Showing posts with label Scoil na Dála. Show all posts
Showing posts with label Scoil na Dála. Show all posts

Friday, February 26, 2016

Vótáil

Thug mé faoi deara, inné, go bhfuil sé roinnt mhaith blianta ó scríobh mé faoi 'Vótáil agus Vótálaithe,' blagmhír atá le fáil anseo, a léitheoirí, más mian libh í a léamh. Ní hé nach bhfuil suim agam sa pholaitíocht, an dtuigeann sibh, ach, mar a scríobh mé sa bhlagmhír sin, ní duine polaitiúil mé.

Mar sin fhéin, coinním súil ghéar ar a bhfuil ag tarlú sa tír seo, agus déanaim cinnte de go gcaithim mo vóta, lá vótála, mar go bhfuil an ceart sin agam (ceart nach raibh ag mná na tíre seo, tráth den saol), agus is maith liom tacaíocht a thabhairt don cheart sin, agus don tír. 

Inniu, tá vóta le caitheamh againn sa tír seo, le rialtas nua, de shaghas éigin, a roghnú. Leis an bhfírinne a rá, tá sé deacair roghnú eatarthu uilig, mar pholaiteoirí agus mar pháirtithe, ach théis dianmhacnamh a dhéanamh ar na roghanna atá romham, tá mo chinneadh déanta agam, agus caithfear vóta dá réir. Ar a laghad beidh sé le rá agam nár léim mé thar an gclaí, gan breathnú thar a bharr. 

An ndéanfaidh mo vóta aon mhaith? Níl a fhios agam, a léitheoirí. Ach, tá a fhios agam an méid seo, b'fhearr liom gan fanacht ar an gclaí, fiú mura bhfuilim cinnte cén bealach é an bealach is fearr le, ahem, titim. 

Seanfhocal nó dhó daoibh, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht:

Is fearr an té a thóigeas claí ná an té a thóigeas caisleán. (Comharsa)

An té is fearr rite reaite, caithfidh sé an claí. (Deis)

Ag cur claí timpeall goirt leis an gcuach a choinneáil istigh. (Díth Céille)

An té nach bhfuil léim aige, leagann sé an claí. (Stuaim)

Sunday, January 4, 2015

Cadhnraí Cliste

Más rud go gceapann tú, a léitheoir, agus an ceannteideal thuas leite agat, go bhfuil baint ag an 'cliste' úd sa gceannteideal le clisteacht intinne, bhuel, níl..ar bhealach.  Ach, tá, ar bhealach eile. 

An cadhnra caite atá i gceist agam, sé sin le rá, an cadhnra atá i do charr agat. Más fíor an méid atá leite agam anseo, amárach Luan na gCadhnraí Cliste, nó Luan na gCadhnraí Caite, más fearr leat an leagan sin. 

Is cosúil, más fíor, nach mbaintear úsáid chomh rialta as an gcarr agus duine ar saoire thar an Nollaig, mar sin, teastaíonn cic sa tóin ón gcadhnra díomhaoin inniu, a léitheoir...sé sin le rá, moltar duit do charr a thabhairt ar spin beag 30 nóiméad, inniu, len é a luchtú, sa gcaoi nach mbeidh tú sáinnithe sa mbaile, amárach. 

Meas tú, arsa mé féin liom féin, ar maidin, an raibh na polaiteoirí chomh díomhaoin céanna, agus iad ar saoire na Nollag, nó an bhfuair siad féin cic sa tóin ó Lucinda Creighton inné. B'fhéidir nach bhfuil i gceist ach spin beag eile, meas tú?

Cibé scéal é, tá an rabhadh tugtha.  

Sunday, November 23, 2014

Ceart agus Cearta

Blianta ó shin, agus mise ag fás aníos i gCeantar na nOileán, bhí umar uisce ar chúl an tí againn, sa mbaile. Bhí sé déanta as coincréit, nó ábhar éigin mar í, agus ní raibh clúdach air, ar dtús, más buan mo chuimhne, go dtí gur thit cat isteach ann, agus cuireadh clúdach coincréite air ansin, ar fhaitíos na bhfaitíos go leanfadh aon pháiste againn an cat, is dócha...bhí sé domhain, mar umar uisce, an dtuigeann sibh, agus bhí muide beag, 

Bhíodh an tank, mar a thugamar air, lán le huisce sa gheimhreadh, ó tharla neart báistí ann len é a líonadh, ach is minic, sa samhradh, nach mbáfaí luch ann, ná bac le cat ná le páiste, mar nach mbeadh braon báistí ag titim ón spéir agus, dá bhrí sin, ní bhíodh mórán uisce ar fáil le sconnaí an tí a líonadh, ná le folcadán a líonadh, ná le leithreas a shruthlú, go minic. 

Mar gheall air sin, is dóigh liom, bhí mé cúramach le huisce ar feadh mo shaoil, sé sin le rá, níor chuir mé uisce amú, agus bhí mé iontach buíoch, mar atáim fós, go raibh agus go bhfuil uisce le fáil agam, go fial flúirseach; bíodh sé ina gheimhreadh nó ina shamhradh, bíodh báisteach ann nó ná bíodh. 

Le scéal fada a dhéanamh níos faide, a léitheoirí, tá a fhios agam nach mise an t-aon duine amháin atá tinn tuirseach den chraic seo uilig...an 'craic' i 'craiceáilte' atá i gceist agam, seachas aon rud a bhaineann le spraoi, an dtuigeann sibh...ach, mar sin féin, tá mo phota amhrais ag cur thar maoil, na laethanta seo. 

Tá lucht na polaitíochta, ar chuile thaobh den scéal, feictear dom, agus táim den bharúil go bhfuil dearmad déanta acu ar 'ceart' agus ar 'cearta'...sé sin le rá, tá siad uilig den bharúil go bhfuil siad féin ceart, beag beann ar chearta aon duine eile. Ní dóigh liom féin go bhfuil sé sin ceart. 

Bíodh meas againn ar a chéile, agus bíodh meas againn ar uisce. Gan iad, ní féidir maireachtáil i gceart.  

Thursday, July 11, 2013

Áine ag Flasháil!

Ní hea, a léitheoirí, níl baint ar bith ag an scéal seo liomsa, ná le hÁine na Dála, ach le hÁine eile. Sea, tá an Áine eile sin 'ag taisteal ar fud na hÉireann ag tabhairt faoi tascanna difriúla' le Tobar Productions. 

Dúshláin, agus clár nua do TG4, atá idir lámha aici an geábh seo, agus más rud go mbeidh tusa, nó do chairde, i nGaoth Dobhair tráthnóna amárach, Dé hAoine (chomh fada agus is eol dom!) beidh Áine Arskypeacheile ansin, le tobshlua a thabhairt le chéile - tobshlua céilí!


Anois, céard eile a dhéanfá tráthnóna amárach, agus an aimsir chomh hálainn is atá sí, ach dreas damhsa taobh an bhóthair? Nach é Dev a bheadh bródúil asaibh, más fíor, dá dtiocfadh libh é sin a dhéanamh, a chairde! 


Bhuel, bheinn féin sásta libh, pé scéal é, mar is aoibhinn liom tobshlua ag damhsa, mar is eol daoibh. Murach go bhfuil clannchruinniú, agus dreapadh na Cruaiche, romham féin an deireadh seachtaine seo, bheinn i nGaoth Dobhair, gan dabht. 


Go n-éirí go geal leis an gcraic agus leis an gcéilí. ♫♪♪♪♫♫♪ Tuilleadh eolais le fáil ach treoracha Áine a leanúint anseo. 


Wednesday, July 3, 2013

Focail Féilire

Comhairle do lucht na polaitíochta ar maidin, b'fhéidir...

Gníomh a ghiniúint, éifeacht ar chinniúint.

Act as if what you do makes a difference. It does.

An leagan Gaeilge uaimse, an leagan Béarla ón bhfear seo, William James. 

Mar is iondúil, cuirim fáilte roimh bhur leaganacha féin, a léitheoirí. 

Seanfhocal nó dhó, as an leabhar Seanfhocla Chonnacht, faoin gceannteideal Feall, mar a leanas:

Is measa an té a bhraitheas ná an té a dhéanas. 

Is minic cealg i mbun na póige. 

Milis os comhair do chuid súl is searbh taobh thiar de do dhroim. 

Agus ceann nó dhó eile dóibh, as an leabhar céanna, faoin gceannteideal Fírinne, mar a leanas:

Bíonn dhá thaobh ar an mbilleog. 

Seasann an fhírinne i lár na bréige. 

Suigh crom ach labhair díreach. 

Monday, February 4, 2013

Focail Liom Focail Leat


Táim ag leanúint ar aghaidh le m’fhocail nuachumtha, mar atá déanta agam cheana, a léitheoirí. 

Roghnaigh mé cúpla focal eile as an bhfoclóir, agus d'athraigh mé iad rud beag - litir amháin bainte amach agam, nó litir sa bhreis curtha isteach agam, b’fhéidir, nó litir amháin athraithe (ní hionann ‘a’ agus ‘á’, mar shampla); ansin, thug mé mo shainmhíniú féin ar na focail nuachumtha.

Inniu, táim, ahem, ag Dáil-eadh focal nuachumtha in bhur dtreo.

Baoiseach – ceannaire nach bhfuil gaoiseach; ceannaire a bhfuil a cheann caillte aige.

Bánaiste – ceannaire ionaid a chuirfeadh an dubh ina bhán ort; an dara duine (is) mire.

Teachtá (Dála) – ionadaí (Dála) nach ndearfaidh ‘níl’ le ceannaire a pháirtí, bíodh sé ceart nó mícheart.   

Sunday, October 7, 2012

Pocpholaitíocht


B’fhéidir go bhfuilim tinn tuirseach ag éisteacht leo uilig, a léitheoirí, ach cuirim an cheist orm féin, ó am go chéile - go háirithe le seachtain anuas agus na focail ‘stroke politics’ á chloisteáil agus á léamh agam go rialta – meas tú an bhfuil aon pholaiteoir sa tír seo atá ag obair ar mhaithe leis an tír amháin, agus ní ar mhaithe leo féin nó ar mhaithe lena bpáirtí?

Níl ann, an dtuigeann sibh, ach go bhfuilim ag teacht ar an tuairim gurb éard atá uainn sa tír seo, le go dtiocfaimid slán sábháilte as an bpraiseach ina bhfuilimid, ná go mbeidh daoine sa Dáil againn a thabharfaidh tús áite do thodhchaí na tíre, agus ní dá dtodhchaí féin.

Tuesday, June 26, 2012

Wee Scéal Daoibh

Léigh mé tuairisc, le Senan Molony san Irish Daily Mail Dé Sathairn seo caite, go bhfuil an focal beag sin ‘wee’ ina fhocal un-parliamentary - dar le feidhmeannaigh na Dála.

‘No more wee words’ a bhí mar theideal ar an bpíosa a scríobh Senan, agus sí an chuid d'abairt - a dúradh sa Dáil agus a tháinig ó bhéal an teachta Brian Stanley -  a tharraing aird na bhfeidhmeannach, dar le Senan, ná ‘people will have neither a tea nor a wee break.’

Tá an leagan oifigiúil parlaiminteach ar shuíomh Thithe an Oireachtais anois, a scríobh Senan, agus is ‘people will have neither a tea nor a toilet break.’ atá le léamh ansin.  

Is iomaí wee break a bhíonn againn féin anseo i dTír Chonaill, agus cé go mbíonn baint nach beag ag an wee drop of tea leis an scéal, ó am go chéile, is beag a cheapamar go raibh sé a wee bit un-parliamentary an wee word sin a úsáid!     

Tuesday, June 12, 2012

Focail Féilire

Ní dúirt mé gur ort atá an locht, ach go gcuirfinn an milleán ort.

Mo leagan féin den athfhriotal a léigh mé ar m’fhéilire inné:

'I didn’t say it was your fault, I said I was going to blame you.'

Ar fáth éigin, tháinig boic mhóra na Dála isteach i mo chloigeann, agus rith sé liom nach gcailleann polaiteoirí, is cuma cam nó ceart iad, a lucht tacaíochta riamh, feictear dom.

Ar ndóigh, b’fhéidir nach bhfuil an ceart agam ach, pé scéal é, chum mé athfhriotal nua in ómós do chumas tacaíochta lucht leanúna na mboc mór, agus in ómós do chumas séanta na mboc mór iad féin:

Is cuma milleán nó locht, ní chuirfear boc as a riocht.

Friday, March 23, 2012

Binse Fiosrúcháin Mahon - An Toradh

Bhí mé amuigh ag siúl maidin inné, faoi shodar abhaile mar go raibh uaim tuairiscí na meán ar an Mahon Report, a eisíodh inné, a chloisteáil.

Stop carr le mo thaobh, fear óg ar m’aithne a bhí ann, leaid atá ag obair go dian, le morgáiste a choinneáil íoctha, lena chloigeann a choinneáil os cionn uisce, mar a déarfá.

‘You in a rush somewhere?’ a d’fhiafraigh sé díom.

‘I want to get home to hear what the Mahon Tribunal has come up with,’ a d’fhreagair mé féin.

Chrom sé a chloigeann, ‘Why bother…’ a dúirt sé, agus a chloigeann cromtha á chroitheadh aige, ‘…it will make no difference, no matter what they come up with.’

Friday, September 16, 2011

An Uachtaránacht

Bíodh sé ina chamghaoth nó ina ghaoth mhór, ach tá an ghaoth, agus an teas, ag éirí faoi rás na huachtaránachta, feictear dom.

Beidh David Norris, fear a tharraing aird an domhain air féin, ach a d’imigh as an iomaíocht ní ba luaithe, beidh sé ar an Late Late Show anocht, agus táthar den bharúil go mbeidh sé ag teacht ar ais san iomaíocht.

Tá cluiche lúrapóg lárapóg á imirt ag Sinn Féin, agus ní bheidh a fhios againn, go dtí ar ball, an mbeidh Michelle, Mickey, nó Martin ag dul san iomaíocht, nó, an bhfuil duine éigin eile i bhfolach acu, áit éigin. Tá an páirtí féin ar an eolas, deirtear, ach caithfimis fanacht ar sceitheadh an rúin sin uathu.

Maidir le Fianna Fáil, nílim róchinnte an bhfuil cluiche folach bíog á imirt ag Mícheál Martin agus a chomhghleacaithe, ach anois is arís, feictear duine amháin, ansin feictear duine eile, agus anois, tá Labhrás á thaispeáint féin dá cheannaire. B’fhéidir nach bhfuil Mícheál bocht rómhaith ag coinneáil greama ar dhaoine ina pháirtí, nó, b’fhéidir nach bhfuil na rialacha uilig ar eolas ag an bpáirtí fós. Cé ag a bhfuil a fhios, mura bhfuil a fhios ag Mícheál é féin é.

Sa chúlra, agus iad ag obair leo go dícheallach, shílfeá, tá Gay Mitchell (Fine Gael), Michael D. Higgins (Lucht Oibre), Mary Davis (Neamhspleách) agus Seán Gallagher (Neamhspleách). An bhfuil an rás rite ag duine acu siúd cheana, meas tú, nó an bhfuil duine éigin eile le teacht isteach sa rás, fós? Beidh le feiceáil, a chairde.

Idir an dá linn, bainigí sult as an gcluiche, a léitheoirí.

Wednesday, July 13, 2011

Miss Piggy

Agus mé amuigh ag siúl ar maidin, chuala mé Mary Mitchell O’Connor ag labhairt le Ray D’Arcy faoin eachtra seo.

Go deimhin, tá ‘Miss Piggy’ cloiste agam, mar leasainm, ar bhean nó dhó thar na blianta. Samhlaím, nuair a chloisim a leithéid, go bhfuil drochmheas á chaitheamh ar an duine, agus ar an nádúr féin, ar bhealach.

Is cuma cén creideamh atá ag duine, is dóigh liom gur thángamar uile isteach sa saol lenár ngéinte réamhshocraithe. Baineann éagasc agus cumas an duine leis na géinte sin, is dócha, ach ní dóigh liom go raibh sé riamh i gceist go mbraithfeadh éagasc ar chumas, ná go mbraithfeadh cumas ar éagasc.

Ach tá saorthoil againn, deirtear, agus is ait an mac an saol.

Thursday, June 16, 2011

Ag Faire?

Rannpháirtithe:

An Faoileán:                Sealbhóirí Bannaí?/Baincéirí?/IMF?

An Cat:                        Rialtóirí agus Rialtas na Tíre?

An Babhla:                   Ciste na hÉireann

An físeán anseo.

Tuesday, March 29, 2011

Binse Fiosrúcháin Moriarty agus Focail Fholmha

Tá a fhios agam go bhfuil daoine tinn tuirseach ag léamh na dtorthaí ó Bhinse Fiosrúcháin Moriarty agus, seans, níos tinne fós ag iarraidh ciall a bhaint as an méid atá le cloisteáil ó na gné-aisteoirí, na daoine siúd atá luaite go mion minic leis an tuairisc, tuairisc a scaoileadh saor orainn an tseachtain seo caite.

B’fhéidir go bhfuil neart inti lena raibh daoine ag súil agus, is dóigh liom, go bhfuil neart inti a tharraingeoidh caint agus cantal, bagairt agus fógairt, as seo go ceann tamaill fhada. Ní haon scéal nua é sin, go dtiocfaidh scéal nua eile, is dócha.

Rith an smaoineamh liom ar maidin go bhfuil gach focal a luaitear, nó a scríobhtar, mar a bheadh focal folamh ann, sé sin, níl ciall ná réasún leis, go hiondúil, go gcuirtear focail eile leis, go ndéantar abairt astu, nó b'fhéidir go ndéantar alt iomlán astu, mar a déarfá.

Ach, ní shin deireadh an scéil. Níl an scéal ach ina thús, go gcuirtear ábhar eile leis, sé sin tuiscint an té a chloiseann, nó a léann, na focail. Nuair a bhíonn na focail agus an tuiscint sin fuinte go maith, is ansin a fhaightear toradh: barúil.

Inniu, agus sibh ag éisteacht le Michael Lowry ag labhairt sa Dáil, a léitheoirí, bíodh bhur gcuid tuisceana réidh le fuineadh lena fhocail, mar níl dabht ach go mbeidh toradh a chuid cainte barúil.   

Thursday, March 10, 2011

Féile ina Chroí, Mise ag Guí.

Tá Mark Boylan 13 bliana d’aois, agus chuir sé féile i mo chroí féin, ar maidin, am a chuala mé é ag labhairt ar The John Murray Show.

Scríobh sé a amhrán ‘The Festival’ ina sheomra leapa cúpla seachtain ó shin. Is amhrán é a d’eascair as an ngrá atá aige do chapaill, ach ní hé sin amháin a tharraing m’aird ina threo ar maidin, ach focail dhóchasacha an leaid é féin, agus é ag labhairt faoin ngrá sin.

Mo ghuí ar maidin? Go raibh todhchaí na tíre i lámha a leithéidí Mark, agus go raibh a spiorad dóchasach beo folláin in aireacha nua na tíre seo. Éistigí le focail an amhráin, agus tuigfidh sibh mo ghuí, a léitheoirí.

Más mian libh cuidiú leis an gcarthanacht 'the Injured Jockeys fund', mar ba mhian le Mark, is féidir é sin a dhéanamh anseo. Is féidir an t-amhrán a íoslódáil anseo.

Thursday, March 3, 2011

Íoschéimniú?

Caithfidh mé a admháil gur tháinig osna nach beag uaim nuair a chuala mé faoin eachtra seo.

Bean a bhí ag tiomáint, an dtuigeann sibh, bean ar ball d'Fhine Gael í, an créatúr.
Mary eile sa Dáil againn, gan í cinnte cá raibh sí ag dul, is dócha. Rud a thuigfeá.

Tá trua agam don bhean bhocht ach, leis an fhírinne a rá, bhí mé i lagracha gáirí tar éis an físeán a fheiceáil, ní mar gheall ar an eachtra a taispeánadh, ach chonaic mé an trácht deisbhéalach a fágadh faoin bhfíseán:

'is this the 'five step plan' being put into action!'

Cá mbeadh muid gan fuirseoirí na tíre, a léitheoirí!

Monday, February 28, 2011

Mise agus Enda

Mar mhochóirí, is iondúil gur mé is túisce a bhíonn i mo shuí.  Ní bhíonn duine ná deoraí le feiceáil ná le cloisteáil, gan romham ach ciúnas agus solas na maidine, an bheirt acu ag fanacht le saoirse uaim.

Ar ndóigh, ní féidir liom an tsaoirse sin a thabhairt dóibh nuair a bhíonn cuairteoirí sa teach, ach go háirithe. Déanann dallóga an iomarca torainn, an dtuigeann sibh, mar sin fágtar dúnta iad, rud a fhágann an solas bocht taobh amuigh, ar feadh scaithimh.

Fágaim mo bhróga díomhaoin, ó tharla iad callánach nuair a bhíonn siad féin agus mo chosa i dteannta a chéile, ar urláir chláir.  Siúlaim thart, mar a bheadh gadaí ann, ag oscailt doirse go réidh, clampar á sheachaint agam, ar fhaitíos go gcuirfinn isteach nó amach ar an lucht luí.

Ar maidin, tar éis fhuilibiliú na seachtaine, tá Enda ag oscailt doirse go réidh, shílfeá. Bainigí sult as an gciúnas, a léitheoirí. Is gearr uainn an gleo.

Thursday, February 17, 2011

Cé hiad na Control Freaks?

ControlFreak le cloisteáil anseo, lena, ahem, leagan féin den amhrán Another Brick in Wall, amhrán le Pink Floyd, tráth den saol.  1979, creid é nó ná creid.

Fainic uaim faoi leagan ControlFreak - tá focail mhóra ann, an B athraithe go P, and an focal Wall athraithe go Dáil.

Bhuel, an gá a thuilleadh a rá...

Wednesday, February 16, 2011

Focail Liom, Focail Leat

An cuimhin libh go raibh Póló, Aonghus, agus Dennis ag scríobh faoi Wordle?

Bhuel, ní raibh  mé féin cinnte cén úsáid a bhainfeadh duine as a leithéid d’áis, ach chuala mé an Dr. Zbyszek Zalinski ag labhairt, ar an John Murray Show ar maidin, faoi na torthaí a fuair sé óna thaighde ar fhorograí toghchánaíochta na bpáirtithe polaitiúla; é mar aidhm aige fáil amach céard iad na focail ar leith ar a dhírigh na páirtithe eágsúla ina bhforograí, an dtuigeann sibh.

Más buan mo thuiscint, rinne sé ‘text mining’, nó ‘quantitative content analysis’ ar na forograí, le go mbeadh ‘at a glance view’ le feiceáil sna Word Clouds (Nath Néalta?) a fuair sé óna thaighde.

Mar a dúirt sé féin, níl ann ach giota spraoí, ó tharla éagsúlacht i lion na bhfocal sna forógraí: Fine Gael (39, 158), Páirtí an Lucht Oibre (34,573), Sinn Féin (14,682), Fianna Fáil (13,867) agus an Comhaontas Glas (12,486), mar shampla.

Baineadh úsáid rialta as na focail tax (291), health (215), economy (182), budget (61), agus crime (52). An méid sin ráite, ní raibh an focal crime in úsáid, ar chor ar bith, i bhforógra Fhianna Fáil.

Bhí na ‘two word phrases’ comhartha, freisin, le public service (73), local authorities (68), social welfare (46), economic recovery (34), agus bond holders (15).

Maidir leis na ‘buzz words’, tá new (421), plan (155), change (115), future (104), gan ach 13 promise san iomlán uathu, agus gan ach dhá pledge le fáil uathu.

Na focail is coitianta sna forógraí éagsúla?

Fine Gael (Fine Gael)
Páirtí an Lucht Oibre (Labour)
Comhaontas Glas (Green Party)
Sinn Féin (Sinn Féin)
ach
Fianna Fáil (Ireland)

Suimiúil...