Showing posts with label uafás. Show all posts
Showing posts with label uafás. Show all posts

Thursday, July 14, 2011

Lá Dorcha Eile

Mar a léigh mé ar nuacht24 ar maidin, is cosúil gur ‘lá dorcha eile i Stair na hEaglaise Chaitlicigh in Éirinn ’ a thug an Cairdinéal Seán Brady ar thorthaí Thuarascáil Chluana inné.  

Go deimhin, más fíor gur mhol ‘seasamh na Vatacáine’ do na heaspaig  ‘neamhiontas a dhéanamh de na treoirlínte nua dá mbeadh fonn orthu’, cheapfá nach é leas na bpáistí, ná leas na bparóisteach, an chloch ba mhó ar phaidrín na Vatacáine agus an méid sin á rá acu.

Arís is arís eile, tá laethanta dorcha ag teacht sa mhullach orainn sa tír seo, agus, arís is arís eile, is é an gnáthdhuine atá ag íoc go daor as míghníomhartha na ndaoine sin atá in ainm bheith i mbun dea-oibre ar ár son, idir rialtas agus eaglais.     

Mar gheall ar na laeathanta dorcha sin uilig, a léitheoirí, roinnim mo dhán ‘Éire 2011’ anseo libh inniu.

Éire 2011

Níor iarr Teachta ná Tiarna mo dhán,
níor íoc Iarla ná Rí ar mo pheann,
ach Oileán na Sainte ‘s na mBréag
a chum Éire Dhá Mhíle hAon Déag.

Na Fianna ag marcaíocht go seoigh,
lena gcomhluadar giollaí ón Róimh,
lucht eaglaise is rialtais gan chóir,
ag réabadh ár gcine is ár bpóir.

Ba chuma leo stair mílte bliain,
gach fulaingt, gach ionradh, gach pian,
tá an Flaitheas a gealladh ar shiúl,
le gach breab, le gach bréag agus dúil.

Níor iarr Teachta ná Tiarna mo dhán,
níor íoc Iarla ná Rí ar mo pheann,
ach Oileán na Sainte ‘s na mBréag
a chum Éire Dhá Mhíle hAon Déag.

Wednesday, May 18, 2011

Bolgán Pléasctha

Ní raibh deis agam, go dtí tráthnóna inniu, súil a chaitheamh ar an gclár Prime Time Investigates, an clár sin faoi na tiománaithe tacsaí, clár a tharraing aird nach beag ar na fadhbanna san earnáil sin – faoi dheireadh.

Tá a taithí uafásach féin roinnte ag an gCailín Deas linn, agus táimse, mar bhean ach go háirithe, iontach buíoch di go ndeachaigh sí chuig na gardaí, agus gur éirigh léi a dóthain eolais a thabhairt do na gardaí, le go mbeidh siad in ann an tiománaí tacsaí sin a chur den bhóthar. Tá súil agam.

Fiú gan an scéal ón gCailín Deas léite agam, bhí uaim an clár sin a fheiceáil, agus inseoidh mé daoibh cén fáth, a léitheoirí. Tharla sé go raibh triúr ban i mo chomhluadar, níl sé i bhfad ó shin, agus bhí duine acu ag insint dom faoina taithí phearsanta féin le tiománaí tacsaí, i mBaile Átha Cliath, an deireadh seachtaine roimhe sin.

Bhí sí ar a bealach abhaile ón gclub oíche ina raibh sí, a cairde imithe le chéile i dtacsaí amháin, ise i dtacsaí léi féin, ó tharla cónaí uirthi ar an taobh eile den chathair, an dtuigeann sibh. Ní raibh sí ag ól an oíche sin, mar sin bhí cuimhne mhaith aici ar an gcomhrá a bhí aici leis an tiománaí.

Chomh luath agus a chuala sí na focail ‘If I had known it was going to be this quiet tonight, I would have stayed at home and watched some porn.’ ag teacht ón tiománaí, bhí a fón póca amuigh aici agus sonraí an tiománaí tacsaí á seoladh aici chuig a cairde sa tacsaí eile. Ar fhaitíos na bhfaitíos, a dúirt sí liom.

‘Why didn’t you get out of the taxi there and then?’ arsa mé féin léi, é soiléir le feiceáil ag an triúr acu go raibh díomá agus corraí orm go ndéarfadh tiománaí tacsaí a leithéid le bean ar bith, gan trácht ar é a rá le bean a bhí i dtacsaí ina haonar.

Pé scéal é, is cosúil go bhfuilim i mo chónaí, mar a dúirt duine den triúr liom, i mo ‘happy bubble’ anseo faoin tuath, áit nach bhfuil, a dúradh liom, gá agamsa le tacsaithe, agus áit ina bhfuilim iomlán aineolach, a dúradh liom, ar a bhfuil ag tarlú ar fud na cathrach i mBaile Átha Cliath.

Bhuel, b’fhéidir go raibh mé i mo ‘happy bubble’ agus aineolach, a léitheoirí, ach is léir domsa, ón gclár Prime Time Investigates, go bhfuil na daoine atá in ainm a bheith ar an eolas, agus atá in ainm a bheith ag rialú earnáil na dtacsaithe, go bhfuil siadsan istigh ina mbolgán féin, shílfeá.

Tá súil agam go bhfuil an bolgán sin pléasctha go maith anois ag an gclár Prime Time Investigates, agus go ndéanfar rud éigin, go luath, faoi earnáil ainrialta na dtacsaithe, sula mbeidh sé ródheireanach.