Chaithfeadh sé go raibh sé ráite agam, míle uair, leis An Mháistreás, le seachtain nó dhó anuas, go raibh sé i gceist agam dul i ngleic leis an bpáipéarachas i m'oifig, rud nach ndearna mé, agus rud nach raibh déanta agam, faoin am ar ghlaoigh sí orm, inné.
'Bhfuil tú ag dul ag leagan ar an seomra sin, inniu?' ar sí.
Ar ndóigh, bhí sé i gceist agam díriú ar an bhfadhb, roimhe seo. Bhí gá leis, an dtuigeann sibh. Le roinnt seachtainí anuas, ní raibh mé in ann mo lámh a leagan ar pheann ná ar pháipéar ar an deasc i m'oifig, bhí sé chomh trína chéile sin.
Gan a thuilleadh moille, nuair a bhí ár gcomhrá críochnaithe againn, leag mé uaim an fón, agus ní dheachaigh mé ar chúl scéithe maidir leis an gceist, níos mó, ach thug mé faoin bhfadhb, ceann ar aghaidh, ar luas lasrach, mar a bheadh tine ar mo chraiceann.
Ar ndóigh, níl an jab críochnaithe agam fós. Cuirim an locht ar, ahem, An Mháistreás. Bhí an focal sin 'leagan' ag dul timpeall i mo chloigeann, ar feadh an ama, agus tá a fhios ag gach uile mhac máthair a léann an blag seo, nuair a bhíonn focal ag cur tochas ar mo mheabhair, bíonn gá le, ahem, scríob(h).
Pé scéal é, tá neart leaganacha le fáil ar foclóir.ie anseo, más mian libh leagan súl a thabhairt orthu. Ní hé go bhfuilim ag iarraidh béim a leagan ar na leaganacha cainte uilig atá ar an suíomh, ach creidim féin go bhfuil siad leagtha amach go breá soiléir acu. Bainigí taitneamh astu, a chairde, agus mura mbaineann, beidh oraibh an mhéar fhliuch a leagan ar dhuine éigin eile, seachas mise.
Seanfhocal nó dhó daoibh, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht,
Nuair nach bhfuil muid ag leagan pingine isteach, bíonn muid ag leagan pingine amach. (Caitheamh)
Clann a thóigeas is clann a thóigeas leagan. (Clann)
Bíonn an dá leagan ar gach scéal. (Fírinne)
Ní dochar thú a leagan mara ngortaítear thú. (Misneach)
An té atá lag is furasta a leagan. (Neart)
Showing posts with label foclóir. Show all posts
Showing posts with label foclóir. Show all posts
Wednesday, July 26, 2017
Sunday, July 10, 2016
Nathanna Cainte
'Lá le fíon is arís gan bhraon' an leagan Gaeilge a fuair mé ar foclóir.ie don nath 'feast or a famine,' cé gur 'gorta nó cóisir' an leagan a roghnaigh mé don bhlagmhír a bhí á scríobh agam, ag an am.
Measaim nach raibh mórán measa ar an bpósadh, tráth den tsaol, más fíor an ceann seo ó fhoclóir McCionnaith, 'pósadh inniu agus picil amáireach' do 'feast today, famine tomorrow' chomh maith leis an gceann seo ó fhoclóir T. O'Neill-Lane, 'ní féasta go róstadh, is ní céasadh go pósadh' do 'no feast till the roast and no torment till marriage.'
Ar foclóir.ie 'bíonn blas ar an mbeagán' má tá 'enough is as good as a feast' agus, dar le teanglann.ie 'ní ligfeadh an gorta dó é a dhéanamh' dá mbeadh sé 'too stingy to do it.' An méid sin ráite, dá mbeadh tú ag iarraidh 'lán na súl a bhaint as rud,' bheadh tú ag 'feast one's eyes on something' dar le Tomás de Bhaldraithe ina fhoclóir.
Agus, más mian leat 'to keep the wolf from the door',' is fearr duit 'an gorta a choinneáil uait,' cheapfainn.

Thursday, January 9, 2014
Focail Liom Focail Leat
Ó am go chéile, feicim focail atá aistrithe ón mBéarla go Gaeilge, ach nach n-insíonn a scéal dom, mar a déarfá. Mar shampla, na focail grán rósta do popcorn - mar a scríobh mé i mo thrácht anseo, b'fhearr liom féin pléascórn; focal féinchumtha, ar ndóigh, ach focal intuigthe, mar sin féin, feictear dom.
Seans go bhfuil an focal féinchumtha é fhéin féinchumtha, freisin, ach beatha teanga í a mhúnlú, nuair a fheileann sé, cheapfá. Mar a fheictear ón nuafhocal sin, is féidir seanfhocal a athrú timpeall, chomh maith céanna, i mo thuairim, nuair is gá. Tá, ahem, cead an chumadóra seo agaibh, a chairde, más mian libh a leithéidí a dhéanamh amach anseo.
An focal atá ag dó na geirbe agam na laethanta seo ná an focal sin haischlib, focal atá le fáil sna foclóirí nua fearacht focal.ie, agus foclóir.ie, mar aistriúchán ar an bhfocal Béarla sin hashtag. Ar ndóigh, ní saineolaí mise ar bhunús an fhocail, ach rith sé liom go mbeadh focal mar ábhará níos feiliúnaí don chomhartha # sin, comhartha a chuirtear roimh fhocal ar Twitter, mar shampla, nuair atá ábhar faoi chaibidil, nó faoi rá, ann mar a déarfá.
Chonaic mé an nath cainte sneak peek thall ar Twitter le déanaí, agus rith sé liom nach bhfuil, chomh fada agus is eol dom, aon nath dá mhacasamhail againn i nGaeilge, an bhfuil? Mura bhfuil, agus mura bhfuil ceann ag aon duine agaibh le roinnt linn anseo, nó ar Twitter, nó ar shuíomh Gaeilge Amháin thall ar Facebook a léitheoirí, céard bhur mbarúil faoi gliúc glic, nó gíoc slíocach, nó fiú réamhradharc rúnda?

Is buaine port ná glór na n-éan,
Is buaine focal ná toice an tsaoil.
Monday, November 18, 2013
Damhsa ar an Nuanós?
Wednesday, October 23, 2013
Rac is Roll?
Ó am go chéile, feicim rudaí, ahem, le súil eile. Tarlaíonn sé sin dom, ó am go chéile, mar is eol daoibh, sibhse a léann an blag seo go rialta. Níl leigheas air, a chairde...níl ann ach giota ealaíne; amharcealaín, b'fhéidir.
Pé scéal é, chonaic mé an Rock 'n Roller sin thuas, píosa soir an bóthar ón teach anseo, an lá cheana. Cén Ghaeilge atá ar Rock 'n Roll, meas tú, arsa mé féin liom féin? Bhuel, tá nathanna cainte dá leithéidí le feiceáil ar shuíomh Pota Focal anseo, agus ar shuíomh foclóir.ie anseo, agus ar shuíomh focal.ie anseo.
Bígí ag damhsa, a léitheoirí, agus bainigí sult as an saol! Mo chuimhne, meas tú cén Ghaeilge a bheadh ar 'Rock On!..?

Tuesday, September 3, 2013
Focail Liom Focail Leat
Tuilleadh uaim, a léitheoir, ar ábhar na bhfocal nuachumtha, fearacht na gceann a chum mé cheana, má thuigeann tú leat mé.
Inniu, mar gheall gur tharraing na focail bosa arda (high five an Bhéarla) m'aire orthu, chinn mé gurbh fhiú díriú ar fhocal comhchiallach a chumadh, gan ach litir amháin san fhocal ordóg a athrú. Seo a leanas m'fhocal nuachumtha, agus mo shainmhíniú féin leis:
Ardóg - mar a chéile móran le 'bosa arda' ach leis na, ahem, méara i bhfolach; ag ardógadh nó ardóg a thabhairt do dhuine nó ag tabhairt na hardóige/na n-ardóg = giving the thumb(s) up!
Agus, ó tharla mé ar ábhar na hordóige, seo cúpla nath eile a chonaic mé agus mé ar thuras na n-ordóg:
he has you under his thumb - tá tú faoi bhois an chait aige.
he was twiddling his thumbs - bhí sé ag scamhadh geaitirí dhó féin
he was all fingers and thumbs - bhí méara sliopacha air (bhí sé ciotach/místuama)
well thumbed book - leabhar seanláimhsithe
rule of thumb - mar threoir ghinearálta/slat tomhais
thumbs down - ordóg in íochtar, an t-eiteach tugtha
thumbs up - Tá linn!
Le bheith soiléir, a léitheoir, ní, ahem, ag tabhairt na méire atáim.
Thursday, August 22, 2013
Féileacáin agus Foclóirí
A haon...
...a dó...
...a trí!
Tharla sé go raibh mé ag baint bláthanna feoite as na prócaí bláthanna timpeall ar Cheann Scríbe inniu nuair a chonaic mé féileacáin ag léim ó bhláth go bláth.
Ar fheiceáil an chéad fhéileacán dom, agus é á shocrú féin ar bhláth, rug mé ar mo cheamara le grianghraf a thógáil, rud a rinne mé, mar a fheiceann sibh ón gcéad ghrianghraf thuas. Ansin, tháinig an dara féileacán agus, ina dhiaidh sin arís, tháinig an tríú féileacán. Shocraigh na trí fhéileacán ar an mbláth céanna. Nach álainn iad!
An raibh a fhios agat, a léitheoir, ach dá mbeadh tú ag brú na féileacáin as duine, bheadh croí an duine sin briste brúite, mar bheadh siad crushed agat, mar a déarfá.
Tugtar dalán Dé (Lanes Larger English-Irish Dictionary, (1922)) nó dealán Dé (L.McCionnaith, Foclóir Béarla agus Gaeilge, (1935)) ar fheileacán, freisin, agus, dar le Mac Bains Dictionary anseo, deirtear faoi dealan-dé gur God's fire atá i gceist.
Féileacán 'gus foclóir ag cur lenár stór...

Sunday, May 12, 2013
Miotaseolaíocht
Tá
foclóir agam, Irish Mythology le Peter Kavanagh. Tháinig mé ar an leabhar
de thimpiste ar maidin, nuair a bhí mé útamáil liom anseo san oifig, ar thóir
leabhair eile, mar is minic liom.
Pé scéal
é, d’oscail mé an leabhar, agus bhreathnaigh mé ar fhocal nó dhó ón bhfoclóir
ann, cinn a roinnfidh mé libh anois, a léitheoirí, ó tharla an fonn sin orm. Foclóir
i mBéarla atá ann, dá bhrí sin is i mBéarla a roinnfear na giotaí éagsúla libh
anseo, mura miste libh.
Faoin
gceannfhocal Love, tá sé scríofa ann,
'To make a
woman fall in love with you rub your face in her apron. The defence: burn the
apron.'
Rith sé
liom, agus an abairt sin á léamh agam, gur iomaí bean a mbeadh fonn uirthi an t-aprún sin a dhó, chomh maith céanna.
Maidir le
Egg Shells, scríobhadh,
'Egg
shells should be crushed to prevent the fairies using them as boats.'
Cén
dochar a bheadh ann dá mbeadh báid ag sióga, meas tú?
Dúradh fadó, is cosúil, faoin Ear-wig,
'A common
disguise of the devil; he should always be killed.'
Glacaim
leis gurb é an ceilpeadóir bocht atá i gceist leis an ‘should always be killed’
sin, chan an diabhal. Chomh fada agus is eol dom, tá an diabhal in ainm bheith
caillte cheana. Bhítí ann a cheap a mhalairt, seans. B'fhéidir go bhfuiltear ann a cheapann a mhalairt fós, go deimhin.
Mo
chuimhne, i mbrollach an leabhair, tá sé scríofa ag an údar,
'Stories
about the saints have been kept out as much as possible because they do not
belong in a book on mythology.'
Chloisfeá
‘Hmmm...’ nó dhó, ó dhuine nó dhó, faoin abairt sin freisin, cheapfainn féin.
Saturday, March 30, 2013
Focail Liom Focail Leat
Táim ag leanúint ar aghaidh le m'fhocail nuachumtha, mar atá déanta agam cheana, a léitheoirí.
Roghnaigh mé focal amháin eile as an bhfoclóir, agus d'athraigh mé é rud beag - litir amháin bainte amach, b'fhéidir, nó ceann sa bhreis curtha isteach agam, nó litir amháin athraithe, b'fhéidir.
Pé scéal é, fágfaidh mé fúibh féin é bhur gcinneadh a dhéanamh maidir leis an bhfocal nua, agus faoin sainmhíniú nua atá tugtha agam don fhocal sin:
crámhaille/crámhaillí - barúil nó barúlacha a ghoillfeadh, nó a ghoilleann.
Ní hionann scéal agus fírínne, go minic, mar sin b'fhéidir, in amanna, gur fearr gan scéal a dhéanamh de do bharúil, a léitheoir; mura bhfuilfirscéalaíocht finscéalaíocht i gceist, ar ndóigh.
Focal nuachumtha eile é firscéalaíocht, b'fhéidir. Ach, cén sainmhíniú a thabharfadh duine ar a leithéid, meas tú - scéal na míchéille?
Mo chuimhne, an bhfuil a fhios agaibh gur féidir anagram a fháil as an bhfocal 'Rámhaillí'? Sea, 'Rá a mhill í' a bheadh ann.
Suimiúil, nach bhfuil...
Roghnaigh mé focal amháin eile as an bhfoclóir, agus d'athraigh mé é rud beag - litir amháin bainte amach, b'fhéidir, nó ceann sa bhreis curtha isteach agam, nó litir amháin athraithe, b'fhéidir.
Pé scéal é, fágfaidh mé fúibh féin é bhur gcinneadh a dhéanamh maidir leis an bhfocal nua, agus faoin sainmhíniú nua atá tugtha agam don fhocal sin:
crámhaille/crámhaillí - barúil nó barúlacha a ghoillfeadh, nó a ghoilleann.
Ní hionann scéal agus fírínne, go minic, mar sin b'fhéidir, in amanna, gur fearr gan scéal a dhéanamh de do bharúil, a léitheoir; mura bhfuil
Focal nuachumtha eile é firscéalaíocht, b'fhéidir. Ach, cén sainmhíniú a thabharfadh duine ar a leithéid, meas tú - scéal na míchéille?
Mo chuimhne, an bhfuil a fhios agaibh gur féidir anagram a fháil as an bhfocal 'Rámhaillí'? Sea, 'Rá a mhill í' a bheadh ann.
Suimiúil, nach bhfuil...
Saturday, February 16, 2013
Focail Liom Focail Leat
Táim ag leanúint ar aghaidh le m'fhocail nuachumtha, a léitheoirí, agus seo chugaibh ceann nua a rith liom inniu:
Cráifteachán: duine atá ciaptha ag reiligiún.
Mar is iondúil, níl ach athrú beag amháin déanta agam ar fhocal ón bhfoclóir, agus tá mo shainmhíniú féin tugtha agam, freisin.
Cráifteachán: duine atá ciaptha ag reiligiún.
Mar is iondúil, níl ach athrú beag amháin déanta agam ar fhocal ón bhfoclóir, agus tá mo shainmhíniú féin tugtha agam, freisin.
Monday, February 4, 2013
Focail Liom Focail Leat
Táim
ag leanúint ar aghaidh le m’fhocail nuachumtha, mar atá déanta agam cheana,
a léitheoirí.
Roghnaigh mé cúpla focal eile as an bhfoclóir, agus d'athraigh
mé iad rud beag - litir amháin bainte amach agam, nó litir sa bhreis curtha
isteach agam, b’fhéidir, nó litir amháin athraithe (ní hionann ‘a’ agus ‘á’,
mar shampla); ansin, thug mé mo shainmhíniú féin ar na focail nuachumtha.
Inniu, táim, ahem, ag Dáil-eadh focal nuachumtha in bhur
dtreo.
Baoiseach – ceannaire nach bhfuil gaoiseach; ceannaire a bhfuil a cheann caillte aige.
Bánaiste – ceannaire ionaid a chuirfeadh an dubh ina bhán
ort; an dara duine (is) mire.
Teachtá (Dála) – ionadaí (Dála) nach ndearfaidh ‘níl’
le ceannaire a pháirtí, bíodh sé ceart nó mícheart.
Saturday, January 26, 2013
Focail Liom Focail Leat
Sa mhír seo, táim
ag leanúint ar aghaidh le m’fhocail nuachumtha, mar atá déanta agam cheana.
Roghnaigh mé
cúpla focal eile as an bhfoclóir, agus d'athraigh mé iad rud beag - litir amháin a bhaint amach, nó litir sa bhreis a chur isteach, nó litir amháin a athrú; ansin, thug mé mo shainmhíniú féin ar na focail
nuachumtha.
Bíoblag – suíomh idirlín cráifeach
atá dírithe ar bhíobhaí.
Mamadán – fear nach féidir leis
bheith dílis d’aon bhean ach amháin dá mháthair féin.
Mar is iondúil, agus más mian libh, cuirim fáilte le bhur
n-iarrachtaí féin, a léitheoirí.
Agus, cuirim fearadh na fáilte roimh an bhFoclóir Nua Béarla-Gaeilge ó Fhoras na Gaeilge. Go n-éirí go geal leis!
Tuesday, January 15, 2013
Focail Liom Focail Leat
Sa mhír
seo, táim ag leanúint ar aghaidh le m’fhocail nuachumtha - mar chuid den chraic ó mhír Dé Céadaoin seo caite, an dtuigeann sibh.
Roghnaigh
mé cúpla focal eile as an bhfoclóir, agus rinne mé athrú beag orthu - litir
amháin a bhaint amach, nó litir sa bhreis a chur isteach, nó litir
amháin a athrú (ní hionann ‘a’ agus ‘á’, abair) – agus thug mé mo shainmhíniú
féin ar na focail nuachumtha.
Báincéir
– duine a sciobann chuile phingin as póca duine eile.
Fóinseach – bean nach bhfuil in ann bun ná
barr a dhéanamh dá fón cliste.
Mar is
iondúil, agus más mian libh, cuirim fáilte le bhur n-iarrachtaí féin, a
léitheoirí.
Tuesday, May 1, 2012
Focail Liom Focail Leat
Tharla
sé go raibh mé ag éisteacht le Pat Kenny ar an raidió maidin inné, é ag labhairt le Micheál Martin faoin Sinn Féin/Fianna Fáil Merger Idea/Fiscal Compact.
Ach, ní hé ábhar an chláir sin ábhar mo bhlagmhíre. Níl ann ach gur chuala mé na focail constructive ambiguity ag teacht as béal an láithreora, nath nach raibh cloiste agam cheana, agus bhí uaim tuilleadh eolais a fháil ar an nath sin.

Chuaigh
mé go Wikipaedia, áit a bhfuair mé ‘Constructive
ambiguity is often disparaged as fudging.’ Ní bheinn
féin róchinnte nach fudging de shaghas atá ag tarlú agus duine i mbun
éiginnteachta, bíodh an éiginnteacht sin cuiditheach nó ná bíodh, ach sin scéal
eile.
Ar aon nós, chuaigh mé ar thóir
an fhocail faoiste i WinGléacht, agus is ionann faoiste agus fudge, agus is ionann
faoiste fáiste agus nonsense. Níos suimiúla fós, bhí an focal faoistin
istigh leis an bhfocal faoiste.
Hmmm…, arsa mé féin liom féin.
Fuair mé greim ar fhoclóir
Dinneen, agus, creid é nó ná creid, bhí leagan luath den fhocal faoistin ann,
agus ba é faoiste an leagan sin.
Friday, March 30, 2012
Nathanna Cainte
‘B’annamh leis an gcat srathair a chur air,’ arsa An Dómhnallach liom, an lá cheana. Go deimhin, ní dhéanfadh cat a leithéid. Ní dhéanfadh cat é seo, ach an oiread, ach sin scéal eile.
Maidir leis an seanfhocal thuas, deirtear anseo go bhfuil sé ‘said of something noticeable for being unusual,’ agus sin go díreach an míniú a fuair mé ón Dómhnallach. Go raibh maith agat, a chara.
Ó tharla cat luaite liom, chuaigh mé ar thóir nathanna cainte agus seanfhocal ina luaitear iad, agus seo toradh mo chuid oibre, a léitheoirí:
An t-am a múchtar na coinnle bíonn an uile chat glas – When candles are out all cats are grey
Cat is dhá eireaball a rinne sé – He did a lot
Cat breac – Turncoat
Tá cat mara air – It is terrible
Agus, dá gcuirfeá an leagan Béarla den fhocal cat in abairt, mar shampla, ‘bhí an aimsir cat an lá cheana’ nó ‘tá sé sin cat,' an focal ‘uafásach’ a bheadh i gceist agat.

Does a cat like milk? – Ní theitheann cú ó chnámh
An t-am a múchtar na coinnle bíonn an uile chat glas – When candles are out all cats are grey
Cat de réir cineáil – Cat after kind
Tá cat crochta romhat sa teach sin – They have it in for you
Like a cat on hot bricks – Bheith ar bís
See what way the cat jumps – Féachaint cén cheard a shéidfidh an ghaoth
Not enough room to swing a cat in it – Níl slí dhá chat chun rince ann
Let the cat out of the bag – Rún a sceitheadh
Ní raibh cat ná madra ann – There was nobody there
Íde na gcat is na madraí a thabhairt dá chéile - To quarrel like cat and dog
Cat is dhá eireaball a rinne sé – He did a lot
Beidh cait óga aige – He will have a fit
Dhéanfadh sé cat is dhá eireaball air – He’d work wonders
Céard a dhéanfadh an cat ach luch a mhárú – Like father, like son
Ar mhaithe leis féin a dhéanann an cat crónán – A cat purrs for its own benefit
Gan ‘cat dubh’ ná ‘cat bán’ a rá leis – Say nothing to him
Cat breac – Turncoat
Cat mara – Calamity
Tá cat mara air – It is terrible
Agus, dá gcuirfeá an leagan Béarla den fhocal cat in abairt, mar shampla, ‘bhí an aimsir cat an lá cheana’ nó ‘tá sé sin cat,' an focal ‘uafásach’ a bheadh i gceist agat.
Foinsí
FBG – T.deBhaldraithe – lch 105
FGB Uí Dhónaill – lch 196
FBG McCionnaith – lch 166
FBG T O’Neill Lane (Larger) - lch 266 – 267
Wingléacht
Gaeilge Iorras Aithneach le Brian Ó Curnáin – an pdf (5.25MB) ón Dublin Institute for Advanced Studies le léamh anseo.
Wednesday, July 6, 2011
Nathanna Cainte
Le seachtain nó dhó anuas, táim ag freastal ar Chiorcal Comhrá in Sainsburys i nDoire, agus bainim an-sult as mo chupán caife agus as an gcraic le mo chomhroinnteoirí ansin.
An tseachtain seo caite, bhí seachtar againn ann, agus seo thíos cúpla rud a phléamar:
‘visiting team’ – tá rogha le fáil ar focal.ie: foireann ar cuairt, foireann chuairte, foireann chuarta, ach tá foireann cuairteoirí agus foireann as baile cloiste ó chainteoirí dúchais.
‘pouring rain’ – tá ag cur de dhíon is de dheora le fáil ar potafocal.com, ach chualamar doirteadh báistí, díle báistí agus gleáradh baistí in úsáid go rialta. Tá tuilleadh faoin aimsir le léamh uaimse anseo, ó Thadhg anseo agus ó Phroinsias anseo agus anseo.
‘riot’ – círéib an focal a tháinig chugainn, agus é tugtha faoi deara gurb é círéibeacha an leagan iolra den fhocal sin. Ar m’fhilleadh abhaile dom, thug mé féin faoi deara, ar WinGléacht, go bhfuil leaganacha eile den fhocal círéib le fáil – caithréib, cithréib, agus cúiréib.
Maidir le cúiréib, meas tú an bhfuil baint aige leis an mbriathar cúr? Dar le WinGléacht is chastise, punish agus scourge atá i gceist le cúr: an té atá cúrtha cráite, bíonn sé sad and sore, agus, go bhfóire Cia orainn, má tá do chroí cúrtha, tá do heart scourged.
Gura fada uaibh an croí cúrtha, a léitheoirí!
Thursday, March 24, 2011
Focail Liom, Focail Leat
Ar thug tú faoi deara riamh, a léitheoir, go bhfuil daoine ann agus athraíonn a bpearsantacht ó am go chéile, shílfeá.
Níl a fhios agam, go deimhin, an bhfuil baint ag a leithéid d’athrú le ‘pearsantacht’, ach tharla sé go raibh mé i gcomhrá le bean inniu, a dúirt liom, agus í ag tagairt d’fhear ar a haithne,
‘He’s the type of guy who'd go to watch a Western in the cinema, and would come out walking like a cowboy!’
Ar ndóigh, an rud a bhí i gceist aici, ceapaim, ná nach mbeadh aithne go brách agat ar a leithéid de dhuine, mar nach bhfuil buan-phearsantacht aige. Seans go raibh sé i gceist aici, freisin, nach bhféadfá focal as béal an duine sin a chreidiúint, mar go gcloisfidh tú uaidh an rud is dual dó ag an am.
Pé scéal é, bhain a habairt gáire asam, agus ó tharla gur rith an smaoineamh liom ag an am, chuaigh mé ar thóir leagan Gaeilge den fhocal ‘copycat’ i bhfoclóir De Bhaldraithe.
Creid é nó ná creid, is ‘maidrín aithrise’ é an ‘copycat’.
Subscribe to:
Posts (Atom)