Showing posts with label imeartas focal. Show all posts
Showing posts with label imeartas focal. Show all posts

Wednesday, February 12, 2020

Marmite agus An Toghchán

Tá a fhios agam, go maith, go bhfuil chuile sheans ann go bhfuil mearbhall oraibh, a léitheoirí. 

Tá sibh, b'fhéidir, tinn tuirseach ag éisteacht leis na tráchtairí ar na meáin éagsúla (go háirithe na tráchtairí ar Twitter agus ar Facebook, áiteanna a mbíonn an fhírinne lom le léamh, i gcónaí); nó, b'fhéidir, go bhfuil sibh curtha soir ag éisteacht leis na meisceoirí saineolaithe sna pubanna, nó le saoi-an-tí sa bhaile?

Cibé scéal é, bhí mé as baile, mé féin, mo chluas leis an raidió, mo shúil ar an bhfón/teilifís, chuile sheans a fuair mé, le go bhfeicfinn cén chaoi a raibh na scéalta ag titim sa mhullach ar a chéile, ó thaobh an toghcháin de, in Éirinn. Sular caitheadh vóta ar chor ar bith, bhí sé ina réabadh. 

Ansin, tharla sé seo. 

Idir an dá linn, an réabadh agus an toradh, chuala mé duine éigin, áit éigin, ag labhairt faoi Marmite. Ar chlár éigin, ar an raidió, ceapaim. Agus, choinnigh mé i mo chloigeann é. Ná fiafraigh díom cén fáth, ach d'fhan sé ansin, ag spochadh as mo mheabhair, chuile uair a chuala mé trácht ar thoghchán, nó ar pholaiteoirí, nó ar pháirtithe. 

Bhí sé dhá oiread níos measa, mar spochadh, nuair a thosaigh na polaiteoirí agus na tráchtairí ag spochadh as a chéile, théis an toghcháin. 

Comhrialtas?! Le cén páirtí?! Seans ar bith! Seans ar bith?

Marmite! Marmite! Marmite!

An rud faoi Marmite (nó an rud a chuala mise ráite faoi, go minic, bíodh sé fíor nó bíodh) deirtear go bhfuil daoine ann atá craiceáilte ina dhiaidh, ach go bhfuil daoine eile ann nach ligfeadh i bhfoisceacht urchair mhéaróige den teach é, ar ór ná ar airgead. 

Cuirtear cos i dtaca. Tá sé deacair bogadh, nuair atá cos i dtaca. 

An rud a ritheann liom féin faoi Marmite ná go gcaithfear glacadh leis go bhfuil daoine ann nach bhfuil anois, agus nach mbeidh go brách, seans, ar aon tuairim faoi, agus sin sin. 

Ach, mar sin féin, má tá go leor daoine ag teacht chun tí, bíodh an dtaitníonn sé leat nó nach dtaitníonn, is fearr glacadh leis go bhfuil daoine ann atá ag iarraidh Marmite - is fearr duit a bheith ciallmhar, agus é a cheannach. 

Nach fearr as a bheas tú an Marmite a bheith os do chomhair, ar an mbord (ní i bhfolach áit éigin), áit a mbeidh tú in ann é a fheiceáil go soiléir? Ar an gcaoi sin, théis tamaill, beag beann ar do bharúil féin, b'fhéidir go mbainfeá féin triail as. M'anam, théis tamaillín, ní bheadh a fhios agat, b'fhéidir go mbainfeá tairbhe as!

Agus, théis tamaill, má thugann tú faoi deara go bhfuil daoine ag rá go bhfuil blas aisteach air, go bhfuil sé imithe i léig, abair, nach féidir leat é a chaitheamh amach, agus triail a bhaint as ceann eile? 

Is féidir breith a thabhairt nuair a bheas an triail thart, théis na cúirte cuairte. 

Sunday, November 24, 2019

Tomhas

Mar a scríobh mé cheana, a léitheoir, tá ár mbealach féin agam féin agus aige féin le cuntas a choinneáil ar na nithe sin atá ag teastáil uainn ón siopa. 

Mura bhfuil tú ar an eolas faoin gcóras iontach seo, ar a dtugtar 'liosta siopadóireachta,' is féidir leat léamh faoinár modh oibre, anseo. 

Pé scéal é, arú inné, bhí mé ag útamáil liom sa reoiteoir (le haon bhaol míthuisceana a sheachaint, a léitheoir, ní hé go raibh mé féin istigh sa reoiteoir, an dtuigeann tú, ach bhí mé ar thóir rud éigin, agus is iad, ahem, mo lámha amháin a bhí istigh ann) nuair a thug mé faoi deara go raibh táirge ar leith nach raibh againn.

Mar a tharla sé, bhí An Garraíodóir ina sheasamh in aice leis an liosta siopadóireachta, ag an am, agus d'iarr mé ar an táirge a scríobh ar an liosta dom.

Bhí go maith agus ní raibh go holc, go dtí gur shroich mé an siopa, an lá dár gcionn, agus chonaic mé an rud a bhí scríofa ar an liosta aige,

Two American cops on motor bikes.

Más rud go bhfuil tú ar chomhaois liom féin nó, b'fhéidir, beagán níos óige, seans go mbeidh a fhios agat cén táirge a bhí uaim, a léitheoir. 

Mura bhfuil, beidh taighde le déanamh agat, le freagra a fháil ar an tomhas seo. 

Leid uait? 

Thosaigh siad i mbun rothaíochta i 1977...

Monday, August 20, 2018

Nathanna Cainte

Tá sé de nós agam, nuair a bhím ag breathnú ar chluiche CLG ar an teilifís, an fhuaim ar an teilifís a ísliú go hiomlán, má bhíonn an tráchtaireacht i mBéarla, agus éistim leis an tráchtaireacht i nGaeilge ar Raidió na Gaeltachta; mar a rinne mé, inné, agus mé ag breathnú ar an gcluiche iománaíochta, Gaillimh -v- Luimneach. 

Bhí 'lán carr-asail cantail' ar dhuine de na himreoirí, chuala mé, agus táim den bharúil gur bhain a chantal leis an réiteoir, más buan mo chuimhne. Seans gur tharla sé sin nuair a bhí an t-imreoir 'sínte ó chluas go drioball' ar an talamh!

Feictear dom go dtagann na nathanna cainte sin go nádúrtha chuig an tráchtaire a d'fhoghlaim Gaeilge ón gcliabhán, agus is maith liom a bheith ag éisteacht leo. Ní hualach do dhuine an léann, an dtuigeann sibh, agus táim ag foghlaim liom. 

Seans go bhfuil aoibh go dtí na cluasa ar imreoirí Luimnigh inniu, nó fiú straois ó chluas go cluas orthu, agus cén fáth nach mbeadh? 

B'iontach an t-éacht a bhí ann!  

Tá súil agam nach bhfuil imreoirí na Gaillimhe in ísle brí faoin gcluiche mar, i ndeireadh na dála, bhí an bua tuillte go maith ag Luimneach, ar an lá. 

An méid sin ráite, beidh lá eile ag an bPaorach agus, mar is eol do mhuintir na Gaillimhe, níor chaill fear an mhisnigh riamh é!

Tuesday, August 14, 2018

An Comhrá Sin

Bhíomar sa bhialann, ag ithe dinnéir; mé féin, An Garraíodóir agus mo mháthair. Thosaigh sé féin ag insint dúinn faoin lá a bhí sé théis a chaitheamh ar an ngalfchúrsa.

'I saw two men in front of me, in the distance, on the golfcourse, today...' ar sé, '...and I could see they were having a twelve fifty-nine.'

Ag an bpointe sin, bhioraigh mé mo chluasa, agus dhírigh mé mo shúile i dtreo mo mháthar, le go bhfeicfinn an raibh an méid a bhí sé théis a rá cloiste aici. Más rud go raibh, bhí an bhean dhiaganta ag ligean uirthi féin nach raibh.

Choinnigh mé guaim ar m'amhras. B'fhéidir nach ndéarfadh sé a thuilleadh faoin scéal. Nach mé a bhí amaideach. 

'As I got nearer...' ar seisean, '...'I didn't even say hello, in case I would interrupt their twelve fifty-nine.'

Is beag nár thit mé as mo shuí, ach ní raibh a dhath a d'fhéadfainn a dhéanamh faoin scéal, faoin am sin. Bhí aird mo mháthar tarraingthe ina threo. Bhí sí théis géilleadh don saighdeadh. Bhí an baoite slogtha. 

'Is twelve fifty-nine a golf move?' a d'fhiafraigh sí.

Níl a fhios agamsa mórán faoi ghalf, mar is eol daoibh, a léitheoirí, ach bhí a fhios agam nach raibh iomrá cloiste agam, riamh roimhe, ar an 'twelve fifty-nine' seo. 

An méid sin ráite, tá aithne mhaith agam ar an bhfear tráthúil cruthaitheach lena bhfuilim pósta, agus bhí a fhios agam, go maith, go raibh diabhlaíocht éigin ar bun aige.

Chaoch sé súíl go rógánta orm, agus dúirt le mo mháthair,

'No, it's not...' a d'fhreagair sé...'it's actually a conversation; they were having a one-to-one.'

Sunday, November 26, 2017

Tomhas

Tá sé de nós agam féin agus é féin cuntas rialta a choinneáil ar na nithe sin atá ag teastáil uainn ón siopa...liosta siopadóireachta a thugann muid air, creid é nó ná creid...agus an chéad duine eile againn a bhíonn ag dul i dtreo an tsiopa (mise, go hiondúil), crochtar leis/léi an liosta, agus ceannaítear na táirgí atá de dhíth orainn. 

Le go dtuigfidh sibh an chraic, a léitheoirí, tá ceap nótaí fágtha ar leac na fuinneoige sa chisteanach, agus cuirimid leis an liosta, chuile lá, de réir mar a thugaimid faoi deara go bhfuil rud éigin ag teastáil. Éasca péasca! 

Bhuel, sin mar a cheapfá, ach tá fear an tí seo sách tráthúil, ó am go chéile, agus tá sé de nós aige cur leis an liosta, ahem, ina bhealach féin. Is minic Tom ate toes, Very cold peas, agus a leithéidí, scríofa ar an liosta, nuair is trátaí agus piseanna reoite atá uaidh, mar shampla.

Pé scéal é, bhí ceann nua ar liosta an lá cheana, agus fágfaidh mé fúibh féin é bhur gciall féin a bhaint as: I shrank the kids.

Go raibh Domhnach milis agaibh uilig, a léitheoirí! 

Friday, October 6, 2017

Seanfhocail agus Nathanna Cainte

Mise mé féin, ach cé hé thusa?

Dar leis an leabhar Seanfhocla Chonnacht, is éard atá i gceist leis an seanfhocal sin thuas, 'níl a fhios againn intinn an duine eile.'

Ar ndóigh, tá sé sin fíor. Is cuma céard a cheapann tusa ná mise faoi ráiteas nó faoi thuairisc a chloiseann nó a léann muid, i ndáiríre, ní féidir a bheith cinnte céard atá taobh thiar den smaoineamh a thugann beatha don rá béil a chloistear, nó don bhualadh méire a léitear. 

Is cuma cá mbím, feicim agus cloisim neart tuairimí á roinnt. Bíodh stampa nó tír nó duine i gceist, bíonn dhá thaobh ar an mbád, agus roghnaíonn daoine an taobh is ansa leo féin.

Ní hionann moráltacht aon duine, ach is minic go dtagann beirt nó triúr, nó slua, le chéile, agus seolann siad uilig ar an mbád céanna, ó tharla an ghaoth ag séideadh i dtreo a fheileann dóibhsean. 

Chuile dhuine lena phaidrín agus lena chlocha féin, is dócha...athrú aeráide a fheileann, ar bhealach, nuair nach féidir an dá thrá a fhreastal, seans. 

Ní lia duine ná barúil, agus bíonn claonadh nó fabhar i gceist, fiú i ngan fhios, go minic. 

An féidir fanacht ar an gclaí? An féidir leis an mhaith an lámh in uachtar a fháil ar an olc? Ceist mhaith, agus is dóichí ná a mhalairt go mbraitheann an freagra ar mheon agus ar thuairim an duine.

Mise mé fhéin, ach cé hé thusa?

Wednesday, July 26, 2017

Nathanna Cainte

Chaithfeadh sé go raibh sé ráite agam, míle uair, leis An Mháistreás, le seachtain nó dhó anuas, go raibh sé i gceist agam dul i ngleic leis an bpáipéarachas i m'oifig, rud nach ndearna mé, agus rud nach raibh déanta agam, faoin am ar ghlaoigh sí orm, inné.

'Bhfuil tú ag dul ag leagan ar an seomra sin, inniu?' ar sí.

Ar ndóigh, bhí sé i gceist agam díriú ar an bhfadhb, roimhe seo. Bhí gá leis, an dtuigeann sibh. Le roinnt seachtainí anuas, ní raibh mé in ann mo lámh a leagan ar pheann ná ar pháipéar ar an deasc i m'oifig, bhí sé chomh trína chéile sin. 

Gan a thuilleadh moille, nuair a bhí ár gcomhrá críochnaithe againn, leag mé uaim an fón, agus ní dheachaigh mé ar chúl scéithe maidir leis an gceist, níos mó, ach thug mé faoin bhfadhb, ceann ar aghaidh, ar luas lasrach, mar a bheadh tine ar mo chraiceann. 

Ar ndóigh, níl an jab críochnaithe agam fós. Cuirim an locht ar, ahem, An Mháistreás. Bhí an focal sin 'leagan' ag dul timpeall i mo chloigeann, ar feadh an ama, agus tá a fhios ag gach uile mhac máthair a léann an blag seo, nuair a bhíonn focal ag cur tochas ar mo mheabhair, bíonn gá le, ahem, scríob(h).

Pé scéal é, tá neart leaganacha le fáil ar foclóir.ie anseo, más mian libh leagan súl a thabhairt orthu. Ní hé go bhfuilim ag iarraidh béim a leagan ar na leaganacha cainte uilig atá ar an suíomh, ach creidim féin go bhfuil siad leagtha amach go breá soiléir acu. Bainigí taitneamh astu, a chairde, agus mura mbaineann, beidh oraibh an mhéar fhliuch a leagan ar dhuine éigin eile, seachas mise.

Seanfhocal nó dhó daoibh, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht, 

Nuair nach bhfuil muid ag leagan pingine isteach, bíonn muid ag leagan pingine amach. (Caitheamh) 

Clann a thóigeas is clann a thóigeas leagan. (Clann) 

Bíonn an dá leagan ar gach scéal. (Fírinne) 

Ní dochar thú a leagan mara ngortaítear thú. (Misneach) 

An té atá lag is furasta a leagan. (Neart) 


Saturday, June 10, 2017

Nathanna Cainte

Tharla sé go raibh mé ag éisteacht le podchraoladh an lá cheana, agus chuala mé duine den phainéal ag rá (faoi Leo Varadkar, más buan mo chuimhne) 'He shoots from the lip.'

Tá seans maith ann gur 'shoot from the hip'  an rud a bhí i gceist aige, ach thaitin an leagan nuachloiste barrúil liom, agus thosaigh mo smaointe féin ag rith, mar is minic leo. Ar chúis éigin, tháinig mo bhlagmhír An Mámh Cinn, Twitter agus trolláil chun cuimhne. 

Tá nathanna cainte fearacht 'ní chuireann sé fiacail ann' agus 'is furasta é a spréachadh' ann, ach, meas tú, an bhfuil aon nath cainte nua ar fáil don té sin a scríobhann/a fhágann trácht tobann, b'fhéidir tubaisteach, ar na meáin shóisialta?

'Géar leis an méar'...'Péist nár éist'...'Pléite ní léite'...'Cumtha is cuma'...'Colg ón tolg'...'Racht gan slacht'...bhur mbarúil? 

Sunday, July 10, 2016

Nathanna Cainte

'Lá le fíon is arís gan bhraon' an leagan Gaeilge a fuair mé ar foclóir.ie don nath 'feast or a famine,' cé gur 'gorta nó cóisir' an leagan a roghnaigh mé don bhlagmhír a bhí á scríobh agam, ag an am.

Measaim nach raibh mórán measa ar an bpósadh, tráth den tsaol, más fíor an ceann seo ó fhoclóir McCionnaith, 'pósadh inniu agus picil amáireach' do 'feast today, famine tomorrow' chomh maith leis an gceann seo ó fhoclóir T. O'Neill-Lane, 'ní féasta go róstadh, is ní céasadh go pósadh' do 'no feast till the roast and no torment till marriage.'

Ar foclóir.ie 'bíonn blas ar an mbeagán' má tá 'enough is as good as a feast' agus, dar le teanglann.ie 'ní ligfeadh an gorta dó é a dhéanamh' dá mbeadh sé 'too stingy to do it.' An méid sin ráite, dá mbeadh tú ag iarraidh 'lán na súl a bhaint as rud,' bheadh tú ag 'feast one's eyes on something' dar le Tomás de Bhaldraithe ina fhoclóir. 

Agus, más mian leat 'to keep the wolf from the door',' is fearr duit 'an gorta a choinneáil uait,' cheapfainn.

Saturday, April 23, 2016

Cac Mada

Téim ag siúl chuile mhaidin. Tá an taobh seo tíre go hálainn, agus déanann an áilleacht sin maitheas dom; bíonn mo chloigeann agus mo cholainn i bhfad níos follÁine ar m'fhilleadh dom. 

Anois, tá daoine ann a bhíonns ag gearán faoi ghuma coganta ar na sráideanna, agus tuigim dóibh, ach ní guma coganta atá mo chrása, ach cac mada.

Ar mo shiúlóid, bím mar a bheadh an tiománaí cairr ann - an tiománaí ag iarraidh súil amháin a choinneáil ar an luasmhéadar agus súil eile ar an mbóthar, ag iarraidh timpiste a sheachaint - bíonn mise, mar choisí, ag iarraidh súil amháin a choinneáil ar an áilleacht máguaird, ach ag iarraidh an cac madra ar mo bhealach a sheachaint, ag an am céanna. An bhfuil a fhios agaibh céard é féin, a léitheoirí, ach tá sé ar fud na háite...




...agus fiú...
 Ní hé nach bhfuil neart de na boscaí cuí ar fáil...
...tá siad ar fud na háite, ach, fós, is cuma cá mbíonn siad curtha...
...tarlaíonn rudaí mar seo, i gcónaí...

Ní thuigim é.  Tá contúirt ar leith ag baint le cac madra. É sin ráite agam, ní ar aon ghadhar a chuirim an locht, ach ar na daoine nach bhfuil ag breathnú ina ndiaidh.

Sunday, November 29, 2015

Focail Féilire

The time you enjoy wasting is not wasted time. 

Ar maidin, siad na focail sin thuas a bhí ar m'fhéilire deisce agus, thíos, tá an chéad leagan Gaeilge a rith liom féin, agus mé ag cumadh liom,

Ní cur amú ama é am curtha amú go sultmhar. 

Mar is iondúil, cuirim fáilte roimh bhur n-iarrachtaí féin, más mian libh. 

Dar leo anseo, tháinig an leagan Béarla ó Bertrand Russell, agus tá neart athfhriotal suimiúil eile aige ar leathanach sin brainyquote.com, feictear dom. 

Seanfhocal nó dhó, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht,

Is maith an t-am nach gcloífidh. (Bás)

Ní thigeann an t-am a chaitear. (Cur i gCéill)

Tá an t-am á chaitheamh is gan an mhaith á déanamh. (Faillí)

Nuair a thiocfas an t-am tiocfaidh an chlann. (Flaithis)

An t-am is an taoille ní fhanann le éinne. (Moill)

Ní liom an t-am, ach is orm atá é a chaitheamh. (Saol)

Friday, November 13, 2015

Seanfhocal

Na seanfhocail seo a leanas ón leabhar Seanfhocla Chonnacht; na grianghraif uaimse, cinn a thóg mé anseo, i bPáirc Swan, le déanaí. 
Lúb leis an gcrann a lúbfas leat. (Cairdeas) 

Ní thagann duilliúr ar an gcrann a chríonas. (Aois)

Leagfaidh tua bheag crann mór. (Bás)

Nuair a ghearrtar géaga an chrainn is furasta an crann féin a leagadh. (Cúnamh)

Crann na foighde an crann is airde. (Flaithis)

Ní hé an crann a bhíos i bhfad ag crith an chéad chrann a thuitfeas. (Eolas)

Maireann an crann, ach ní mhaireann an lámh a chuir é. (Saol)

Monday, October 12, 2015

Focail Féilire


Glan do chuid fiacla nó glanfaidh siad leo. 

Is ó Réaltán Ní Leannáin a tháinig an leagan Gaeilge sin, ar Twitter, ar maidin...mo bhuíochas, a chara, agus go n-éirí go geal le seoladh do leabhar nua, Dílis, i gClub Chonradh na Gaeilge, Dé Sathairn seo chugainn, ag Imram, Féile Litríochta Gaeilge. 

Beidh mé ann, ach, mura féidir leatsa bheith ann, a léitheoir, is féidir leat an leabhar a cheannach anseo, freisin, ó Chló Iar-Chonnacht. 

Seanfhocal nó dhó, as an leabhar Seanfhocla Chonnacht, maidir le fiacla,

Ní bhriseann focla maithe fiacla. (Béasa)

Teanga a ghníos caint is ní fiacla. (Caint)

Is deacair fiacla a chur i gcúl corráin. (Dúchas)

Cab sinsear na bhfataí. (Plandaí)

Maidir leis an seanfhocal deireanach sin, tá sé scríofa, sa leabhar, 

'an béal; 'casúr na bhfataí' a thugtar ar na fiacla freisin.'

Gabh mo leithscéal anois, a chairde, ach tá mo bhricfeasta ag fanacht le casúr na bhfataí...

Saturday, August 22, 2015

Seanfhocal an Lae


Sin thuas grianghraf a thóg mé, ar an trá, i mBun Cranncha inniu. Níl a fhios agam cé leis an madra, ach bhí sceitimíní agus deifir air, gan dabht ar bith!

Seo chugaibh seanfhocal nó dhó eile, as an leabhar Seanfhocla Chonnacht, cinn a bhaineann le Deifir, mar aon leis an gceann thuas:

Aicearra an chait thríd an ngríosach. 

Cangail do ghreim go maith is ní thachtfaidh sé thú.

Dá mhéad luas is lú cnuas. 

Nuair is mó deifir is ea is mó moill. 

Tuesday, August 11, 2015

Focail Liom Focail Leat

                                         Corr Scréachóg le Corr Ghainimh

Cé gur corr scréachóg an t-ainm a chuala mé féin, i gConamara, don fhocal heron, tá a fhios agam go bhfuil neart ainmneacha eile aici, freisin, mar atá Máire fhada, corr mhóna, corr ghlas, corr éisc, Nora na bportach (WinGléacht), bunán, corr ghréine (Lane's Larger), Cáití fhada,  agus Júní an scrogall (McCionnaith), mar shampla. 

Sa ghrianghraf thuas, ceann a thóg mé i mBun Cranncha le déanaí, tá corr ghainimh (eel) ina béal ag an gcorr scréachóg, agus cé nach 'cluiche' atá ann, ar chor ar bith, don chorr ghainimh bhocht, rinne mé méim as an ngrianghraf. Is féidir libh féin bhur míniú féin a bhaint as, mar mhéim, ach beidh cúpla leid le fáil sa bhlagmhír seo, cheapfainn. 

Is iomaí míniú atá ag an bhfocal sin corr; rounders atá i gceist le cluiche corr, dá mba mhian leat an míniú sin a bhaint as, ach d'fhéadfá corr a úsáid mar aidiacht, mar shampla, round, curved, nó don fhocal eccentric, bhí sé riamh corr, ach más odd atá an duine, is éan corr a thabharfá air, dá mba mhian leat. Chloisfeá a leithéidí, corr uair, nó occasionally, is dócha. 

Is corr leitheadach a thugtar ar an spoonbill, agus ar long-necked person, freisin, dar le WinGléacht, agus ní bheadh tú as cor dá gcuirfeá an t-ainmfhocal corr (projecting point, angle, edge) le hainmfhocal nó dhó eile, mar shampla, corr diallaite (pommel of saddle), corr inneonach (horn of anvil), nó corr cláirsí (neck of harp), abair. 

Mo chuimhne, dar leo anseo, d'fhéadfá an odd game a úsáid, dá mbeadh cluiche corr 'ar siúl sa chúlra,' an dtuigeann sibh. Is iomaí cor sa saol, a léitheoirí, agus corra go leor, freisin, is cosúil.

Thursday, August 6, 2015

Uisce Éireann

Seanfhocal nó dhó daoibh, a léitheoirí, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht, ó tharla 'uisce' agus 'tobar' luaite ar m'fhéilire ar maidin, agus ó tharla fadhb nó dhó againn leis an gcomhlacht Uisce Éireann, i láthair na huaire.

Ní aireoidh tú an t-uisce imithe nó go dtriomaí an tobar. (Uireasa) 

Tobar beatha is ea béal an duine fhónta. (Comhairle)


Ní thagann an crúiscín slán ón tobar i gcónaí. (Deireadh)


Is é an ghair chéanna agat, breith ar mhac tíre agus uisce a iompar i gcriathar. (Cinnteacht)

Ná caith amach an t-uisce salach go bhfaighe tú an t-uisce glan isteach. (Cinnteacht)

Bainfidh sé uisce as na néalta. (Cur i gCéill)

Tá caint chomh ahem saor leis an uisce. (Caint) (Liomsa an 'ahem!')

Monday, August 3, 2015

Focail Féilire

Nuair a tháinig an fáistineach, gnáthchaite agus láithreach le chéile, ní raibh cuma ná caoi ar an aimsir.

Mo leagan féin de na focail a chonaic mé ar m'fhéilire, ar maidin,

The past the present and the future walked in to a bar. It was tense. 

Is cosúil gur féidir tuilleadh athfhriotal mar iad a léamh anseo, más maith leat athfhriotail. 

Droch-chuma ar an aimsir anseo ar maidin, a léitheoirí. Cá'il an Samhradh!?

Sunday, August 2, 2015

Nathanna Cainte


Is minic mo shúil eile oscailte agam, agus b'amhlaidh aréir, nuair a chonaic mé an radharc thuas, ar chúl tí s'againne. 

Is fánach an áit a chuirfeá méim nó nath cainte, arsa mé féin liom féin, agus tháinig mé ar an nath crochta as an sreangán, aréir, don ní sin a bheadh in a precarious position...hé presto! Bhí, ahem, báisteach geallta, an dtuigeann sibh. 

Dar leo anseo, bheadh an duine atá in a precarious position i ngreim an dá bhruach, freisin, nó, dá mbeadh a precarious way of living acu, bheadh siad i ngreim ar eireaball eascaine, ach dá mbeadh siad hanging in the balance, nó in a critical condition, bheadh siad idir dhá cheann na meá, rud a d'fhágfadh san fhaopach iad, nó in an awkward position. 

Más rud go bhfuil tú in a dilemma, d'fhéadfá bheith idir dhá throm, nó idir dhá thine Bealtaine, rud a d'fhágfadh duine in a state of perplexity, seans, agus dá bhrí sin, idir dhá chomhairle maidir leis an nath idir dhá cheann na meá, mar shampla, ó tharla touch and go i gceist leis, freisin, mar aon le undecided agus not knowing which way to jump, dar leo anseo. 

Má éiríonn leat léim an dá bhruach a chailleadh, chuile sheans go bhfuil tú idir dhá stól, agus, dá bhrí sin, falling between two stools. Agus duine sa fine predicament sin, nach deas an bhail a bheadh orthu! 

Tá súil agam go bhfuil do predicament réitithe agam anois, a léitheoir, agus nach bhfuil tú i gcruachás, i sáinn ná i bponc a thuilleadh. Ní gá duit bheith i'd bhambairne, níos mó, mar ní raibh sé riamh i gceist agam bambainne a dhéanamh díot.  

Mar a deir an seanfhocal, nuair is mó an cruachás is ea is mó an cuidiú.