Showing posts with label cuimhní cinn. Show all posts
Showing posts with label cuimhní cinn. Show all posts

Friday, April 10, 2026

Taifeadadh

Trí bliana ó shin, scríobh mé ar an mblag seo faoi Litreacha, agus a dtábhacht i mo shaol fhéin. Faraor, ní scríobhtar mórán litreacha níos mó. Sin an saol ag bogadh ar aghaidh, méara ar mhéarchlár seachas peann ar phár den chuid is mó. 


Blianta ó shin, timpeall tríocha bliain ó shin, thug m'uncail, a bhí sa mbaile as Meiriceá ag an am, trí cinn do na téipeanna sin thuas dom. Dar leis, bhainfinn tairbhe as na taifeadtaí a rinneadh liomsa agus le mo shiblíní (sula raibh éinne againn fiú inár ndéaga) dá n-éireodh liom bealach a fháil an t-ábhar orthu a bhogadh ón seantéip chuig córas a d'fheilfeadh don am i láthair. 

Cúpla bliain ó shin, nuair a fuair an fear a thug dom iad, m'uncail álainn, bás, tháinig mé ar na seantéipeanna i mbosca san áiléar. Ina dhiaidh sin, choinnigh mé iad i dtarraiceán, thíos staighre, agus is ann a d'fhan siad go dtí roinnt míonna ó shin nuair a thug mé iad d'fhear áitiúil a raibh fios a gnóthaí aige, agus a sheol na seantéipeanna ar aghaidh chuig Happy Ireland Productions, dream a d'aistrigh an t-ábhar chuig méaróg USB dom. 

Inné, chaith mé an lá iomlán ag éisteacht le mo shiblíní, liom fhéin agus le m'athair ar thaifeadadh a rinneadh ag tús na seachtóidí, muid uilig ag labhairt isteach i dtaifeadán ag insint scéalta do m'uncail agus ag casadh amhrán dó. Seoladh na taifeadtaí chuige, anonn go Meiriceá. Shábháil sé iad agus, mar a scríobh mé thuas, thug sé ar ais dom iad roinnt blianta théis bhás m'athar, a dheartháir. 

Beidh m'athair ceathracha bliain curtha i gcré na cille i mbliana. Ar maidin, d'íoslódáil mé an taifeadadh ón méaróg USB chuig m'fhón cliste, chuir mé orm mo chluasáin, cheangal mé na cluasáin le m'fhón trí Bluetooth, agus chaith mé uair an chloig ag gabháil fhoinn le mo Dhaide, arís. 

Tuesday, January 13, 2026

Cé thú fhéin, anyways?

Ceann de na heachtraí a tháinig chun cuimhne agus cneasú na corróige faoi lán seoil, le déanaí, ná an scéal a chuala mé agus mé i gcomhluadar seisear nó seachtar eile, blianta fada ó shin. Bhíomar ag labhairt faoi eachtraí a tharla dúinn nuair a bhíomar inár ndéaga, más buan mo chuimhne; rudaí a rinneamar a bhain gáirí asainn, ag an am. 

D'inis duine den chomhluadar faoin am a rug sé fhéin agus cairde leis greim ar phréachán, cheangal téad lena chois, chaith peitreal ar an téad, las an téad, agus scaoil leis an bpréachán bocht, a thosaigh ag eitilt leis, trí thine agus ag grágaíl; teann faitís nó péine, is dócha. 

Bhain uafáis an scéil sin siar asam, ach an rud ba mhó a chuir isteach orm ná an gáirí bríomhar a bhain insint na heachtra as an gcomhluadar ina raibh mé i mo shuí. Cheap formhór acu go raibh sé iontach greannmhar, ba chosúil. Níor cheap mise go raibh, agus dúirt mé amhlaidh. Ní aon ionadh, arsa duine acu, le cantal, 'nach feoilséantóir thusa?' Bhí duine eile sa chomhluadar nach raibh ag gáirí, ach nach ndúirt a dhath. 

Tá sé tugtha faoi deara agam, thar na blianta-sách-fada atá caite agam ar an saol seo, nach mar a chéile a bhreathnaíonn daoine ar eachtraí an tsaoil. Tá daoine ann (a) a sheasfaidh a bhfód go glórach (ní chuireann siad fiacail ann, bíodh sí ceart nó mícheart), (b) daoine eile a théann ar chúl scéithe lena mbarúil ('ní bhaineann sé liom," ''ná habair tada, nó tú fhéin a bheas thíos leis,') (c) daoine eile a mbíonn níos mó trua acu don chiontóir ná don íospartach ('an créatúr, tá a fhadhbanna fhéin aige,' 'níor thuig sé céard a bhí á dhéanamh aige,' 'ní raibh ann ach píosa spraoi,'), nó (d) na daoine a chreideann, beag beann ar thorthaí, i 'saoirse cainte' agus 'saor thoil' an duine. 

Más rud go bhfuil tú ag léamh, nó ag cloisteáil faoin méid atá ag tarlú ar fud an domhain, faoi láthair - ionradh na hÚcráine, bagairtí na dtíortha láidre móra ar thíortha eile, úsáid intleacht shaorga le mí-úsáid a bhaint as mná agus páistí ar líne, na heachtraí i Veiniséala, tuairimí a bhaineann le hinimiricigh, thall is abhus - bhfuil tú ag gáirí, bhfuil tú glórach, bhfuil tú tostach - nó cé thú fhéin, anyways?

Thursday, January 8, 2026

Smaointe Ag Rith

Ó tharla go bhfuair mé corróg nua roinnt seachtainí ó shin, ní raibh mórán eile ar bun agam, idir sin agus anois, ach cleachtadh coisíochta, agus cneasú. Tá an phian imithe, agus tá mo chuid fuinnimh ar an mbealach ar ais, diaidh ar ndiaidh. Is gearr uaim mo sheanléim, shamhlóinn.  

Ar aon nós, a fhad is a bhí mé ag cneasú liom, i mo luí nó i mo shuí, gan tada eile a d'fhéadfainn a dhéanamh ceal fuinnimh, bhí am ag mo chuid smaointe bheith ag rútáil trí mo chuid cuimhní cinn. Is iomaí cuimhne a tháinig chun cinn; cuid acu brónach, cuid acu dearfach, cuid acu áthasach, cuid acu diúltach, agus ceann nó dhó a tháinig chun cinn a raibh dearmad glan déanta agam ar an eachtra lenar bhain siad! Ach, is scéalta iad sin do bhlagmhír eile, amach anseo. B'fhéidir. 

Blianta ó shin, roinnt blianta sula bhfuair mo dheirfiúr Ciara bás, bhíodh sí ag obair in ionad altranais, áit a mbíodh sí ag tabhairt aire d'othair a bhí gafa ag néaltrú; an galar Alzheimer ach go háirithe, más buan mo chuimhne. Cé nach raibh sí ag obair san ionad altranais le cúpla bliain roimhe, fuair sí cead ón lucht bainistíochta, is dócha, dul ar cuairt ann, dá mba mhian léi. Duine lách a bhí inti agus ní dhearna sí dearmad orthu, fiú agus post nua faighte aici. 

Bhí mé thall ar cuairt, uair amháin, agus d'iarr sí orm ar mhaith liom a dhul in éineacht léi chuig an ionad altranais. Ní raibh sí ar ais san ionad le tamall, agus bhí sí ag iarraidh mé a chur in aithne do na haltraí, agus hello a rá le chuile dhuine ann, ag an am céanna. Nuair a shroich muid an áit, chuir sí mé in aithne do na hoibrithe ann, ar dtús, agus ansin shiúlamar isteach sa 'seomra suite' le go mbeadh sí in ann mé a chur in aithne do na clients, mar a thugtar orthu thall. 

Duine ar dhuine, le gliondar ina gcuid súl, d'éirigh na clients uilig le barróg a thabhairt do Chiara. Thug mé faoi deara go raibh ainm chuile dhuine acu fós ar eolas aici, cé nach féidir liom a bheith cinnte go raibh cuimhne acusan uilig ar ainm mo dheirféar. Sin néaltrú. Sciobann sé cuimhní. Bhí go leor 'I miss you so much' le cloisteáil uathu, mar sin fhéin.  

Bhí bean amháin, bean bheag le meangadh áthais ar a béal, ina seasamh go foighneach, ag fanacht lena deis barróg a thabhairt do Chiara. Nuair a fuair sí a deis bharróige, rug sí greim ar lámha Chiara, bhreathnaigh uirthi le lúcháir, agus dúirt,

'I can't remember who you are, but I know I love you.'

An lorg nach maireann beo beathach sa chuimhne, maireann sé sa chroí. D'fhág Ciara lorg. Chuir mo chuid smaointe é sin i gcuimhne dom. Bhí a fhios ag mo chroí é, cheana féin. 

Friday, June 16, 2023

Pictiúir

Nuair a bhí mise i mo chailín óg, thug mé faoi deara na pictiúir a bhí crochta sna tithe thart orm. Bhíodh formhór na bpictiúr crochta ar an mballa, na cinn chráifeacha ach go háirithe. Bhíodh íomhá den Chroí Rónaofa crochta sa chistin i mbeagnach chuile theach (le solas dearg na croise lasta faoi), chomh maith le pictiúr de John F. Kennedy agus pictiúr den Phápa.

D’fhéadfadh íomhá den Mhaighdean Mhuire, de Phadre Pio nó naomh éigin eile a bheith le feiceáil chomh maith céanna, agus mura raibh dealbh den Child of Prague feiceálach sa teach, bhíodh a phictiúr crochta áit éigin. I mbeagnach chuile íomhá chráifeach, bhí lámh nó dhó na híomhá cráifí ardaithe i mbeannacht agus shamhlóinn gur orm fhéin amháin a bhíodh na súile dírithe, iad do mo leanacht timpeall ba chuma cá dtéann sa seomra.

Bhíodh pictiúir de dhaoine gaolta le muintir an tí leagtha ar dhrisiúr nó ar leac na fuinneoige, agus d’aithneoinn na cinn a tógadh i Meiriceá mar bhídís sin tógtha go gairmiúil; áit ar leith acu ar an mballa sa seomra suite, de ghnáth. 

Ba léir go raibh an creideamh Críostaí lárnach i saol na ndaoine agus go raibh siad bródúil as an gceangal a bhí acu le Meiriceá, ní amháin mar go raibh uachtarán Caitliceach de bhunadh Éireannach ag an tír ach bhí ardmheas ag daoine ar Mheiriceá; is ann a chuaigh formhór sinsir ár gcine le blianta fada agus is ann atá go leor acu fós. 

Bhí stair na hÉireann feiceálach, freisin. Is minic a d’fheicfinn íomhánna a bhain le 1916, idir fhir agus fhorógra, crochta sna tithe agus sna scoileanna. Bhíodh daoine an-tugtha dá n-oidhreacht agus dá gcreideamh.

Sa lá atá inniu ann, ní hiad na híomhánna cráifeacha ná polaitiúla a fhaigheann tús áite sna tithe, feictear dom. Cé go bhfuil pictiúir crochta ar na ballaí, agus leagtha anseo agus ansiúd ar fud an tí, is minic gur íomhánna de mhuintir an teaghlaigh is mó a fheicim; nó bíonn saothar ealaíne crochta ar na ballaí, cinn a réitíonn le híomhá nó le haitmaisféar an tseomra ina bhfuil siad crochta, go hiondúil.

An tseachtain seo caite, sheol cara liom pictiúr chugam, ceann nach raibh feicthe agam cheana. Mise agus m’athair atá le feiceáil sa phictiúr, pictiúr a tógadh ar an lá a bhfuair mé fhéin agus fear an tí seo geallta.  San íomhá, tá gloine fholamh seaimpéin i lámh amháin agam, an lámh eile timpeall ar ghualainn m’athar, fear a bhí ar a sheacht míle dhícheall ag iarraidh buidéal seaimpéin a oscailt; mise ag breathnú go gealgháireach i dtreo an cheamara, mo Dheaide ag breathnú go gealgháireach i mo threosa. Ba léir ár sonas.

Ní raibh a fhios againn an t-am sin nárbh fhada sheal m’athar linn ach nuair a fuair mé an pictiúr sin an tseachtain seo, chuaigh mé siar ar bhóithrín na smaointe agus chuimhnigh mé ar an ngrá a bhí timpeall orm an t-am sin. Insíonn chuile phictiúr scéal. Tarraingíonn scéal scéal eile.

************************

Foilsíodh leagan den alt seo sa Donegal News le déanaí, san fhorlíonadh Súil Thart. Seán Mór Ó Daimhín, Oifigeach Forbartha Gaeilge le Comhairle Contae Dhún na nGall eagarthóir an fhorlíonaidh. 

 

Saturday, November 14, 2020

Leathanach de Mo Shaol


Roinnt míonna ó shin, i Mí na Bealtaine, d'fhógair an Ray D'Arcy Show go raibh comórtas scríbhneoireachta á reáchtáil acu. D'iarr siad ag an lucht éisteachta cuimhní cinn a roinnt leis an gclár, i bhfoirm scéilín scríofa. 500 focal an t-uasmhéid a bhí ceadaithe. 

Fuair siad os cionn 2500 scéal. Fuair siad ceann uaimse. Bhí sé ar an ngearrliosta de scéalta a seoladh chuig na moltóirí Emer McLysaght, Donal Ryan, Emilie Pine, agus Eoin Colfer.

Cé nár bhain mé aon duais ar leith, nach mé a bhí sásta nuair a chuala mé go raibh mo scéalsa, agus 149 scéal eile ón gcomórtas, roghnaithe do leabhar nua, A Page from My Life, leabhar a bhí le seoladh le hairgead a bhailiú don charthanas LauraLynn. 

Is scéalta pearsanta iad, cuid acu a chuirfeadh duine ag gáire, cuid acu a chuirfeadh duine ag caoineadh, cuid acu a bhainfeadh geit as duine; scéalta suimiúla iad uilig, oscailt súl a bhí iontu uilig. 

Is féidir an leabhar a fháil ar líne anseo, más mian leat, nó is féidir leat é a ordú ó do shiopa leabhar áitiúil. Téann brabús an fhoilsitheora, Harper Collins Ireland, €3 ar a laghad, chuig an gcarthanas, LauraLynn. 

Tá an leabhar ag déanamh go maith, cheana féin, agus tá deis agaibh, más mian libh, vóta a chaitheamh don leabhar anseo, mar tá sé ar an ngearrliosta Best Irish-Published Book of the Year ag na An Post Irish Book Awards i mbliana - spriocdháta don vótáil 16 Samhain, mar sin tá dhá lá eile agaibh le vóta a chaitheamh. 

Is leabhar é a mholfainn mar bhronntanas Nollag, '...a timely reminder of the experiences and values that unite us, even as circumstances contrived to keep us apart.' 

Friday, March 8, 2019

Lá Idirnáisiúnta na mBan 2019


Mná Ar Buile

Ag smaoineamh dhom ar chuimhní cinn,
Ar bhóthar ‘tá siúlta a’m seasca bliain,
Cé chasfaí dhom ach mná mo linne,
Mná na hÉireann ‘s iad ar buile.

Curfá  

Allilliú, puilliliú, aillilliú bhí mná ar buile
Aillilliú, puilliliú, aillilliú bhí mná ar buile.

Sa mBunreacht nua, bhí mná i sáinn,
Fir a chum na focla ann,
Áit na mban sa mbaile suite,
Socrú déanta, cearta sciobtha.

Curfá   Allilliú…

Bhí greim docht daingean ar gach broinn,
Ní ag na mná an greim docht sin,
Ach cléir is rialtas gan aon bhean,
An chos ar bholg ag dlíthe fear.

Curfá   Allilliú…

Ar phósadh dhí a thosaigh ‘n tost,
Chaill bean sloinne, cearta is post,
Le fear a colainn, maoin is spré,
Fiú dlí á chosaint ar ionsaí gnéasach.

Curfá   Allilliú…

Bhí Maighdiléanaí is iad á gcrá,
Obair chrua, gan meas ná páigh.
A bpáistí tógtha…cá raibh an grá?
Luach ar bheatha, nó fuair siad bás.

Curfá   Allilliú…

An leispiach, bhí sí faoin sceon,
Faoi bhagairt Dhia, Diabhal is meon,
Ach, ‘s fearr le Nádúr bród ná brón,
Níor laga Dia ná Diabhal ár Leo!

Curfá   Allilliú…
                                                                                                           
Savita álainn, chaill sí neart,
An bás a fuair sí, an raibh sé ceart?
Pian is faitíos, cabhair de dhíth,
Beag beann ar impí, cailleadh í.

Curfá   Allilliú…

Bhí reifreann ann a tharraing raic,
Maslaí caite…briathra is beart!
Iad siúd a cheap nár thuig mná faic,
Fuair siad cic sa tóin, is d’fhoghlaim ceacht.

Curfá   Allilliú…

Ó Vicky is Emma, tháinig scéalta
Faoi bhréaga inste, ‘s freagracht séanta,
Ach, sheas siad fód, chuir cos i dtaca,
Is d’fhiosraigh fáth, is feall, is peaca.

Curfá   Allilliú…

Tá obair a’inn le déanamh fós
Nós nua le cur in áit seanóis,
Go n-athróidh dearcadh, iompar is meon,
Beidh Mná na hÉireann ag déanamh gleo.                                                                       

Curfá  

Allilliú, puilliliú, aillilliú bhí mná ar buile
Aillilliú, puilliliú, aillilliú tá mná ar buile!


*******

Sin thuas amhrán a scríobh mé d'Oireachtas na Samhna, anuraidh. Nuair a scríobh mé an t-amhrán, bhí 'Emma' fós linn. Cailleadh í. Suaimhneas síoraí dá hanam uasal. Tá sí i mo smaointe, inniu ach go háirithe, ar Lá Idirnáisiúnta na mBan. 

Bíodh an-oíche agaibh, anocht, agus go n-éirí go geal libh uilig, a mhná! Aiféala orm nach mbeidh mé ansin, ach beidh mé anseo, amárach. 

Monday, May 15, 2017

Smaointe ag Rith

Tharla sé go raibh sé fhéin agus mé fhéin ag ól caife, ar chúl an tí (sular fhág an ghrian muid) inné, agus cé nach cuimhin liom cén fáth ná cén chaoi ar tharla sé, tháinig ainm Emma Peel isteach sa chomhrá. 

Anois, tá a fhios agam go maith go bhfuil daoine á léamh seo agus ní bheidh leid dá laghad acu cé hí Emma Peel, agus tá chuile sheans ann nár chuala siad iomrá ar The Avengers ach an oiread (an clár ina mbíodh an t-aisteoir, Diana Rigg, ag aisteoireacht mar Emma Peel) ach ba chlár é a thaitin go mór liom fhéin, nuair a bhí mé i mo chailín óg. 

Bhí mé, ahem, ag iarraidh bheith cosúil le Emma Peel, an dtuigeann sibh, a léitheoirí. Shamhlóinn mé fhéin, i m'éadaí dubha teanna, ag sábháil an domhain, agus is iomaí karate cic a tarraingíodh, i dtreo mo shiblíní, thar na blianta, agus mé, ahem, i mbun na hoibre sin. Tá chuile sheans ann go bhfuair mé cic nó dhó ar ais, ach ní cuimhin liom na, ahem, rudaí beaga suaracha sin. 

Ach, is cuimhin liom, go maith, an díomá a bhí orm nuair nár éirigh le Daidí na Nollag an chulaith dhubh theann sin a fhágáil faoin gcrann Nollag dom. Bhí sí ar bharr mo liosta a'm! Ar ndóigh, tá a fhios agam nach ar Dhaidí na Nollag a bhí an locht, mar nár fhéad sé theacht ar chulaith a d'fheilfeadh. Mar sin fhéin, ag an am ar leith sin, bhí an cailín beag ramhar seo an-bhuartha ar fad. Níor thuig sí, an créatúirín, go raibh an saol agus a cuid samhlaíochta in adharca a chéile. Tuigim anois é. 

Sa lá atá inniu, feicim an brú atá ar chailíní agus ar bhuachaillí. Tá siad báite agus sáite sna meáin, áiteanna ar féidir an fhírinne a cheilt; go mion minic, i ngan fhios don té atá soineanta, nó neamheolach ar fhíricí an tsaoil. 

Bhí an t-ádh liomsa, ar go leor bealaí. Bhí daoine muinteartha liom, agus cairde agam, a choinnigh súil ar mo chuid samhlaíochta, agus a chothaigh mo chuid muiníne, ar feadh mo shaoil. Is faoina dtioncharsan atá mé fós ag maireachtáil. 

An méid sin ráite, ní hionann an dá ré, ansin agus anois. Ach, is ionann mianta an duine óig, mar go bhfuil a gcuid samhlaíochta fós aibí, agus éasca a mhúnlú. 

Tá súil agam go mbeidh muintir agus cairde daoine óga samhlaíocha na linne seo in ann iad a thabhairt slán ón múnlú dodhéanta neamhchríonna. 

Monday, November 28, 2016

I gCuimhne

Níl a fhios agam cén uair a thosaigh mé ar an nós ach, le blianta fada anois, tá sé de nós agam, roimh an Nollaig, dul trí na cártaí Nollag ón mbliain roimhe, agus más rud go bhfuair mé cárta ó aon duine a fuair bás idir an dá linn, coinním an cárta sin.

Chuile Nollaig, cuirim na cártaí uilig atá bailithe agam ar an matal sa seomra suite, i gcuimhne ar na daoine sin. Ar an gcaoi sin, airím liom iad nó, ar a laghad, tagann siad chun cuimhne, nuair a léim na beannachtaí a sheol siad chugam.

Faraor, tá líon na gcártaí sin ag méadú, bliain i ndiaidh bliana.

Nós eile atá agam, ná na cártaí Nollag uilig ón mbliain seo caite a choinneáil san áiléir, i mbosca na gcártaí. Is bosca é ina mbíonn na cártaí thuasluaite, agus cártaí Nollag nua glan, cártaí nár úsáideadh riamh, chomh maith le liosta ainmneacha agus seoltaí na ndaoine a fhaigheann cártaí go rialta uaim, um Nollaig.

Aréir, bhí mé ag cartadh sa mbosca sin, agus tháinig mé ar sheanliosta, liosta a scríobhadh blianta fada ó shin; os cionn deich mbliana ó shin, ceapaim. Baineadh siar asam nuair a chonaic mé ainmneacha ar leith ar an liosta sin; ainmneacha daoine nach bhfuil linn a thuilleadh, faraor, daoine atá imithe ar shlí na fírinne, ó cuireadh an liosta sin le chéile.

Ar bhealach, bím uaigneach nuair a léim a leithéidí. Ar bhealach eile, tá a fhios agam go mbeidh deis agam a mbeannachtaí a léamh arís, i gcuimhne orthu, mar a déarfá. Nuair a bheas an seomra suite maisithe don Nollaig an mhí seo chugainn, beidh na cártaí agus a mbeannachtaí ar an matal.

Más féidir barróg a fháil ó bheannacht, rud a mhothaím, beidh barróga go leor á roinnt.

Friday, September 23, 2016

Máire Ní Thuathail

Bean uasal a bhí i Máire Ní Thuathail, bean a thaitin go mór liom. Bhí a fhios agam go raibh sí tinn ach, mar sin féin, baineadh siar asam nuair a d'imigh sí uainn, an tseachtain seo. 

Murach í, ní bheinn ag blagáil. Thug sí comhairle agus treoir domsa, nuair a theastaigh a leithéidí uaim. Bhí sí cineálta, cairdiúil agus cuidiúil, agus bhí a croí istigh ina teanga dhúchais. 

Seo mo dhán, Síol, dán a scríobh mé in omós do Mháire, bean a chaith a saol in earnáil na Gaeilge (mar is eol dár nUachtarán féin, Micheál D. Ó hUiginn), agus bean a chaith go leor ama ina garraí i Seanadh Gharráin ar an Spidéal, garraí as ar tháinig na glasraí agus torthaí is deise riamh. 

Síol

Chuir tú síol
i ngarraí an tsaoil.

Scaip tú
dóchas sa dorchadas
gile sa gceo.

Thug tú
beatha don teanga
saoirse don dúchas.

Chothaigh tú
muinín agus misneach
meas agus muintearas.

Bhain tú
Fómhar fairsing
toradh do chuid oibre.

Las tú lóchrann an bhealaigh do chách 
le do loinnir a mhairfeas go brách.

Ceiliúradh ar shaol Mháire, amárach, 24ú, sa Connemara Coast Hotel ar Na Forbacha, ag 4:00 i.n. 

Suaimhneas síoraí dá hanam álainn. Aireoidh mé uaim í. 

Sunday, January 31, 2016

Nós nó Nóisean

I láthair na huaire, táim ag glanadh tí, ó bhun go barr, nós a thosaigh mé, théis na Nollag, roinnt blianta ó shin, nuair a bhogamar go Ceann Scríbe. Ní hé (ar fhaitíos aon, ahem, mhíthuiscint, a léitheoirí) nach nglanaim an teach go rialta, ach seo sciúradh ar leith...ceann a thugaim don teach, i Mí Eanáir, chuile bhliain.

B'fhéidir nach bhfuil ann ach nóisean agam, ceann a bhuail mé ag an am sin ó tharla teach nua tógtha againn, ach, mar sin féin, tá sé de nós agam tabhairt faoin sciúradh an mhí seo, chuile bliain...seachas mar a dhéanann daoine eile, mar a déarfá; iad siúd a thugann, go bliantúil, faoi ghlanadh an earraigh...glanadh an gheimhridh atá ar bun agamsa, is dócha.

Pé scéal é, is mór an mhaith go bhfuil áiléar breá mór anseo i gCeann Scríbe, mar is ann, faraor, a chuirtear an stuif uilig as nach mbainim, nó as nár bhain mé, úsáid rialta an bhliain seo caite...ach amháin an truflais agus na giuirléidí -  ag brath ar an chuma a bhí orthu, tá siad sin san araid rothaí anois, nó ag siopa carthanais áitiúil.   

Na laethanta seo, táim ag glanadh oifig an tí - tugaim oifig ar an áit ina bhfuil sé de nós agam bheith ag scríobh agus ag léamh; thabharfadh daoine eile seomra gloine nó grianán air, seans - agus tá cartadh nach beag á dhéanamh agam istigh ann. Is mór an mhaith go bhfuil an t-áiléar chomh mór is atá sé, mar is ann atá na leabhair agus comhaid uilig á gcur, i mboscaí plaisteacha trédhearcacha, le go mbeidh fáil éasca agam orthu, (agus ar aon cheo atá istigh iontu) má théim ar a dtóir, amach anseo. 

Le scéal fada a dhéanamh níos faide, agus ó tharla gurb iad na smaointe seo a rith liom inné, agus mé i mbun mo chuid oibre, thug mé faoi deara go bhfuil nós nó dhó eile agam, nósanna nach sean-nósanna iad, ach nósanna a bhaineann le mo nóisin féin, mar a déarfá. 

Scríobh mé cheana faoi Na Boscaí Sin, ach tá sé de nós agam, má chloisim aon rá, ráiteas nó ráiteachas a théann i bhfeidhm orm, ag teacht ó dhuine éigin i mo chomhluadar, tá sé de nós agam greim a fháil ar an leabhar nótaí is gaire dom, agus an t-athfhriotal a bhreacadh síos ann; an t-am a dúradh é, an áit a dúradh é, agus cé a dúirt é. 

Tháinig mé ar charnán de na leabhair nótaí sin, inné, agus d'oscail mé ceann acu, go fánach. Ar an leathanach ar leith seo, bhí an líne seo scríofa agam, 

'When people die, we forget their bad points - we should do that when they're alive.'

Iníon liom a dúirt liom é, cúig bliana ó shin, i siopa i nDoire. Ní cuimhin liom comhthéacs an chomhrá, ach nárbh deas an nós a bheadh ann, dá ndéanfadh chuile dhuine amhlaidh.

Friday, December 25, 2015

Oíche Chiúin

Scéal an mhainséir thuas le léamh anseo. 

Go raibh Nollaig mhór mhaith agaibh, a chairde. 

Saturday, October 10, 2015

Blaiseadh Den Sean-Am


Blianta ó shin, nuair a bhí mise iontach óg ar fad, bhíodh mé i mo chónaí i dteach in éineacht le mo shean-aintín, agus le mo shin-seanmháthair. Bhí mo thuismitheoirí ann, freisin, ar ndóigh, agus ní raibh i gceist ach seal gairid, go dtí go raibh teach nua s'againn féin tógtha, nó rud éigin mar sin. 

Cé nach raibh mé féin ach, b'fhéidir, cúig bliana d'aois nó mar sin, tá cuimhne mhaith agam ar an tráth sin i mo shaol, mar gheall ar mo shin-seanmháthair, ach go háirithe. Baintreach a bhí inti, le fada, bean álainn chineálta, bean a chaith éadaí dubha an t-am ar fad, b'fhacthas dom, nós a bhí sách coitianta sa sean-am. An méid sin scríofa, foscéal atá sa chuimhne sin, ach roinnim anseo í, ó tharla gur rith sí liom, mar chuimhne, anois díreach. 

Ina póca, ag mo shin-seanmháthair, áit éigin faoina seál, bhíodh milseáin aici, i gcónaí. Bhíodh siad istigh i mála beag bán, más buan mo chuimhne, agus thabharfadh sí ceann de na milseáin sin dom, go rialta. Milseáin iad a bhí déanta as liocras, milseáin a bhí chomh dubh leis na héadaí a chaith sí féin, milseáin díreach cosúil leis na cinn dhubha atá le feiceáil sa bhosca, sa phictiúr ansin thuas, milseáin a cheannaigh mé i siopa áitiúil inné.

Chomh luath agus a chuir mé ceann de na milseáin dhubha isteach i mo bhéal, thosaigh mé ar mo thuras siar, siar ar bhóithrín na smaointe. Tháinig blaiseadh den sean-am chugam, arís, agus thosaigh mé ag roinnt mo chuimhní cinn leis an nGarraíodóir, fear a bhí ag slogadh na milseán eile as an mbosca Liquorice Allsorts, amhail is dá mbeadh lá éigin an chumais ag teannadh linn. 

Pé scéal é, ceann de na cuimhní a rith liom ná an chraic a bhíodh agam féin, agus ag mo shiblíní, leis na milseáin dhubha sin. Ar ndóigh, d'ithimis iad, go fial fonnmhar, ag cur ár dteangacha dubha i gcomórtas lena chéile, ach sí an chuimhne is mó a rith liom ná an chaoi a mbainimis úsáid as na milseáin, le mantacháin a dhéanamh dínn féin. 

Agus, ar fhaitíos na bhfaitíos nach dtuigfidh sibh an modh oibre sin, a léitheoirí, seo chugaibh, thíos, pictiúr mínitheach, ceann a thóg mé níba luaithe, inné.

Rabhadh anseo, b'fhéidir...

Tuesday, June 2, 2015

Smaointe Ag Rith

Tharla sé gur chaill mé codladh na hoíche, aréir, a léitheoirí. Ní go rómhinic a tharlaíonn sé, go deimhin, ach, nuair a tharlaíonn, líontar folús mo dhúiseachta le cuimhní cinn, agus tosaíonn smaointe ag rith isteach i mo chloigeann; go dtí nach mbíonn áit sa chloigeann céanna do chodladh na hoíche, is dócha. Sin é an baol.

Pé scéal é, ceann de na cuimhní a tháinig chugam aréir ná an scéal a chuala mé, blianta fada ó shin, ó lánúin a chaill codladh na hoíche iad féin, nuair a tháinig duine éigin ag cnagadh ar dhoras a tí, in am marbh na hoíche. Ghlac siad leis gur duine óltach a bhí ann, rinne siad neamhaird den chnagadh, agus d’fhan siad ina leaba. 

Ní dea-scéal toradh an scéil sin, ach sin scéal eile, nach bhfuil fúm é a roinnt anseo.

Is dóigh liom gurb é an fáth gur tháinig an scéal sin chun cuimhne ná mar gheall ar scéilín eile a insíodh dom, le déanaí. Lánúin eile, lánúin i bhfad níos óige, a bhí i mbun inste an geábh seo. Dúisíodh iad, i lár na hoíche, níl sé i bhfad ó shin, nuair a chuala siad duine éigin ag cnagadh ar dhoras a tí, ach ghlac siad leis gur scam de shaghas éigin a bhí ann, rinne siad neamhaird den chnagadh, agus d’fhan siad ina leaba.

Rith sé liom, aréir, nach bhfuil an saol ag athrú, ar chor ar bith, fiú má mhaítear go bhfuil. Táimid uilig éagsúil, mar is iondúil; cuid againn inár ‘is cuma liom’aithe, agus cuid againn inár ‘ní bhaineann sé liom’aithe, agus níl a fhios ag aon duine againn, go cinnte, cén toradh a bheas ar aird, ná ar neamhaird. Sin é an saol, agus nach é an mac baolach é, gan amhras dá laghad.

An méid sin ráite, b’fhéidir go mba chóir dúinn amhras a bheith orainn faoina leithéidí. Deacair a rá. D’fhéadfá codladh na hoíche a chailleadh…

Sunday, June 17, 2012

Lá na nAithreacha

Mar a scríobh mé cheana, níl m’athair féin, ná athair an Gharraíodóra, beo níos mó, ach bíonn an bheirt acu inár gcuimhne go minic; go háirithe ar Lá na nAithreacha.

Ar maidin, labhair mé féin agus é féin faoin mbeirt acu, agus is aoibhinn linn na smaointe fúthu a roinneamar lena chéile.

Cibé áit ina bhfuil sibh inniu, a léitheoirí, tá súil agam go mbeidh smaointe aoibhne agaibh le roinnt, agus le cruthú.  

Bainigí sult as an Lá.  

Saturday, October 22, 2011

Slí na Fírinne

Seans go mbeidh cuid agaibh ann, a léitheoirí, nach mbeidh aithne agaibh ar Cathal O’Shannon, iriseoir agus scannánaí cumasach a fuair bás inniu.  

Agus mé i mo dhéaga, agus níos sine, aon uair a chloisinn glór Chathail ar an raidió, bhíodh sé de nós agam stopadh, agus éisteacht le cibé rud a bhíodh le rá aige.

Cén fáth?

Bhí Cathal O’Shannon ar dhuine de na daoine sin lena n-éistfeá, feictear dom, is cuma cén scéal a d’inseodh sé. Bhí bealach aige scéal a insint, cheap mé féin, le cneastacht agus le creideamh. Mar gheall air sin, chothódh sé mo shuim, fiú gan a fhios agam, roimh ré, cén t-ábhar ar a raibh sé ag dul a labhairt.

Daoibhse nár chuala Cathal ag labhairt cheana, b’fhiú daoibh breathnú ar an mbabhta sparraíochta seo, idir é féin agus Muhammad Ali. Tallann ar leith, tallann atá caillte againn inniu, faraor.

Wednesday, September 28, 2011

Cuimhne agus Ceiliúradh

Ar an lá seo a fuair mo dheirfiúr, Ciara, bás, ceithre bliana ó shin. Airím uaim í, chuile lá beo, ó bhásaigh sí. Ní féidir an brón sin a shéanadh.

Ar an lá seo, blianta roimh bhás Chiara, a rugadh m’iníon. Cuireann a breith lúcháir ar mo chroí, chuile lá beo, ó rugadh í. Ní féidir an lúcháir sin a shéanadh. 

Ar an lá seo, déanaim iarracht gan ligean do mo bhrón mo lúcháir a phlúchadh. Ní bhíonn sé éasca. Ní féidir liom é sin a shéanadh ach an oiread.

Sunday, May 15, 2011

Fianaise

Cothrom an lae seo, dhá bhliain ó shin, bhogamar isteach inár dteach nua, Ceann Scríbe.

Le lá nó dhó, agus mé ar bhóithrín na smaointe, ag siúl liom timpeall an tí, thug mé faoi deara na marcanna atá ar na ballaí agus ar na hurláir anseo.

Ní salachar atá iontu, an dtuigeann sibh, ach is marcanna iad a tharlaíonn nuair a bhuaileann rud éigin i gcoinne an bhalla go tubaisteach, mar shampla, nó nuair a thiteann rud éigin trom, nó géaruilleanneach, ar an urlár, abair.  

Feicim iad, na marcanna sin, anseo agus ansiúd ar fud an tí. Tá a scéal féin ag chuile mharc. Glacaim lena bhfianaise. Níl iontu, i ndáiríre, ach roic an tí.

Monday, April 25, 2011

Gnáthfhuaimeanna Tí

Mar atá ráite agam, cheana, is aoibhinn liom nuair a bhíonn cuairteoirí agam sa teach, mar atá i láthair na huaire.

Ar maidin, gan duine ná deoraí ina suí ach mé féin, thug mé faoi deara na fuaimeanna a chloisim, agus iarracht á dhéanamh agam gan aon torann a dhéanamh, an dtuigeann sibh – gíoscán an staighre agus na ndoirse, mar shampla.

Rith an smaoineamh liom gurb é a mhalairt a tharlaíonn, is dócha, nuair a bhíonn gnáthchónaitheoir as baile; sé sin le rá, ní chloistear a ngnáthfhuaimeanna maidine – coiscéimeanna ar an urlár, bricfeasta á réiteach sa chistin, an raidió ar siúl, agus mar sin de.  

Chaithfeadh sé go mbíonn a leithéidí sin de chiúine iontach crua ar an té a chailleann gnáthfhuaimeanna mar iad go brách, arsa mé féin liom féin.

Leis an smaoineamh sin, ghabh mé buíochas le cibé Cé nó Céard atá freagrach as mo bheannachtaí ar maidin, agus d’iarr mé sólás don té atá uaigneach sa chiúnas.

Saturday, March 12, 2011

Cáca Pórtair

Ar mhaith leat cáca pórtair a dhéanamh do Lá Fhéile Pádraig? Seo chugat ceann a rinne mo mháthair, ní ba luaithe.

Agus mé ag breathnú ar an bhfíseán seo, chuir sé m’óige i gcuimhne dom.  Dhéanadh mo mháthair cácaí iontacha. Nuair a bhíodh an cáca san oigheann, bhíodh cead againn an babhla a lí, sula níodh sí é.

Anois, tá farraige mhór Atlantach eadrainn ach, mar sin féin, táim in ann boladh an cháca sin a fháil fós…