Showing posts with label Fómhar. Show all posts
Showing posts with label Fómhar. Show all posts

Friday, November 10, 2023

Athrú

Bhí a fhios a’m, chomh luath agus a dhúisigh mé an mhaidin sin, go raibh sé imithe. D’airigh mé i bhfuacht na leapan é. Bheadh orm pluid níos troime a fháil ón áiléar. B’shin coicís ó shin, agus tá roinnt cuairteanna tugtha a’m ar an áiléar céanna ó shleamhnaigh an fómhar uainn ag tús na míosa seo caite. Tháinig fuacht an gheimhridh i bhfad roimh an am, shílfeá, gan fiú deireadh na míosa tagtha fós. Ach, cá bhfios dúinn - b’fhéidir go dtagann deireadh an fhómhair ag tús mhí Dheireadh Fómhair seachas ag a deireadh? Go deimhin, cá bhfios dúinn nach bhfuil baint éigin ag athrú aeráide leis an scéal!? Pé scéal é, chomh luath agus a airím fuacht an gheimhridh i mo chnámha, bíonn a fhios a’m go bhfuil sé in am dom slán a fhágáil ag éadaí éadroma an tsamhraidh agus éadaí troma an gheimhridh a chur ina n-áit.

Sula gcuirim éadaí an tséasúir san áiléar, is cuma samhradh nó geimhreadh ann, roinnim ina dhá chuid iad; cuirim i mála amháin na cinn as ar bhain mé úsáid i rith an tséasúir ar leith sin, agus cuirim i mála nó dhó eile na héadaí agus rudaí eile nár baineadh úsáid astu, ar chor ar bith, an séasúr sin. Téann an chéad mhála suas san áiléar, agus téann na málaí eile chuig siopa carthanachta. Bíonn líon na málaí ag athrú chuile bhliain. De réir a chéile, táim ag gearradh siar agus ag glanadh amach; ag fáil réidh leis na nithe sin nach bhfuil gá leo i mo shaol níos mó, agus ag coinneáil na rudaí a theastaíonn uaim.

Nuair a thosaigh mé ar dheighilt-éadaí an tséasúir seo, rith sé liom go mbíonn séasúir phearsanta a’inn fhéin, séasúir ina n-athraíonn tréith éigin dár meon nó dár saol, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Tagann briseadh croí le tragóid nó le drochscéala, mar shampla, ach tagann ardú croí le grá, le cairdeas, le tacaíocht. In amanna mar sin, tagann athrú i saol an duine. Athraíonn an comhchaidreamh. Tagann cairde, imíonn cairde. Go comhfhiosach nó go fo-chomhfhiosach, tarlaíonn deighilt nó athruithe de shaghas éigin.

I láthair na huaire, tá daoine ag fulaingt i dtíortha éagsúla ar fud an domhain. Tá easaontas ag tarraingt athrú saoil gan choinne sa mullach ar dhaoine. Tá fir, mná agus páistí soineanta neamhchiontacha sáinnithe i lár cogaí nach féidir leo éalú uathu. Níl thart orthu ach fuacht an fhuatha. Nára fada go mbeidh teocht na síochána ina saol.

*******************************************

Foilsíodh leagan den scéal seo i bhforlíonadh Súil Thart na míosa seo, forlíonadh atá le fáil uair sa mhí sa nuachtán Donegal News. Is é Seán Mór Ó Daimhín, Oifigeach Forbartha Gaeilge le Comhairle Contae Dhún na nGall, eagarthóir an fhorlíonaidh. 

Saturday, August 23, 2014

Tá sé ag teacht...



...tá sé anseo cheana féin, mar Fhómhar. Cá ndeachaigh an Samhradh?! 

Tuesday, September 24, 2013

Comharthaí

Chonaic mé an comhartha seo thíos inniu...
...ar dhoras oifige an dreama seo..
...agus rith sé liom go bhfuil chuile sheans ann go mbeidh an-time ar fad ag an dream uilig atá ag freastal ar an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta, atá ar siúl i gCo. Laois i láthair na huaire. Go n-éirí go geal leo, cibé job a bheidh idir lámha acu ann. 

Ar mo shiúlóid ina dhiaidh sin, chonaic mé comharthaí an fhómhair...
...agus rith sé liom go bhfuil a páirc féin á treabhadh, agus á lomadh, ag Ollmháthair na Cruinne.  

Saturday, October 20, 2012

Jab Le Déanamh


Le seachtain anuas, táim á sheachaint. Chuile uair a rachainn isteach sa seomra leapa, bhí sé romham, ag bagairt orm, ‘Caithfidh tú é a dhéanamh! Caithfidh tú é a dhéanamh!’

Ligfinn orm féin nach bhfaca mé é, agus ní dhearna mé é. Go dtí inniu.

Sea, a léitheoirí, thosaigh mé ar an jab úd ar maidin - éadaí an tsamhraidh á gcur san áiléar agam, agus éadaí an gheimhridh á dtabhairt anuas agam. 

Ní raibh rogha agam, i ndáiríre. Cé go raibh an fhírinne á seachaint agam, mar aon leis an jab úd thuasluaite, is léir dom anois go bhfuil an samhradh thart, agus go bhfuil gá le héadaí atá pas beag níos teolaí.

Mo chuimhne, chuala mé bean ag rá, le déanaí, ‘The trees are turning...' agus cé gur thuig mé céard a bhí i gceist aici, níl a mhacasamhail d’abairt ‘crainn ag iompú’ le fáil i nGaeilge, chomh fada agus is eol dom; ‘tá an dath ag imeacht de na duilleoga’ a deirtear, ceapaim.

‘Ar ndóigh, ní fhéadfadh crann é féin a iompú!’ arsa bean chliste na Gaeilge liom, nuair a luaigh mé an leagan Béarla léi. Tá an méid sin fíor, gan dabht, ach tá rud éigin iontach ealaíonta faoin íomhá a shamhlaigh mé, nuair a dúirt fear áitiúil liom, le déanaí,

‘The frost turned the colour on the trees last night.’

Ealaíontóir an Fhómhair i mbun a chuid oibre, is dócha. 



Wednesday, August 1, 2012

Focail Féilire

An ní is tábhachtaí, ní ní é. 

The most important things in life aren’t things.

An leagan Gaeilge uaimse, an leagan Béarla ón bhfear seo, Anthony J. D’Angelo.

Léigh mé cuid eile d’athfhriotail an fhir chéanna anseo agus, mar gheall ar an drochaimsir a bhí romham ar maidin nuair a dhúisigh mé, is dócha, fuair an ceann thíos greim ar mo shúil,

‘Wherever you go, no matter what the weather, always bring your own sunshine.’

Má aontaíonn tú le Féilire na nGael, inniu an chéad lá den Fhómhar, ach, faraor, ní fhacamar mórán den Samhradh, sa taobh seo tíre, pé scéal é. Feictear dom gur tháinig sé luath i mbliana, agus ghread sé leis arís, le luas spúnóg siúcra i gcupán tae; an chuimhne fós linn, ach an blas imithe leis an tae a óladh.   

Mar sin féin, aontaím le mo dhuine thuas, agus táim ar tí mo ghrian phearsanta féin a dheargadh, agus a thabhairt liom ar mo shiúlóid sa bháisteach. Caithfear bheith dearfach, an dtuigeann sibh, nó caillfear an bloc.

Go mba hé daoibh an dearfacht, a léitheoirí, agus gura fada uaibh an cailleadh bloic.