Ní mar a chéile aon duine againn.
Nuair a léim cuid de na tráchtanna a fheicim ar na meáin shóisialta, ar nós Facebook agus Twitter, mar shampla, cuireann sé iontas orm go bhfuil daoine ann a leagann méar ar mhéarchlár le trácht nó tuairim éigin a roinnt, go poiblí, amhail is nach dtuigeann siad, nó amhail is gur cuma leo, gur trácht poiblí atá ann.
Léitear an trácht go forleathan, agus téann sé i bhfeidhm ar dhaoine, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Sin é an saol sna meáin shóisialta sin. Caithfear a bheith cúramach, cheapfainn.
Tá chuile sheans ann nach gceapann na tráchtairí céanna go bhfuil drochmhúineadh ná drochmheas ag baint lena dtrácht, mar baineann a dtuairimí lena ndúchas féin, agus ní miste leo iad a roinnt, go fial fairsing, agus go poiblí, bíodh siad ceart nó mícheart. Ar an taobh eile den scéal, b'fhéidir gur 'meas' agus 'múineadh' atá i gceist ag an scríbhneoir lena thrácht, i ngan fhios don léitheoir.
An fhadhb atá ann, ar an drochuair, ná gur féidir le trácht fánach míchúramach dochar a dhéanamh don duine atá goilliúnach, nó ag streachailt leis an saol, abair. Tá a ndúchas, agus a dtuairimí, féin ag na daoine goilliúnacha sin, dar ndóigh. Mar a scríobh mé, ag tús na blagmhíre, ní mar a chéile aon duine againn.
Bíonn gach dearóil íogair, is dócha, nuair a bhriseann an dúchas trí shúile an tráchtaire. Cibé scéal é, bhí smaointe eile ag rith liom, inné, ó tharla mo mhacnamh á dhéanamh agam ar na meáin shóisialta sin.
Ó thosaigh an coróinvíreas ar a thuras domhanda, tá na mílte is na mílte duine maraithe aige, agus tá an víreas lofa marfach sin fós ag taisteal ar fud an domhain, ag scriosadh roimhe; bailte, tíortha agus cine faoina scáil, faraor.
Caithfidh muid a bheith cúramach, agus caithfear cloí leis na srianta a mholtar, sé sin, srian a chur le haon teagmháil shóisialta a chuirfeadh do bheatha, nó beatha aon duine eile, i mbaol.
Sin tús agus deireadh an scéil.
Showing posts with label béasa. Show all posts
Showing posts with label béasa. Show all posts
Monday, April 13, 2020
Saturday, September 7, 2013
Cearc Go Leor!
Má bhíonn cearc leat ag breith, caithfidh tú cur suas lena glagarnaigh.
Tháinig mé ar an seanfhocal thuas ón leabhar Seanfhocla Chonnacht, agus thóg mé an pictiúr thuas i dTír An Fhia, níl sé i bhfad ó shin, am a raibh mé ar thóir Áilleacht na Gaeltachta. Mo chuimhne, tá agaibh go dtí 5 i.n. Dé Máirt seo chugainn le bhur vótaí a chaitheamh anseo, a léitheoirí, más mian libh bhur dtuairim faoi áilleacht na Gaeltachta a roinnt, trí 'Like' a bhrú ar an ngrianghraf is fearr libh.
Ar aon nós, tá neart seanfhocal sa leabhar céanna ina bhfuil cearca luaite iontu, ach tháinig an ceann ar leith sin thuas faoin gceannteideal Brabach, mar a thuigfeá .i. an craiceann agus a luach, mar a déarfá, ó tharla gur fiú an tairbhe an trioblóid, is dócha.
Cibé scéal é, thug mé faoi deara, agus mé ag útamáil liom tríd an leabhar thuasluaite, go bhfuil giota scríofa ann faoi chiall an tseanfhocail 'Cearca samhraidh agus crábáin fómhair, níl aon mhaith leo.' Deirtear ann, faoin éanlaith a thagann amach mall sa bhliain, nach bhfásann an éanlaith sin mar is ceart, agus go mbíonn siad 'giortach.'
Maidir le 'crábán', sin coileach le drochghlaoch aige, nó gan glaoch ar bith aige - focal é crábán nach ionann é agus an focal crabadán, ón leabhar Cén Sórt É, focal a chiallaíonn cantalach. Cúpla sampla eile uaim, ón leabhar sin, anseo, a léitheoirí.
Dar leis an seanscéal atá scríofa ar leathanach 92 den leabhar Seanfhocla Chonnacht, tá pisreoga ag baint le coiligh agus cearca an Mhárta. Is ionann é coileach Mártain agus coileach a rugadh i Mí Márta (mar aon lena athair agus a mháthair roimhe); tá an bua aige go bhfuil sé 'in ann duine a shábháil ó spiorad.'
Má bheirtear coileach, a athair agus a sheanathair i Mí an Mhárta, dar leis an bpisreog, 'nuair a ghlaonn sé, tá dainséar na hoíche thart agus níl diabhal ná sióga in ann baint le daoine.'
Is cosúil nach bhfuil sé ceart 'coileach a thiocfadh amach faoi Fhéile Mhártain a ithe' agus go bhfuil 'coileach firinnach Márta in ann namhaid a aithint fad garraí ón teach.'
Más rud go bhfuil sibh ag iarraidh tuilleadh den seanchas béil maidir le Oíche Fhéile Mártain, agus féilte eile, a léamh, a léitheoirí, tá siad le fáil faoin gceannteideal Féilte sa leabhar Seanfhocla Chonnacht, nó b'fhéidir go mbeadh eolas ar an bhféile le fáil áit éigin ar an suíomh seo.
Wednesday, July 13, 2011
Miss Piggy
Agus mé amuigh ag siúl ar maidin, chuala mé Mary Mitchell O’Connor ag labhairt le Ray D’Arcy faoin eachtra seo.
Go deimhin, tá ‘Miss Piggy’ cloiste agam, mar leasainm, ar bhean nó dhó thar na blianta. Samhlaím, nuair a chloisim a leithéid, go bhfuil drochmheas á chaitheamh ar an duine, agus ar an nádúr féin, ar bhealach.
Is cuma cén creideamh atá ag duine, is dóigh liom gur thángamar uile isteach sa saol lenár ngéinte réamhshocraithe. Baineann éagasc agus cumas an duine leis na géinte sin, is dócha, ach ní dóigh liom go raibh sé riamh i gceist go mbraithfeadh éagasc ar chumas, ná go mbraithfeadh cumas ar éagasc.
Ach tá saorthoil againn, deirtear, agus is ait an mac an saol.
Labels:
béasa,
meáin,
meon,
nádúr,
polaiteoir,
polaitíocht,
saorthoil,
Scoil na Dála
Subscribe to:
Posts (Atom)
