Showing posts with label clár. Show all posts
Showing posts with label clár. Show all posts

Tuesday, October 9, 2012

Dul i bhFiáin


Ar an Déardaoin beag seo, 11 Deireadh Fómhair, beidh sraith den chlár Dul i bhFiáin ag tosú ar TG4, ag a 10:00 i.n. Dar leis an mblurba ar shuíomh TG4, beidh ‘beirt shaineolaithe allamuigh ag dul ar thuras, ach caithfidh siad maireachtáil ar bhia ón dúlra…’

Bhuel, arsa mé féin liom féin, ní dóigh liom go ndéanfadh sé dochar ar bith dom foghlaim faoi na nithe seo, ar fhaitíos na bhfaitíos go rachadh mé féin agus é féin amú amuigh faoin tuath am éigin, agus go dteastódh greim bia uainn. Dá bhrí sin, tá mo nasc sraithe nasctha leis an gclár agam, agus táim ag súil go mór leis.

Ar ndóigh, níl leid dá laghad agam céard a bheidh ar an mbiachlár ag na saineolaithe agus láithreoirí, Frainc MacCionnaith agus Darach Ó Murchú, ná fiú an bhfeilfeadh an bia don fheoilséantóir seo, ach beidh le feiceáil.

Dul i bhFiáin, TG4, Déardaoin, 11 Deireadh Fómhair, 10:00 i.n. 

Tuesday, September 13, 2011

Dúlagar

Ó am go chéile, cloisim clár a théann i bhfeidhm go mór orm, agus is amhlaidh a tharla Dé Sathairn seo caite, nuair a chuala mé an clár My Dad’s Depression, ar an Documentary On One.

Is é seo an chéad chlár faisnéise ón leaid óg, Conor McGinnity, agus an rud is suntasaí faoin gclár, seachas go bhfuil sé curtha le chéile go hiontach ag Conor, ná go bhfuil sé féin agus a theaghlach ag labhairt go hionraic macánta faoi dhúlagar fhear an tí, athair Chonor; dúlagar lena bhfuil chuile dhuine sa teaghlach ag streachailt, go laethúil. 

Más rud go bhfuil tú den bharúil gur ionann gach duine le dúlagar, gur daoine iad nach gcuireann a ndúlagar isteach ná amach ar aon duine eile ach orthu féin, bhuel, b’fhiú duit éisteacht leis an gclár seo.

Ná lagaítear go brách focail na ndaoine sin a labhraíonn go hionraic oscailte ar an rud is dúlagar ann, an ‘patient’ agus an ‘victim’ araon.


Wednesday, May 18, 2011

Bolgán Pléasctha

Ní raibh deis agam, go dtí tráthnóna inniu, súil a chaitheamh ar an gclár Prime Time Investigates, an clár sin faoi na tiománaithe tacsaí, clár a tharraing aird nach beag ar na fadhbanna san earnáil sin – faoi dheireadh.

a taithí uafásach féin roinnte ag an gCailín Deas linn, agus táimse, mar bhean ach go háirithe, iontach buíoch di go ndeachaigh sí chuig na gardaí, agus gur éirigh léi a dóthain eolais a thabhairt do na gardaí, le go mbeidh siad in ann an tiománaí tacsaí sin a chur den bhóthar. Tá súil agam.

Fiú gan an scéal ón gCailín Deas léite agam, bhí uaim an clár sin a fheiceáil, agus inseoidh mé daoibh cén fáth, a léitheoirí. Tharla sé go raibh triúr ban i mo chomhluadar, níl sé i bhfad ó shin, agus bhí duine acu ag insint dom faoina taithí phearsanta féin le tiománaí tacsaí, i mBaile Átha Cliath, an deireadh seachtaine roimhe sin.

Bhí sí ar a bealach abhaile ón gclub oíche ina raibh sí, a cairde imithe le chéile i dtacsaí amháin, ise i dtacsaí léi féin, ó tharla cónaí uirthi ar an taobh eile den chathair, an dtuigeann sibh. Ní raibh sí ag ól an oíche sin, mar sin bhí cuimhne mhaith aici ar an gcomhrá a bhí aici leis an tiománaí.

Chomh luath agus a chuala sí na focail ‘If I had known it was going to be this quiet tonight, I would have stayed at home and watched some porn.’ ag teacht ón tiománaí, bhí a fón póca amuigh aici agus sonraí an tiománaí tacsaí á seoladh aici chuig a cairde sa tacsaí eile. Ar fhaitíos na bhfaitíos, a dúirt sí liom.

‘Why didn’t you get out of the taxi there and then?’ arsa mé féin léi, é soiléir le feiceáil ag an triúr acu go raibh díomá agus corraí orm go ndéarfadh tiománaí tacsaí a leithéid le bean ar bith, gan trácht ar é a rá le bean a bhí i dtacsaí ina haonar.

Pé scéal é, is cosúil go bhfuilim i mo chónaí, mar a dúirt duine den triúr liom, i mo ‘happy bubble’ anseo faoin tuath, áit nach bhfuil, a dúradh liom, gá agamsa le tacsaithe, agus áit ina bhfuilim iomlán aineolach, a dúradh liom, ar a bhfuil ag tarlú ar fud na cathrach i mBaile Átha Cliath.

Bhuel, b’fhéidir go raibh mé i mo ‘happy bubble’ agus aineolach, a léitheoirí, ach is léir domsa, ón gclár Prime Time Investigates, go bhfuil na daoine atá in ainm a bheith ar an eolas, agus atá in ainm a bheith ag rialú earnáil na dtacsaithe, go bhfuil siadsan istigh ina mbolgán féin, shílfeá.

Tá súil agam go bhfuil an bolgán sin pléasctha go maith anois ag an gclár Prime Time Investigates, agus go ndéanfar rud éigin, go luath, faoi earnáil ainrialta na dtacsaithe, sula mbeidh sé ródheireanach.  

Thursday, March 24, 2011

Ó Tholg go Tolg

Ar leathanach tosaigh do Foinse na seachtaine seo, tá an spéirbhean Áine Goggins.

Tá aithne agam ar Áine, ón am a chaitheamar ag obair le chéile ar an gclár Dúshlán, clár a bhain an duais amach do ‘Léiriúcháin Teilifíse i nGaeilge – Faisnéis’ ag na Smedias i 2008.


Thángamar le chéile tráth, lucht foghlama scileanna teilifíse ón dá Acadamh, agus taobh istigh de choicís, rinneamar, na scoláirí ón dá choláiste, dhá chlár le chéile.

Bhí Áine agus mé féin ag obair ar an bhfoireann chéanna, agus bhain mé an-sult as a comhluadar. Ba léir dom, fiú ag an am sin, nach tarraingteach amháin a bhí Áine, ach go raibh tallann nach beag aici, agus chuidigh an dá thréith sin go mór linn, agus na cláir á gcur le chéile againn.

Is bean chumasach phroifisiúnta í, agus táim ag dúil go mór lena clár nua, Ó Tholg to Tolg, a fheiceáil ar TG4 anocht, ag 9.30 i.n.