Bhí mé ag ithe dinnéir le mo dheartháir i nGaillimh...cúpla lá eile, agus bheadh muid thall i mBostún, ag ithe dinnéir leis an gclann uilig ann...lá breithe mór-le-rá le ceiliúradh, an dtuigeann sibh...ag súil go mór leis...ach ansin, chonaic mé é...an nuacht ar an teilifís...buamáil ar Boylston Street...daoine trí chéile...daoine gonta...daoine caillte...tubaiste uafásach...siopaí scriosta...croíthe briste.
Cúpla seachtain ina dhiaidh sin, bhí mé féin ar Boylston Street...dúirt mé paidir do mhuintir na háite sin...dúirt mé paidir do na daoine a chaill, agus do na daoine a cailleadh...dúirt mé paidir do na daoine a gortaíodh.
Ansin, trí fhuinneog an chairr, chonaic mé é...trasna an bhóthair...an teach tábhairne, Sólás...agus thuig mé, ag an bpointe sin, céard a thug ansin mé...bhí mé ag súil go dtabharfadh mo ghuí sólás de shaghas éigin dóibh siúd uilig a d'fhulaing ansin ar an lá seo anuraidh.
Más fiú a dhath mo phaidir, tá siad uilig i mo smaointe, agus i mo phaidreacha, arís, inniu.
Showing posts with label paidir. Show all posts
Showing posts with label paidir. Show all posts
Tuesday, April 15, 2014
Sunday, July 15, 2012
Súil Eile
Ó am go chéile, feicim nithe ar bhealach nach, ahem, bhfeicfeadh daoine eile iad, b’fhéidir, ach sin mar a bhím, agus diabhal neart agam air, a léitheoirí.
Pé scéal é, tá neart bláthanna ag fás i bpotaí againne anseo i gCeann
Scríbe, os comhair an tí agus ar chúl an tí. Ar m’fhilleadh abhaile dom, lá amháin le déanaí, chonaic mé an bláth thuas,
agus chuir sé rud éigin i gcuimhne dom; b’fhacthas dom go raibh rud éigin cosúil leis feicthe agam
cheana, áit éigin, ach ní raibh mé cinnte cá bhfaca mé é.
Ar aon nós, chuaigh mé ag cartadh i mo chuid smaointe, agus tháinig mé ar an
ngrianghraf thíos, ceann a thóg mé an mhí seo caite, agus mé amuigh ag súil i
Swan Park.
Monday, April 25, 2011
Gnáthfhuaimeanna Tí
Mar atá ráite agam, cheana, is aoibhinn liom nuair a bhíonn cuairteoirí agam sa teach, mar atá i láthair na huaire.
Ar maidin, gan duine ná deoraí ina suí ach mé féin, thug mé faoi deara na fuaimeanna a chloisim, agus iarracht á dhéanamh agam gan aon torann a dhéanamh, an dtuigeann sibh – gíoscán an staighre agus na ndoirse, mar shampla.
Rith an smaoineamh liom gurb é a mhalairt a tharlaíonn, is dócha, nuair a bhíonn gnáthchónaitheoir as baile; sé sin le rá, ní chloistear a ngnáthfhuaimeanna maidine – coiscéimeanna ar an urlár, bricfeasta á réiteach sa chistin, an raidió ar siúl, agus mar sin de.
Chaithfeadh sé go mbíonn a leithéidí sin de chiúine iontach crua ar an té a chailleann gnáthfhuaimeanna mar iad go brách, arsa mé féin liom féin.
Leis an smaoineamh sin, ghabh mé buíochas le cibé Cé nó Céard atá freagrach as mo bheannachtaí ar maidin, agus d’iarr mé sólás don té atá uaigneach sa chiúnas.
Tuesday, February 1, 2011
Lá Fhéile Bríde
"Crios Bhríde mo chrios
Crios na gceithre cros
An té a thiocfas trí mo chrios
Go mba seacht fearr a bheas sé bliain ó inniu."
Crios na gceithre cros
An té a thiocfas trí mo chrios
Go mba seacht fearr a bheas sé bliain ó inniu."
Sin thuas rím a chuala mé ón Dómhnallach aréir, agus mé á ceistiú faoin bhféile seo. Tháinig mé ar leagan níos faide den phaidir/bheannacht/rím anseo, in alt faoin teideal ‘Brigit as Healer’.
'Crios, Crios Bríde mo chrios,
Crios na gceithre gcros;
Muire a chuaigh ann,
Agus Bríd a tháinig as;
Más fearr sibh inniu,
Go mba seacht fearr a bheas sibh
Bliain ó inniu.'
Crios na gceithre gcros;
Muire a chuaigh ann,
Agus Bríd a tháinig as;
Más fearr sibh inniu,
Go mba seacht fearr a bheas sibh
Bliain ó inniu.'
Is léir go gceaptaí go raibh cumas an leigheasóra ag Naomh Bríd, agus bhí sé de nós ag daoine fadó crios, le ceithre chros snaidhmthe tríd, a dhéanamh - an crios déanta as tuí, agus na crosa déanta as broibh - agus théití thart leis an gcrios, chuig na tithe áitiúla, le muintir an teaghlaigh a bheannú leis an gcrios, agus leis an bpaidir.
Ansin, deirtí an rím thuasluaite, rud a choinneodh an duine sin sábháilte ó olc i rith na bliana, is dócha - nó, mar a deirtear san alt sin ‘Brigit as Healer’, ‘men and women would step through it three times, kissing it and stepping through it right foot first, as a symbolic act of rebirth in order to ensure health and protection for the year ahead.’
Go mba hé daoibh, a léitheoirí!
Labels:
beannacht,
Dennis,
Dómhnallach,
féile,
nós,
oidhreacht,
paidir,
Proinsias,
Róislín,
traidisiún
Subscribe to:
Posts (Atom)



