad a réiteach don scáileán mór. Má bhíonn na dánta aige, roimh ré, is féidir le Proinsias an Cognac a ól a chuid obair theicniúil a dhéanamh le go mbeidh deis ag an lucht éisteachta an dán a léamh, chomh maith le hé a chloisteáil agus an dán i mbun aithrise.  

B'aoibhinn linn filí úra a chloisteáil ag an gCúirt Filíochta, mar sin bheimis buíoch díbh, a léitheoirí, ach an scéal seo a scaipeadh ar bhur lucht aitheantais, idir óg agus chomh-hóg-linne; ba mhaith linn go mbeadh a fhios ag daoine go gcuirtear fáilte roimh chuile dhuine ag an gCúirt Filíochta, bíodh siad aitheanta mar fhile nó ná bíodh. Agus, ar ndóigh, is maith ann lucht éisteachta! Beidh deis againn uilig bualadh le chéile, i ndiaidh na Cúirte, mar beidh greim le hithe agus gloine fíona ar fáil, nuair a bheas na dánta uilig cloiste againn.

Ár mbuíochas ó chroí le Clár na Leabhar Gaeilge as a gcuid urraíochta!

Seo chugaibh an Barántas, a chairde, agus mholfainn daoibh Deasghnátha na Cúirte a léamh go cúramach mar cloítear, ahem, go docht daingean leo.

*************************** 

Barántas 

Do Bhaird, Filí agus Ollaimh Bhanbha, beannachtaí! 

Whereas, tá gaoth an easaontais ag séideadh fríd Leath Chuinn agus siúlóirí buí ag iarraidh an bonn a bhaint de shuaimhneas Bhóthar Gharbhachaidh  athuair. San Oileán Úr, tá pilibín na moinge buí ag caoineadh duais nár bronnadh agus ag santú ola an tsaoil. Sa Domhan Thoir, tá Sliocht Íosác ag cur Clann Ishmael de  dhroim an domhain mar a bheadh diabhail bhuí ann.  

Buí it known, leanann an t-anás an chogaíocht, leanann mearbhall bréaga agus leanann aineolas agus éiginnteacht a chéile, ach fós féin leanaimid lagcheannairí na smaointe seanchaite.  

Whereas, bhí meas ariamh ag Clann Mhíle ar fhocail a chuid filí agus ghlac sé go fonnmhar le comhairle na héigse, cad iad na rannta a chumfaidh a chuid bard inniu chun iad a threorú i dtreo na síochána agus an tsuaimhnis intinne in aimsir seo  na héiginnteachta agus an amhrais. 

Ordaítear duit, subpoena ad testificum, fianaise a thabhairt os comhair Cúirte a  eagrófar ar an tSatharn, an 31ú lá de mhí Dheireadh Fómhair i gCill Airne ag 1.30 pm, maidir le réiteach aighnis, sárú an aineolais agus ceannaireacht chiallmhar. Tugtha faoi mo lámhsa [le húdarás incheistithe] ar an lá seo, an dara lá dhéag de Dheireadh Fómhair, Bliain ár dTiarna Dhá Mhíle Fiche a Sé. 

                                                                         PROINSIAS MAC A’ BHAIRD 

                                                                                    Sirriam (mall)ghníomhach 

God Save The King!

*****************************

Deasghnátha na Cúirte 

Ní léifidh aon fhinné níos mó ná dán amháin mar fhianaise, ach bíodh an dara ceann réidh aige ar eagla nach mbeidh rannpháirtíocht shásúil ó fhilí sásúla ann lá na Cúirte. 

Ní gá don fhinné cloí le téama na Cúirte agus ní gá don fhinné dán dá chuid féin a aithris ach iarrtar ar gach finné a bheith sa tseomra cheart ar an lá cheart. 

Is nós don ghiúiré bualadh bos a thabhairt d’fhinné nuair a bheidh fianaise tugtha aige. Ní nós bualadh bos a thabhairt agus an finné i lár aithrise [ach amháin sa chás go maslaítear lucht an uabhair ar bhealach nuálach  turgnamhach].  

Seachnaítear an caoineadh agus an t-olagón ach amháin sa chás go mbíonn tubaiste mhór náisiúnta nó pearsanta ann maidin na Cúirte. Beidh sé de dhualgas ar oifigigh na Cúirte sainmhíniú a dhéanamh ar a  bhfuil i gceist le tubaiste. Ní aireofar Galfchúrsa an Dúin Bhig, biachlár Óstán an Brehon ná Duolingo ina thubaiste phearsanta nó náisiúnta. 

Bronnfar dram uisce beatha, crág duilisc agus pins snaoisín ar gach finné a thugann fianaise shásúil. Bronnfar  buidéal Cognac, caviar agus líne cócaoin ar fhinné a chuireann an giúiré ag gáire os ard. 

Ar iarratas i scríbhinn ó ⅔ den ghiúiré a fhaightear 6 mhí roimh dháta na Cúirte, cuirfear aistriúchán  comhuaineach ar fáil sna teangacha seo a leanas: Ultais, Gàidhlig, Gaelg, Gaelscoilis, Cant, agus Gaolainn Chontae an Chláir.  

Ceadaítear éirí in airde, éirí ar tháblaí agus éirí amach ach ní cheadaítear éirí suas ar bhaill eile den ghiúiré [a fhad is a bhíonn gnó na Cúirte ar siúl]. 

Beidh sé de chead ag an ghiúiré finné a cheistiú. Muna bhfaightear freagra sásúil, beidh sé de chead ag an ghiúiré a gcuid seanfháinní óir a chaitheamh ar an fhinné. 

Taispeántar an meas is dual d’oifigigh na Cúirte agus beannaítear go cuirtéiseach leo. Tá cead ag finné deoch mheisciúil a cheannach d’aon oifigeach roimh, i rith nó i ndiaidh imeachtaí na Cúirte agus ní fhéachfar air sin mar bhreab. Ní gá d’oifigigh na Cúirte a bheith cáilithe in aon rud fónta, ach is gá dóibh a bheith beo agus fá scread asail de láthair na Cúirte. 

Tá cead ag finné a chuid fianaise a chanadh, ach ní mór glór ceolmhar binn a bheith aige. Seachnaítear na mionghléasanna agus an Hip Hop. 

Ceadaítear don ghiúiré tuilleadh rialacha a chur leis an liosta seo agus nósanna nua a bhunú gan choinne. 

Thursday, October 6, 2022

An Chúirt Filíochta - Oireachtas na Samhna 2022

Ardaíonn mo chroí chuile mhaidin ó chuala mé go bhfuil Oireachtas na Samhna ar ais linn, beo beathach as Cill Airne, arís i mbliana. D'airigh mé uaim an ócáid bhliantúil, an teacht le chéile sin a thugann deis dúinne, lucht labhartha na Gaeilge, ár dtraidisiún a roinnt lena chéile; mar lucht féachana, mar lucht éisteachta, mar lucht siamsaíochta. 

Cé go raibh teacht ar an gCúirt Filíochta ar líne anuraidh agus arú anuraidh, a bhuí leis na filí uilig a chuir a gcuid filíochta ar fáil go fial flaithiúil, agus a bhuí le Proinsias Mac a'Bhaird, Sirriam gníomhach na Cúirte a rinne obair na gcapall ar na físeáin, beidh sé go deas bheith ar ais in bhur gcuideachta, arís, an mhí seo chugainn, Dé Sathairn, 5 Samhain, 1.30 i.n. i Seomra Park, in Óstán an Brehon i gCill Airne. 

Tá Barántas agus Deasghnátha na Cúirte seolta ag an Sirriam gníomhach ildánach gnóthach cantalach cumasach (féach thíos) agus cé nach gá cloí le téama an bharántais, iarrtar oraibh dán amháin (nó dhá dhán ghairide) a sheoladh chuige ag pmacabhaird ag gmail ponc com, roimh an 3 Samhain, le bhur dtoil, le go mbeidh deis aige na socruithe teicneolaíochta a dhéanamh - cuireann sé na dánta le chéile ar scáileán, le hosteilgeoir, le go mbeidh deis ag an lucht éisteachta an dán a fheiceáil le linn aithris an fhile. 

Is ócáid shóisialta í agus cuirtear fáilte roimh bhur gcuideachta, bíodh sibh ag léamh linn, nó ag éisteacht linn. Beidh mise agus Bríd Ní Mhóráin i láthair, mar mhná tí, le súil a choinneáil oraibh le cuidiú le Proinsias, agus iarrtar oraibh, mura miste libh, an scéal seo a scaipeadh ar bhur lucht aitheantais. 

Is breá leis an Sirriam filí úra agus filí óga a fheiceáil ag teacht inár gcuideachta ag an gCúirt Filíochta, agus molaim daoibh neart acu a aimsiú, más féidir libh, ar fhaitíos go mbeadh orm fhéin, ar Bhríd agus ar Phroinsias an dram uisce beatha, pins snaoisín agus crág duilisc (luach saothair gach file a léann dán ag an ócáid) a ídiú muid fhéin. 

***********************

Barántas

Do Bhaird, Filí agus Ollaimh Bhanbha, beannachtaí!

Whereas, níor luaithe támh agus teidhm curtha ina ndiaidh ag maca Mhíle ná go bhfágtar fuar ina dtithe agus crom faoi ualach fiach iad.

Be it known, go bhfuil cogadh ag réabadh san Oirthear agus a anáil le brath ar chládaigh Éireann, go bhfuil sparáin folamh agus éadóchas ar dhaoine - tuirtheacht ba mhinic tráchta. Ach bíodh is go bhfuil foscadh gann, tá fine Inis Fáil i ndiaidh fáilte agus féile a chur roimh na sluaite anoir, rud ba chlú don chine Ghael ó aimsir ársa.

Whereas, ba nós ag an éigse sólás a thabhairt d’fhlatha agus tuatha na tíre a spreagadh, cén fhortacht a thabharfaidh filí Fódhla do mhacra Oileán na bhFionn, cén eagna a roinnfidh siad ar iníonra Inis Ealga?

Ordaítear duit, subpoena ad testificum, fianaise a thabhairt os comhair Cúirte a eagrófar ar an tSatharn, an cúigiú lá de mhí na Samhna i gCill Airne ag 1.30 pm, maidir le cogaíocht, cuairteoirí agus cruatan.  

Tugtha faoi mo lámhsa [le húdarás incheistithe] ar an lá seo, an séú lá de Dheireadh Fómhair, Bliain ár dTiarna Dhá Mhíle Fiche a Dó. 

 

                                                     PROINSIAS MAC A’ BHAIRD

                                                                         Sirriam gníomhach


God Save The King!

 

 *********************

Deasghnátha na Cúirte 

Ní léifidh aon fhinné níos mó ná dhá dhán mar fhianaise, ach bíodh an tríú ceann réidh aici/aige ar eagla nach mbeidh rannpháirtíocht shásúil ó fhilí sásúla ann lá na Cúirte.

Ní gá don fhinné cloí le téama na Cúirte agus ní gá don fhinné dán dá c(h)uid féin a aithris ach iarrtar ar gach finné a bheith sa tseomra cheart.

Is nós don ghiúiré bualadh bos a thabhairt d’fhinné nuair a bheidh fianaise tugtha aige nó aici. Ní nós bualadh bos a thabhairt agus an finné i lár aithrise [ach amháin sa chás go maslaítear aire rialtais ar bhealach nuálach turgnamhach].

Seachnaítear an caoineadh agus an t-olagón ach amháin sa chás go mbíonn tubaiste mhór náisiúnta nó pearsanta ann maidin na Cúirte. Beidh sé de dhualgas ar oifigigh na Cúirte sainmhíniú a dhéanamh ar a bhfuil i gceist le tubaiste. Ní aireofar pleananna teanga, Kneecap ná dul ar scor Mháirtín Tom Sheáinín ina thubaiste phearsanta nó náisiúnta.

Bronnfar dram uisce beatha, crág duilisc agus pins snaoisín ar gach finné a thugann fianaise shásúil. Bronnfar buidéal Cognac, caviar agus líne cócaoin ar fhinné a chuireann an giúiré ag gáire os ard.

Ar iarratas i scríbhinn ó ⅔ den ghiúiré a fhaightear 6 mhí roimh dháta na Cúirte, cuirfear aistriúchán comhuaineach ar fáil sna teangacha seo a leanas: Ultais, Gàidhlig, Gaelg, Gaelscoilis, Yola, Shelta agus Gaolainn Iarthar Dhuibhneach.

Ceadaítear éirí in airde, éirí ar tháblaí agus éirí amach ach ní cheadaítear éirí suas ar bhaill eile den ghiúiré [a fhad is a bhíonn gnó na Cúirte ar siúl].

Beidh sé de chead ag an ghiúiré finné a cheistiú. Muna bhfaightear freagra sásúil, beidh sé de chead ag an ghiúiré a gcuid seanfháinní óir a chaitheamh ar an fhinné.

Taispeántar an meas is dual d’oifigigh na Cúirte, agus beannaítear go cuirtéiseach leo. Tá cead ag finné deoch mheisciúil a cheannach d’aon oifigeach roimh, i rith nó i ndiaidh imeachtaí na Cúirte agus ní fhéachfar air seo mar bhreab. Ní gá d’oifigigh na Cúirte a bheith cáilithe in aon rud fónta, ach is gá dóibh a bheith beo agus fá scread asail de láthair na Cúirte.

Tá cead ag finné a c(h)uid fianaise a chanadh, ach ní mór glór ceolmhar binn a bheith aige/aici. Seachnaítear na mionghléasanna agus an Hip Hop.

Ceadaítear don ghiúiré tuilleadh rialacha a chur leis an liosta seo agus nósanna nua a bhunú gan choinne. 


Tuesday, October 15, 2019

An Chúirt Filíochta - Oireachtas na Samhna 2019


Barántas

Do Bhaird, Filí agus Ollaimh Bhanbha, beannachtaí!

Whereas, le cuimhne na seacht sinsear, choinnigh filí Fódhla cuntas ar stair, seanchas agus scéal Inse Fáil. Ó Thuath Dé Danann go teacht na nGael, ó Dhanair bharbartha go hansmacht na nGall, rinneadh tuairisc agus caitheadh géarshúil ar na cora iomadúla a cuireadh i gcinniúint Oileán na bhFionn.

Be it known, go bhfuil Cymru, Alba, Éire agus Dúiche na Sacsanach fágtha in umar na haimléise ag bréaga, bladar agus bolscairí beaga baotha, is gan radharc soiléir ag aon duine ar a bhfuil romhainn.

Whereas, tá an crú réidh le titim agus an tairne longadánach i dtólamh, cén dearcadh atá ag éigse Éireann ar a bhfuil ag tarlú is ar a mbeidh le teacht?

Ordaítear duit mar sin, subpoena ad testificum, a bheith i láthair ag Cúirt i dTeach Sagard a tionólfar ar an tSatharn, 2 Samhain ag 1.30 san iarnón, le do chuid fianaise a thabhairt i dtaobh trumpadóirí, treo agus todhchaí.

Tugtha faoi mo lámhsa [le húdarás incheistithe] ar an lá seo, an tríú lá dhéag de mhí Dheireadh Fómhair, Bliain ár dTiarna Dhá Mhíle agus a Naoi Déag.

PROINSIAS MAC A’ BHAIRD
Sirriam (Droch)ghníomhach

God Save The King!

**********

Tuilleadh eolais agus sonraí faoin gCúirt, san am a caitheamh, le léamh anseo (2018), agus anseo (2013-2017). 

Eolas faoi Oireachtas na Samhna 2019 le léamh anseo, agus sonraí faoi thicéid don Oireachtas anseo. Más mian leat clárú mar chara leis An Oireachtas, nó más mian leat síntiús a thabhairt, is féidir é sin a dhéanamh anseo. 

Tá sé, ahem, tábhachtach go léitear 'Deasghnátha na Cúirte' (féach thíos) le go mbeidh fílí na tíre, agus an lucht éisteachta, ar an eolas faoi na, ahem, rialacha a chumann Proinsias a bhaineann leis an gCúirt. 

Má tá sé ar intinn agat, a léitheoir, dán a léamh nó a aithris ag an gCúirt, bheadh Proinsias buíoch díot ach an dán/na dánta a sheoladh chuige, más mian leat, ag pmacabhaird ag gmail ponc com, roimh 31 Deireadh Fómhair, le go mbeidh seans aige iad a réiteach don scáileán mór. 

**********

Deasghnátha na Cúirte

Ní léifidh aon fhinné níos mó ná dhá dhán mar fhianaise, ach bíodh an tríú ceann réidh aici/aige ar eagla nach mbeidh rannpháirtíocht shásúil ó fhilí sásúla ann lá na Cúirte. 

Ní gá don fhinné cloí le téama na Cúirte agus ní gá don fhinné dán dá c(h)uid féin a aithris ach iarrtar ar gach finné a bheith sa tseomra cheart. 

Is nós don ghiúiré bualadh bos a thabhairt d’fhinné nuair a bheidh fianaise tugtha aige nó aici. Ní nós bualadh bos a thabhairt agus an finné i lár aithrise [ach amháin sa chás go maslaítear aire rialtais ar bhealach nuálach turgnamhach]. 

Seachnaítear an caoineadh agus an t-olagón ach amháin sa chás go mbíonn tubaiste mhór náisiúnta nó pearsanta ann maidin na Cúirte. Beidh sé de dhualgas ar oifigigh na Cúirte sainmhíniú a dhéanamh ar a bhfuil i gceist le tubaiste. Ní aireofar tvuíteanna John Cleese, an Pop-Up Gaeltacht nó Imeacht Cois Life ina thubaiste phearsanta nó náisiúnta. 

Bronnfar dram uisce beatha, crág duilisce agus pins snaoisín ar gach finné a thugann fianaise shásúil. Bronnfar buidéal Cognac, caviar agus líne cócaoin ar fhinné a chuireann an giúiré ag gáire os ard. 

Ar iarratas i scríbhinn ó ⅔ den ghiúiré a fhaightear 6 mhí roimh dháta na Cúirte, cuirfear aistriúchán comhuaineach ar fáil sna teangacha seo a leanas: Ultais, Gàidhlig, Gaelg, Gaelscoilis, Yola, Shelta agus Gaeilge Thír Chonaill. 

Ceadaítear éirí in airde, éirí ar tháblaí agus éirí amach ach ní cheadaítear éirí suas ar bhaill eile den ghiúiré [a fhad is a bhíonn gnó na Cúirte ar siúl]. 

Beidh sé de chead ag an ghiúiré finné a cheistiú. Muna bhfaightear freagra sásúil, beidh cead ag an ghiúiré a gcuid seanfháinní óir a chaitheamh ar an fhinné. 

Taispeántar an meas is dual d’oifigigh na Cúirte, agus beannaítear go cuirtéiseach leo. Tá cead ag finné deoch mheisciúil a cheannach d’aon oifigeach roimh, i rith agus leoga i ndiaidh imeachtaí na Cúirte agus ní fhéachfar air seo mar bhreab. Ní gá d’oifigigh na Cúirte a bheith cáilithe in aon rud fónta, ach is gá dóibh a bheith beo agus fá scread asail de láthair na Cúirte. 

Tá cead ag finné a c(h)uid fianaise a chanadh, ach ní mór glór ceolmhar binn a bheith aige/aici. Seachnaítear na mionghléasanna agus an Hip Hop. 

Beidh sé de chead ag an ghiúiré tuilleadh rialacha a chur leis an liosta seo agus nósanna nua a bhunú gan choinne.

Saturday, October 13, 2018

Oireachtas na Samhna 2018 - An Chúirt Filíochta

Tá Barántas na bliana seo faighte agam ó Shirriam Gníomhach na Cúirte, Proinsias Mac a'Bhaird, agus d'iarr sé orm an cuireadh a chraobhscaoileadh 'i measc filí na hÉireann,' rud atá á dhéanamh agam, anois, leis an mblagmhír seo. 

(Nuair a thagann ordú le haghaidh pionta ón Sirriam Gníomhach, caithfear a mhian a chomhlíonadh, bíodh a fhios agaibh!) 

Tá téama na bliana seo luaite sa Bharántas, thíos, a chairde. 

Mar is iondúil, beidh Bríd Ní Mhóráin agus mé féin i láthair le smacht súil a choinneáil oraibh, agus ar fhaitíos nach bhfuil sibh cinnte faoi, ahem, rialacha na Cúirte, a bhuí leis an Sirriam (Droch)ghníomhach é féin, is féidir libh iad a léamh ag bun na blagmhíre seo, faoin teideal Deasghnátha na Cúirte. Moltar duit iad a léamh agus gan aird ar bith a bheith, ahem, iontach dáiríre fúthu. 

Beidh an Chúirt ar siúl Dé Sathairn, 3 Samhain, ag 1.30 i.n. i Seomra Inis Faithleann, Óstán an Gleneagle i gCill Áirne; ag Oireachtas Iontach na Samhna, mar is iondúil agus, a bhuí le hurraíocht ó Fhoras na Gaeilge, beidh gloine fíona agus greim beag le hithe ar fáil do na rannpháirtithe, théis an imeachta. 

Aon duine agaibh atá ag iarraidh a bheith páirteach sa Chúirt Filíochta i mbliana, bheadh an Sirriam Gníomhach buíoch díbh ach é sin a chur in iúl dó roimh 1 Samhain;  agus cibé dán/dánta atá agaibh le haithris, más mian libh é/iad a bheith le feiceáil ar an scáileán mór ag an ócáid, an bhféadfadh sibh cóip leictreonach den dán a sheoladh chuige, roimh ré le bhur dtoil, ag pmacabhaird ag gmail ponc com. 

(Tá an fear bocht ag dul anonn in aois, an dtuigeann sibh, agus is maith leis am a bheith aige le praiseach a dhéanamh de rudaí a réiteach mar is ceart. Bíonn sé an-chantalach an-chúramach faoin ócáid seo, bíodh a fhios agaibh, agus bíonn an-jab ag Bríd agus agam féin srian a choinneáil air nithe a choinneáil ag imeacht, mar ba mhiste leis.)  

Táimid ag súil go mór le bhur gcomhluadar, a chairde!

Barántas 

Do Bhaird, Filí agus Ollaimh Bhanbha, beannachtaí! 

Whereas, is fada éigse Éireann ag saothrú an tseanchais agus ag soirbhiú saíocht ár sinsear, chosain sí eagna leis na cianta cairbreacha, bhain tuiscint aisti agus chuir ar fáil go macánta do mhaca Mhíle í. 

Be it known, fríd Éirinn na gceithre mbeann gur dual d’fhilí Inis Fáil a nglórthaí a ardú le fírinne a scaoileadh ar Ghael agus ar ghallóglach araon, le guth gaoise a thabhairt dóibh siúd ar easpa glóir. 

Whereas, tá foscadh gann anocht in Oileán na bhFionn, tá luachanna Chlann Fhódhla mar a bhí ag titim in éagruth agus tá an tsaint agus an tuaigneas chun tosaigh an athuair. Cén glór a thabharfaidh éigse na linne seo dóibh siúd atá ar an taobh amuigh? 

Ordaítear duit mar sin subpoena ad testificum a bheith i láthair ag Cúirt i gCill Airne a tionólfar ar an tSatharn, 3 Samhain ag 1.30 san iarnón, le do chuid fianaise a thabhairt i dtaobh glórthaí, guthanna agus gealltanais. 

Tugtha faoi mo lámhsa [le húdarás incheistithe] ar an lá seo, an tríú lá dhéag de mhí Dheireadh Fómhair, Bliain ár dTiarna Dhá Mhíle agus a hOcht Déag. 

PROINSIAS MAC A’ BHAIRD 
Sirriam (Droch)ghníomhach 

God Save The King! 


Deasghnátha na Cúirte 

Ní léifidh aon fhinné níos mó ná dhá dhán mar fhianaise, ach bíodh an tríú ceann réidh aici/aige ar eagla nach mbeidh rannpháirtíocht shásúil ó fhilí sásúla ann lá na Cúirte. 

Ní gá don fhinné cloí le téama na Cúirte agus ní gá don fhinné dán dá c(h)uid féin a aithris ach iarrtar ar gach finné a bheith gléasta go snasta, labhairt os ard agus a bheith sa tseomra cheart. 

Is nós don ghiúiré bualadh bos a thabhairt d’fhinné nuair a bheidh fianaise tugtha aige nó aici. Ní nós bualadh bos a thabhairt agus an finné i lár aithrise [ach amháin sa chás go maslaíonn sé/sí aire rialtais ar bhealach nuálach turgnamhach]. 

Seachnaítear an caoineadh agus an t-olagón ach amháin sa chás go mbíonn tubaiste mhór náisiúnta nó pearsanta ann maidin na Cúirte. Beidh sé de dhualgas ar oifigigh na Cúirte sainmhíniú a dhéanamh ar a bhfuil i gceist le tubaiste. Ní aireofar bád Thoraí, an phleanáil teanga nó Dragons’ Den ina thubaiste phearsanta nó náisiúnta. 

Bronnfar dram uisce beatha, crág duilisce agus pins snaoisín ar gach finné a thugann fianaise shásúil. Bronnfar buidéal Cognac, caviar agus líne cócaoin ar fhinné a chuireann an giúiré ag gáire os ard. 

Ar iarratas i scríbhinn ó ⅔ den ghiúiré a fhaightear 6 mhí roimh dháta na Cúirte, cuirfear aistriúchán comhuaineach ar fáil sna teangacha seo a leanas: Ultais, Gàidhlig na hAlban, Gaelscoilis, Yola, Shelta agus Gaeilge Thír Chonaill. 

Ceadaítear éirí in airde, éirí ar tháblaí agus éirí amach ach ní cheadaítear éirí suas ar bhaill eile den ghiúiré [a fhad is a bhíonn gnó na Cúirte ar siúl]. 

Beidh sé de chead ag an ghiúiré finné a cheistiú. Muna bhfaightear freagra sásúil, beidh cead ag an ghiúiré cathaoireacha a chaitheamh ar an fhinné. 

Taispeántar an meas is dual d’oifigigh na Cúirte, agus beannaítear go cuirtéiseach leo. Tá cead ag finné deoch mheisciúil a cheannach d’aon oifigeach roimh, i rith agus leoga i ndiaidh imeachtaí na Cúirte agus ní fhéachfar ar seo mar bhreab. Ní gá d’oifigigh na Cúirte a bheith cáilithe in aon rud fónta, ach is gá dóibh a bheith beo agus fá scread asail de láthair na Cúirte. 

Tá cead ag finné a c(h)uid fianaise a chanadh, ach ní mór glór ceolmhar binn a bheith aige/aici. Seachnaítear na mionghléasanna agus an Hip Hop. 

Beidh sé de chead ag an ghiúiré tuilleadh rialacha a chur leis an liosta seo agus nósanna nua a bhunú gan choinne. 

Friday, March 17, 2017

Focail An Iarthuaiscirt...Comórtas Filíochta

Mar eolas daoibh, a léitheoirí, féach thíos na sonraí uilig faoin ócáid Comórtas Filíochta Gaeilge 2016 a bheidh ar siúl i Leitir Ceanainn, ag deireadh na míosa seo. 

Beidh na filí thíosluaite, atá ar an ngearrliosta, ag léamh a gcuid dánta dúinn, sula bhfógróidh an moltóir (bunaitheoir An Chúirt Filíochta), Proinsias Mac a'Bhaird, cé hé nó cé hí buaiteoir an chomórtais. 

Ina dhiaidh sin, beidh ceol traidisiúnta; agus mic oscailte ar fáil, más mian le haon duine agaibh bheith ann ar an oíche, agus bhur saothar fhéin a roinnt leis an lucht éisteachta.

Is mór ag an eagraíocht, Focail an Iarthuaiscirt/NorthWestWords, an chabhair mhór a thug tacaíocht airgeadais Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon, trí Ealaín na Gaeltachta, chun an togra seo a chur ar bun. 

Buíochas, freisin, le Uachtarlann Dhún na nGall as a gcuid urraíochta...beidh corn an chomhlachta á bhronnadh ar an mbuaiteoir, ar an oíche, chomh maith. 

Beidh mise ann, mar Bhean An Tí, agus táim ag súil go mór leis an oíche. Bígí linn, a chairde!


                           North West Words

Café Florence, Leitir Ceanainn  
An Déardaoin 30 Márta 2017 8.00pm

Comórtas filíochta Gaeilge 2016  

le Focail an Iarthuaiscirt, 
urraithe ag Ealaín na Gaeltachta 
agus Uachtarlann Dhún na nGall
An chéad duais: 250 euro agus corn (urraithe ag Uachtarlann  Dhún na nGall)

Moltóir an chomórtais:  Proinsias Mac a'Bhaird


Gearrliosta

An abairt ghearr - Sean O’Muireagáin, Béal Feirste
Bruach - Gearóid DeBriotún, Baile Átha Cliath
Admháil na hOíche Shathairn, Cúpla Lá Iardheireadh Caidrimh -
Dubhán Ó Longháin, Co. Dhún nan Gall
Gadaí na Geanmnaíochta - Michéal O Ruairc, Baile Átha Cliath
An Fidléir - Máire Dinny Wren, Co. Dhún nan Gall
Deasghnáth - Seosamh Ó Murchú, Baile Átha Cliath

Thursday, November 3, 2016

An Chúirt Filíochta - Oireachtas na Samhna 2016

Cé nach mbeidh mé féin ann, faraor, ba mhaith liom a chur in iúl daoibh go mbeidh An Chúirt Filíochta ar siúl arís i mbliana, ag Oireachtas na Samhna in Óstán an Gleneagle i gCill Airne, ar an Satharn beag seo, 5 Samhain, ag 1:00 san iarnón. 

Tá Deasghnátha na Cúirte faighte agam, ó mo chara, Proinsias Mac a'Bhaird, eagraí agus, ahem, 'Sirriam Drochghníomhach' na cúirte, agus tá siad á roinnt agam libh, thíos, le deis a thabhairt daoibh iad a fhoghlaim go, ahem, glanmheabhair, sula rachaidh sibh in aice na cúirte. 

Tuilleadh eolais uaim faoin gcraic uilig a bhain leis an ócáid seo, le roinnt blianta anuas, le léamh anseo.

Bainígí sult as an ócáid, a chairde...aireoidh mé uaim sibh! 

Deasghnátha na Cúirte

Ní léifidh aon fhinné níos mó ná dhá dhán mar fhianaise, ach bíodh an tríú ceann réidh aici/aige ar eagla nach mbeidh rannpháirtíocht shásúil ó fhilí sásúla i láthair lá na Cúirte.

Ní gá don fhinné cloí le téama na Cúirte agus ní gá don fhinné dán dá c(h)uid féin a aithris ach iarrtar ar gach finné a bheith gléasta go snasta agus labhairt os ard.

Is nós don ghiúiré bualadh bos a thabhairt d’fhinné nuair a bheidh fianaise tugtha aige nó aici. Ní nós bualadh bos a thabhairt agus an finné i lár aithrise [ach amháin sa chás go maslaíonn sé/sí aire rialtais ar bhealach nuálach turgnamhach]. Fágtar faoi dhiscréid oifigigh na Cúirte é cé acu an dtabharfaí bualadh bos d’fhinné sula dtosaíonn sé/sí ag léamh!

Seachnaítear an caoineadh agus an t-olagón ach amháin sa chás go mbíonn tubaiste mhór náisiúnta nó pearsanta ann maidin na Cúirte. Beidh sé de dhualgas ar oifigigh na Cúirte sainmhíniú a dhéanamh ar cad is tubaiste ann. Ní aireofar Brexit, réiteoirí peile sa Ghaeltacht ná Tithe Tábhairne Chorcaí ina dtubaistí náisiúnta nó pearsanta.

Má théann finné ar bith ar aghaidh ró-fhada lena c(h)uid fianaise, bronnfar fadfhíseán d’óráidí Donald Trump air/uirthi.

Ceadaítear éirí in airde, éirí ar tháblaí agus éirí amach ach ní cheadaítear éirí suas ar bhaill eile den ghiúiré [a fhad is atá gnó na Cúirte ar siúl].

Beidh sé de chead ag an ghiúiré finné a cheistiú. Muna bhfaightear freagra sásúil, beidh cead ag an ghiúiré cathaoireacha a chaitheamh ar an fhinné.

Taispeántar an meas is dual d’oifigigh na Cúirte, agus beannaítear go cuirtéiseach leo. Tá cead ag finné deoch mheisciúil a cheannach d’aon oifigeach roimh, i rith agus leoga i ndiaidh imeachtaí na Cúirte agus ní fhéachfar ar seo mar bhreab. Ní gá d’oifigigh na Cúirte a bheith cáilithe in aon rud fónta, ach is gá dóibh a bheith beo agus fá scread asail de láthair na Cúirte.


Tá cead ag finné a c(h)uid fianaise a chanadh, ach ní mór glór ceolmhar binn a bheith aige/aici. Beidh sé de chead ag an ghiúiré tuilleadh rialacha a chur leis an liosta seo agus nósanna nua a bhunú gan choinne.

Wednesday, November 11, 2015

Oireachtas na Samhna 2015 - An Chúirt Filíochta

Mar a fheicfidh sibh ón ngrianghraf thuas, bhí scaifte breá d'fhilí na tíre i láthair ag an gCúirt Filíochta, arís i mbliana. Ó chlé, 

Art Ó Maolfeabhail, Seán Ó Muireagáin, Irene Ní Fhlanagáin, Gréagóir Ó Dúill, James Lawless, Celia de Fréine, Stiofán Ó Díreáin, Róisín Sheehy, Mise, Mícheál Ó hUanacháin, Máire Burns, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Máire Uí Eidhin, Dairena Ní Chinnéide, Bríd Ní Mhoráin, Proinsias Mac a'Bhaird, agus Labhras Ó Finneadha. 

Cé go rabhadar ann, ach nach raibh mé in ann theacht orthu nuair a bhí an grianghraf thuas á thógáil, bhí duine nó dhó eile i láthair a d'aithris a gcuid dánta ag an ócáid, agus ba iadsan,
Áine Ní Ghlinn, bean ar chuir mé aithne phearsanta uirthi, den chéad uair, ag Oireachtas na bliana seo. Is bean í a chuaigh i bhfeidhm go mór orm, caithfidh mé a rá, mar scríbhneoir agus mar dhuine, agus tá súil agam go gcasfar sinn ar a chéile arís, go luath; 
William Howard, leaid óg atá ag staidéar (ceol traidisiúnta, más buan mo chuimhne) in Ollscoil Luimnigh i láthair na huaire; duine eile a thaitin go mór liom, mar scríbhneoir agus mar dhuine, agus táim ag súil go mbeidh an bheirt againn ag obair le chéile ar thogra Gaeilge eile, amach anseo. (Ar bhealach, chuir sé Tomaí Ó Conghaile agus Séamus Barra Ó Súilleabháin i gcuimhne dom, fir eile le pearsantachtaí uaisle, agus cumas ar leith acu, i mo thuairim.)
Agus, ó tharla mé ag scríobh faoi dhaoine uaisle, ní féidir liom an Sirriam Gníomhach é féin, Proinsias Mac a'Bhaird, a fhágáil ar lár. Mar is léir ón ngrianghraf thuas, bíonn sé gníomhach, i gcónaí, ag déanamh cinnte de go bhfuil gach rud ag obair mar is cóir, ag an gCúirt Filíochta. Murach a chuid oibre díograisí (agus an tacaíocht a fhaigheann sé ó Fhoras na Gaeilge, agus ó fhoireann an Oireachtais) ní bheadh An Chúirt Filíochta ann, agus ag dul i dtreise chuile bhliain, mar atá sí. Maith iad uilig!  

Bhí mé féin agus Bríd Ní Mhoráin inár mná tí ag an ócáid, agus bhaineamar an-sult as an gcraic uilig, mar is iondúil. Tá go leor cairde ag an gCúirt, idir fhilí agus lucht éisteachta, agus a bhuí le hurraíocht ó Fhoras na Gaeilge, bhíomar uilig in ann theacht le chéile théis na Cúirte, freisin, am a chaitheamar ag ól, ag ibhe agus ag ithe. Deile!

Proinsias le teilgeoir na ndánta (a dhán féin le feiceáil thuas) agus, ar an mbord, Féiríní na bhFilí! ('dram beag uisce beatha, pins snaoisín agus crag duilisc')

James Lawless

Gréagóir Ó Dúill

Labhras Ó Finneadha

Áine Ní Ghlinn

Seán Ó Muireagáin

Bríd Ní Mhoráin

Art Ó Maolfabhail
 Stiofán Ó Díreáin

 Máire Burns

 Mise Áine

 Celia de Fréine

 Róisín Sheehy

 Irene Ní Fhlanagáin

 Ailbhe Ní Ghearbhuigh
Dairena Ní Chinnéide

 Mícheál Ó hUanacháin

 William Howard

Máire Uí Eidhin

Saturday, October 24, 2015

Cúirt Filíochta an Oireachtais 2015

Mar is eol d'fhilí na tíre, is ócáid bhliantúil í an Chúirt Filíochta ag an Oireachtas, ó bunaíodh í sa bhliain 2010, agus tá an chúirt ag dul ó smacht ag dul i líonmhaireacht ó shin, a bhuí le cibé Bé atá i gceannas ar an 'cumadh liom' achas sin.   

I mbliana, arís, is é Proinsias Mac A'Bhaird Sirriam Gníomhach agus eagraí na cúirte, agus beidh mé féin, nó an bhean uasal sin, Bríd Ní Mhoráin, ag ól ag feidhmiú mar Chléireach na Cúirte, nó mar, ahem, bhean smachta, mar a thugtar orainn, ó am go chéile. Chuile sheans go mbeidh deoch nó dhó go gcloise sibh dán nó dhó ón triúr againn, mar go bhfuil an nós sin againn, freisin, ó am go chéile. 

Pé scéal é, fuair mise mo Bharántas ón Sirriam Gníomhach cheana, agus tá cóip den Barántas sin, agus cóip de, ahem, Deasghnátha na Cúirte, le léamh, thíos. 

Más mian leat do dhán a bheith le feiceáil ar scáileán agus é á aithris agat, bheinn buíoch díot ach cóip leictreonach a sheoladh chuig Proinsias ag pmacabhaird ag gmail ponc com,  roimh 29 Deireadh Fómhair, sin Déardaoin seo chugainn, le go mbeidh deis aige na socruithe teicniúla cuí a dhéanamh roimh ré. Ar an gcaoi sin, beidh do dhán le feiceáil agus le cloisteáil, ag an am céanna...nach é Proinsias atá cliste!

Is ócáid neamhfhoirmiúil spraíúil a bheas inti, le béim ar an taobh sóisialta den Chúirt. A bhuí le hurraíocht ó Fhoras na Gaeilge, beidh sólaistí ar fáil i ndiaidh na Cúirte, agus cé nach bhfuil brú ar dhuine ar bith dán nua a chumadh, má tá aon duine agaibh ag iarraidh téama, tá 'fáilte, flaithiúlacht agus féile' socraithe ag Proinsias, mar théama na Cúirte. 

An méid sin ráite, mura bhfuil uait ach bheith i láthair, mar éisteoir sa lucht éisteachta, beidh fearadh na fáilte romhat chuig an gCúirt Filíochta, seachtain ó inniu. 

A bhuí le Proinsias, agus le foireann iontach An tOireachtas, beidh an Chúirt ar siúl sa Svuít Newcastle in Óstán an Citywest, Baile Átha Cliath, ar an Satharn, 31 Deireadh Fómhair, 2015, ag 1.00 i.n.. 

Mo chuimhne, an bhfuair sibh aip nua An tOireachtas fós? Tuilleadh faoin aip sin, agus faoi 'Conas Teacht Slán as Oireachtas na Samhna' le léamh anseo, ar Meon Eile...Eoin P Ó Murchú atá ciontach as a scríobh na moltaí san alt sin. 

Proinsias Mac A'Bhaird atá ciontach as an mbarántas, agus as na, ahem, rialacha/deasghnátha, atá scríofa, thíos.

*****
Barántas

Do Bhaird, Filí agus Ollaimh na hÉireann, beannachtaí!

Whereas, de réir fianaise na mbard ón chianaimsir anall, is de bhunadh na Scitia sa Mheánoirthear cine na nGael.
Be it known, gur tháinig an fine bhláthuasal go hInis Ealga in aimsir Mhíle Easpáin, gur chuir an bhandia Éiru fáilte rompu i ndiaidh di Amhrán Aimhirgin a chloisteáil agus gur roinn siad fód Bhanba le Tuath Dé Danann go dtí gur ruaig muid iad trínár ndearmad, neamhshuim agus easpa creidimh.
Whereas, tá cine eile de chuid na Scitia ársa ag déanamh ar chríocha gléghlasa na hÉireann, cén t-amhrán a chanfaidh baird na linne boichte seo i dtaobh na gcuairteoirí seo ón imigéin?
Ordaítear duit mar sin subpoena ad testificum a bheith i láthair ag Cúirt in Áth Cliath a tionólfar ar an Satharn, 31 Deireadh Fómhair (nuair is ísle an brat idir sinn agus an t-aos sídhe) ag 1.00 san iarnón, chun do chuid fianaise a thabhairt i dtaobh fáilte, flaithiúlacht agus féile.
Tugtha faoi mo lámhsa [le neart éirí in airde, ardnós domhaíte agus
údarás incheistithe] ar an lá seo, an tríú lá dhéag de mhí Strictly Come Dancing, Bliain ár dTiarna Dhá Mhíle agus a Cúig Déag.

PROINSIAS MAC A’ BHAIRD
Sirriam Neamhghníomhach


God Save The King!

*****
Deasghnátha na Cúirte

Ní léifidh aon fhinné níos mó ná dhá dhán mar fhianaise, ach bíodh an tríú ceann (fada) réidh aici nó aige ar eagla nach mbeidh rannpháirtíocht shásúil ó fhilí sásúla i láthair lá na Cúirte.

Ní gá don fhinné cloí le téama na Cúirte agus ní gá don fhinné dán dá c(h)uid féin a aithris ach iarrtar ar gach finné a bheith gléasta go snasta agus cuma a chur air/uirthi féin go bhfuil fhios aige/aici cad faoi a bhfuil sé/sí ag caint.

Is nós don ghiúiré bualadh bos a thabhairt d’fhinné nuair a bheidh fianaise tugtha aige nó aici. Ní nós bualadh bos a thabhairt agus an finné i lár aithrise [ach amháin sa chás go maslaíonn sé/sí aire rialtais ar bhealach nuálach turgnamhach]. Fágtar faoi dhiscréid oifigigh na Cúirte é cé acu an dtabharfaí bualadh bos d’fhinné sula dtosaíonn sé/sí ag léamh!

Seachnaítear an caoineadh agus an t-olagón ach amháin sa chás go mbíonn tubaiste mhór náisiúnta nó pearsanta ann maidin na Cúirte. Beidh sé de dhualgas ar oifigigh na Cúirte sainmhíniú a dhéanamh ar cad is tubaiste ann. Ní aireofar cúrsaí peile (caide), ceist na Gaeilge nó Joe Mc Hugh ina thubaiste náisiúnta nó pearsanta.

Má théann finné ar bith ar aghaidh ró-fhada lena chuid fianaise, beidh sé de chead ag an ghiúiré é/í a aoradh is ábhar magaidh a dhéanamh de/di.

Ceadaítear éirí in airde, éirí ar tháblaí agus éirí amach ach ní cheadaítear éirí suas ar bhaill eile den ghiúiré [a fhad is atá gnó na Cúirte ar siúl].

Beidh sé de chead ag an ghiúiré finné a cheistiú. Muna bhfaightear freagra sásúil, beidh cead ag an ghiúiré cathaoireacha a chaitheamh ar an fhinné.

Taispeántar an meas is dual d’oifigigh na Cúirte, agus beannaítear go cuirtéiseach leo. Tá cead ag finné deoch mheisciúil a cheannach d’aon oifigeach roimh, i rith agus leoga i ndiaidh imeachtaí na Cúirte agus ní fhéachfar ar seo mar bhreab. Ní gá d’oifigigh na Cúirte a bheith cáilithe in aon rud fónta, ach is gá dóibh a bheith beo agus fá scread asail de láthair na Cúirte.

Tá cead ag finné a c(h)uid fianaise a chanadh, ach ní mór glór ceolmhar binn a bheith aige/aici. Moltar na mionghléasanna a sheachaint.

Beidh sé de chead ag an ghiúiré tuilleadh rialacha a chur leis an liosta seo agus nósanna nua a bhunú gan choinne.

Friday, October 17, 2014

An Chúirt Filíochta - Oireachtas na Samhna 2014

Creid é nó ná creid, is gearr uainn Oireachtas na bliana seo, a léitheoirí, agus, a bhuí le heagrú mo chara, Proinsias Mac a'Bhaird, Sirriam, ahem, Míghníomhach na Cúirte, agus a bhuí le hurraíocht ó Fhoras na Gaeilge, beidh An Chúirt Filíochta ar siúl arís i mbliana, ag Oireachtas na Samhna, ar an 1 Samhain, in Óstán an Gleneagle i gCill Airne.  

Mar a tharla anuraidh, agus sna blianta roimhe sin, tá barántas na bliana seo seolta ag Proinsias chugam, agus tá an Barántas, agus Deasghnátha na Cúirte, á roinnt agam anseo, thíos, le deis a thabhairt daoibhse, filí na tíre, bhur gcuid dánta a scríobh agus a sheoladh chuig an Sirriam Míghníomhach úd, in am don ócáid mhór. 

Tuilleadh uaim faoin Oireachtas, ó na blianta a chuaigh thart, le léamh sna blagmhíreanna seo. 

                                             Barántas

Whereas, tá gealghuth Gael ar thaobh thoir-thuaidh Shruth na Maoille fágtha tamall ina thost ag Perdifious Albion..Albain? is go bhfuil sé foraitheanta i gcéin agus i gcóngar nach saoirse a bhlaisfidh dream Dhùn Chailleann go fóill ach daoirse dhearóil dhuairc, maireann go meanmnach Cruithintuaith agus cáil a cine fós.

In ísle agus in íochtar brí atá ár ndeartháireacha agus ár ndeirbhsheathracha thall agus gan de chompord bocht fán acu, in am seo an chruatain ghéir agus an leor lagmhisnigh, ach focail chaoine agus friotal mórmholtach bhaird Inis Ealga na nEas Glan.

Ordaítear duit mar sin subpoena ad testificum a bheith i láthair ag Cúirt i gCill Airne a tionólfar ar an Satharn, 1 Samhain ag 1.00 san iarnón, chun do chuid fianaise a thabhairt i dtaobh saoirse, garbhchríocha agus áiméar amú.

Tugtha faoi mo lámhsa [le go leor éirí in airde, ardnós áirithe, údarás incheistithe agus úsáid dhomhaíte uaime] ar an lá seo, an tríú lá dhéag de mhí na bhfógraí Nollag, Bliain ár dTiarna Dhá Mhíle agus a Ceathair Déag.  

                                                        PROINSIAS MAC A’ BHAIRD
                                                                   Sirriam Míghníomhach

God Save Rob Roy!

Deasghnátha na Cúirte

Ní léifidh aon fhinné níos mó ná dhá dhán mar fhianaise, ach bíodh an tríú ceann (fada) réidh aici nó aige ar eagla nach mbeidh rannpháirtíocht shásúil ó fhilí sásúla i láthair lá na Cúirte.

Is nós don ghiúiré bualadh bos a thabhairt d’fhinné nuair a bheidh fianaise tugtha aige nó aici. Ní nós bualadh bos a thabhairt agus an finné i lár aithrise [ach amháin sa chás go maslaíonn sé / sí aire rialtais ar bhealach nuálach turgnamhach]. Fágtar faoi dhiscréid oifigigh na Cúirte é cé acu an dtabharfaí bualadh bos d’fhinné sula dtosaíonn sé / sí ag léamh!

Seachnófar an caoineadh agus an t-olagón ach amháin sa chás go mbíonn tubaiste mhór náisiúnta nó pearsanta ann maidin na Cúirte. Beidh sé de dhualgas ar oifigigh na Cúirte sainmhíniú a shocrú ar cad is tubaiste ann. Socrófar an cheist le vóta tromlaigh. Ní aireofar an tSamhail Nua Maoinithe ina thubaiste náisiúnta nó pearsanta.

Má théann finné ar bith ar aghaidh ró-fhada lena chuid fianaise, beidh sé de chead ag an ghiúiré é a aoradh is ábhar magaidh a dhéanamh dó. Foilseofar an aoir is fearr sa Sunday World.

Ceadófar éirí in airde, éirí ar tháblaí agus éirí amach ach ní cheadófar éirí suas ar bhaill eile an ghiúiré [a fhad is atá gnó na Cúirte ar siúl].

Beidh cead ag an ghiúiré finné a cheistiú. Muna bhfaightear freagra sásúil, beidh cead ag an ghiúiré cathaoireacha a chaitheamh ar an fhinné.

Taispeánfar an meas is dual d’oifigigh na Cúirte, agus beannófar go cuirtéiseach leo. Tá cead ag finné deoch mheisciúil a cheannach d’aon oifigeach roimh, i rith agus leoga i ndiaidh imeachtaí na Cúirte agus ní fhéachfar ar seo mar bhreab. Ní gá d’oifigigh na Cúirte a bheith cáilithe in aon rud fónta, ach is gá dóibh a bheith beo agus fá scread asail de láthair na Cúirte.

Tá cead ag finné a c(h)uid fianaise a chanadh, ach ní mór na mionghléasanna a sheachaint. Tabharfar creidiúint ar leith d’fhinné a chanfaidh a c(h)uid fianaise i stíl sean-nóis Liatroma.

Beidh sé de chead ag an ghiúiré tuilleadh rialacha a chur leis an liosta seo agus nósanna nua a bhunú gan choinne.