Is cuimhin liom an chéad uair riamh ar labhair mé leis. 2008 a bhí ann, ag Éigse an Spidéil.
Ba é an chéad uair agam seasamh ar ardán, agus dán a aithris, go poiblí. Bhí mé chomh neirbhíseach sin go raibh mo dhá ghlúin ar creathadh, taobh thiar den phóidiam. Bhí mé cinnte go raibh chuile dhuine san áit in ann cliceáil mo chnámha a chloisteáil, agus bhí mé ag tabhairt amach do mo chiall toisc gur fhág sí mé, agus toisc gur lig sí dom greim a fháil ar an maidhc oscailte sa chéad áit.
Ach, d'aithris mé dán nó dhó. Ceapaim. Ar mo bhealach ar ais chuig mo shuíochán, chonaic mé Joe Steve ag teacht i mo threo. Labhair sé liom. Thug an fear uasal álainn sin ugach dom, agus ní dhéanfaidh mé dearmad, go brách, ar a chineáltas, an oíche sin, ag Éigse an Spidéil. Murach é...
Thar na blianta, casadh Joe orm anseo is ansiúd, ag an Oireachtas den chuid is mó; a bhean, Máirín, lena thaobh, i gcónaí. Barróg, beannacht, comhrá gairid, agus bheadh mo mheanman agus mo chroí ardaithe aige. Bhí bealach ar leith leis.
Bhí an-mheas agam air, mar dhuine, mar scríbhneoir. Nuair a d'iarr mé air an mbeadh sé sásta mo leabhar a sheoladh dom, chuir sé a anam agus a chroí isteach ann. B'in Joe Steve. Fear cuidiúil, fear tacúil.
Bhuail mé isteach chuige, tráthnóna amháin, arú anuraidh, ar mo bhealach siar abhaile go Conamara, as Inis Eoghain. Bhí sé ag teacht chuige féin, ó bhabhta tinnis (a shaothar 'Mar a bhí ar dTús: Cuimhne Seanghasúir' díreach críochnaithe aige, agus tús curtha aige le cnuasach nua gearrscéalta) ach, fós, bhí am aige don chuairteoir-gan-choinne. Fear suimiúil, fear báúil. Thuig sé tábhacht an duine, an dúchais, an dúlra. Agus, bhí an-ghrá aige dá mhuintir, dá theaghlach, dá chomharsan, dá chairde.
Mo chomhbhrón ó chroí lena bhean Máirín, lena bpáistí, Luisne, Aisling agus Páid agus a gclanna, lena gcairde, lena gcomharsana.
Slán leat, a chara. Aireoidh muid uainn thú. Ní dhéanfar dearmad ort, go brách.
Showing posts with label litríocht. Show all posts
Showing posts with label litríocht. Show all posts
Tuesday, January 21, 2020
Friday, October 11, 2013
Crosfhocal, Comórtais agus Comhghairdeas
Crosfhocal na Míosa le fáil anseo, a léitheoirí, agus, mar a scríobh mé cheana, bíonn neart eile le léamh ar shuíomh gréasáin Saol na Gaeilge, más mian libh bualadh isteach ann.
An gcuireann sé iontas ar bith orm an fear uasal sin, Proinsias Mac A'Bhaird, a fheiceáil ar leathanach na bpríomhscéalta ar an suíomh sin - ní chuireann! Chroch sé leis 4 cinn de na duaiseanna ag Comórtais Liteartha an Oireachtais 2013, áit a mbronntar na gradaim is mó le rá ar scríbhneoirí na Gaeilge. Comhghairdeachas ó chroí leis na buaiteoirí uilig agus, go deimhin, comghairdeachas leis na daoine sin uilig ar ar bronnadh duaiseanna liteartha an Oireachtais le 116 bliain anuas.
Ó tharla mé ag caint ar an ábhar seo .i. buaiteoirí, ba mhaith liom mo chomhghairdeachas a roinnt leo siúd a bhuaigh na duaiseanna sa Chomórtas Grianghrafadóireachta, Is Álainn Í An Ghaeltacht, comórtas a bhí á reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta, mar a scríobh mé roimhe seo. Cé go raibh grianghraif agam féin sa chomórtas nár bhain aon duais, bhain mé an-sult as an gcraic uilig, agus tá súil agam go mbeidh an comórtas ar siúl arís, am éigin amach anseo.

Sula ndéanfaidh mé dearmad, a léitheoirí, daoibhse le suim agaibh sa léirmheastóireacht - go háirithe sibhse a mbeadh spéis agaibh bheith in bhur gcriticeoirí ealaíne - tá Comórtas Scríbhneoireachta á reáchtáil ar an mblag Nua-Ealaín. Tá agaibh go dtí an 24/11/2013 le bhur léirmheas, 400 focal ar a mhéid, a sheoladh chucu,'...ar aon taispeántas comhaimseartha ealaíne, ar siúl in Éirinn idir seo agus 24ú Samhain.' - na sonraí uilig le léamh anseo, a chairde.
Monday, March 14, 2011
Litríocht Ghaeilge na nÓg
Daoibhse nach raibh ar an eolas faoin mblag seo - agus ní raibh mise ar an eolas faoi go dtí gur cuireadh ríomhphost eolais an Dr. Ríona Nic Congáil, ó Roinn na Gaeilge i gColáiste Phádraig, ar aghaidh chugam inniu - beidh le feiceáil agaibh, ar an mblag, go dtionólfar an Chéad Chomhdháil Idirnáisiúnta ar Litríocht Ghaeilge na nÓg i gColáiste Phádraig, i nDroim Conrach, ar an 8-9 Aibreán.
Tá clár na comhdhála le fáil ar an mblag sin. Beidh fáilte roimh chách, agus léim nach mbeidh táille isteach le híoc ag an té nach bhfuil ag obair. Diabhal locht air sin, ná ar an gclár spéisiúil, feictear dom.
Bheadh sé go deas dá bhféadfá, a léitheoir, an dea-scéal seo a scaipeadh, le do thoil.
Subscribe to:
Posts (Atom)