Ní dóigh liom gur tugadh deis don Dr. Conan T. Barbarian tús a chur lena chuid oibre in Ollscoil Bhaile Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide, mar díbríodh an fear bocht ag tús na seachtaine, sula raibh deis aige fiú ‘tyrant slaying’ amháin a dhéanamh.
Mar sin féin, tá daoine ann a d’aontódh le Conan, fear nár thaitin an ‘remaking 1980s films’ leis beag ná mór, agus a chreid go raibh siad ‘perfectly good enough in the first place.’
Cibé scéal é, tá a chuid sonraí uilig bainte den suíomh cheana féin agus, dar le hurlabhraí ón gcoláiste, tá na geáitsí uilig ‘being taken seriously.’ Agus, thuigfeá é sin, freisin, is dóigh liom.