Showing posts with label Gaeltacht. Show all posts
Showing posts with label Gaeltacht. Show all posts

Friday, June 16, 2017

Gaeilge agus an Ghaeltacht

Tá neart scríofa agam ar ábhair na Gaeilge agus na Gaeltachta cheana, mar shampla, tá Scéal Ghaeilge Bhocht anseo, scéal Gaeltacht Faoi Bhláth anseo, scéal Na Daoine Béarla anseo, Ceacht Le Foghlaim anseo; ach is é mo scéilín An Dáileadh 's An Dealú a rith liom, ar maidin, agus mé ag léamh na dtráchtanna, thall ar tuairisc.ie, faoin scéal 'An Ghaeltacht fágtha 'gan Roinn' den chéad uair ó 1956...' anseo. 

Anois, níl a fhios agamsa céard a dhéanfaidh Leo Varadkar (lena 'polasaí láidir Gaeilge') ná Joe McHugh ('an 'giolcaire is Gaelaí' ar Twitter') faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht, ach is dóigh liom go mbeadh sé go deas dá dtabharfadh lucht labhartha/scríofa na Gaeilge inár measc, taobh istigh agus taobh amuigh dá nGaeltachtaí, deis don bheirt acu tabhairt faoin jab, sula dtosófar ag caitheamh anuas orthu.  

Tá sé ráite agam cheana, mar dhuine a tógadh le Béarla i gceantar Gaeltachta, gur ionann Gaeltacht, i mo thuairim, agus an áit sin ina labhraítear, agus ina mbaintear úsáid as, an Ghaeilge le meas, go laethúil, go nádúrtha agus go rialta. 

Gaeilge mo chéad rogha, mar theanga, anseo i gCeann Scríbe, agus is i nGaeilge amháin a labhraím le mo gharpháiste, ó rugadh é. Tá sé ina chónaí thar lear. Tá ár nGaeltacht fhéin eadrainn. 

Fágfaidh mé faoi Leo agus Joe é na Gaeltachtaí a aimsiú, agus a chothú, de réir mar is gá. Go n-éirí go geal leo! Beidh le feiceáil. 

Saturday, January 11, 2014

Gaeltachtadh

B'fhéidir gur rud é a bhaineann le haois, nó b'fhéidir nach bhfuil ann ach go bhfuil fonn na hagóide caillte agam, ach cibé rud atá ann, a léitheoirí, ní chuireann Gaeltachtadh an rialtais ionadh ná brú ar bith orm, cé nach maith liom é, ach oiread le haon Gaeltachtadh eile a dhéantar. Ní maith liom ciníochas. 

Ní maith liom gnéasachas. Ní maith liom ábharachas. Ní maith liom barbarachas. Ní maith liom lámhachas. Ní maith liom seicteachas. Ní maith liom aon -achas a fhágann duine gan a chearta daonna. Is cuma liom cén reiligiún/deachtóir/polaiteoir atá i gceannas ar aon náisiún/stát/tír, ba cheart go mbeadh a gcearta daonna ag chuile fhear, ag chuile bhean agus ag chuile pháiste, is cuma cén áit ar domhan ina bhfuil siad.  Ach, ní mar sin a bhíonn an scéal, faraor. 

Mo chuimhne, alt suimiúil ag mo chomhbhlagálaí, An Croiait, anseo, más mian le haon duine agaibh é a léamh. 

Ach, ar ais liom chuig an tachtadh teanga, an Gaeltachtadh (m'fhocal féin) sin a luaigh mé ar dtús. Is Gael mé, atá Gaelach, chomh fada agus is eol dom, pé scéal é. Ní le Gaeilge a tógadh mé, ach sí an Ghaeilge an teanga is ansa liom, seachas aon teanga eile. Sí mo mhian í a labhairt, í a scríobh, agus í a roinnt, aon deis a fhaighim. Sin mise. 

Níl aon pholaitíocht i gceist le mo mhian, níl ann ach go mothaím bá le agus grá don teanga; mar go mbaineann sí linn féin, mar Ghaeil, is dóigh liom. Bhí sí sa tír ó thús ama, agus seans go bhfuil sí i mo ghéinte, dá bhrí sin. Ní féidir an dúchas a sheachaint, cé gur léir go bhfuil Gaeil ann atá a shéanadh, gan dabht. Tá an rogha sin acu. Ní fúmsa atá sé mo ghrá do, ná mo bhá le, mo dhúchas a bhrú ar aon duine. Cé go bhfuil cónaí orm i nGalltacht, tá mise i mo Ghaeltacht féin anseo i gCeann Scríbe, dar liom féin. Sin mise. 

An méid sin ráite, fearacht Sheáin Uí Chuirreáin, An Comisinéir Teanga, goilleann sé orm nach féidir liom theacht ar sheirbhís phoiblí trí mheán na Gaeilge, nuair is mian liom mo ghnó a dhéanamh i mo theanga dhúchais. Bíodh mé i nGaeltacht nó i nGalltacht, feictear dom go bhfuil an ceart sin tuillte agam, mar Ghael, gan trácht ar mo chearta bunreachtúla, mar atá siad luaite ag uimhir 1, 2 agus 3 anseo. Ní dóigh liom nach mbeadh fáil ar an bhFraincis in oifig phoiblí sa Fhrainc, mar shampla, ná nach mbeadh fáil ar an Spáinnis in oifig phoiblí sa Spáinn, abair, mar sin cén fáth nach bhfuil fáil ar an nGaeilge i ngach oifig phoiblí sa tír seo?

Ach, ní chaillfidh mé codladh na hoíche mar gheall air seo. Leanfaidh mé orm, in ainneoin an 'tachtadh' teanga sin a mhothaím ó na páirtithe polaitíochta éagsúla thar na blianta, agus in ainneoin mheath na teanga sna Gaeltachtaí, mar go gcreidim féin gur fúinn uilig atá sé ár dteanga a chaomhnú, más mian linn go mairfidh sí. Ní féidir brath ar aon rialtas, feictear dom. Is féidir linn ár nGaeltacht féin a chruthú, is cuma cá mbeimid; bíodh muid inár n-aonar, nó ná bíodh. 

Beannóidh mé do na hoibrithe sna siopaí, agus sna hoifigí poiblí, trí mheán na Gaeilge, agus déanfaidh mé chuile iarracht ar mo ghnó a dhéanamh leo sa teanga sin, ach ní bhrúfaidh mé mo theanga dhúchais ar aon duine. Mura dtuigeann an Gael é féin a dhúchas, nó más mian leis a dhúchas a shéanadh nó a sheachaint, tá an ceart sin aige. Mura mian le hoibrí na tíre an teanga dhúchais a fhoghlaim, tá an ceart sin acu. 

Ach, idir an dá linn, ná baintear mo chearta díomsa, le bhur dtoil. 

Tuesday, May 15, 2012

Nathanna Cainte


Bhí mé i nGaoth Dobhair le déanaí, agus i gConamara go gairid ina dhiaidh sin, rud a thug deis dom nathanna cainte dúchasacha a chloisteáil sna nGaeltachtaí sin. 

Dá mbeadh tantrum ag páiste, d’fhéadfadh sé bheith ag brúchtadh screadaíl ó thuaidh ach ag cur a chosa beaga uaidh thiar.

Chuala mé an mhallacht ‘Caor thine ort!’ ó thuaidh, cé nach bhfuil an leagan ar leith sin de mhallacht ag an dream thiar, go bhfios dom.

An té a bheadh ag glanadh na bprátaí ó thuaidh, seans go mbeadh sé ag peeling potatoes, cé gur ag baint an chraicinn de na fataí a bheadh an duine i gConamara. Dá mbeadh aon ghlanadh fataí á dhéanamh thiar, is ag baint an tsalachair de na fataí san iomaire a bheadh siad: is ionann an salachar sin agus na fiailí, nó weeds, an dtuigeann sibh.

Lustan an focal a chuala mé ar weeds ó thuaidh, nuair a cuireadh ceist orm ar mheas mé gur cuireadh an ‘lus’ i lus an chromchinn mar gur weed atá ann – freagra nach bhfuil agam, a léitheoirí, cé go bhfaca mé, i WinGléacht, gur lus gan athair gan mháthair an Ghaeilge atá ar duckweed! 

Dá mbeadh ultach smúdáil le déanamh ag an duine ó thuaidh, bheadh an oiread sin iarnála le déanamh ag an duine thiar.

Agus dá mbeadh fonn ort a leg of chicken a ithe i gConamara, ní cois sicín a d’íosfá, seans, ach ceathrú sicín. Ar ndóigh, ní íosfainn féin ceachtar acu, mar is eol daoibh. 

Maidir leis an aimsir, tá sí feabhsaithe rud beag inniu. Níl sé ag cur sceana gréasaí mar a bhí sé inné, nuair a bhí an lá fliuch fuar feannaideach. Glacaim leis, mar sin, ó chuala mé an nath sin ón Dómhnallach, go mbíonn sceana an ghréasaí wet cold and sharp. 

Monday, July 18, 2011

Cara na Cumarsáide

Ó am go chéile, léim, agus tá léite agam anseo ar an mblagsféar, in Gaelscéal, agus sna meáin trí chéile, tráchtaireachtaí éagsúla faoi labhairt na Gaeilge, agus faoi Ghaeltachtaí.

An bhfuil a fhios agaibh céard é féin, a léitheoirí, ach bíonn sórt bróin orm nuair a léim go bhfuil teorainneacha fós tógtha, agus fós á dtógáil, ag daoine. Osna. Pé scéal é, más fiú a dhath iad, agus mura bhfuil sibh féin tinn tuirseach ag léamh faoin gcraic, seo scéilín agus tuairim uaimse, a chairde.

Anois is arís, téim chun dinnéir le triúr ban; Sasanach, Albanach agus Breatnach, mná ar cairde liom iad. Béarla an teanga coitianta againn. Is de bhunadh na hAlban í an bhean is sine den chomhluadar, agus bím de shíor á ceistiú faoi na gnáthnathanna cainte suimiúla a thagann, go nádúrtha, as a béal:

‘What do you mean by ‘the north wind’ was in your hair? agus
‘What did you mean when you said ‘I’m not haning it?’, mar shampla.

Ní hé nach bhfuil Béarla agam, an dtuigeann sibh, ach níl saibhreas a Béarlasa agam, ó tharla nár tógadh in Albain mé, an áit ónar chuala sise a nathanna cainte dúchasacha, agus í ag fás aníos.

Go deimhin, is minic go gcuireann sise agus na mná eile ceisteanna ormsa faoi mo nathanna cainte dúchasacha féin, na cinn a thagann go nádúrtha as mo bhéalsa. Tá mo shaibhreas cainte féin agam, is dócha, nathanna agamsa nár chuala siadsan cheana, agus thuigfeá sin, ó tharla nár tógadh sna ceantair chéanna muid.   

Nuair a casadh an Sasanach orm, an chéad uair riamh, níor thuig mé focal as a béal, ná níor thuig sise focal as mo bhéalsa. Ní hé nach raibh Béarla againn, an dtuigeann sibh, ach níorbh ionann ár gcanúintí, agus bhí deacrachtaí tuisceana eadrainn, go dtí gur thángamar i dtaithí ar ár gcanúintí éagsúla.

Maidir leis an mBreatnach, níl oiread na fríde de chanúint a háite dúchasaí le brath ar a cuid cainte. Níl a fhios agam an dtabharfá ‘cruinneas cainte’ ar a cuid cainte, nó an dtabharfá ‘Béarla caighdeánach’ ar a leithéid, ach ní dóigh liom go mbeadh deacracht ag Béarlóir ar bith í a thuiscint, mar go bhfuil gach uile fhocal uaithi soiléir, agus cruinn beacht ó thaobh na foghraíochta caighdeánaí de, mar shampla.  

Ní miste liom cé hiad, nó cá háit, ach nuair a thosaíonn duine ag labhairt i nGaeilge liomsa, sin mo Ghaeltacht. Is cuma liom faoi líofacht nó faoi chaighdeán nó faoi chanúint; níl uaim ach go mbeadh cumarsáid thaitneamhach eadrainn, agus go mbeadh muid ag foghlaim óna chéile, le meas agus le foighne, nuair a bhíonn ár dteanga dhúchais á labhairt againn.

Ná lagaítear meas agus foighne cairde na cumarsáide, cibé teanga atá á labhairt acu, agus gura fada uainn na teorainneacha tuirsiúla loiteacha stairiúla.