Monday, February 7, 2022

Cinnín Óir - An Fíorscéal

Ní mó ná sásta a bhí Cinnín Óir. Tinn tuirseach a bhí sí, go deimhin. An seanscéal céanna, arís is arís eile, le beagnach dhá chéad bliain anuas. Aon uair, nuair a chuirtí in aithne í d’aon duine, sí an cheist ceannann céanna a chuirfidís uilig uirthi chomh luath a chloisfidís a hainm – Ó, tusa an cailín a bhris isteach i dteach na dtrí bhéar, nach tú?

Go dtarrthaí Dia sin, a déarfadh sí faoina hanáil. Tá sé blianta ó tharla an eachtra sin, agus tá daoine fós ag caint faoi! Nach raibh a téarma príosúnachta curtha isteach aici? Briseadh agus iontráil. Sé mhí i bpríosúin gearrtha mar phionós uirthi. Ní raibh Daidí Béar róshásta leis sin. Ar m’anam ní raibh. Níor leor é mar phionós, dar leis.

Bhí Cinnín Óir spréachta. Nach é fhéin a d’fhág an teach gan glas a chur air! Ghlac sise ansin gur cuireadh a bhí ann don té a bheadh ag dul thar bráid, an té óna dteastódh greim le n-ithe nó le n-ól, b’fhéidir, nó le sos beag a thógáil. Chuirfeadh sé soir thú, a déarfadh sí léi fhéin. Ní bhíonn locht riamh ar na fir, ach, go bhfóire Dia ar aon bhean a bhfuil gruaig fhionn uirthi. Níl i ndán di ach milleán agus mallacht. Bhí fiú leabhar scríofa faoin eachtra. Fear eile ag aithris ar an scéal. Nach beag a bhí le déanamh aige!

Ina ráiteas tionchair íospartaigh, mhaígh Daidí Béar go raibh an eachtra ag teacht idir é fhéin agus codladh na hoíche, gan trácht ar an drochbhail a fágadh ar an mBabaí Béar; an créatúirín céasta ag tromluithe ó shin. Chuile oíche beo, drochbhrionglóid i ndiaidh drochbhrionglóide, dar leis. Faoin am seo, is ar Mhamaí Béar a bhí an giúiré ag breathnú; í ag cuimilt a súile go héadrom le naipcín, amhail is go raibh an scéal dá crá. Ba cheart í a ainmniú do na hOscars, a cheap Cinnín Óir. Aisteoir den scoth í!

Mar sin fhéin, bhí trua ag Cinnín Óir do Mhamaí Béar. Cé nach dúirt sí tada lá na cúirte, bhí sé tugtha faoi deara aici, agus í ag guairdeall thart ar fud an tí an lá úd, nach raibh Daidí Béar agus Mamaí Béar ina gcodladh le chéile, beag ná mór. Leaba an duine a bhí acu. Ní aon ionadh go raibh Mamaí Béar ag caoineadh.

An méid sin ráite, ní raibh gá di ‘raicleach de bhlonde’ a ghlaoch ar Chinnín Óir os comhair an ghiúiré. Níor chuidigh sé sin le cás Chinnín Óir, beag ná mór, dar lena dlíodóir. Mhol an dlíodóir céanna di gan tada a rá faoi thada, ach a béal a choinneáil dúnta. Mar is cóir do chailíní beaga béasacha, a dúirt sé. Neamhionannas, a cheap Cinnín Óir. Fear ag tromaíocht ar bhean, mar is iondúil.

Ach, b’in an t-am sin. Bhí cearta ag mná anois. Bhí sé thar am aici labhairt amach, agus a scéal fhéin a insint. Scríobhfadh sí faoi ar na meáin shóisialta. Gheobhadh sí cluas éisteachta ansin. Bhí a fhios ag an domhan mór go raibh iomlán na fírinne, agus an fhírinne amháin, le léamh ar na meáin sin. Ach, ar dtús, bhí ocras uirthi, agus bhí doras oscailte thall ansin, le boladh breá bracháin ag teacht ina treo…

**************************

Foilsíodh an scéal seo sa Donegal News, anuraidh, san fhorlíonadh 'Súil Thart.'

Is é Seán Mór Ó Daimhín, Oifigeach Forbartha Gaeilge ag Comhairle Contae Dhún na nGall eagarthóir an fhorlíonaidh. 

No comments: