Tharla sé go raibh mé ag éisteacht le podchraoladh an lá cheana, agus chuala mé duine den phainéal ag rá (faoi Leo Varadkar, más buan mo chuimhne) 'He shoots from the lip.'
Tá seans maith ann gur 'shoot from the hip' an rud a bhí i gceist aige, ach thaitin an leagan nuachloiste barrúil liom, agus thosaigh mo smaointe féin ag rith, mar is minic leo. Ar chúis éigin, tháinig mo bhlagmhír An Mámh Cinn, Twitter agus trolláil chun cuimhne.
Tá nathanna cainte fearacht 'ní chuireann sé fiacail ann' agus 'is furasta é a spréachadh' ann, ach, meas tú, an bhfuil aon nath cainte nua ar fáil don té sin a scríobhann/a fhágann trácht tobann, b'fhéidir tubaisteach, ar na meáin shóisialta?
'Géar leis an méar'...'Péist nár éist'...'Pléite ní léite'...'Cumtha is cuma'...'Colg ón tolg'...'Racht gan slacht'...bhur mbarúil?
Showing posts with label focail féilire. Show all posts

Saturday, June 10, 2017
Sunday, November 29, 2015
Focail Féilire
The time you enjoy wasting is not wasted time.
Ar maidin, siad na focail sin thuas a bhí ar m'fhéilire deisce agus, thíos, tá an chéad leagan Gaeilge a rith liom féin, agus mé ag cumadh liom,
Ní cur amú ama é am curtha amú go sultmhar.
Mar is iondúil, cuirim fáilte roimh bhur n-iarrachtaí féin, más mian libh.
Dar leo anseo, tháinig an leagan Béarla ó Bertrand Russell, agus tá neart athfhriotal suimiúil eile aige ar leathanach sin brainyquote.com, feictear dom.
Seanfhocal nó dhó, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht,
Is maith an t-am nach gcloífidh. (Bás)
Ní thigeann an t-am a chaitear. (Cur i gCéill)
Tá an t-am á chaitheamh is gan an mhaith á déanamh. (Faillí)
Nuair a thiocfas an t-am tiocfaidh an chlann. (Flaithis)
An t-am is an taoille ní fhanann le éinne. (Moill)
Ní liom an t-am, ach is orm atá é a chaitheamh. (Saol)

Friday, November 13, 2015
Seanfhocal
Na seanfhocail seo a leanas ón leabhar Seanfhocla Chonnacht; na grianghraif uaimse, cinn a thóg mé anseo, i bPáirc Swan, le déanaí.
Lúb leis an gcrann a lúbfas leat. (Cairdeas)
Ní thagann duilliúr ar an gcrann a chríonas. (Aois)
Leagfaidh tua bheag crann mór. (Bás)
Nuair a ghearrtar géaga an chrainn is furasta an crann féin a leagadh. (Cúnamh)
Crann na foighde an crann is airde. (Flaithis)
Ní hé an crann a bhíos i bhfad ag crith an chéad chrann a thuitfeas. (Eolas)
Maireann an crann, ach ní mhaireann an lámh a chuir é. (Saol)
Monday, October 12, 2015
Focail Féilire
Glan do chuid fiacla nó glanfaidh siad leo.
Is ó Réaltán Ní Leannáin a tháinig an leagan Gaeilge sin, ar Twitter, ar maidin...mo bhuíochas, a chara, agus go n-éirí go geal le seoladh do leabhar nua, Dílis, i gClub Chonradh na Gaeilge, Dé Sathairn seo chugainn, ag Imram, Féile Litríochta Gaeilge.
Beidh mé ann, ach, mura féidir leatsa bheith ann, a léitheoir, is féidir leat an leabhar a cheannach anseo, freisin, ó Chló Iar-Chonnacht.
Seanfhocal nó dhó, as an leabhar Seanfhocla Chonnacht, maidir le fiacla,
Ní bhriseann focla maithe fiacla. (Béasa)
Teanga a ghníos caint is ní fiacla. (Caint)
Is deacair fiacla a chur i gcúl corráin. (Dúchas)
Cab sinsear na bhfataí. (Plandaí)
Maidir leis an seanfhocal deireanach sin, tá sé scríofa, sa leabhar,
'an béal; 'casúr na bhfataí' a thugtar ar na fiacla freisin.'
Gabh mo leithscéal anois, a chairde, ach tá mo bhricfeasta ag fanacht le casúr na bhfataí...
Thursday, August 6, 2015
Uisce Éireann
Seanfhocal nó dhó daoibh, a léitheoirí, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht, ó tharla 'uisce' agus 'tobar' luaite ar m'fhéilire ar maidin, agus ó tharla fadhb nó dhó againn leis an gcomhlacht Uisce Éireann, i láthair na huaire.
Ní aireoidh tú an t-uisce imithe nó go dtriomaí an tobar. (Uireasa)
Tobar beatha is ea béal an duine fhónta. (Comhairle)
Ní thagann an crúiscín slán ón tobar i gcónaí. (Deireadh)
Is é an ghair chéanna agat, breith ar mhac tíre agus uisce a iompar i gcriathar. (Cinnteacht)
Ná caith amach an t-uisce salach go bhfaighe tú an t-uisce glan isteach. (Cinnteacht)
Bainfidh sé uisce as na néalta. (Cur i gCéill)
Tá caint chomh ahem saor leis an uisce. (Caint) (Liomsa an 'ahem!')

Monday, August 3, 2015
Focail Féilire
Nuair a tháinig an fáistineach, gnáthchaite agus láithreach le chéile, ní raibh cuma ná caoi ar an aimsir.
Mo leagan féin de na focail a chonaic mé ar m'fhéilire, ar maidin,
The past the present and the future walked in to a bar. It was tense.
Is cosúil gur féidir tuilleadh athfhriotal mar iad a léamh anseo, más maith leat athfhriotail.
Droch-chuma ar an aimsir anseo ar maidin, a léitheoirí. Cá'il an Samhradh!?

Sunday, August 2, 2015
Nathanna Cainte
Is minic mo shúil eile oscailte agam, agus b'amhlaidh aréir, nuair a chonaic mé an radharc thuas, ar chúl tí s'againne.
Is fánach an áit a chuirfeá méim nó nath cainte, arsa mé féin liom féin, agus tháinig mé ar an nath crochta as an sreangán, aréir, don ní sin a bheadh in a precarious position...hé presto! Bhí, ahem, báisteach geallta, an dtuigeann sibh.
Dar leo anseo, bheadh an duine atá in a precarious position i ngreim an dá bhruach, freisin, nó, dá mbeadh a precarious way of living acu, bheadh siad i ngreim ar eireaball eascaine, ach dá mbeadh siad hanging in the balance, nó in a critical condition, bheadh siad idir dhá cheann na meá, rud a d'fhágfadh san fhaopach iad, nó in an awkward position.
Más rud go bhfuil tú in a dilemma, d'fhéadfá bheith idir dhá throm, nó idir dhá thine Bealtaine, rud a d'fhágfadh duine in a state of perplexity, seans, agus dá bhrí sin, idir dhá chomhairle maidir leis an nath idir dhá cheann na meá, mar shampla, ó tharla touch and go i gceist leis, freisin, mar aon le undecided agus not knowing which way to jump, dar leo anseo.
Má éiríonn leat léim an dá bhruach a chailleadh, chuile sheans go bhfuil tú idir dhá stól, agus, dá bhrí sin, falling between two stools. Agus duine sa fine predicament sin, nach deas an bhail a bheadh orthu!
Tá súil agam go bhfuil do predicament réitithe agam anois, a léitheoir, agus nach bhfuil tú i gcruachás, i sáinn ná i bponc a thuilleadh. Ní gá duit bheith i'd bhambairne, níos mó, mar ní raibh sé riamh i gceist agam bambainne a dhéanamh díot.
Mar a deir an seanfhocal, nuair is mó an cruachás is ea is mó an cuidiú.
Monday, May 25, 2015
Focail Féilire
Béalchrábhadh - réamhchlaonadh le naomhluan.
Hypocrisy - prejudice with a halo.
Chuile sheans go bhfuil bhur leagan féin agaibh, a léitheoirí, ach sin thuas an leagan Gaeilge a rith liom féin, agus na focail á léamh agam, ar maidin.
Ambrose Bierce a scríobh an leagan Béarla, más fíor, agus bhí neart le rá aige, más fíor an méid atá le léamh anseo.
Is maith liom an t-athfhriotal seo uaidh...
'Sweater, n. garment worn by child when its mother is feeling chilly.'
...gan trácht ar an míniú a thugann sé dúinn ar...
'Cabbage, a familiar kitchen-garden vegetable about as large and wise as a man's head.'
Tá ábhar gáirí go leor sa saol, a léitheoirí...bainigí sult as!
Tuesday, April 21, 2015
Focail Féilire
Seo a leanas na focail atá ar m'fhéilire deisce ar maidin:
'Every man is guilty of all the good he didn't do.'
Ní imreoir é an t-iománaí ar an gclaí.
Tagann an leagan Béarla sin thuas ó Voltaire, feictear dom, agus is uaim féin an leagan Gaeilge.
Fuair mé na cinn seo thíos ón leabhar Seanfhocla Chonnacht:
Is minic duine ag dul amú agus solas aige. (Aire)
Faigheann an t-airgead aire. (Aire)
Is uaisle beart ná briathar. (Caint)
Ní líonann beannacht bolg. (Caint)
Iomlán na lámha le chéile. (Cúnamh)
Ná cuirtear an rún ar ceal ná an gníomh ar cairde. (Moill)

Monday, January 26, 2015
Sunday, July 13, 2014
Focail Féilire
Titeann fíorchara isteach leat, ní amach.
A true friend falls in with you, not out.
Uaimse an dá sheanfhocal nua thuas, a léitheoirí, ach is féidir seanfhocail eile, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht, cinn a bhaineann le cairdeas, a fheiceáil ag bun na blagmhíre seo; agus giota beag faoi mo chairde féin anseo.
Ar ndóigh, tá cairde eile ann, daoine a tháinig isteach i mo shaol le blianta beaga anuas, duine nó dhó acu a bheidh ag léamh na blagmhíre seo, agus beidh a fhios acusan go bhfuil a fhios agamsa go mbeinn caillte gan a dtacaíochtsan, freisin.
Céard a dhéanfaimis gan ár gcairde, a léitheoirí?!

Monday, June 9, 2014
Na Boscaí Sin
Ar an deasc i m'oifig anseo i gCeann Scríbe, tá na trí bhosca sa ghrianghraf thuas. Chuir mé ansin iad, roinnt blianta ó shin, le go mbeinn in ann ord, de shaghas éigin, a choinneáil ar mo chuid, ahem, dea-rún.
Sa chéad bhosca, cuirim na focail féilire, nó na hathfhriotail Bhéarla a fheicim, na cinn ar mhaith liom leagan Gaeilge a chumadh lena n-aghaidh, am éigin amach anseo, ach an deis a bheith agam é sin a dhéanamh.
Sa dara bosca, cuirim na nathanna cainte nua/focail nua/seanfhocail nua a chloisim...nathanna agus focail i mBéarla agus i nGaeilge, cinn ar mhaith liom a mbunús a fhiosrú/taighde a dhéanamh orthu, le go mbeinn in ann iad a roinnt ar mo bhlag, am éigin amach anseo, ach an deis a bheith agam é sin a dhéanamh.
Sa tríú bhosca, breactha ar phíosaí páipéir, tá na smaointe sin a ritheann liom, go rialta agus go laethúil...smaointe as a dtiocfadh dán, nó scéal, nó amhrán, nó blagmhír, b'fhéidir, ach an deis a bheith agam ceann a scríobh, am éigin amach anseo.
Le bliain nó dhó, thug mé faoi deara go raibh i bhfad níos mó ag dul isteach sna boscaí sin, seachas mar a bhí ag teacht amach astu, mar a déarfá...bhí mo spiorad toilteanach ach, faraor, thug mé faoi deara go raibh mo chorp sách trodach. Bhí laethanta go leor ann agus ní raibh fuinneamh caitín agam, agus ghlac an bhean mheánaoiseach seo leis sin, mar gheall ar na focail eile sin a chuala mé sách minic...aois, athrú saoil, srl., srl., srl.
Ach, i ndeireadh na dála, ní mar a shíltear a bítear, i gcónaí. Rud eile ar fad a ghoid m'fhuinneamh uaim, fadhb bheag lena bhfuilim ag dul i ngleic, gan stró, ach fadhb bheag atá do mo choinneáil ó mo chuid scríbhneoireachta mar sin féin, agus, dá bhrí sin, do mo choinneáil ó mo bhlag. Aiféala orm faoi sin, a léitheoirí rialta dílse. Níl mo sheanléim i bhfad uaim, tá súil agam.
Rith smaoineamh eile liom ar maidin - cuirtear daoine i mboscaí, freisin; aois, aicme, inscne, creideamh, srl., srl., srl. Cuirtear lipéid orainn, in ainneoin ár leithlí. Gura fada uainn dáileoirí na lipéad. Go raibh deis againn uilig cneasú.

Wednesday, April 23, 2014
Focail Féilire
Cuir am amú ar maidin agus caithfidh tú an lá ar a thóir.
Lose an hour in the morning and you will spend all day looking for it.
An leagan Béarla ó Richard Whately. An leagan Gaeilge uaimse.
Seanfhocal daoibh, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht,
Más maith leat a bheith ag meath, téirigh ag iascaireacht.

Wednesday, March 12, 2014
Focail Féilire
Seo a leanas na focail atá ar m'fhéilire fuinneoige ar maidin,
All we need to make us really happy is something to be enthusiastic about.
Seo a leanas an leagan Gaeilge a rith liom féin,
Tá dóchas i ndíograis.
Mar is iondúil, cuirim fáilte roimh bhur leaganacha féin den athfhriotal Béarla sin ó Charles Kingsley, fear a bhíodh ina shagart in Eaglais Shasana, agus fear a raibh cairdeas agus comhfhreagras rialta aige le Charles Darwin, más fíor an méid a léigh mé ar an suíomh gréasáin Wikipedia.
Feicim athfhriotal eile ó Charles Kingsley ar an suíomh sin brainyquote.com, ceann a chuir stop le siúlóid mo shúl ar maidin, ceann a chuir dlús le mo mhachnamh maidine,
There are two freedoms - the false, where a man is free to do what he likes; the true, where he is free to do what he ought.
Ar maidin, seolaim mo chomhbhrón ó chroí chuig na daoine uilig atá buartha faoi bhás Christine Buckley - bean chróga, bean a thuig cearta daonna, bean nach ndearna dearmad ar dhaoine eile a d'fhulaing mar í, bean a bhain an fhírinne as mála na mbréag.
Go raibh suaimhneas síoraí ar d'anam álainn, a Christine.

Tuesday, February 4, 2014
Focail Féilire
Is fearr cara sa chúirt ná cúirt a chur ar chara.
Before borrowing money from a friend, decide which you need more.
Deirtear, anseo, gur ó Addison H. Hallock a tháinig an t-athfhriotal sin; athfhriotal atá ar m'fhéilire deisce inniu. Nílim in ann theacht ar aon eolas eile faoin léaspaire ar leith sin, mar sin níl le rá agam faoi ach gur uaidhsean a tháinig an leagan Béarla den athfhriotal, agus gur uaimse an leagan Gaeilge.
Anois, tá a fhios agam go bhfuil sibh ann a déarfaidh nach dtabharfadh aon duine a chara chun cúirte, ach ní cheapfá é sin dá gcaithfeá súil ar chlár Judge Judy ó am go chéile!
Pé scéal é, seo seanfhocal nó dhó ón leabhar Seanfhocla Chonnacht, cinn atá le fáil ann faoin gceannteideal Cairdeas,
An té nach truaighe leis do chás, ná déan do ghearán leis.
In aimsir sonais is sóláis, beidh cairde go leor agat,
in aimsir donais is dóláis, beidh ceann as an scór agat.
Is fearr fuacht do charad ná teas do namhad.
Lúb leis an gcrann a lúbfas leat.

Tuesday, January 21, 2014
Focail Féilire
Níl sa saol ach seal, mar sin sealbhaigh duit féin é.
Your time is limited, so don't waste it living someone else's life.
An leagan Gaeilge uaimse, agus an leagan Béarla ó Steve Jobs.
Seanfhocal nó dhó daoibh, a léitheoirí, as an leabhar Seanfhocla Chonnacht:
Ní bhfaighfir ach cónra is bráillín, an rud a fuair Mór is a cailín. (Bás)
Níl duine dá chríonna nach gcaitheann seal leis an aos fáin. (Críonnacht)
Ní íseal ná uasal ach thíos seal is thuas seal. (Onóir)
Is beag ár sáith is is gairid ár seal. (Saol)
Ní túisce an abhainn anonn ná anall. (Saol)

Sunday, January 12, 2014
Focail Liom Focail Leat
Mar is eol do léitheoirí rialta an bhlag seo, ó am go chéile tá sé de nós agam, à la Style Invitational, focal nua a chumadh as focal eile. Déanaim é, gan ach litir amháin a athrú sa sean fhocal, mar atá luaite sna rialacha ar an leathanach sin thuasaibhsithe. Feicfidh sibh, ar an leathanach sin, sampla nó dhó den rud atá i gceist agam, a chairde.
Cibé scéal é, bhí mé ag smaoineamh faoin bhfocal sin iasacht, é i gceist agam an litir c a chur leis, le focal nua, mar a cheap mé féin, a chumadh as: iascacht. Bhí sé i gceist agam, freisin, an sainmhíniú nua seo a leanas a thabhairt dó,
Iascacht: Rud a sciobtar as áit iasachta, é in ainm a bheith gan dochar; rud a choinnítear, mar dhea, ar mhaithe leis an áit ina lonnaítear é.
Bhí sé i gceist agam sampla nó dhó a thabhairt, samplaí fearacht iascacht morgáiste, teanga iascachta, ach, sula raibh deis agam méar a fhágáil ar mhéarchlár le mo dhroch-chumadh a roinnt libh anseo, a léitheoirí, céard a chonaic mé, agus mé ag útamáil liom thart ar an idirlíon ar maidin, ach sampla nó dhó nó trí (cáil tú, a Bhlagarama!) den fhocal, agus é in úsáid ag daoine eile cheana, is cosúil.
Bhuel, baineadh geit asam, caithfidh mé a rá, mar nach raibh mé féin ar an eolas faoin bhfocal sin iascacht roimhe seo, ach táim ag foghlaim liom, mar is iondúil; is eol dom, go rómhaith, gur iomaí focal nach bhfuil ar eolas agam, agus is maith ann na focail iascachta, nach gceapfá.
Ar aon nós, agus mé ag útamáil liom ar an idirlíon ar maidin, baineadh geit eile asam, nuair a chonaic mé, anseo (pdf), faoin bhfotheideal 'Dlíthe Baoth', atá faoin gceannteideal 'Úsáid do Theanga' ar an leathanach sin,
'I Utah, tá sé I gcoinne an dlí bheith ag iascacht is tú in airde ar chapall.'
Bhuel, arsa mé féin liom féin, beidh dream thall agus abhus nach mbeidh ar an eolas faoin dlí sin, ach oiread liom féin, agus b'fhéidir go mba chóir domsa iadsan, agus Mícheál Ó Nuanáin, a chur ar an eolas faoi, ar fhaitíos na bhfaitíos go mbeadh aon duine acu ar thóir iascachta am éigin go luath.
Meas tú an bhfuil capall ag Mícheál...

Thursday, January 9, 2014
Focail Liom Focail Leat
Ó am go chéile, feicim focail atá aistrithe ón mBéarla go Gaeilge, ach nach n-insíonn a scéal dom, mar a déarfá. Mar shampla, na focail grán rósta do popcorn - mar a scríobh mé i mo thrácht anseo, b'fhearr liom féin pléascórn; focal féinchumtha, ar ndóigh, ach focal intuigthe, mar sin féin, feictear dom.
Seans go bhfuil an focal féinchumtha é fhéin féinchumtha, freisin, ach beatha teanga í a mhúnlú, nuair a fheileann sé, cheapfá. Mar a fheictear ón nuafhocal sin, is féidir seanfhocal a athrú timpeall, chomh maith céanna, i mo thuairim, nuair is gá. Tá, ahem, cead an chumadóra seo agaibh, a chairde, más mian libh a leithéidí a dhéanamh amach anseo.
An focal atá ag dó na geirbe agam na laethanta seo ná an focal sin haischlib, focal atá le fáil sna foclóirí nua fearacht focal.ie, agus foclóir.ie, mar aistriúchán ar an bhfocal Béarla sin hashtag. Ar ndóigh, ní saineolaí mise ar bhunús an fhocail, ach rith sé liom go mbeadh focal mar ábhará níos feiliúnaí don chomhartha # sin, comhartha a chuirtear roimh fhocal ar Twitter, mar shampla, nuair atá ábhar faoi chaibidil, nó faoi rá, ann mar a déarfá.
Chonaic mé an nath cainte sneak peek thall ar Twitter le déanaí, agus rith sé liom nach bhfuil, chomh fada agus is eol dom, aon nath dá mhacasamhail againn i nGaeilge, an bhfuil? Mura bhfuil, agus mura bhfuil ceann ag aon duine agaibh le roinnt linn anseo, nó ar Twitter, nó ar shuíomh Gaeilge Amháin thall ar Facebook a léitheoirí, céard bhur mbarúil faoi gliúc glic, nó gíoc slíocach, nó fiú réamhradharc rúnda?

Is buaine port ná glór na n-éan,
Is buaine focal ná toice an tsaoil.
Wednesday, January 1, 2014
Beannachtaí na Bliana Úire
Seachain 'shíl mé' is 'ag súil le' agus seachnófar sileadh súl.
Blessed is the man who expects nothing, for he shall never be disappointed.
An leagan Gaeilge uaimse, agus an leagan Béarla ó Alexander Pope, file aorach, a chuir 'an naoú beannacht' sin thuas leis 'na hocht mbeannacht' ón tSeanmóir ar an Sliabh, más fíor.
An méid sin ráite, feicim ar shuíomh brainyquote.com, go luaitear an t-athfhriotal céanna le Jonathan Swift, cé nach bhfeicim féin an t-athfhriotal sin luaite leis in aon áit ar an suíomh wikiquote.org. Ach, thug mé athfhriotal eile faoi deara ar an suíomh sin wikiquotes, ceann atá luaite le Jonathan Swift, is cosúil,
Laws are like cobwebs, which may catch small flies, but let wasps and hornets break through.
Nuair a léigh mé an t-athfhriotal sin, sí an ghéarchéim seo a tháinig isteach i mo chloigeann.
Cúpla seanfhocal ón leabhar Seanfhocla Chonnacht:
Bíonn an mhil go milis, ach bíonn an mheach cealgach. (Brabach)
Ná déan caidreamh le feall nó déanfar feall ort. (Feall)
Ní in am a bhraitear an fealltóir. (Feall)
Claimhte fada i láimh cladhaire. (Cur i gCéill)
Folach an chait ar a chac. (Cur i gCéill)
Mo bheannacht féin chugaibh agus oraibh an bhliain nua seo, a léitheoirí - go maire sibh foichí fealltacha ár linne.

Wednesday, December 18, 2013
Focail Féilire
An scoilt i ndifríocht an scoilt is fearr.
The most important trip you may take in life is meeting people halfway.
An leagan Gaeilge uaimse, agus an leagan Béarla ó Henry Boye, feictear dom.
Seanfhocal nó dhó daoibh, a léitheoirí, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht, mar a leanas,
Is é leigheas an scéil é a ghlacadh sa réiteach. (Réiteach)
Ní théann rogha ón réiteach. (Réiteach)
Cogadh carad, caoi namhad. (Eascairdeas)
Is minic a rinne an carthanas caraid mhaith den namhaid. (Eascairdeas)
Níl namhaid ar bith is measa do dhuine ná é féin. (Eascairdeas)
Ni ualach don cholainn ciall. (Ciall)
Deireadh gach cumainn scoilt, deireadh gach cogaidh síth. (Deireadh)

Subscribe to:
Posts (Atom)