Sibhse atá i bhfad níos óige ná mise, tá seans ann nach bhfuil a fhios agaibh mórán faoin bhfear a cailleadh inné, Gay Byrne, ach níl dabht ar bith in intinn na mná seo faoin tábhacht a bhain leis, mar láithreoir, le linn a chuid ama le RTÉ.
Seasca bliain ó shin, nuair a thosaigh Gay Byrne ag obair sna meáin, ní raibh trácht ar idirlíon. Go deimhin, ní raibh againne, agus mé ag fás aníos i gConamara, ach cainéal amháin teilifíse, agus cainéal amháin raidió; b'shin RTÉ.
Dá bhrí sin, bhí a chlár raidió, The Gay Byrne Show, (ní raibh aon chaint faoi RnaG an t-am sin) agus a chlár teilifíse, The Late Late Show, go mór i mbéal an phobail; nó, ar a laghad, bhí siad lárnach in imeachtaí agus in eachtraí na tíre.
Ní hionann 'lárnach' agus 'páirteach', an dtuigeann sibh.
Sa lá atá inniu ann, níl mórán nach féidir a rá ar na meáin shóisialta ach, an t-am sin, bhí greim docht daingean ag cléir agus ag rialtas na tíre ar mhuintir na hÉireann; sé sin le rá, bhí dream coimeádach coimhéadach i gceannas ar an tír, agus go bhfóire a nDia ar aon duine nár thit isteach lena meon ná lena mianta.
Bhí an coimeádachas beo beathach i RTÉ, go deimhin, agus bhí neart a rinne Gay Byrne ar a chláir nár thaitin leo, ach sheas sé an fód, agus dhírigh sé ar na hábhair sin a seachnaíodh le blianta fada roimhe sin. Go deimhin, murach a forásacht agus a chrógacht, agus a chreideamh i gcearta an duine agus i ndaonnacht, cá bhfios cá mbeadh ár dtriall sa tír seo.
An méid sin ráite, bhí agallamh nó dhó a rinne sé ar an Late Late nach raibh mé róthógtha leis mar gur cheap mé go raibh cuid dá choimeádachas féin ag brú isteach ar a ghairmiúlacht, ach bhí agallamh nó dhó nó trí eile agus ba léir a ghairmiúlacht chliste. Go deimhin, fiú murar thaitin ábhar na n-agallamh le daoine, b'fhiú iad uilig a fheiceáil. Is iomaí rún a nochtadh. Is iomaí fírinne a nochtadh.
Bhí fios a ghairme ag Gay Byrne, agus ní dheachaigh tada amú air. Ar a chlár raidió, thuig sé go díreach céard a bhí ag tarlú sa tír, agus ní raibh faitíos air roimh aon ábhar. Sheas sé an fód in éadan, nó in ainneoin, lucht an ghreama dhocht. Láithreoir ar leith a bhí ann. Fear ar leith a bhí ann.
Mo chomhbhrón ó chroí lena mhuintir uilig. Mo bhuíochas ó chroí leisean.
Showing posts with label RnaG. Show all posts

Tuesday, November 5, 2019
Friday, March 9, 2018
Comórtas Náisiúnta Amhrán Pan Cheilteach 2018
Mar a fheicfidh sibh ó na blagmhíreanna anseo, tá sé de nós agam amhrán a scríobh, ó am go chéile, agus, ó am go chéile, le blianta beaga anuas, seolaim m'iarrachtaí chuig an bhFéile Pan Cheilteach i gCeatharlach, don chomórtas náisiúnta amhrán a bhíonn á reáchtáil acu, chuile bhliain.
Anois is arís, éiríonn le hamhrán liom a bhealach a dhéanamh go dtí an babhta ceannais, rud a tharla arís i mbliana, mar sin tá m'amhrán nua, Grá Faoi Bhláth, san iomaíocht, le hocht n-amhrán déag eile, san oíche amárach, in óstán na Seven Oaks, i gCeatharlach, ag tosú ag a 7:00 i.n.
Sí Lisa Butler, lena grúpa Caladh Nua, a bheas á chasadh dom, agus táim fíorbhuíoch díobh.
Faigheann amhrán beatha nuair a chastar é, go háirithe nuair a chuireann amhránaí/grúpa croí agus anam isteach san amhrán sin. Táim ag súil go mór leis na hamhráin uilig a chloisteáil, mar beidh beatha á tabhairt do go leor amhrán nua Gaeilge ag an bhféile, agus ardaíonn sé sin mo chroí féin.
Murach obair na gcoistí, agus tacaíocht na n-urraitheoirí (Glór Ceatharlach, IMRO, Foras na Gaeilge, Gael Linn, Bliain na Gaeilge 2018, An tOireachtas), ní bheadh an deis seo againne, na cumadóirí, na ceoltóirí, agus na hamhránaithe, beatha a thabhairt d'amhrán nuachumtha i nGaeilge...go raibh céad míle maith agaibh!
Fógraíodh an gearrliosta ar chlár Mháirtín Tom Sheáinín, Ardtráthnóna, an mhí seo caite, agus is féidir éisteacht le Bríde de Róiste anseo, más mian libh liosta na n-iomaitheoirí uilig a chloisteáil, ón bpodchraoladh, ar Raidió na Gaeltachta.
Go n-éirí go geal leis na hiomaitheoirí uilig...feicfidh mé ann sibh, a chairde!

Tuesday, January 14, 2014
Comórtas Amhránaíochta
Mar is eol daoibh, bhí mé páirteach sa chomórtas amhránaíochta, luaite ansin thuas, anuraidh, a léitheoirí, agus bhain mé an-sult as, caithfidh mé a rá.
Ní dóigh liom go mbeidh amhrán réidh in am agam i mbliana, faraor, ach chuala mé go raibh Seán Bán ag labhairt faoin gcomórtas ar an gclár Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta ar maidin, agus chuir sé i gcuimhne dom go bhfuil spriocdháta na bliana seo ag teacht níos gaire, agus go mba chóir dom é sin a lua libh anseo, a chairde, ar fhaitíos amhrán réidh agaibh féin lena aghaidh, nach bhfuil seolta agaibh chucu fós.
Mar sin, má tá amhrán réidh agat don Fhéile Pan-Cheilteach, b'fhiú go mór duit an t-alt seo le Cathal Póirtéir a léamh ar shuíomh writing.ie, áit a bhfaighidh sibh na sonraí uilig maidir leis an gcomórtas amhránaíochta.
Beidh ort d'iarratas a sheoladh chuig Glór Cheatharlach, ar dhlúthdhiosca, roimh 5.00 i.n. ar an Aoine, 31 Eanáir, 2014, sé sin le rá, tá beagán os cionn coicíse fágtha a'd, más mian leat d'amhrán a chur san áireamh don chomórtas náisiúnta, a bheidh ar siúl ar 8 Márta, 2014, i gCeatharlach.
Má éiríonn le d'amhrán sa chomórtas náisiúnta, beidh sé san iomaíocht sa chomórtas idirnáisiúnta a bheidh ar siúl i nDoire i mbliana, idir an 22-27 Aibreáin. Is féidir an clár, agus sonraí na gcomórtas uile, a fháil ag www.panceltic.ie.

Labels:
amhrán,
ceol,
comórtas,
craic,
Féile Pan Cheilteach,
Iris Aniar,
RnaG,
Seán Bán
Tuesday, March 12, 2013
Pápa Gonzales!
Tá a fhios agam nach raibh sibh ag súil le toradh chomh luath seo ar maidin, a léitheoirí, ach táim den bharúil go bhfuil comharba an Phápa Benedict aimsithe ag, ahem, Máirtín s'againne cheana féin, más fíor an méid a chuala mé ar Iris Aniar ar an 28 Feabhra - podchraoladh anseo.
Is féidir an t-agallamh eisiach - Máirtín agus an, ahem, Cardinal Gonzales ag labhairt le chéile i nGaeilge - a chloisteáil ar an bpodchraoladh thuasluaite, idir 01.01.29 agus 01.12.02 nóiméad.
Cloisfidh sibh cén fáth go dtugtar Speedy Gonzales ar an gcairdinéal, agus céard é an, ahem, rud dána a rinne sé le Ian Paisley i mBéal Feirste, tráth den saol.
Agus más rud go bhfuil sibh tinn tuirseach ag fanacht le scéal ó fhir an deataigh bháin - fir, más fíor, nach bhfuil a bhformhór acu róthugtha do phósadh na n-aerach - b'fhéidir gur mhaith libh éisteacht leis na fir seo; fir a inseoidh daoibh céard a tharlóidh mura bhfaighidh fir aeracha a gcearta, mar atá tuillte acu.
Anois, cá mbeadh sibh, a mhná, gan mise anseo le súil a choinneáil ar gheáitsíocht na bhfear ar bhur son! Nó, ar bhur daughter...

aerach,
cearta,
craic,
creideamh,
deatach bán,
Iris Aniar,
Máirtín Tom Sheáinín,
meán,
pápa,
reiligiún,
RnaG,
youtube
Subscribe to:
Posts (Atom)