Showing posts with label foilseachán. Show all posts
Showing posts with label foilseachán. Show all posts

Tuesday, August 25, 2020

Lisa Nic An Bhreithimh

Scríobhaim trí mheán na Gaeilge, den chuid is mó. Tá sé cloiste agam, ó am go chéile, nach aon ionadh é go bhfoilsítear saothar i nGaeilge liom, ó am go chéile, mar go bhfuilim in ann Gaeilge a labhairt. Tá sé de nós agam, na laethanta seo, ceist a chur ar an mBéarlóir óna dtagann an ráiteas, 

'So, where have you been published?' 

Mar fhreagra, cuirtear ina luí go lom orm é nach bhfuil tobar scríbhneoirí na Gaeilge chomh lán le tobar scríbhneoirí an Bhéarla, agus go bhfuil sé i bhfad Éireann níos éasca ag scríbhneoir na Gaeilge saothar a fhoilsiú ó thobar gortach na Gaeilge, seachas aird eagarthóra, atá ag obair i dtobar tuilteach an Bhéarla, a tharraingt i dtreo an duine atá ag scríobh trí mhéan an Bhéarla. 

Bhuel, ní lia duine ná barúil, agus táim féin den bharúil nach leor é a bheith in ann teanga a labhairt. Is cuma cén teanga atá i gceist, más rud é go bhfuil saothar leat le foilsiú, caithfear bheith in ann scríobh, go cumasach, sa teanga ar leith sin, freisin. 

Mar atá Lisa Nic An Bhreithimh. 

Roimh dheireadh na bliana seo, beidh leabhar nua, Fast Funny Women, leabhar ina mbeidh '75 essays of flash nonfiction,' curtha in eagar ag Gina Barreca, ag teacht ar an bhfód. Ar dhuine de na 'internationally celebrated women authors and dazzlingly hilarious newcomers' ag a mbeidh scéalta sa leabhar seo, beidh Lisa Nic an Bhreithimh na tíre seo, lena scéal, My First Date...with a Girl

I measc na n-údar eile, tá leithéidí Fay Weldon, Liza Donnelly, 'Judge Judy' Sheindlin, Susan Shapiro, Pamela Katz, mar shampla, agus neart scríbhneoirí aitheanta eile nach iad. 

Tá na scéalta uilig léite agam, mar go raibh sé d'ádh orm go bhfuair mé greim ar réamhchóip den leabhar, agus bhain mé an-sult as na scéalta ann.  Bhain cuid acu siar asam, bhí siad chomh hionraic sin, ach baineadh gáire asam, freisin. Chuir cuid de na scéalta ag smaoineamh mé, faoi bhealaí nua le breathnú ar an saol, mar shampla. Chuir scéal nó dhó brón orm, freisin, cé gur le greann a cuireadh iad i láthair.  

D'fhoghlaim mé go leor, óna bhfulaingt, óna bhféile, óna mbá, óna ndáimh. D'ardaigh na scéalta mo mheanma agus mo chroí.

Comhghairdeachas leat, a Lisa. Níl aon aithne phearsanta agam ort, ach táim chomh bródúil asat, mar sin féin, mar is léir dom gur duine cumasach thú, is cuma cén tobar ina bhfuil do pheann á thumadh agat. 

Friday, January 31, 2014

Oireachtas na Samhna 2013 - Na Seastáin

Mar a scríobh mé cheana, a léitheoirí, bainim sult as na seastáin i Halla na Seastán ag an Oireachtas, agus rinne mé amhlaidh ag Oireachtas na Samhna i gCill Áirne roinnt míonna ó shin - aiféala orm faoin tuairisc mhall, ach más mall is mithid!

Seo chugaibh na grianghraif a thóg mé sa Halla. Más mian libh tuilleadh eolais a fháil, cliceáil ar an bpictiúr cuí len é a mhéadú, nó brú ar an nasc Idirlín faoin bpictiúr - má tá suíomh gréasáin ag an gcomhlacht/foras/áisíneacht/eagraíocht/siopa a chonaic mé, beidh an nasc chuig an suíomh sin le fáil áit éigin thíos.  

Ní dóigh liom gur éirigh liom chuile sheastán a fheiceáil, ach is léir dom, chuile bhliain, go bhfuil cabhair, cúnamh agus tacaíocht don Ghaeilge, agus táirgí na Gaeilge, ar fáil ar fud na tíre. Níl anseo uaimse ach cuid de na nithe a thug mé féin faoi deara:























Saturday, July 6, 2013

Saol na Gaeilge

Tagann Saol na Gaeilge isteach i mo shaol uair sa mhí. Bíonn an t-eagrán reatha romham, i mo bhosca isteach, ag tús na míosa, agus bíonn ailt suimiúla ann, go minic: Príomhscéalta; GnéAilt; Nuacht agus Ócáidí; Foghlaimeoirí; Foilseacháin, agus Aerscéalta - brú ar na ceannteidil éagsúla sin, ar an suíomh, a léitheoir, agus tiocfaidh tú ar na hailt/comórtais/agallaimh éagsúla, faoin liosta anuas

An mhí seo, is féidir leat alt a léamh faoin Aip Ghaeilge, Anseo, atá bunaithe ar GPS, 'chun tú a cheangal le do chairde...' srl., agus is fiú, ceapaim féin, tabhairt faoin gCrosfhocal míosúil, faoin gceannteideal Foghlaimeoirí, crosfhocal a chuideoidh leat snas a chur ar do theanga, seans; agus tabharfaidh sé deis duit dul san iomaiocht le daoine eile, le greim a fháil ar an 4 x €50 atá le buachan gach mí - ach na freagraí cearta a bheith curtha sna boscaí cuí agat, ar ndóigh! 

Má fhaigheann tú deis, caith súil ar an nuachtiris mhíosúil, Saol na Gaeilge, atá faoin chúram Choilm Uí Thórna, agus atá maoinithe ag Foras na Gaeilge

Tá na heagráin eile, ó 2011 i leith, le fáil ar an suíomh, freisin.