Showing posts with label NTÁ. Show all posts
Showing posts with label NTÁ. Show all posts

Sunday, April 12, 2026

Neadió Teilifís Áine

Mar is eol do léitheoirí mo bhlag, tá cúpla teachín éan agam le ceamaraí, ceann acu atá ceangailte le teilifís na hoifige (thuas) agus ceann atá ceangailte le teilifís na cistine. 

Níl ceamara teilifís na cistine ag obair i láthair na huaire mar sin ní bheidh a fhios agam an mbeidh nead sa teachín éan sin i mbliana nó nach mbeidh. Mar a fheicfidh sibh ón ngrianghraf thuas, níl an chuma ar an scéal go mbeidh nead i dteachín na hoifige i mbliana, ach oiread, ach beidh le feiceáil. 



Tá cheithre theachín éan eile agam atá crochta ar na crainnte ar chúl an tí, mar mhaisiúcháin. Bhuel, cheap mé gur maisiúcháin a bhí iontu go dtí gur tháinig mé ar nead thréigthe i gceann acu, ag tús na bliana.
I mbliana, tá an chuma ar an scéal go bhfuil meantán mór ag déanamh a neide i gceann eile de na tithe beaga ornáideacha. Coinneoidh mé súil ghéar orthu uilig, uaidh seo amach.   

Thursday, March 13, 2025

Neadió Teilifís Áine


Nead na hOifige

Nead na Cistine

Mar a fheicfidh sibh ó mo sheanbhlagmhíreanna anseo agus ó mo chainéal YouTube anseo, tá dhá theachín éan againn anseo i gCeann Scríbe, le blianta fada anuas. Tá ceamaraí sna tithe beaga, ceann atá ceangailte le teilifís na hoifige, agus ceann atá ceangailte le teilifís na cistine. Ar an gcaoi sin, táimid in ann súil a choinneáil ar gheáitsíocht nó obair na n-éan. 

Ní chuireann éin fúthu i gceann amháin nó i gceann eile de na tithe chuile bhliain, agus cé gur thosaigh meantán mór ar nead a thógáil i nead na cistine anuraidh (féach thuas), níor chríochnaigh sí an jab, ar fáth éigin. 

Chomh luath agus a chloisim gáir chúplála an mheantáin mhóir (meantán mór nó meantán gorm a thógann nead iontu, go hiondúil) coinním súil ar na tithe beaga, trí na teilifíseanna. Sin thuas staid na neadacha, ar maidin. Díreach mar a tharla anuraidh, níl dé ná deatach ar aon obair thógála, fós. Go deimhin, ní fhaca muid aon éan sna tithe beaga fós i mbliana. 

É sin ráite, tá an aimsir sách fuar, fós. Thar na blianta, tá sé tugtha faoi deara agam go dtosaíonn imscrúdú na n-éan ar na tithe am ar bith idir Mí Feabhra agus Mí Bealtaine, agus go bhféadfadh éan tús a chur le nead a thógáil am ar bith idir an dá linn. 

Beidh le feiceáil!

Friday, May 25, 2018

Neadió Teilifís Áine

Mar is eol daoibh, más rud gur léigh sibh an bhlagmhír a scríobh mé ar an ábhar an mhí seo caite, bhíomar ag súil le cuairteoirí sna tithe éan atá againn, ar chúl an tí. Táimid ag cur le líon na dtithe, le blianta beaga anuas; ceithre cinn atá againn anois, péire le ceamaraí agus péire eile mar ornáidíocht. 

Mar a fheicfidh sibh, ó mo bhlagmhíreanna roimhe seo, agus ón méid atá curtha ar YouTube agam ó bhí 2013 ann, cuireann na meantáin mhóra agus meantáin ghorma fúthu sa teachín éan, ó am go chéile. Ach, go dtí seo, i mbliana, is cosúil nach maith leo a bheith os comhair an cheamara, mar tá na tithe le ceamaraí folamh, faraor. 

Ach, is léir go dtaitníonn ornáidíocht leis na héin, mar chonaic mé meantán mór ag teacht agus ag imeacht ó cheann de na tithe ornáideacha an tseachtain seo caite,
 ach, nuair a rinne mé grinnscrúdú ar a chuid geáitsíochta, thug mé faoi deara go raibh péist de shaghas éigin ina bhéal aige,
rud a chiallaíonn go bhfuil nead, agus éiníní, sa teachín éan sin, i ngan fhios dúinn! Tá an beathú faoi lán seoil, i láthair na huaire.


Tuesday, April 3, 2018

Neadió Teilifís Áine

Mar a fheicfidh sibh, ó na blagmhíreanna atá scríofa agam ar an ábhar roimhe seo (anseo) agus ó na físeáin atá curtha agam ar YouTube go dtí seo (anseo) tá teachín éan againn, ar chúl an tí, anseo i gCeann Scríbe.

Le blianta beaga anuas, tá sé de nós agam súil a choinneáil ar na héin (tá ceamara an teachín éan ceangailte le teilifís na cistine) ach, anuraidh, agus arú anuraidh, níor chuir aon éan faoi sa teachín, faraor. 

I mbliana, tá teachín nó dhó eile crochta againn, ar chrainn eile, ar chúl an tí; ceann amháin eile le ceamara istigh ann, mar atá sa seanteachín, agus cúpla teachín éan ar a bhfuil cuma dheas...tá siad ildathach, tarraingteach, ach ní bheidís áisiúil, mar a déarfá. Bhuel, sin mar a cheap mé, pé scéal é.
Go dtí seo, i mbliana, mar a fheicfidh sibh thuas, níl aon éan le feiceáil i gceachtar den dá theachín ina bhfuil ceamaraí, ach, coicís ó shin, chonaic mé meantán mór ag breathnú orm, trí fhuinneog na hoifige, agus,
ansin, thosaigh sé ag breathnú isteach sa teachín éan ildaite, agus,

ansin, isteach leis, ar feadh soicind nó dhó; á thomhas, b'fhéidir.
Ní fhaca mé dé ná deatach air, ó shin, ach, má thagann sé ar ais, beidh mo cheamara réidh san oifig agam, mar níl aon cheamara istigh sa teachín ildathach sin, faraor. 

An mbeidh tionóntaí nua againn i mbliana? Beidh le feiceáil.

Wednesday, May 27, 2015

Neadió Teilifís Áine

Fadhb nó dhó sa nead, i mbliana, feictear dom, a léitheoirí. Caith súil ar an bhfíseán, thuas, agus feicfidh sibhse na nithe a fheicimse.

Tuilleadh ón Teachín Éan le feiceáil ar YouTube, anseo, agus le léamh ar an mblag seo, anseo

Friday, May 15, 2015

Neadió Teilifís Áine


Táim mall le mo scéalta faoin nead i mbliana, a léitheoirí, ó tharla mé as baile le beagnach trí seachtainí anuas, ach tá an scéal iomlán san fhíseán thuas anois, agus tá tús an scéil le léamh anseo

Más mall is mithid!

Wednesday, March 11, 2015

Neadió Teilifís Áine

Mar is eol do léitheoirí rialta mo bhlag, tá teachín éan againn, ar chúl an tí anseo i gCeann Scríbe - ceann le ceamara daite ann, anois. Teachín éan le ceamara dubh agus bán a bhíodh againn, roimhe seo, mar a fheicfidh sibh, anseo

Daoibhse nach bhfuil ar an eolas, agus mar eolas daoibh anois, tá an teachín éan ceangailte le teilifís na cistine againn, agus táim in ann súil a choinneáil ar gheáitsíocht agus ar shaothraíocht na n-éan, i ngan fhios dóibh. Is dócha go bhféadfá a rá gur, ahem, néaladóireacht ar neadaireacht atá ar bun agam. 

Pé scéal é, níor tháinig na meantáin ar ais chugainn, anuraidh, agus táim féin den bharúil gur tharla babhtáil na dtithe éan ag an am mícheart, agus go mb'fhéidir gur baineadh geit as an meantán gorm bocht - éan a bhí ag obair leis, le dúthracht, istigh sa seanteachín - nuair a chonaic sé, ar fhilleadh dó lá na babhtála, teachín éan nua thuas ar an gcrann, agus gan dé ná deatach ar bhunsopachán a neide! 

Bhuel, baineadh geit nach beag asam féin freisin, inné, nuair a chonaic mé an meantán gorm, thíos, agus é istigh sa teachín éan nua.

Iniúchadh de shaghas éigin atá ar bun aige, mar a rinne na héin uilig, le roinnt blianta anuas. Ní féidir a bheith cinnte an dtiocfaidh an t-éan seo ar ais, ach má thagann sé ar ais, agus páirtí leis aige, tá seans ann go dtógfaidh siad nead, agus ál, ann. Beidh le feiceáil.

Nach bhfuil na dathanna go hálainn! 

Wednesday, April 9, 2014

Neadió Teilifís Áine

Tá sé beagnach mí ó shin ó scríobh mé faoin dá theachín éan atá crochta againn ar na crainn ar chúl an tí anseo, ach, faraor géar, níor tharla mórán ó shin, mar a fheicfidh sibh ón dá ghrianghraf thíos, cinn a thóg mé inniu, 

 Teachín Éan Nua 

Seanteachín Éan 

Léigh mé anseo go bhfuil tús curtha ag meantáin ghorma le nead thall in Staffordshire, níl sé i bhfad ó shin, mar sin táim dóchasach, fós, go mbeidh éan nó dhó le feiceáil againn go luath. 

Bhuel, tá súil agam go mbeidh, pé scéal é, ach ní fhaca mé aon éan istigh i gceachtar den dá theachín le seachtain anuas...  

Thursday, March 13, 2014

Neadió Teilifís Áine

Mar is eol daoibh ón mblagmhír seo, blagmhír a scríobhadh os cionn seachtain ó shin, chroch An Garraíodóir teachín éan nua, ceann le ceamara daite istigh ann. 

Dé Luain seo caite, tháinig meantán gorm isteach, agus chaith sé súil timpeall na háite...
...tháinig sé ar ais ar an gCéadaoin agus... 
...thug sé leis a pháirtí, an geábh seo. 
Ní fhaca mé ceachtar acu ó shin. Tá an teachín éan sin folamh fós, faraor, ach bhí an gheáitsíocht chéanna ar bun ag na meantáin anuraidh, mar a fheicfidh sibh anseo, mar sin tá neart ama fágtha acu le nead a thógáil fós, más mian leo.  

Chroch An Garraíodóir an seanteachín éan ar chrann eile, giota maith siar ón gceann nua, agus bhain sé dó an clúdach tosaigh, le spideoga a mhealladh. Ón méid atá léite agam anseo, is fearr le spideoga nead oscailte, an dtuigeann sibh. 
 
Tá an ceamara infridhearg istigh sa seanteachín éan i gcónaí, ach tá sé ceangailte le teilifís na hoifige anois, áit a mbeidh mé in ann súil a choinneáil ar an gcraic uilig. Mar atá le feiceáil thíos, níl, ahem, éin-ne sa nead go fóill. 

Go deimhin, ní dheachaigh aon éan i bhfoisceacht scread asail den seanteachín go dtí seo. Cén fáth? Níl leid dá laghad agam, a chairde, ach, tá foighid agam. Ceapaim. Beidh le feiceáil. 

Sunday, March 2, 2014

Neadió Teilifís Áine

Mar is eol daoibhse a bhíonn ag sciorradh isteach chuig mo bhlag go rialta, bhí mé gnóthach anuraidh ag coinneáil súile ar na meantáin a bhí ag teacht agus ag imeacht ó mo theachín éan anseo i gCeann Scríbe. Is féidir na físeáin éagsúla a chuir mé le chéile anuraidh a fheiceáil ar YouTube anseo, más mian libh breathnú orthu. 

Mar a fheicfidh sibh, ó mo bhlagmhíreanna ar an ábhar, thosaigh na meantáin ag bualadh isteach chuig an teachín éan timpeall an ama seo anuraidh agus arú anuraidh, mar sin níor chuir sé ionadh ar bith orm meantán gorm a fheiceáil istigh sa teachín éan maidin inné, díreach sula ndeachaigh mé chuig na cainteanna ag Éigse Cholm Cille, i nDoire. 
Ar ndóigh, is ar an teilifís a bhí an radharc thuas le feiceáil agam, mar is iondúil, ó tharla an ceamara infridhearg atá istigh sa teachín éan ceangailte le teilifís na cistine. Bhain mé an-sult as mo bhricfeasta, ag breathnú ar an meantán gorm ag teacht agus ag imeacht le sopachán. 

Isteach liom chuig an Éigse, ach ar m'fhilleadh dom aréir, baineadh geit asam, nuair a chonaic mé an radharc seo thíos romhan ar scáileán na teilifíse sa chistin...
...mo mheantán gorm agus an sopachán uilig imithe! Cá ndeachaigh siad? Bhreathnaigh mé ar Shióg. Bhí an chuma air nach raibh baint ar bith ag an gcat bocht leis an scéal. Ansin, céard a chonaic mé, fágtha ar an urlár romham, ach bosca, agus é folamh!
Sea, a léitheoirí - tá teachín éan nua crochta ar chúl an tí anois, agus tá Sióg ag, ahem, coinneáil súile air. Bhí táirge an bhosca ar an mbord le coicís anuas, ag fanacht go bhfaigheadh sé aire agus ardú ón nGarraíodóir, rud a tharla inné, i ngan fhios dom, nuair a bhain An Garraíodóir anuas an sean teachín éan, agus chroch sé an ceann nua ina áit.  
Mo mheantáinín bocht. An dtiocfaidh sé ar ais? Níl a fhios agam, a léitheoirí, ach má thagann, beidh na grianghraif uaim daite an bhliain seo, ó tharla ceamara daite sa teachín nua, rud nach raibh sa seancheann. Beidh le feiceáil, a chairde na n-éan. 

Monday, June 24, 2013

Neadió Teilifís Áine

Aiféala orm, a chairde, ach bhain moill dom agus mé ag iarraidh go mbeadh an físeán is déanaí agaibh, ach tá sé le fáil anois, ar YouTube anseo, agus tá súil agam go mbainfidh sibh sult as. Bhí na meantáin mhóra, agus na meantáin mhóra bheaga, gnóthach, mar a fheicfidh sibh. 

Pé scéal é, is fearr go mall ná go brách, mar a deirtear. Mo chuimhne, tá giota beag suimiúil, maidir leis an bhfocal sin 'brách', ag Dennis, mo chomhbhlagálaí, le léamh anseo

Ó tharla go raibh mé as blag, nó as baile, le seachtain nó dhó nó trí, nílim bord ar bhord lena bhfuil ag tarlú ar an mblagsféar, ná lena bhfuil ag tarlú thall ar Gaeilge Amháin ar Facebook, ach sin mar a bhíonn an scéal, go minic, nuair a bhíonn barraíocht idir lámha ag an duine nach bhfuil ag déanamh tada ag an am céanna. Feictear dom. 

Ah bhuel, sin mar a bhíonn an saol, a léitheoirí, agus an rud a deir an saol, is fíor é. Cibé faoin seanfhocal sin, creidim i bhfocail an tseanfhocail eile, tóg d'am, mairfidh an saol i do dhiaidh; agus tá bá nach beag agam leis an seanfhocal a deir, ní luas do dhuine é féin a thachtadh. (Seanfhocla Chonnacht; ceannteideal 'Deifir')

Mar sin, beidh mo ghreim á chogaint go maith agam agus, ar an gcaoi sin, ní thachtfar mé. tá súil agam. Idir an dá linn, bainigí sult as an bhfíseán, a chairde. 

Friday, May 31, 2013

Neadió Teilifís Áine

Anois, cá raibh mé? Ó, sea…bhí mé as baile, ach bhí An Garraíodóir do mo choinneáil ar an eolas faoi dhul chun cinn na meantán mór.

Más mian libhse, a léitheoirí, cuid den dul chun cinn sin a fheiceáil, tá físeán eile uaim anseo ar YouTube

Wednesday, May 22, 2013

Neadió Teilifís Áine

Ar an 19 Bealtaine, bhí trí ubh sa nead, péire acu inti ón 4 Bealtaine, agus an ceann eile inti ón 5 Bealtaine. Bhí an meantán mór ag goradh go laethúil, agus bhí a páirtí ag teacht chuici le bia, go rialta
Ar m'éirí dhom ar an 20 Bealtaine, chonaic mé ubh amháin sa nead, agus dhá éinín; iad ina gcodladh ar dtús, ach ansin...
...tháinig a Mamaí ar ais, agus d'oscail siad a mbéil ocracha, ag fanacht le beathú uaithi. Cé go bhfuil sé deacair é a fheiceáil ón ngrianghraf thuas, tá seilide ina béal aici - nó cruimh, b'fhéidir. Nílim cinnte céard a bhíonn ina mbéil acu, ach tagann na meantáin mhóra le feithidí éagsúla chuig na héiníní, go minic, chuile lá. 
Nuair a d'éirigh mé inné, ar an 21 Bealtaine, bhí an tríú ubh imithe, agus éinín eile sa nead ina háit. Deacair na trí éinín a fheiceáil, a léitheoirí, ach tá siad ann, geallaim daoibh.
Clanna Éan
Beidh tuilleadh uaim, amach anseo, mar beidh an t-ál ag fás, de réir a chéile. is dóigh liom. Meas tú an dtabharfá meantáin mhóra bheaga ar an héiníní sin? Hmmm...




Thursday, May 16, 2013

Neadió Teilifís Áine



Is cosúil nach mbeidh in ál an mheantáin mhóir an geábh seo ach triúr, mar sin an méid uibheacha atá le feiceáil agam sa nead, le seachtain anuas.

De réir mar a léigh mé anseo ar Wikipedia, is iondúil go mbíonn idir 5 ubh agus 12 ubh in ál, ach má bhíonn iomaitheoirí go leor timpeall na háite, (agus bhí sé ina raic idir an meantán mór agus an meantán gorm, mar a chonaic sibh ar m'fhíseán anseo ar youtube, a léitheoirí) beidh líon na n-uibheacha níos lú.

Pé scéal é, bhí an chéad ubh aici ar an 4 Bealtaine, agus maireann an tréimhse ghoir idir 12 agus 15 lá, mar sin bheinn ag súil le héinín nó dhó, nó trí, a fheiceáil go luath.

Idir an dá linn, caithigí súil ar an bhfíseán is deireanaí uaim, anseo ar YouTube, agus feicfidh sibh go bhfuil a páirtí ag tabhairt aire mhaith don mheantán mór na laethanta seo. Ní fhágann sí an nead ach anois is arís, mar sin caithfidh sé féin cabhrú léi, mar a fheicfidh sibh.

Mo chuimhne, aiféala orm nach bhfuil ceamara na neide socraithe mar ba chóir, agus nach féidir gach rud a tharlaíonn istigh sa teachín éan a fheiceáil céad faoin gcéad, ach ní féidir linn a dhath a dhéanamh faoi an geábh seo, mar níor mhaith linn go ngoillfeadh ár n-útamáil ar na meantáin mhóra, agus ghoillfeadh, dá dtiocfadh muid in aice na neide in am seo an ghoir.  

Tuilleadh uaim arís, nuair a bheas tuilleadh le tuairisciú. 

Wednesday, May 8, 2013

Neadió Teilifís Áine

Éan scéal eile uaim, a chairde, le feiceáil anseo ar YouTube

Tá an meantán gorm bocht fós thart, ach is leis an meantán mór na huibheacha, gan dabht. 

Cé mhéad ubh atá sa nead anois? 

Breathnaigh ar an bhfíséan thuasluaite, agus feicfidh sibh, a léitheoirí. 

Monday, May 6, 2013

Neadió Teilifís Áine

Le lá nó dhó, tá ubh nó dhó le feiceáil sa nead, agus is féidir leat mo dhara fhíseán ar an ábhar a fheiceáil ar YouTube anseo. Ar ndóigh, ná bígí ag súil le físeán foirfe ón bhfoirfeach seo, ach táim ag foghlaim liom, de réir a chéile. 

Bhuel, tá réiteach faighte againn ar an mistéir, agus is í an meantán mór atá ina suí ar na huibheacha. Glacaim leis gur léi na huibheacha, ach ní mó ná sásta atá an meantán gorm leis an scéal. Chuile lá, tagann sé isteach sa nead, nuair a fhágann an meantán mór í, agus táim den bharúil go mbíonn sé ag iarraidh na huibheacha a bhriseadh, ach d'fhéadfainn bheith mícheart faoi sin. 

Inniu, chomh luath is a d'fhág an meantán mór an nead, tháinig an meantán gorm isteach sa teachín éan. D'fhan a pháirtí taobh amuigh ag an gcrann. Ansin, tháinig an meantán mór baineann ar ais, lena páirtí féin, agus bhí sé ina raic taobh amuigh ar an gcrann, leis na meantáin fhireanna in adharca a chéile. 

Ó shin i leith, agus anois díreach, tá an meantán mór istigh sa teachín éan. Meas tú an mbeidh ubh nó dhó eile againn ar ball beag?

Beidh le feiceáil...

Saturday, May 4, 2013

Neadió Teilifís Áine



Ar maidin, tá ubh amháin sa nead...wúhú! Ach, cé leis í – an meantán gorm nó an meantán mór?

Le ceithre lá anuas, tá An Garraíodóir agus mé féin ag coinneáil súil ghéar ar an ngeáitsíocht idir an meantán gorm agus an meantán mór, agus chuirfeadh sé ionadh oraibh, a léitheoirí, na cineálacha rudaí atá le feiceáil againn.

Is é/í an meantán mór a chuir tús leis an nead ach is é/í an meantán gorm a thóg an nead, den chuid is mó (brú ar an bhfocal 'YouTube' sa bhlagmhír thíos, a chairde, agus feicfidh sibh é i mbun a chuid oibre.) 

Ach, cúpla lá ó shin, tar éis don mheantán gorm an nead a fhágáil, le cleití úra a fháil (bhí sí ag bailiú cleití ó mhaidin), bhog an meantán mór isteach sa teachín éan. Ar fhilleadh don mheantán gorm, (is dóigh liom gur ‘di’ a bhí ann) ní mó ná sásta a bhí sí an meantán mór a fheiceáil sa teachaín éan. Ní bhfuair an meantán gorm bocht aon fháilte mhór, agus ní ligfeadh an meantán mór ar ais isteach chuig an nead í.

Arú aréir, agus aréir, sí an meantán mór a bhí ina codladh ar an nead. Is dóigh liom, faoin am seo, gur ‘sí’ atá ann, agus gurb é an ‘sé’ atá taobh amuigh den teachín éan, ag bagairt a ghéaga ar an meantán gorm bocht.

Inné, bhí an meantán mór istigh ar an nead, an chuid is mó den am, ach bhí an meantán gorm ag teacht agus ag imeacht, chomh maith céanna, cé nár fhan sí istigh sa teachín éan, ach amháin gur chóirigh sí an nead beagán.

Só, cé leis an ubh thuas?


Bhuel, ar maidin, chonaic mé meantán mór ag breathnú ar an ubh, cé nár fhan sé/sí ann ach cúpla soicind. Ina dhiaidh sin, tháinig an meantán gorm isteach, agus bhreathnaigh sé/sí ar an ubh, cé nár fhan sé/sí ach cúpla soicind, ach an oiread. Ní fhaca mé aon éan ná aon ubh eile ó shin. 

Tuilleadh uaim ar ball beag, agus tá súil agam gur dea-scéal a bheidh ann. 

Wednesday, May 1, 2013

Neadió Teilifís Áine

Ó tharla go bhfuil ceamara infridhearg istigh sa teachín éan, agus go bhfuil an ceamara sin ceangailte againn le teilifís na cistine, agus go bhfuil mo cheamara féin dírithe ar an teilifís chéanna na laethanta seo, chinn mé go gcuirfinn mo chéad fhíseán ar YouTube, le go mbeadh deis agaibhse, a léitheoirí, an méid a fheicimse a fheiceáil. 

Bainigí sult as, a chairde!